AR NA SAOLTA SEO
Kinoan Cineama Domhanda
Pat Butler Pat Butler

Pat Butler ag dul in aghaidh lucht na géarmheastóireachta an iarraidh seo arís agus molann dúinn súil a chaitheamh ar aisteoireacht François Damiens agus Audrey Tautou inLa Delicatesse’.

Íomhá
Audrey Tautou
(le Drinksmachine ar Flickr)
Íomhá
François Damien
(le Johan06 ó francoislembrouille.com ar Vicipéid)
Íomhá
Bruno Todeschini
(le Nicolas Genin ar Vicipéid)

La Delicatesse’/ ‘Delicacy’, le David agus Stéphane Foenkinos

  • Audrey Tautou - Natalie

  • François Damiens - Markus

  • Bruno Todeschini - Charles

Chan Colm C.T. Wilkinson amhrán sa Chomórtas Eoraifíse i 1978. Ina cholún léirmheastóireachta san Observer’ scrí Clive James mar seo leanas: A man is born to do one thing, Colm C.T. Wilkinson of Ireland yelled desperately, ‘And I was born to sing. How wrong can a man be?

Thug léirmheas Donald Clarke ar Delicacy’ san Irish Times’ - foilsithe ar Aoine an 13ú, dála an scéil - cealg James chun cuimhne dhom. chomh contráilte is féidir le Donald Clarke a bheith ó am go cheile? Fuair an ceann seo iomlán amscaí, ciotarúnta, cúthaileach agus tóin in airde. Is comhartha eolasach na soifisticiúlachta anois é, is cosúil, an caitheamh anuas seo ar Audrey Tautou. That hyper-gamine act is fast becoming very tedious’, ar , agusAudrey Tautou is rapidly evolving into a menace of significant proportions’. Um baist, a Dhonald, an mar sin é?

raibh Donald Clarke gan chomhluadar i ranna na gcriticeoir mór le . in RTÉ amháin, is baolach, a thagann duine ar ghalar an bhuíonsmaointeachais. an tsáith ghránach de faighte agam.

An Múnla

faiseanta, ar shála leithéid Priceless’ (2006) - atá sárthaithneamhach, dála an scéil - agus ag cur san áireamh a chéad mór-ruathar ceallalóide Amelie’ (2001) go mbeadh criticí téagartha (ina mbreithiúnas féin, gan amhras) ag fanacht leis an ról gairmshainithe sin di. Ar dhul an ceann a d’aimsigh Audrey Hepburn an ghúna bhig dhuibh, abair, i mBreakfast at Tiffany’s’ (1958) – scannán inar éirigh le Hepburn súil-eiliteach húcálaí sráide greannúr a chruthú. Géillim nach dtugann Delicacy’ an deis sin do Audrey Tautou. Ach a raon leathnaithe go mór anseo, agus fada uaithi an sár-ról trasnaíle a chuirfidh taobh thiar di, ar deireadh, an deabhal gaimíneachais a thugann léi le héascaíocht análaithe an linbh.

Mar nach rabhadar ag súil leis, chun luí leis an bhfaisean, toisc nach bhfuil ann achcoiméide Fhrancach éadtrom eile’, fhaca scata léirmheastóirí an leathanú cinniúnach a thagann ar raon Tautou an dul seo. Is fánach an áit a gheobhfá breac, ach oscailt amach chuige.

Ach Tautou an réalta in ao’ chor anseo. Ach François Damiens. AnSualannach ard, amscaí, cúthaileach, ciotarúnta - a thiteann tóin in airde i ngrá le Natalie (Tautou). ’s ag an domhan mór cad í, agus Tautou, agus cén saghas ról a luíonn lena nádúr. Ach Damiens? Beidh orm François Damiens a chur in aithne dibh.

