CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Sarah-Jane Woods: fliúiteadóir ar mian léi teacht ar ais mar fhidléir!
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Is fliúiteadóir an-bhlasta ar fad í an Baile Átha Cliathach Sarah-Jane Woods. D’fhoghlaim sí a cuid ceoil ó leithéidí Michael Tubridy a sheinn leis na Chieftains tráth agus bíonn sí féin ag múineadh ceoil go minic anois do dhaoine óga. Labhair Antaine Ó Faracháin léi faoina saol mar cheoltóir.

Íomhá
Íomhá
An ceoltóir Michael Tubridy: chuaigh sé i bhfeidhm ar Sarah-Jane
Íomhá
Sarah Jane Woods (ar dheis) ag seinm lena deirfiúr Emma

Antaine Ó Faracháin: A Sarah-Jane, cén chaoi a bhfuil rudaí ag gabháil duit faoi láthair? Ar fhoghlaim tú aon tiún deas le deireanas? An bhfuil aon rud ar leith i dtiún a mheallann thú len é a fhoghlaim?

Sarah-Jane Woods: Tá rudaí ag dul ar fheabhas, go raibh maith agat, a Antaine, cé go bhfuil mé gnóthach go leor. D’fhoghlaim mé port dúbailte le déanaí, “An Dochtúir Ó Néill”, port a bhí cloiste agam go minic ach nár fhoghlaim mé riamh. Rinne PJ Hayes, Paddy Canny, Peter O’Loughlin agus Bridie Lafferty taifeadadh air sa bhliain 1959. Taitníonn na seanphoirt fhada liom. Tá cúig pháirt sa tiún sin. Nuair a chloisim sraith bheag nótaí atá ceolmhar i dtiún éigin, spreagann sé mé len é a fhoghlaim. Níl mórán suime agam in an-chuid den cheol nuachumtha, ach amháin na píosaí ceoil atá bunaithe ar an traidisiún, cosúil leis na tiúin a chum Seán Ryan, Josie McDermott, John Brady agus araile.

AÓF: Cén chaoi ar tharla sé go bhfuil tú ag seinm ar an bhfeadóg mhór anois? Nó céard a spreag thú len é a dhéanamh?

SJW: Thosaigh mé amach ar an bhfeadóg stáin ar scoil le hAnne Lynch. Tamall ina dhiaidh sin thóg m’athair go Craobh Naithí, Comhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ) mé. An chéad rud eile, bhí mé i rang le Michael Tubridy agus cúpla mí ina dhiaidh sin bhí feadóg mhór i mo lámh!

AÓF: Cén fliúiteadóir is fearr leat?

SJW: Ar ndóigh, mo mhúinteoir, Michael Tubridy. Tá stíl breá traidisiúnta agus stór ceoil ollmhór aige. Is maith liom a bheith ag éisteacht le fliúiteadóireacht Colm O’Donnell agus Catherine McEvoy, freisin. Tá suim faoi leith agam i gceol Josie McDermott, agus éistim leis na sean-fhliúiteadóirí, leithéidí John McKenna, Paddy Taylor agus Paddy Carty.

AÓF: Agus cén t-albam is fearr leat faoi láthair?

SJW: An t-albam is fearr liom, ní hamháin faoi láthair ach i gcónaí, ná An Ghaoth Aniar Aneas le Peadar Ó Lochlainn agus Ronan Browne.

AÓF: Inis dom faoi Mhichael Turbridy agus na daoine eile a mhúin an ceol duit.

SJW: Sheinn Michael le Ceoltóirí Cualann, leis na Chieftains agus le Banna Céilí an Chaisleáin. D’fhoghlaim mé an-chuid freisin ó Mhéabh Ní Lochlainn, seinnteoir iontach consairtín. Is é an rud is tábhachtaí a d’fhoghlaim mé uathu ná meas a bheith agam ar an traidisiún agus conas éisteacht le ceol. Lasmuigh den rang ceoil, d’fhoghlaim mé an-chuid ó bheith ag éisteacht le ceoltóirí mar Paddy Ryan, Kathleen Nesbitt, Séamus Mac Mathúna, Antóin Mac Gabhann, Siobhán Ní Chonaráin agus Mick Crehan.

AÓF: Cé hiad na laochra atá agat sa cheol agus san amhránaíocht?

SJW: Is iad na laochra atá agam ná an fidléir John Carty, agus san amhránaíocht, Cór Chúil Aodha. Tá rud fíorspeisialta ina gcuid ceoil.

AÓF: Cén chaoi a múineann tú féin tiún do dhaoine óga atá ag foghlaim uait? An bhfuil sé deacair ceol a mhúineadh?

