AR NA SAOLTA SEO
Deireadh ag teacht le ré an Chait Mhara
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

cinneadh déanta ag an Steam Packet Company deireadh a chur leis an tseirbhís farantóireachta an-tapa idir Learpholl agus Baile Átha Cliath, rud a bheidh ina bhuille an-mhór dá chathair dhúchais, dar le Tony Birtill.

Íomhá
An Cat Mara
Íomhá
Paisinéirí ag baint taitnimh as an turas ar an Chat Mhara
Íomhá
Tá go leor eitiltí saora le fáil go hÉirinn ó John Lennon Airport
Íomhá
Is Suíomh Oidhreachta Domhanda é an Pier Head anois

An Cat Mara a tugadh ar dhuine de na daoine uaisle, fior-Ghaelacha ó Bhaile Átha Cliath a thug cuairt ar Chorca Dorcha le haghaidh na feise sa leabhar *An Béal Bocht *le Myles na gCopaleen, agus bhí brón orainn i Learpholl cloisteáil le gairid nach mbeidh An Cat Mara ag pilleadh anseo ó Bhaile Átha Cliath sa bhliain úr.

Bád farantóireachta atá ann, a sheolann gach lá ó mhí an Mhárta go Deireadh Fómhair ó Ché an Phoirt Thuaidh ar an Life go dtí an Pier Head i lár Learphoill. Tógann an turas ceithre huaire ar an bhád ghasta seo, a bhfuil spás ann do charranna agus do rothair fosta.

Barraíocht iomaíochta, ó aerlínte saora go speisialta, is cúis le deireadh a bheith á chur leis an tseirbhís seo, de réir an Steam Packet Company.

ceardchumann na mairnéalach, NUMAST, ag labhairt leis an chomhlacht faoi láthair, ag déanamh iarrachta an tseirbhís a shábháil. Caillfear 48 post de bharr deireadh a bheith á chur léi - buille don gheilleagar áitiúil i Learpholl, áit a bhfuil fadhb dífhostaíochta go fóill.

Deir Ronnie Cunningham, Ard-Rúnaí NUMAST, go mbeidh siad ag lorg deontais de shórt éigin chun an tseirbhís a coinneáil beo, mar gurb í an príomhbhealach geilleagrach í idir Learpholl agus Baile Átha Cliath.

Agus tá an tseirbhís tábhachtach do na hÉireannaigh i dtuaisceart Shasana fosta. Cé go bhfuil báid fharantóireachta ag Norse Merchant agus P&O ón Mersey go Baile Átha Cliath agus Béal Feirste, tá siadsan ag freastal ar leoraithe agus carranna amháin - muna bhfuil carr agat, caithfidh tú dul go Caergybi (Holyhead) ar an bhus, turas 100 míle.

Is ceangal tábhachtach é fosta do na hÉireannaigh i Learpholl ó thaobh na síceolaíochta de. Nuair a bhíonn rudaí ag cur isteach ort (agus tarlaíonn sin go minic duit sa tír seo), is mór an sólás é go dtig leat dul síos go dtí an Pier Head, éalú ar an Chat Mara agus a bheith ar ais in Éirinn taobh istigh de cheithre huaire. Cineál de chorda imleacáin atá ann, is dócha.

Faire

Is cuimhin liom nuair a chuir Sealink stad leis an tseirbhís farantóireachta i mí Eanáir 1990, tar éis 160 bliain. Bhí faire ar bord ceann dá longa, agus bhí ceoltóirí traidisiúnta agus píobairí i measc an 200 paisinéir a sheinn le linn an turais ar fad. Mhothaigh muid aonarach as sin amach agus bhí atmaisféar uaigneach thíos ag an Pier Head. Bhí fearg orainn fosta, mar bhí a fhios againn go raibh an tseirbhís brabúsach. Ach d’imir na comhlachtaí báid cleas orainn. Bhí siad ag iarraidh go rachadh gach duine go Caergybi agus go n-úsáidfeadh siad na seirbhísí ansin. Mar sin, bheadh muidne ag íoc as an chéad 60 míle den turas go Éirinn - shábhálfadh siad a lán airgid ar bhreosla dá bharr seo. Agus de bhrí nach raibh aon iomaíocht i gceist ó Learpholl, d’ardaigh siad a dtáillí go mór, cé go raibh an turas níos giorra! Bhí a fhios acu gur margadh faoi chuing a bhí ionainn mar go dtéann na hÉireannaigh chun an bhaile go rialta.

