CÚRSAÍ SPÓIRT
Fómhar na hIomána
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Ba iontach agus ba éachtach an bhliain í chúrsaí iomána de agus do CLG araon dar le Colm Mac Séalaigh. Is í an cheist anois, an ndéanfaidh Cill Chainnigh cúig chraobh as a chéile de an bhliain seo chugainn?

Íomhá
Baile Sheáin, Cill Chainnigh, baile PJ Uí Riain
Íomhá
Cody, an leabhar a seoladh 28 MFómhair

Is deacair a bheith tráthúil i gcás alt míosúil. Bíonn spriocdháta i gceist agus is minic gur deacair díriú ar aon ábhar amháin. Ní raibh deacracht ar bith an mhí seo áfach agus biaiste na hiomána idirchontae díreach thart agus ba é sin oirbheart agus gaisce iománaithe Chill Chainnigh a mholadh agus a mhóradh tar éis dóibh an ceathrú craobh shinsear iomána uile-Éireann as a chéile a ghnóthú. Gan aon amhras dá laghad, is éacht gan sárú ag foireann seo Chill Chainnigh a bhfuil bainte amach acu ar bhánta na hiomána le ceithre bliana anuas. I stair ghlórmhar an Chumainn Lúthchleas Gael beidh caibidil ar leith á scríobh fúthu, an fhoireann iomána ab fhearr riamh dar le go leor, cé go mb’fhéidir go bhfuil seanbháireoirí i gCorcaigh nó i dTiobraid Árann a rachadh ag sárú faoin moladh áirithe sin.

Ócáid sheachstairiúil ab ea Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann 2009 agus foireann Chill Chainnigh ar thóir na ceathrú craoibhe as a chéile, agus fir Thiobraid Árann go cíocrach ag iarraidh iad a stopadh agus an chraobh a shantaíonn gach Tiobradach a bhuachan. Agus nárbh iontach, gaisciúil, lúfar, spleodrach, ócáideach an cluiche a bhí ann ó thús go deireadh, cluiche a bhain croitheadh as ardáin nua na seanpháirce ar imeall na Canálach Ríoga sa 125ú bliain i stair an Chumainn Lúthchleas Gael. Níor theip ar bháireoirí cois na Feoire agus Shliabh na mBan é sin a dhéanamh.

Cluiche ab ea é a bhí idir dhá cheann na meá go dtí an nóiméad ar bháigh Máirtín Comartún an sliotar in eangach Bhreandáin Uí Choimín, cúl báire Thiobraid Árann, agus gan ach cúig nóiméad fágtha chun imeartha. Chuir an cúl sin na ‘Cait’ chun tosaigh le ceithre chúilín. Bhí an dochar déanta a fhad agus a bhain an scéal le muintir Thiobraid Árann, ach níor mhaolaigh siad ar a gcuid iarrachtaí uaidh sin go deireadh an chluiche. Bhí an lá le muintir Chill Chainnigh in ainneoin dícheall fhir Thiobraid Árann. Rinne laoch an chluiche, P.J. Ó Riain, cúl báire Chill Chainnigh, trí cinn d’iarrachtaí ar chúil ó thosaithe Thiobraid Árann, Eoin Ó Ceallaigh ina measc, a stopadh le lúth agus le haclaíocht iontach agus murach é ní móide gur ag na Cait a bheadh an bua. (An dara leath: http://www.youtube.com/watch?v=0wokaOrACqU)

An Cur is an Cúiteamh

Gné a tharraing go leor cainte i ndiaidh an chluiche ná tionchar an réiteora, Diarmuid Ó Ciardhubháin, ar an toradh agus go háirithe i gcás cinneadh amháin dá chuid a chinntigh, dar le mórán, gur ag Cill Chainnigh a bheadh an bua. (http://www.youtube.com/watch?v=a74RMGL_c8E&feature=related) Sea, bhí conspóid ag baint leis an gcluiche, rud nach annamh. Bhí go leor den tuairim, agus aontaím féin leo, gur chinneadh tromchúiseach, cinniúnach é ag an réiteoir poc éirice a bhronnadh ar Chill Chainnigh agus an cluiche ag dul go dtí an dóbair. Bhí dhá rogha eile ar fáil don réiteoir ag an nóiméad áirithe sin agus b’in iad gnáthphoc saor ceithre shlat déag a bhronnadh ar Chill Chainnigh de bharr calaois a bheith déanta ar Risteárd de Paor (agus i gcomhthéacs an mhéid a cheadaigh an réiteoir go dtí sin sa chluiche maidir le sárú na rialacha ba éadromchúiseach go leor an chalaois í), é sin nó poc saor amach do Thiobraid Árann ar an údar gur iompar de Paor an sliotar ar feadh ocht nó naoi gcéim gan iarracht dá laghad á dhéanamh aige ar é a imirt.

