AGALLAMH BEO
Ailbhe Nic Giolla Bhrighde
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Bean a chaith am is allas go leor ag scríobh do na sraitheanna teilifíse, Ros na Rún, Seacht agus Aifric í Ailbhe Nic Giolla Bhrighde. As Tír Chonaill ó dhúchas, bhí aithne fhorleathan ar a hathair Tom an Bhungaló. leabhair a scríobh aistrithe go Sínis, go Gàidhlig agus go teanga na Cóiré. Chas Seosamh Mac Muirí léi agus thoisigh an chaint.

Íomhá
Ailbhe Nic Giolla Bhrighde
Íomhá
Cuma an ilteangachais ar tháirgí na Gaeilge
Íomhá
Tadhg Mac Dhonnagáin, fear an chomhlachta Futa Fata
Íomhá
Ailbhe
Íomhá
Ailbhe ag amharc ar na leaganacha Sínise agus Cóiréise
Íomhá
Seomra na léitheoireachta in Acadamh Ríoga Éireann
(le Michael Foley ar Flickr)
Íomhá
Mise agus an Dragún, le Patricia Forde
(Futa Fata)
Íomhá
Ailbhe ag amharc ar ais ar na leabhair

SMM: Is é do bheatha go Beo.ie a Ailbhe.

ANGBh: Go raibh maith agat a Sheosaimh.

SMM: Cén t-achar blianta faoin am seo a bhfuil ag scríobh don teilifís a Ailbhe?

ANGBh: ag scríobh don teilifís, déarfainn, corradh ar scór bliain. Thoisigh i dtús ama ag scríobh do Ros na Rún. Bhí ag obair san Acadamh Ríoga thuas i mBaile Átha Cliath agus leis an iris Comhar ag an am. Chonaic fógra go raibh TnaG, Teilifís na Gaeilge ag an am, ag dul a theacht ar bord agus bhí siad ag cuartú scríbhneoirí don sobaldráma úr. Chuaigh go Corcaigh don deireadh seachtaine, áit a raibh fear as Eastenders ag caint faoin scríobh agus achan rud eile. Bhí orainn imeacht agus sliocht a scríobh agus a leagan isteach. As sin, roghnaíodh mise agus, níl a fhios, b’fhéidir scór eile agus chaith muid roinnt deireadh seachtainí ag plé leis an scríbhneoireacht. Char scríobh don teilifís riamh. Chan fhaca script teilifíse riamh. [gáire] Sin ag gabháil siar 1996. Thoisigh ag scríobh an t-am sin. Bhí fear darb ainm Noel Ó Briain, á fear uasal, chuidigh linn. Bhí féin, Greg Ó Braonáin is Anne Learmont ar an chúrsa sin agus roghnaíodh an triúr againn le scríobh agus le hobair le hAntain Ó Flaithearta. Antain a tháinig aníos leis an choinceap agus is é Noel Ó Briain a bhí mar eagarthóir scripte. Agus an fear bocht, déarfainn nach raibh a fhios aige cad é an méid oibre a bhí faoi bhun aige, i ndáiríre. Chan fhaca mise, mar a dúirt , script teilifíse riamh agus raibh a fhios agam an dóigh le dul ina bhun, ach d’inis an oiread sin dúinn ag an tús agus an dóigh le scripteanna a scríobh.

An Léann Ceilteach

SMM: Ag gabháil siar na blianta, thoisigh i ndiaidh na hollscolaíochta i nGaillimh. Cad é a rinne san ollscoil?

ANGBh: Cha dtearn mórán. [gáire croíúil] Bhí ag déanamh matamaitice, ag Dia atá fhios cad chuighe, seandálaíocht, Gaeilg agus dlí, agus bhí mo chroí istoigh sa Ghaeilg. Chuala ansin go dtiocfadh leat céim a bhaint amach sa Léann Cheilteach agus a bheith ag plé go huile is go hiomlán leis an Ghaeilg, le litríocht na Gaeilge, cúrsaí Ceilteacha, achan rud eile. Chuaigh chun an bhaile agus dúirt le mo máthair é agus bhí eagla uirthi é a ráit lem’ athair, bhí ag smaoiteamh, de gheall ar Dhia, bhfaighidh post as seo a choíche? Ach bhí a fhios aici go raibh mo chroí istoigh ann.

