AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Cúram agus cumasú
Mary Beth Taylor Mary Beth Taylor Mary Beth Taylor

Tá Mary Beth Taylor ag obair in ionad sláinte i Washington DC do dhaoine as Meiriceá Laidineach. Tá na deacrachtaí céanna ag cuid othar an ionaid sin is atá ag daoine ar ioncam íseal ar fud na Stát Aontaithe.

Íomhá
Íomhá
Grianghraf le caoinchead Mary's Center
Íomhá
Grianghraf le caoinchead Mary's Center
Íomhá
Grianghraf le caoinchead Mary's Center
Íomhá
Grianghraf le caoinchead Mary's Center

Tá sé a cúig a chlog i Mary’s Center for Maternal and Child Care, ach is fada go mbeidh an lá oibre thart. Is ionad sláinte, oideachais agus seirbhísí sóisialta neamhbhrabúsach é atá lonnaithe i gceantar Laidineach Adams Morgan i Washington DC, agus tá sé le feiceáil go suntasach ar chúinne sráide i lár na cathrach. Bíonn monabhar cairdiúil Spáinnise le cloisteáil san fhoirgneamh seo atá ina thearmann corcardhearg agus óir sa chomharsanacht íseal-ioncaim seo.

Tá mise ag obair i Rannóg Forbartha an chlinic, rannóg a bhfuil sé de chúram uirthi maoiniú a fháil don eagraíocht agus dá cláracha éagsúla. Dá bharr seo, tá sé tábhachtach go mbeadh tuiscint mhaith ag foireann na rannóige ar gach clár agus ar na riachtanais a bhaineann leis. Anocht tá cruinniú ar siúl den Participant Advisory Board (PAB), painéal a thagann le chéile uair sa mhí chun cabhrú leis an fhoireann cinntí a dhéanamh faoi reáchtáil an ionaid. Tá mise i láthair chun aiseolas na n-othar a chloisteáil. Mná atá mar othair san ionad is mó atá mar bhaill den PAB ach tá an oíche anocht rud beag difriúil ón ghnáthoíche. “Tá fear inár measc!” a scairteann na mná le hiontas, agus buaileann cuid acu bosa nuair a shiúlann athair óg a bhfuil rud beag náire air isteach i seomra an chruinnithe lena bhean.

I Spáinnis atá an cruinniú go léir, mar sin coinním cluas amháin leis na callairí fhad is atá an chluas eile ag éisteacht le guth an teangaire a bhfuil blas rud beag iasachta ar a chuid Béarla. Moltar an t-ionad ón tús.

“Seo an t-aon chlinic ar féidir leat cúram a fháil do leanaí gan páipéir shaoránachta,” a dúirt ball amháin, máthair tachráin atá ina hothar i Mary’s Center ó bhí sí bliain d’aois.

“Tá tairbhe ag baint leis an chlinic mar go gcuidíonn siad linn Medicaid a fháil,” a dúirt bean eile, “agus bíonn na hoibrithe sóisialta i gcónaí ar fáil le cabhrú linn.”

Tá an clinic ag freastal ar dhaonra atá de shíor ag fás, agus féachann sé le cláracha nua a chur ar fáil de réir mar a bhíonn siad ag teastáil. Mhol bean amháin ag an chruinniú go ndéanfaí rang a reáchtáil do thuismitheoirí faoi chúrsaí gnéis. “Faoi láthair tá mé ag iarraidh a bheith ag cabhrú le páiste nach bhfuil aois na hógántachta go fóill,” a dúirt sí. “Tá sé deacair. B’fhéidir go bhféadfaí níos mó eolais a sholáthar dúinn faoi seo.”

Ach tá níos mó i gceist leis an PAB ná fóram chun aiseolas a chur ar fáil faoi Mary’s Center.

D’iarr duine den dream is glóraí a bhí i láthair, atá ina ball de Mary’s Center le breis is deich mbliana, ar na baill eile luí isteach ar mhaoiniú a fháil don chlinic.

“Caithfidh muid litir a scríobh chuig an Uachtarán!” a dúirt sí. “Tá an chumacht againn. Má scríobhann muid litir agus má shíníonn gach duine í, tá a fhios agam go bhfaighidh muid an t-airgead, fiú agus sibh mídhleathach.”