SJW: Ós rud é gur traidisiún béil atá againn, sin an chaoi a múinim an ceol. Níl sé ródheacair ceol a mhúineadh, go háirithe nuair a bhíonn suim ag an dalta, ach caithfear an tsuim sin a mhúscailt.

AÓF: Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine óg atá ag iarraidh an fheadóg mhór a fhoghlaim?

SJW: Molaimse do dhuine óg atá ag tosnú ar an bhfeadóg mhór píosa beag cleachtaidh a dhéanamh go minic seachas tréimhse fhada ag am amháin. Tá sé an-tábhachtach freisin a bheith ag éisteacht le ceol an t-am ar fad.

AÓF: An bhfuil aon albam déanta agat féin go fóill?

SJW: Níl albam déanta agam go fóill, ach mar chuid den chúrsa atá á dhéanamh agam i mbliana, tá rogha againn dlúthdhiosca a thaifeadadh. Níl mé ach ag tosnú air agus níl mórán taithí agam ar rudaí teicniúla!

AÓF: Ar mhaith leat ceann a dhéanamh?

SJW: Faoi láthair, níl mé ag iarraidh aon albam a dhéanamh le díol nó aon rud. B’fhearr liom fanacht go dtí go bhfuil mé níos sine agus lánsásta leis an stíl atá agam. Bím i gcónaí ag athrú m’intinne faoi chúrsaí tionlacain freisin.

AÓF: An seinneann tú aon uirlis cheoil eile? Cén uirlis eile ar mhaith leat seinm?

SJW: Seinnim rud beag ar na píobaí. Ach bíonn sé i bhfad níos éasca feadóg mhór a thógáil amach. Ba mhaith liom an fhidil a chasadh - rí na n-uirlisí!

AÓF: An gcanann tú?

SJW: Canaim - nuair nach mbíonn daoine ag éisteacht! Tá an-suim agam i dtraidisiún amhránaíochta na Mumhan. Is amhránaí álainn í mo dheirfiúr Emma agus d’fhoghlaim sí a cuid amhrán ó Úna Bean Mhic Mhathúna. Seinnim roinnt fonn mall ar an bhfeadóg mhór agus sílim go bhfuil sé riachtanach an t-amhrán a thuiscint. Nuair a bhíonn fonn á sheinnt agam, casaim an t-amhrán i m’intinn. Ceapaim freisin gurb í an amhránaíocht an chuid is ársa agus is tábhachtaí den traidisiún agus gur chóir tuiscint de shaghas éigin a bheith ag gach ceoltóir tradisiúnta ar an amhránaíocht.

AÓF: Cén áit a mbíonn tú ag seinm? Agus cé hiad na ceoltóirí eile a bhíonn ag seinm leat?

SJW: Is maith liom ceol a chasadh le mo dheirfiúr Emma nuair a thagaim abhaile ag an deireadh seachtaine. Uaireanta, bíonn tiún agam le Brendan McCabe, fliúiteadóir ó Chontae Shligigh, nó le Mikie Smyth, píobaire iontach. I rith an tsamhraidh bíonn deis agam bualadh le cuid mhór cairde atá agam ó thaobh an cheoil de agus is breá liom a bheith ag seinm le ceoltóirí cosúil le Brenda McCann, Gráinne Hambly agus Séamus Ó Mongáin agus leat féin, a Antaine, ag na féilte ceoil. Bhí seisiún álainn sa Chultúrlann cúpla seachtain ó shin nuair a bhí seans agam seinm le Michael Tubridy agus le Méabh Ní Lochlainn. I Luimneach i mbliana, tá an-chuid cairde nua déanta agam agus bíonn seisiún againn go rialta. Thosnaíomar grúpa nua. Líadan is ainm dúinn, seisear ban! Is iad baill an ghrúpa ná Valerie Casey agus Claire Dolan (fidil), Síle Denvir (cruit), Deirde Chawke (cairdín pianó), Elaine Cormican (amhránaí) agus mé féin ar an bhfliúit. Táimid ag cleachtadh faoi láthair do cheolchoirm a bheidh ar siúl againn sa Taibhdhearc i nGailllimh, ar an Domhnach, 2 Bealtaine (*plug, plug!) *Tá mé ag baint an-sult as a bheith ag seinm leis na cailíní.

AÓF: Cén post lánaimseartha atá agat?

SJW: Is múinteoir bunscoile mé i Scoil Cholmcille Naofa i gCnoc Liamhna, Baile Átha Cliath. D’fhreastail mé féin ar an scoil chéanna mar dhalta!