Mar sin, le dhá bhliain, bhí mise ag plé leis an Léann Cheilteach. Shíl m’athair bocht go raibh ag déanamh dlí [gáire croíúil] agus é ag inse d’achan duine é. Ansin nuair a bhí ag baint na céime amach, b’éigean domh an fhírinne a inse , nach raibh ag déanamh an dlí ach an Léann Ceilteach. Bhí sin iontach sásta mar bhí dúil bhocht aige féin san ábhar chéanna. Agus bhí greannmhar ar bhealach mar raibh mórán comhrá idir an bheirt againn go dtí sin agus bhí an oiread céanna spéise aigesean agus agam féin sa litríocht ghaeilg’ agus cheilteach agus achan rud agus d’éirigh cairdeas millteanach eadrainn.

An tSeanlitríocht

SMM: An bhfuair rud éicint as an tseanlitríocht sin scéalta s’againne=our stories">="gloss" title="which helped you">a chuidigh leat i saol na teilifíse i scríobh na leabhar fiú amháin?

ANGBh: Ó go cinnte. D’fhoghlaim an dóigh le staidéar a dhéanamh, le hiniúchadh a dhéanamh agus bhí sin ina chuidiú mhór. Fosta, bhí scéalaíocht i gceist sa tseanlitríocht, an Táin, Scél Mucce Meic Dathó agus a mhacasamhail sin, Fled Bricrenn, na seanscéalta sin ar fad agus an béaloideas agus na canúintí. Bhí an oiread saibhris ar an chúrsa sin, - thóg liom é achan áitchuaigh i bhfeidhm ar mo chuid scríbhneoireachta go cinnte.

Chuaigh go BÁC i ndiaidh na céime is ann a bhí Paul ag an am, m’fhear chéile anois. Chuaigh isteach go Comhar agus dúirt leo go rachainn ag obair dóibh go deonach. Bhí Éamonn Ó hÓgáin, á, fear uasal, ar an bhord agus bhí ag obair in Acadamh Ríoga na hÉireann le Tomás de Bhaldraithe. D’inis domh go raibh scéim FÁS ag teacht aníos ag cuartú daoine le dul isteach a rachadh ag obair san Acadamh. Chuir isteach air agus fuair cúig na seachtaine, agus bhí roinnte eadar rannóga. Mar sin, chaith leath na hama ag obair sa leabharlann agus a leath eile ag obair le de Bhaldraithe ag gabháil fríd na focla agus achan rud agus bhí iontach. Chionn is go ndearna muid lámhscríbhinní ar an choláiste, ba ghnách le de Bhaldraithe iarraidh orm gabháil fríd na lámhscríbhinní agus bhí in ann iad a léamh, ag an am. cinnte nach mbeadh anois. [gáire] Ba mhór an onóir domhsa, do mo mhacasamhail dul síos agus na rudaí sin a fheiceáil, iad a léamh agus dul fríofu. Rinn’ muid lámhscríbhinní le Máirtín Ó Briain, go ndéana Dia grásta air, i nGaillimh. Bhí iontach, iontach ar fad. Bhí Anders Ahlqvist, Donnchadh Ó hAodha agus ar ndóigh, an tOllamh Gearóid Mac Eoin againn ag an am i nGaillimh. Bhí siad galanta.

Futa Fata agus an Saol Mór Amuigh Ansin

SMM: ag ’ul do scríbhneoireacht na leabhar, le Futa Fata agus siad ag déanamh aistriúchán Sínise, Gaidhlig, Cóirise orthu. Cad é ar siúl ansin?

ANGBh: Nach bhfuil sin saoifiúil ar fad! Chaith bliain déag ag obair le cara liom, Patricia Forde, ag cumadh scéalta do Ros na Rún agus is mór an spórt a bhí againn ag an am, ach bhí croí Tricia i gcónaí i scríobh leabhar do pháistí, i nGaeilg agus i mBéarla. Chas sise ar Thadhg agus dúirt liomsa, “an mbeadh suim agat leabhar a scríobh?” Níor smaoitigh mise riamh air.