Ó shin, tá cuid ball an PAB ag obair go dian chun airgead a bhailiú do Mary’s Center iad féin. An fómhar seo caite, thug siad rud éigin ar ais don ionad trí shaor-reic a eagrú. Dhíol siad éadaí, bréagáin agus earraí tí, rud a d’fhág go raibh siad ábalta seic $750 a bhronnadh ar fhoireann Mary’s Center.

Méadú ar líon na n-inimirceach

Is cuid thábhachtach de ghréasán cúraim sláinte Washington DC é Mary’s Center faoin am seo. Go stairiúil bhí DC ina cheann scríbe do go leor inimirceach, ach tháinig méadú ar an líon daoine a bhí ag triall ar an chathair de réir mar a chuaigh an cogadh cathartha in El Salvador in olcas sna hochtóidí. Faoin am a chríochnaigh an cogadh sin i 1992, bhí 75,000 duine marbh agus go leor eile thíos le brúidiúlacht na scuadanna báis.

Fágadh na mílte bean ina n-aonar, tar éis dá gcuid fear céile, aithreacha agus deartháireacha a mbeatha a chailleadh sa chogadh. Theith go leor de na mná seo go dtí na Stáit Aontaithe ach dhíol cuid acu go daor as. Rinne fir ar a dtugtar “coyotes” go leor de hinimircigh mná seo a éigniú agus iad ar a mbealach go dtí na Stáit Aontaithe; thug siad trasna na teorann iad agus ghoid a gcuid airgid agus rud ar bith eile a bhí ina seilbh mar íocaíocht as a gcuid “seirbhísí”.

Bhí na mílte ban óg Laidineach sna Stáit Aontaithe, torrach, gan oideachas, gan Bhéarla, gortaithe go fisiciúil agus go síceolaíoch ag an turas léanmhar óna dtír dhúchais, agus aire cheart de dhíth go práinneach orthu.

Chinn gníomhaí pobail áitiúil, Maria Gomez, ar chabhrú leo. As Cali, Columbia ó dhúchas, tháinig Gomez ar imirce go DC nuair a bhí sí dhá bhliain déag chun éalú ón chíor thuathail pholaitiúil ina tír féin. Ba Bhanaltra Chláraithe agus Máistreás Sláinte Poiblí í Gomez, a bhí tar éis a bheith ag obair i gclinicí agus in ospidéil éagsúla i Washington. Ach anois bhí fís nua aici.

I 1988, le suim an-bheag airgid síl ón rialtas i DC, chruthaigh Gomez an rud a bhí ag teastáil go géar ón chathair agus a cuid áitritheoirí is nua: clinic réamhbheireatais do mhná Laidineacha a mbeadh siad in acmhainn íoc as, le soláthraithe a mbeadh Spáinnis acu agus a chuirfeadh cúram a bheadh tuisceanach go cúltúrtha ar fáil. Spreagann Mary’s Center, a fhaigeann idir mhaoiniú poiblí agus mhaoiniú príobháideach, na hothair le táille a íoc (a bhíonn ar scála aistritheach bunaithe ioncam). Cuireann sé seirbhís ar ardchaighdeán ar fáil, áfach, is cuma cén stádas saoránachta atá ag othar nó cé acu a bhfuil clúdach árachais aici nó nach bhfuil.

“Tá muid ag éileamh córas sláinte agus córas leasa shóisialaigh a thugann cothrom na Féinne do gach duine,” a deir Gomez, atá ina Stiúrthóir Feidhmeannach ar Mary’s Center ón chéad lá. “Creideann muid gur fiú dúinn a bheith ag obair as lámh a chéile chun deis a thabhairt do pháistí agus do theaghlaigh saol sláintiúil agus fiúntach a bheith acu. Is pobal amháin muid go léir.”

Cuireann Gomez béim láidir ar chúram iomlánaíoch go háirithe, agus ar an ról atá ag an oideachas agus ag forbairt shóisialta sa phróiseas athmhuintearais. Cé gur ionad réamhbheireatais agus péidiatraiceach a bhí i gceist i dtosach, d’fhás Mary’s Center isteach ina ionad sláinte ina raibh na gnéithe sóisialta agus oideachais chomh tábhachtach céanna.