Cnámha an Scéil

Ach ar dtús, mar a deirtear sna foilseacháin is fearr - an scéal. Comhlucht Sualannach i bPáras. Post ag Tautou/Natalie sa mheánbhainistíocht. Bean nua-phósta, i luan an ghrá stail álainn céile. Tarlaíonn tubaiste. Cúlaíonn an bhaintreach isteach inti féin agus tugann le díograis tiomanta fán obair, agus faoi sin amháin. Diaidh ar ndiaidh, an t-anamreo á téachtadh.

cluainire de Phríomhfheidhmeannach, Charles (Bruno Todeschini, soifisticiúil, síodúil, dathúilteaspeántas sármhaith) ag iarraidh go mbeadh ina giota beag maisiúil ar thaobhlíne a ego féinig. Ansin seolann anlománaí’ Sualannach - cosoibrí as radharc de ghnáth in íochtar an chomhluchta - fear tuatach, maol, béalbhearnach; léine páircíneach, geansaí bídeach agus treabhsair éagcruthacha á chaitheamh aige - casann an fear mórchroíoch, íogair, tuisceanach, éisteacht seo isteach in oifig Natalie amháin, agus - voila! Anois, beagáinín níos casta sin, ach breis agus dóthain ansan le bheith ag dul ar aghaidh leis.

Táid ann sa chás áirithe seo nach bhfuil toilteanach an díchreideamh a chealú. Táid ann chomh maith nach samhlaíonn go bhféadfaí go mbeadh rath ar a leithéid de mhíchleamhnas leannán. Táid ann freisin nach gcreideann go bhféadfaí go mbeadh bunús fírinneach faoin ngaol mídhóchúil idir Natalie agus Markus. Is daoine iad siúd, braithim, nach bhfuil an aeróg dírithe isteach acu ar mhinicíocht na ndúichí anama. Caithfidh, freisin, nach bhfuil ceann ceart á thabhairt acu ach an oiread do scileanna breathnaitheacha na ndeartháireacha Foenkinos, d’éacht na beirte aisteoirí.

François Damiens

Míorúilt atá curtha i gcrích ag François Damiens. an Markus aige ar an gcruthú is greannúra, is tuisceanaí agus is daonna a chonac le fada. Seo aisteoir a thuigeann go maith luach na socaireachta agus an tosta. Más beag an leid, is treise a thionchar; an nod, is den mbrí is den dtuiscint a thagann trasna.

Thug Damiens ceacht máistriúil aisteoireachta. Is iomaí bolg-gháire a d’éalaigh uaim i gcaitheamh na taispeána. Fágadh gan falla cosanta ar áilleacht anama Markus . Agus níorbh fhada uaim an deoirín beag ach an oiread. Tháinig Markus agus Natalie aniar aduaidh orm. Agus níor tharla sin dom in aon cineama ó chonac Javier Bardem i The Sea Inside’ le Alejandro Amenábar san IFI sa bhliain 2005.

aon mhíniú a thabhairt faoin gcaoi inar thit an Sualannach ciotarúnta i ngrá le Natalie seang. Ach conas ar bhláthaigh Natalie le tuathalán mar é? Seasann titeann an scannán ar an gceist seo.

Anois, iarrann Markus faic ach a cairdeas uirthi; éisteann léi, hionann is éisteacht leis féin; ann de shíor di, seachas féin; níl oiread agus smut den mustar ag roinnt leis; is fíordhuine álainn macánta é; agus, b’fhéidir an tréith is treise ann, iomlan dall ar a bhuanna féin. Markus as a mheabhair le grá do Natalie, beireann an lucht féachana barróg cheanúil air siúd. Eisean an t-íochtarán síoraí, agus aithnímid uile ionainn é.

Seo Everyman’, Everyleanbh’, agus sciobtar na cosa amach fúinn i bhfianaiseghlaine a chroí, neart a ghéag agus anbeart de réir a bhriathair. Sin go léir in ainneoin an gheansaí leanbaí agus an treabhsar éagrutha.

Don dara as a chéile, molaim dibh gan aon cheann a thabhairt do thréad an cháinte.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.