Bhí cúrsa, cibé, ag Tadhg; bhí ag reáchtáil ceardlann seachtaine, ag plé le scríobh do pháistí. Bhí féin agus Barbara Slade, Poncánach a bhí ag obair ar go leor chláracha ag an am, Rogue Rats an ceann is ina measc. Roghnaigh siad scéalta s’againne, Tricia, féin agus Bridget Breathnach.

Chuaigh muid amach toigh Thaidhg agus bhí ag caint ar an fhís atá aige. Bhí ag caint ar gan daoine eile a mhaslú leis an mhéid a scríobh , gan muc a ithe agus mar sin. cuimhne agam go raibh gairfean millteanach an sin agus d’fhág féin agus ’Tric [Forde] an sin teach s’aige. Shíl mise go raibh craiceáilte. [pléascadh gáire] Dúirt le Tric, “ an fear sin ag smaoiteamh ar leabhar Gaeilge a scríobh!”, ach bhí seisean ag smaoiteamh ar an mhargaíocht domhanda, - a bhí ar fáil! raibh seisean ag smaoiteamh ar an Ghaeilg, bhfuil a fhios agat, mar rud beag cúng amháin.

Ar bhealach, bhí aisteach mar bhí mise ag scríobh ar feadh blianta don teilifís agus bhinnse ag , “ ag amharc ar Eastenders ar Fair City. Thig linn a bheith chomh maith céanna leis sin. Níl an t-airgead céanna againn, ach thig linn a bheith chomh maith céanna agus níos fearr. ag iarraidh aithris a dhéanamh orthu sin”. San am chéanna, bhí fós ag smaoiteamh ar mhuintir agus ar phobal na Gaeilge. Don chéad uair ariamh, chas le fear agus bhí ag smaoiteamhó, i nGaeilg, ach saol mór amuigh ansin! Cad chuighe nach mbeadh suim acu i scéalta s’againne?

Bhíodh féin ag aistriú scéalta as teangacha eile go Gaeilg agus dúirt leis féin, ‘táimid féin chomh maith céanna agus na scéalta s’againn féin chomh maith céanna. Cad chuighe nach dtiocfadh linne scéalta s’againne a thabhairt go Bologna agus go háiteanna eile agus iad a dhíol? Sin an fhís a bhí aige, amuigh ar an Spidéal, gairfin sa gheimhreadh! [gáire]

An tIlteangachas

Scríobh miseCócó an Colgán Cairdiúil agus bhí Tadhg iontach sásta agus scríobh Bridget Breathnach ceann, ‘Lúlú agus an Oíche Ghlórach’, - sin an ceann a díoladh ar dtús. Thug chun na Síne é agus tháinig ar ais agus dúirt , “táimid i ndiaidh leabhar Bridget a dhíol”. Níor chreid é. Chuir lena fhocal! Fuair scéal go raibh suim acu in Cócó. Cócó aistrithe go Gàidhlig, Cóiréis. leabharthaí eile aige chomh maith. ceann aige faoi láthair, ‘Mise agus an Dragún’ le Tric, sin aistrithe go Fraincis agus go Danmhairgis.

Tom an Bhungaló

SMM: Ba dhuine díograiseach drámaíochta Gaeilge é d’athair Tom, beannacht leis. Ba é a chum an t-amhrán fíorálainn, Gabhla, Cumhaidh an Oileáin. sibh mórtasach as sin?

ANGBh: . Táimid mórtasach as sin.

SMM: An gcuireann cumhaidh ort nuair a chluinfeas an t-amhrán sin?

ANGBh: Cuireann cumhaidh mhíllteanach orm. An bhean a bhíos ag ceol an amhráin sin, Gracie Mac Ginley a bheirimidinne uirthi, bhí Gracie iontach mór linne i gcónaí agus a níon s’aici, Fiona mór liomsa ó bhí muid trí bliana d’aois. Fuair sise bás Meán Fómhair anuraidh. Tháinig sise ag obair le mo mhuintir nuair nach raibh ach seacht ocht mbliana déag agus d’fhás aníos in teach s’againne. Bhí i gcónaí mar chuid de theaghlach s’againne ag fás aníos agus nuair a mhothaím an ceol sin, cuireann cumhaidh mhillteanach orm. Ag tús mhí Mhárta bhí Éigse Uladh ar siúl agus bhí m’athair, Tom an Bhungaló agus an drámaíocht is eile agus cheol gariníon Gracie an t-amhrán. Chuir cumhaidh mhillteanach agus chuir crothnú mhillteanach orm, don bheirt acu. Bhí Gracie i bhfad níos óige m’athair.

