AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Lawrence F. O’Brien: fear a bhí bródúil as a oidhreacht Éireannach
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Féachann Tom Deignan siar ar shaol Lawrence F. O’Brien, ball tábhachtach den Pháirtí Daonlathach, agus duine a raibh trácht air le gairid arís agus plé á dhéanamh in athuair ar scannal Watergate.

Íomhá
Íomhá
Iar-Uachtarán Stát Aontaithe Mheiriceá, Richard Nixon
Íomhá
Lawrence F. O'Brien
Íomhá
John F. Kennedy: chaith O'Brien blianta fada ag obair dó

Mar atá a fhios ag an saol mór faoin am seo, tá sean-namhaid Richard Nixon, “Deep Throat”, tar éis é féin a chur i láthair an phobail. Ach níl a fhios ag mórán daoine gur mac d’inimircigh Éireannacha ab ea duine de na daoine a raibh ról chomh lárnach sin aige i Watergate, scannal a bhí ina bhuille báis sa deireadh d’uachtaránacht Richard Nixon.

Chuir feidhmeannach a raibh blianta fada caite aige leis an FBI in iúl an mhí seo caite gurbh eisean an té a chas leis an bheirt iriseoirí ón *Washington Post, *Bob Woodward agus Carl Bernstein, i dtús na seachtóidí. D’inis Mark Felt do thuairisceoirí go raibh a fhios aige faoi na hiarrachtaí a bhí á ndéanamh eolas mar gheall ar an bhriseadh isteach in Óstán an Watergate a choinneáil faoi cheilt. B’oifigigh shinsearacha i rialtas Nixon iad na fir a bhris isteach sa seomra san óstán. Tharla sé go raibh an t-uafás eolais mar gheall ar an Pháirtí Daonlathach sa seomra ar briseadh isteach ann.

Seo an áit a dtagann mac na n-imirceach Éireannach isteach sa scéal. Cé nár deimhníodh riamh é, creideann go leor daoine go raibh buirgléirí seo Nixon ag lorg eolais mar gheall ar Chathaoirleach an Pháirtí Dhaonlathaigh, Lawrence F. O’Brien, ar chúntóir de chuid John F. Kennedy, Lyndon Johnson agus an pháirtí náisiúnta Dhaonlathaigh é ar feadh na mblianta. Mar a scríobh David Greenberg sa New York Times *le déanaí: *“Nixon or his aides (probably) wanted to know if the Democratic Party Chairman, Lawrence F. O’Brien, who also worked with the billionaire Howard Hughes, had incriminating knowledge about financial dealing among Hughes, Nixon and his associates. Perhaps Nixon’s men hoped to discover something embarrassing about O’Brien’s relationship with Hughes.”

Rugadh O’Brien sa bhliain 1917, i Springfield, Massachusetts. Bhí baint an-mhór ag a athair le cúrsaí polaitíochta. Bhí sé i gceannas ar eagraíocht áitiúil an Pháirtí Dhaonlathaigh. Agus gan é ach aon bhliain déag, bhí Lawrence ag obair ar fheachtas uachtaránachta Alfred Smith i 1928. Ba é Smith, ar ndóigh, an chéad Chaitliceach a sheas d’uachtaránacht na Stát Aontaithe agus chuir na biogóidí ina choinne go tréan agus é i mbun a fheachtais.

I 1948, chuaigh O’Brien go Washington áit a bhfuair sé post mar chúntóir comhdhála. Ach d’fhill sé ar Springfield chun oibriú mar stiúrthóir eagrais d’iarrthóir Caitliceach Éireannach eile, John F. Kennedy. D’éirigh le Kennedy suíochán a bhaint amach sa Seanad i 1952. Measann go leor daoine gur mar gheall ar chuid scileanna eagrúcháin a d’éirigh le Kennedy an bua a fháil i dtoghcháin éagsúla.

I mí an Aibreáin 1959, theastaigh ó O’Brien fáil amach cén cineál biogóideachta frith-Chaitlicí a mbeadh ar Kennedy dul i ngleic leis agus é i mbun a fheachtais. Mar sin, chuaigh sé go Wisconsin agus West Virginia, agus leag sé dúshraith feachtais a bheadh nimhneach ach a n-éireodh leis sa deireadh thiar.

Ina dhiaidh sin, cheap Kennedy O’Brien mar chúntóir an Uachtaráin in dhá réimse: caidreamh comhdhála agus cúrsaí pearsanra.

Postmháistír ginearálta

Tar éis fheallmharú Kennedy, d’oibir O’Brien don Uachtarán Lyndon Johnson, agus bhain sé an post mar phostmháistir ginearálta amach sa deireadh.

I 1968, nuair a toghadh Nixon ina uachtarán, ceapadh O’Brien ina chathaoirleach ar Choiste Náisiúnta na nDaonlathach. Agus tá an chuid eile den scéal, mar a déarfá, mar chuid de stair Watergate.

In agallamh a bhí mar chuid de thionscadal staire béil mar gheall ar Lyndon Johnson, bhí an méid seo le rá ag O’Brien faoin theaghlach agus a chúlra Éireannach: “Is dóigh liom gur gnáthdhuine mé a bhfuil an ghnáthshuim aige sa teaghlach agus ina thír agus sna rudaí a dúradh gur cheart duit creidiúint iontu. Is é sin go bhfuil gach duine i dteideal gach deis bheith aige oideachas a fháil agus dul chun cinn a dhéanamh sa tír. Tá geallúintí bunúsacha áirithe ag baint leis an chóras daonlathach. Agus cé acu captaen ar stáisiún póilíní aitiúil tú nó ball de choiste scoile nó de choiste áitreabhach nó duine atá ag iarraidh páirc imeartha a thógáil i do chomharsanacht do do pháistí, caithfidh tú féachaint níos faide ná d’uaillmhianta pearsanta agus caithfidh tú do pháirt a imirt. Tá sé amuigh ag an tír ort.

“Is freagracht bhunúsach é a bhaineann leis an tsaoránacht sa daonlathas iontach seo. Rugadh mo thuismitheoirí in Éirinn. Tháinig siad anseo mar inimircigh. Agus deireadh m’athair liom, in ainneoin go raibh an-ghrá aige d’Éirinn agus go raibh sé bródúil as bheith Éireannach: ‘Buíochas le Dia go raibh mé ábalta teacht anseo,’ agus bhí sé buíoch as gach nóiméad de. Agus bhí an rud céanna fíor faoi mo mháthair, a d’oibir go crua agus í ina cailín óg i Springfield.

“Deir tú nach laoch ar bith tusa, nach bhfuil ionat ach gnáthdhuine. Ach bíodh a fhios agat cad iad na laigí a bhaineann leat. Ná glac leo agus ná bí sásta gan rud ar bith a dhéanamh mar gheall orthu, gan iarracht a dhéanamh feabhas a chur ort féin. Ní sin an pointe. An pointe ná i gcomórtas an tsaoil, i gcomórtas an tsaoil pholaitiúil agus i gcomórtas an rialtais, tá ról agatsa agus caithfidh tú an ról sin a chomhlíonadh chomh maith is a thig leat.”

Ceapadh O’Brien ina dhiaidh sin mar choimisinéir an National Basketball Association agus fuair sé bás ar an 28 Meán Fómhair, 1990. Ach is léir go bhfuil tábhacht fós ag baint lena ról sa saol polaitiúil.

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish *Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí, *Coming to America: Irish Americans *(Barron’s), anuraidh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.