B’éigean dúinn cur suas leis seo go dtí 1997, nuair a thosaigh an Steam Packet Company seirbhís go Baile Átha Cliath in éineacht leis an tseirbhís a bhí acu go hOileán Mhanann. Gnáthbhád, The Lady of Mann, a bhí ann ar dtús, ach leis an ráchairt mhór a bhí ar an tseirbhís, bhain siad úsáid as an Chat Mara ó 1998 ar aghaidh.

Tá an tseirbhís tábhachtach do thurasóireacht Learphoill fosta. Tagann a lán daoine óga ó Bhaile Átha Cliath go Learpholl le bheith “ag clubáil” agus tá sé áisiúil do lucht leanúna na gcumann sacair, Learpholl FC agus Eibheartonn (= Granite Wave = Everton) FC, fosta. Rinne an dá chathair comhaontú nasctha oifigiúil i 1997 mar go bhfuil ceangal láidir eatarthu trí na blianta.

Eitiltí saora

Cháin an Páirtí Glas an cinneadh deireadh a chur le seirbhís an Chait Mhara. Dúirt Peter Cranie ón pháirtí i Learpholl go raibh barraíocht eitiltí saora ó John Lennon Airport (JLA) go hÉirinn. Agus Ryanair, Easyjet agus Aer Lingus ann anois, is féidir leat dul go Baile Átha Cliath, Corcaigh, An tSionainn, An Cnoc agus Béal Feirste. Ach níl cothrom na Féinne i gceist, mar go bhfuil cáin agus Cáin Bhreisluacha ar an bhreosla don Chat Mara ach nach bhfuil cáin ar bith ann i gcás bhreosla na n-eitleán.

De réir Spencer Fitzgibbon, urlabhraí náisiúnta an Pháirtí Ghlais, is fiú £9 mbilliún gach bliain an faoiseamh cánach seo. Fosta, baineann eitleáin úsáid as a lán breosla le dul go gasta agus, ós rud é go bhfuil siad chomh hard sin san aer, déanann siad i bhfad níos mó dochair don chomhshaol, athrú san aeráid san áireamh.

Go fadtéarmach, de réir Fitzgibbon, déanfaidh an t-athrú seo a lán damáiste don gheilleagar, agus beidh tuilte, maidhmeanna talún, agus mar sin de, ann. Ach tá an rialtas ag spreagadh fhás na n-aerlínte faoi láthair - bhí an tAire Iompair, Tony McNulty, ag Aerfort Manchain ar na mallaibh le bealach aeir saor eile a oscailt. Deir seisean go gcaithfidh an tAontas Eorpach rud éigin a dhéanamh faoin cheist - níl rialtas Westminster ábalta mórán a dhéanamh ina n-aonar, dar leis an aire.

Seafóid,” a deir Spencer Fitzgibbon, agus luann sé na táillí astuithe a ghearr Aerfort Zurich ar na haerlínte. “Thosaigh na haerlínte a bhaint úsáid as éitleáin ní ba thíosaí ar bhreosla, tar éis don cháin sin bheith curtha i bhfeidhm,” ar seisean.

Níl cothrom na Féinne ann do na gnáth-theaghlaigh Éireanncha i Learpholl, de réir Peter Cranie. In ionad dul go dtí an Pier Head, caithfidh siad dul amach go himeall na cathrach agus íoc as ticéad do chách ar an éitleán - rud atá i bhfad níos daoire ná an bád. “Beidh an t-astú CO2 an duine ar an turas go Baile Átha Cliath ag ardú go mór ag am nuair is ceart dúinn bheith ag laghdú astú mar seo,” ar seisean.

Ó mo thaobh féin de, níl comparáid ar bith idir an dá thuras. Bíonn fadhb ann i gcónaí leis an eitleán - bíonn sé mall nó bíonn an eitilt curtha ar ceal, mar shampla.

Fuair an Pier Head duais i mbliana ó UNESCO agus bronnadh stádas, Suíomh Oidhreachta Domhanda, air, an stádas céanna atá ag Brú na Bóinne, An Taj Mahal agus na Pirimidí san Éigipt. (Tá eolas le fáil ag www.unesco.org) Níl aon slí níos fearr leis an Pier Head a fheiceáil ná ón Chat Mara agus tú ag teacht i dtír.

Beidh Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa in 2008 agus tá sé dochreidte, dar liomsa, go bhfuil stad á chur leis an tseirbhís seo faoi láthair. Dála cuid caifí Bewleys i mBaile Átha Cliath, tá an Cat Mara róthábhachtach don turasóireacht agus do chultúr na háite le deireadh a chur leis, i mo thuairim féin.

Bliain Úr faoi mhaise daoibh uilig.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.