Tagann an Dr. Cheryl Focht, péidiatraiceach i Mary’s Center, leis an mhéid a deir Gomez.

“Cuireann Mary’s Center cúram cuimsitheach ar ardchaighdeán ar fáil do dhaoine sa chomharsanacht seo. Déanann sé iarracht cumhacht a thabhairt do dhaoine seachas go díreach freastal ar a gcuid riachtanas,” a deir Focht. “Déanann muid pearsantacht agus pobal a chothú chun saol na Laidineach i DC a fheabhsú. Tá muid difriúil ó gach dream eile de bharr go gcuireann muid cúram iomlánaíoch mar seo ar fáil.” Ní handouts saor in aisce atá i gceist, a deir Focht. “Ní thugann Mary’s Center cúram saor in aisce. Braitheann daoine níos fearr fúthu féin nuair is féidir leo íoc, fiú mura mbíonn i gceist ach suim bheag.”

Faigheann an Rannóg Forbartha an maoiniú a chuireann ar chumas an ionaid leanúint air ar cur seirbhísí ar fáil. $250,000 a bhí mar bhuiséad ag Mary’s Center nuair a thosaigh sé i 1988, díreach go leor leis an dá fhostaí dhéag a íoc. Anois tá 70 fostaithe ann agus tá buiséad bliantúil de $3.8 milliún dollar aige. Tagann maoiniú ón rialtas feidearálach, ó áisíneachtaí rialtais stáit, fondúireachtaí príobháideacha, airgead ó dhaoine aonair, agus imeachtaí bailithe airgid a ndéanann an t-ionad urraíocht orthu.

Clúdach sláinte fostóir-bhunaithe

=======

Tá sé tábhachtach go gcuirfí maoiniú ar fáil do Mary’s Center mar go bhfuil sé ag freastal ar dhaoine a d’fhéadfadh titim “idir na scoilteanna” i gcóras cúraim sláinte na Stát Aontaithe. Tá ochtar as gach deichniúr de Laidinigh Mheiriceánacha i dteaghlaigh atá ag feidhmiú. Cé go mbíonn fostaíocht acu go hiondúil, níl clúdach sláinte fostóir-bhunaithe ach ag 43 faoin chéad acu. Ar an drochuair, tá seans níos lú ann go ndéanfaidh fostóir clúdach árachais sláinte a thairiscint d’oibrithe ar phá íseal, agus, má chuirtear clúdach ar fáil dóibh, is minic a chaitheann siad níos mó a íoc as.

Ní thagann Medicaid, clár cabhair phoiblí a thugann aire do shláinte na ndaoine is boichte, i dtarrtháil orthu siúd gan árachas i gcónaí. Go han-mhinic, meastar nach bhfuil daoine i bpostanna le hioncam íseal i dteideal Medicaid a fháil, fiú agus iad de shíor ag streachailt le bheith beo. Mar shampla, léiríonn tuarascáil a d’eisigh Families USA, grúpa tomhaltóirí a dhíríonn ar chúram sláinte, go bhfuiltear den tuairim i níos mó ná leath na stát sa tír go bhfuil “ioncam ró-ard” ag tuismitheoir i dteaghlach ina bhfuil triúr, atá ag obair go lánaimseartha agus ag saothrú an íosphá ($5,15 san uair) chun a bheith i dteideal Medicaid.

Lena chois sin, de bharr an Welfare Reform Act 1996, tá teoranna curtha leis an úsáid is féidir le hinimircigh a bhaint as cláracha poiblí. I ngach stát, seachas Wyoming, níl inimircigh dhleathacha a tháinig chun na Stát Aontaithe ar nó roimh 22 Lúnasa 1996 i dteideal clúdach poiblí a fháil trí Medicaid nó an State Children’s Health Insurance Program (SCHIP) go dtí go mbeidh cúig bliana istigh, agus ina dhiaidh sin bíonn teoranna eile i gceist. Ní bhíonn inimircigh gan cháipéisí i dteideal Medicaid ar chor ar bith i bhformhór na stát.