Tógadh sa teach muid le drámaíocht i gcónaí. Shíl mise go raibh achan teach mar a chéile, bhfuil a fhios agat, nuair nach raibh fhios agat a dhath níos fearr. Bhí ar an ardán ó bhí ceithre bliana d’aois. Bhíodh ag cleachtadh drámaí sa teach i gcónaí. Bhí mar chuid de mo shaol agus ag fás aníos agus ag plé drámaíochta agus scéalta, ag plé aisteoirí agus carachtairí

Tionchar na Drámaíochta

SMM: Caithfidh gur shaighdigh sin thú i dtreo na scríbhneoireachta agus na teilifíse?

ANGBh: Go cinnte! Gan amhras ar bith agus crothnaím go mór m’athair anois, ar na mallaibh ansin, bhí ag cur iarratas le chéile le cur isteach ag TG4. Chrothnaigh an oiread sin é, bheinn i gcónaí ag plé rudaí leis, nuair a bheadh smaoiteamh agam. Bhí ceithre scór go leith nuair a fuair bás, ach fiú go dtí an coicís deireanach, bhí gníomhach.

Bhí mo dheirfiúr sa bhaile as Londain agus bhí ag aithris dán Aoidh Ruaidh, ‘Triallaidh liom ar bhord mo loing’ arsa an captaen go dtí an béal binn bréagach’. Dán mór mór fada. Chuaigh in abar cúpla iarraidh leis, ach chuaigh, thug seisean leide daoithi achan iarraidh. Bhí ar fad ar eolas aige. Sin tús na Samhna. Bhí ina cheann go fóill.

An Teaghlach agus an Obair

SMM: ag tógáil clainne agus ag scríobh anseo i nGaillimh. Ar choinnigh tógáil na cloinne siar thú ar chuidigh le do shaothar?

ANGBh: Óóó! Go fíreannach, déarfainn gur choinnigh siad siar . [gáire croíúil] Ó Dhia á sábháil. ionraic, choinnigh siar . Bhí díograiseach ag an tús, déarfainn, i bhfad ródhíograiseach, déanta na fírinne. Go cinnte, nuair atá na páistí agat, níl an t-am céanna agat le tabhairt do rudaí. Le cúrsaí teilifíse, níos oiriúnaí don aos óg, i ndáiríre. ag iarraidh níos am leis na páistí anois, ar mhaithe liom féin chomh maith leis páistí. an t-am ag imeacht agus siadsan ag fás aníos.

SMM: An bhfuil cumhaidh ar bith ort i ndiaidh Thír Chonaill?

ANGBh: Níl. Is breá liom Gaillimh. mo chroí istoigh ann, ón chéad ariamh ar leag cos ann. gach rud againn, ach amháin na tránna. na tránna i dTír Chonaill i bhfad níos deise. [gáire] achan rud eile i nGaillimh agus na daoine galánta. mo shaol i nGaillimh anois; sin an áit a bhfuil Paul agus na gasúir agus mo chuid cairde.

Cén cineál laetha saoire is fearr leat?

ANGBh: Is breá liom laetha saoire ar bith. [gáire] Is breá liom an Iodáil. Is breá liom na daoine, na dathanna, agus an oiread sin staire ag baint leis an Iodáil.

Cén leabhar is fearr leat?

ANGBh: Perfume, (Das Parfum) le Patrick Suskind. rud inteacht scáfar ag baint leis; an smaoineamh ar fad, nach mbeadh boladh ag duine inteacht; go bhfuil tábhacht ag baint le chuile chéadfa atá againn.

Cén scannán is fearr leat?

ANGBh: beirt. Dangerous Liaison, chomh cliste agus b’fhéidir an scannán is snasta ó thaobh scripte, tchítear domh féin, The Lion King. achan uile fhocal agus achan uile líne roghnaithe go cúramach. máistreacht iontach sa script sin. Ón line tosaigh, ‘Life’s not fair, is it?. achan line chomh lán le fothéacs, aoibhinn, gur scannán do pháiste é.

SMM: Go raibh míle míle maith agat a Ailbhe.

ANGBh: Go ndéanaí mhaith duit.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.