Bhí tionchar mór ag cinneadh an réiteora ar thoradh an chluiche dá bhrí sin, cé nach bhfaca gach duine an scéal amhlaidh. Níor thaitin sé, cuir i gcás, le Brian Ó Códa, bainisteoir Chill Chainnigh, nuair a iarradh air tar éis an chluiche a thuairim a thabhairt faoi bhronnadh an phoc éirice. (http://www.youtube.com/watch?v=BH3ZMi70Buk&NR=1) Ní raibh aon amhras air faoi. Caithfidh sé gurbh é an t-aon duine sa tír nach raibh. Aisteach! (http://www.youtube.com/watch?v=Asg_AjpTITY&feature=related) Ach, an méid sin ráite agus pléite go mion sna meáin chumarsáide ar feadh na seachtaine tar éis an chluiche, ní mór ómós a thabhairt d’fhoireann Chill Chainnigh de thoradh an éachta a bhain siad amach. Mar, má bhí an t-ádh leo an lá áirithe sin, is iomaí uair le ceithre bliana anuas a léirigh siad go soiléir go mba fhoireann iomána ar leith iad, foireann nár chaill oiread is cluiche craoibhe amháin ar feadh ceithre bliana.

An Cúigiú Craobh?

An cheist atá anois ann dar ndóigh ná an bhfuil sé ar chumas Chill Chainnigh an cúigiú craobh as a chéile a ghnóthú in 2010? Measaim go bhfuil. D’fhéadfadh sé tarlú dar ndóigh go mbuafaí ar orthu i gcraobhchomórtas Laighean má chastar Gaillimh orthu nó má dhéanann foireann Átha Cliath dul chun cinn breise. Má tharlaíonn sin, tabharfaidh siad faoin gcúldoras agus mura gcastar Tiobraid Árann nó Corcaigh orthu roimh an gcluiche Leath-Cheannais arís, beidh deis iontach acu a bheith sa chraobh athuair. Agus ba dheacair geall a chur ina gcoinne ansin.

Maidir le cúrsaí iománaíochta 2009 tríd is tríd, ní thagaim féin le cuid de na ‘saineolaithe’ agus de na tráchtairí gairmiúla a bhfuil sé ráite acu gur bliain leamh nó lag a bhí ann. A mhalairt atá fíor dar liom. Bhí cluichí iontacha sna gráid éagsúla ón méid a chonaic mé féin. Bhuaigh an Clár Craobh na hÉireann faoi bhliain is fiche, an Ghaillimh Craobh na Mionúr agus bhuaigh Corcaigh an Chraobh Idirmheánach. Cuimhnigh gur bhuaigh Cill Chainnigh gach craobh díobh sin anuraidh. Agus bhuaigh Port Láirge Craobh Mhionúr na Mumhan.

Rud eile a bhí an-sásúil do chuid againn i mbliana ná an dul chun sinn suntasach a rinne iománaithe Átha Cliath faoi stiúir Antaine Uí Dhálaigh, iarchaptaen agus iarbhainisteoir an Chláir. Is fada an lá ó bhuaigh Áth Cliath dhá chluiche sa chraobhchomórtas sinsearach, gur cháiligh siad do chluiche ceannais Laighean, gur thugadar dóthain agus breis le déanamh do Chill Chainnigh i gcluichí sraithe agus craoibhe, agus go raibh de mhí-ádh orthu cailliúint i gcoinne Luimnigh i gcluiche ceathrú Ceannais na hÉireann. Tá muintir Átha Cliath ag tnúth le 2010.

Cúpla focal scoir: http://www.youtube.com/watch?v=TkSfqLIVS60 Cill Chainnigh http://www.youtube.com/watch?v=yaE0A4r1keE&feature=fvwTiobraid Árann (múch an ‘ceol’!) http://www.youtube.com/watch?v=og-wHmXXx6E&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=1bmHnZRD2Ck&feature=relatedAgus físeán deas ag Deiseach http://www.youtube.com/watch?v=7gbO3VfbASU

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.