Tá rudaí ag dul chun donais anois de bharr go bhfuil an ráta dífhostaíochta ag ardú sna Stáit Aontaithe. Bhí 528,000 duine breise ag lorg íocaíochtaí leasa shóisialaigh sa tseachtain dar críoch 29 Meán Fómhair, 2001 - an ráta ab airde ó bhí Iúil 1992 ann. Is iad na teaghlaigh a tháinig ar inimirce is mó atá thíos le hionsaithe na sceimhlitheoirí ar an 11 Meán Fómhair, cuid othar Mary’s Center san áireamh. Tá postanna á gcailleadh go forleathan sa gheilleagar áitiúil aíochta agus seirbhísí agus tá tionchar an-díobháileach ag seo ar na teaghlaigh a bhíonn ag tarraingt ar Mary’s Center, a bhfuil breis is 90% díobh ag brath go hiomlán ar an earnáil seo chun a mbeatha a shaothrú. Tá níos lú uaireanta oibre acu go léir nó tá a bpost caillte ar fad acu.

Dóchas?

An bhfuil aon chúis dóchais ann, mar sin? An gcaithfidh áiteanna mar Mary’s Center brath ar chistí rialtais agus ar airgead príobháideach a bhfuil éileamh mór air agus ar chineáltas strainséirí chun aire a thabhairt do dhaoine? Nach bhfuil Meiriceánaigh buartha go leor faoi Mheiriceánaigh eile - bíodh siad ón tír nó nach bíodh - chun cúram sláinte a chur ar fáil do chách? Ar dhrochlá, ritheadh sé leat nach bhfuil. Ach, i bhfocail Charles A. Beard: “Nuair a éiríonn sé dorcha go leor, is féidir na réalta a fheiceáil.”

B’fhéidir go bhfuil feabhas ag teacht ar chúrsaí. Tá an bhá atá léirithe ag an domhan mór le híospartaigh an 11 Meán Fómhair dochreidte, agus tá comhbhá dhaonna tagtha chun cinn go láidir de bharr na tragóide uafasaí seo. Lena chois sin, tá céim mhór chun tosaigh tógtha ag an Chomhdháil - tá $28 billiún á chur ar fáil sna trí bliana atá amach romhainn chun clúdach sláinte breise a chur ar fáil dóibh siúd gan árachas - suim atá níos airde ná an tsuim a mhol an tUachtarán Bush.

Agus tugann na deontais mhóra ó fhondúireachtaí, na bronntanais ó sheanchairde de Mary’s Center agus na billí smolchaite a chuirtear faoi dhoras an chlinic i ndiaidh am dúnta le fios go bhfuil daoine sásta aire a thabhairt dóibh siúd a bhfuil sí ag teastáil uathu. Agus go dtí go mbeidh cúram sláinte ar fáil do gach duine, is cuma cén stádas saoránachta nó ioncam atá aige, beidh orainn a bheith ag brath ar thrua daoine eile. Go dtí seo tá an chomhbhá agus an trua do dhaoine eile tar éis Mary’s Center a mhaoiniú le dhá bhliain déag anuas.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom a rá nach mbaineann na ceisteanna a bhfuil ar Mary’s Center dul i ngleic leo le Washington DC amháin. Is ceisteanna iad seo a bhfuil baint acu le hoibrithe agus cáiníocóirí an lae amáraigh sna Stáit Aontaithe. Is de bhunús Laidineach duine is gach ochtar sa tír, agus tá páistí na Laidineach i measc na n-acmhainní is luachmhaire dá bhfuil ag Meiriceá. Má dhéanann muid níos folláine iad mar dhaoine, ní hamháin go mbeidh muid ag díriú ar cheisteanna atá tábhachtach don phobal Laidineach - beidh muid ag leagan bunchloiche do rath an náisiúin san am atá romhainn.

Is féidir cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin Mary’s Center ag: www.maryscenter.org.

Is as Georgia ó dhúchas í Mary Beth Taylor. Fuair sí a gcuid oideachais in Ollscoil Georgia agus Ollscoil Oxford. Tá céim BA aici sa Bhéarla agus i Staidéar na mBan. Is de bhunadh Éireannach í.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.