AÓF: An gceapann tú go leagtar dóthain béime ar an gceol traidisiúnta sa gcuraclam?

SJW: Cé go bhfuil sé mar phríomhaidhm sa churaclam an ceol traidisiúnta a chur chun cinn sa tseomra ranga, sílim go mbeadh sé níos oiriúnaí curaclam ceoil na scoileanna a bheith bunaithe díreach ar an gceol traidisiúnta. Ceapaim go mba chóir deis a thabhairt do gach páiste sa tír taithí a fháil ar ár gceol féin. Nuair a bhí mé sa choláiste oiliúna, ní raibh béim ar chor ar bith ar an gceol traidisiúnta sna léachtaí oideachais cheoil! Tá suim agam i gceolta de shaghsanna eile agus éistimid le agus canaimid gach saghas ceoil i mo rang, ach tá cinnte le níos mó béime a chur ar an gceol agus ar na hamhráin Ghaelacha.

AÓF: As Baile Átha Cliath duit. Ceapann daoine áirithe nach mbeadh mórán tuisceana ag pobal cathrach ar an gceol traidisiúnta. Céard a cheapann tú féin? An gceapann tú go mbaineann an ceol traidisiúnta le háiteachaí ar nós Chontae an Chláir mar shampla? Áiteachaí faoin tuath?

SJW: Ceapaim go bhfuil caighdeán an cheoil thraidisiúnta chomh hard i mBaile Átha Cliath leis an an gcuid eile den tír ach ní dóigh liom go bhfuil stíl faoi leith ag ceoltóirí sa chathair. An difríocht is mó a thugaim faoi ndeara ná, faoin tuath in áiteanna cosúil le Contae an Chlair nó i Sligeach, bíonn níos mó suime ag an bpobal, na daoine a bhíonn ag éisteacht. Níl tuiscint ar bith ag an gcuid is mó den phobal i mBaile Átha Cliath ar an gceol traidisiúnta, ach tá feabhas ag teacht ar an scéal le cúpla bliain anuas, buíochas le Dia.

AÓF: An dtéann tú ag taisteal leis an gceol? Céard iad na háiteachaí ar thug tú cuairt orthu agus tú ag seinm?

SJW: Tá roinnt mhaith taistil déanta agam leis an gceol. Chuaigh mé ar thuras le CCÉ go Meiriceá agus go dtí an Bhreatain. Bhí mé san Iodáil agus sa Ghearmáin agus an bhliain seo caite bhí turas álainn agam go Toronto! Ach níos suimiúla ná na turasanna thar lear toisc an cheoil, tá áiteanna iargúlta iontacha in Éirinn feicthe agam. Murach an ceol ní dóigh liom go mbeadh Carna, Clonlaheen nó Mullahoran feicthe agam!

AÓF: Cad a dhéanann tú mar chaitheamh aimsire nuair nach mbíonn tú ag seinm?

SJW: Is maith liom a bheith ag léamh, leabhair stairiúla, go háirithe. Is maith liom an ealaín freisin, péintéireacht agus tarraingt. Is breá liom siúlóidí fada leis an seinnteoir miondioscaí!

AÓF: Céard é an rud is mó gur mhaith leat a bhaint amach fós, ó thaobh an cheoil de?

SJW: Ar leibhéal pearsanta, ba mhaith liom níos mó forbartha a dhéanamh ar an stíl atá agam agus a bheith dílis don traidisiún ag an am céanna. Ar leibhéal níos leithne, ba mhaith liom rud éigin a dhéanamh chun stádas an cheoil thraidisiúnta, na teanga agus an chultúir a fheabhsú.

AÓF: An bhfuil mórán ceoil cumtha agat?

SJW: Píosa nó dhó. Tháinig port beag i ngléas C chugam le déanaí.

AÓF: An éiríonn tú tuirseach den cheol ariamh? An bhfuil tú in ann an saol a shamhlú gan an ceol?

SJW: Ní éirím! Níl mé in ann an saol a shamhlú gan an ceol!

AÓF: Dhá mbeadh do shaol le caitheamh agat arís agus rogha agat teacht ar ais mar a theastaigh uait, an dtiocfá ar ais mar cheoltóir arís nó an bhfuil aon ealaín nó slí bheatha eile ba mhaith leat a thriail?

SJW: Theastaigh uaim i gcónaí a bheith i mo thréidlia, mar is maith liom ainmhithe, ach chun an fhírinne a rá, tá mé breá sásta mar atá mé. Chaithfinn teacht ar ais mar cheoltóir, cinnte. Fidléir, an chéad uair eile!

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.