125
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Osclaíodh comhlacht nua deartha gréasáin, An Webbery, ar an Fhál Carrach in iarthuaisceart Dhún na nGall mí Dheireadh Fómhair seo caite. Tá cur síos anseo ag Mary Attenborough, stiúrthóir teicniúil an chomhlachta, ar cheann de na príomhsheirbhísí atá acu, forbairt suíomh ríomhthráchtála gréasáin.
»»»Bíonn sé de nós againn www.google.ie a chlóscríobh go huathoibríoch agus eolas á lorg againn. Ach tá innill chuardaigh anois ar fáil atá níos éifeachtaí agus níos tarraingtí, mar a mhíníonn Diarmuid Mac Mathúna.
»»»Thug PJ Mac Gabhann suntas do fhógairt staidrimh chlannmhaireachta sa Fhrainc mar a bhfuil PJ lonnaithe le tamall de bhlianta. Is le mórtas a d’áirigh na húdaráis sa Fhrainc a gcuid uimhreacha mar go bhfuil borradh faoin lion beireatais agus go bhfuil moill faoin mbás ina measc. Is cosúil go mbeidh gasúir go leor ar an mbealach aníos le híoc as cúram na seanmhuintire.
»»»Tá bliain mhór i ndán do mhuintir Chorcaí in 2005, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Tá sé mar aidhm ag CowParade, taispeántas atá le feiceáil i mBaile Átha Cliath faoi láthair, airgead a bhailiú do dhá eagraíocht charthanachta. Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann.
»»»Más aon léiriú é na fadhbanna atá ag Roinn na Gaeltachta scéim teanga a aontú le hOifig an Ombudsman, níl Breandán Delap ródhóchasach go mbeidh an Roinn sin in ann don phleanáil teanga sa Ghaeltacht.
»»»Measann Mícheál Ó hAodha gurbh fhearr a mhairfeadh na daoine ar scath a chéile nár faoi scáth an ainm chleite i ré seo na hoscailteachta.
»»»Athrú suntasach a bheas i riail chaitheamh an chlogaid i gcluichí iomána a tháinig i bhfeidhm céad lá na míosa. Cíorann Colm Mac Séalaigh roinnt de na deacrachtaí a bhaineann le feidhmiú na rialach.
»»»Tá cúpla mí caite ag Antaine Ó Faracháin ag eagrú Sheachtain na Gaeilge, a bheas ar siúl idir 10-17 Márta. Tugann sé eolas anseo faoi na príomhimeachtaí a bheas ar siúl i mBaile Átha Cliath i mbliana.
»»»Tá beagnach gach focal sa Bhéarla agus sa Ghaeilge in úsáid cheana féin i seoltaí idirlín agus, dá bharr seo, tá seoltaí nua ag éirí níos faide agus níos faide, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Má éiríonn le páirtithe polaitíochta na Sé Chontae teacht ar chomhréiteach an mhí seo beidh an-rath i ndán do phobal an chuige, a deir Robert McMillen.
»»»Tá glúin nua scríbhneoirí próis ag cur brí agus beatha sa litríocht ghaelach in Albain, agus tá an scríbhneoireacht Ghàidhlig ag dul ó neart go neart ó bunaíodh an fiontar foilsitheoireachta Ùr-sgeul. Tá na foilsitheoirí Éireannacha Cois Life i ndiaidh dul i bpáirt leo chun Hurlamaboc le hEilís Ní Dhuibhne a chur ar fáil i nGàidhlig agus cnuasach gearrscéalta le Màrtainn Mac an t-Saoir agus Donnchadh Mac GiollaIosa a chur ar fáil i nGaeilge. Is é ainm an chnuasaigh ná Malairt Scéil - Nuascéalaíocht as Albain, arna aistriú ag Antain Mac Lochlainn. Seo thíos scéal le Màrtainn Mac an t-Saoir.
»»»Chaith Máire Ní Chuagáin Oíche Chinn Bhliana i bPáras agus chuaigh na difríochtaí idir an ceiliúradh ansin agus in Éirinn i gcion uirthi.
»»»Cuireadh fáilte mhór roimh Tony Birtill agus a chomhchnocadóirí i nGleann Cholm Cille ach tá daoine áirithe sa tír, feirmeoirí go háirithe, níos doicheallaí roimh thurasóirí.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.