CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Cloch Fhuaráin
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

D’eisigh Geraldine Bradley, amhránaí as Contae Ard Mhacha, albam nua dar teideal [i]From the Rising Spring/Cloch Fhuaráin[/i] le déanaí. Chuaigh Antaine Ó Faracháin chun cainte léi le labhairt faoina cuid amhránaíochta.

Íomhá
albam nua eisithe ag an amhranaí Geraldine Bradley
Íomhá
Chuaigh amhránaíocht Bess Cronin go mór i bhfeidhm ar Geraldine Bradley
Íomhá
ceoltóirí ón mbanna ceoil At First Light le cloisteáil ar an albam

Antaine Ó Faracháin: Cad as a dtagann an teideal From the Rising Spring/Cloch Fhuaráin atá ar an albam?

Geraldine Bradley: Bhuel, tháinig ar an teideal Béarla ón tuairim a bhí agam féin go raibh ceol agus amhráin a bhí ar eolas agam le blianta fada ar a bheith coiteann. Maidir leis an teideal Gaeilge, nuair a smaoinigh ar an gcúlra ceoil a bhí i mo theaghlach agus an dóigh ar bhain le mo cheantar dúchais féin, níorbh fhada gur roghnaigh an logainm áitiúil Cloch Fhuaráin, ar baile fearainn in aice le mo bhaile féin i gContae Ard Mhacha é, mar theideal Gaeilge ar an albam.

AÓF: Cad iad na foinsí na toibreacha ar tharraing orthu leis na hamhráin atá agat ar an albam a roghnú?

GB: D’fhoghlaim amhráin ó bhí an-óg, i nGaeilge agus i mBéarla. Bhí bailiúchán mór ceirníní ag mo bheirt dheartháireacha. Caithfidh gur cheannaigh siad gach rud a cuireadh amach ar na lipéid Gael Linn, Cladagh, Outlet agus araile. Mar gheall air sin, fuair amhráin ó Emmet Spiceland, The Johnstons, Tommy Makem agus Albert Fry. Nuair a thosaigh ag dul go Rann na Feirste agus i mo dhéagóir, bhí sa rang ceoil ag Hiúdaí Pheaidí Hiúdaí agus chuir spéis

mhór in amhráin an cheantair sinna cinn a thug Hiúdaí dúinn, d’fhoghlaim de ghlanmheabhair iad. Bhuail le Neilí Mhicí Hiúdaí [ Dhomhnaill] ina teach féin agus rinne a cuid ceoil a thaifeadadh. Ba féin agus AJ Hughesatá anois ina ollamh le Gaeilge in Ollscoil Uladha chuaigh chuici. Chuir eolas ar amhránaíocht as áiteanna eile níos moille, go háirithe amhránaíocht Bess Cronin as Contae Chorcaí.

AÓF: An ndéarfá gur amhráin dhúchasacha na hÉireann amháin a chasann , an mbíonn ag casadh i stíleanna eile freisin?

GB: Bím, go minic. suim agam i gceol tíre Mheiriceá, baint mhór idir sin agus ceol Éireannach agus ceol Albanach, a bhfuil an-suim agam ann chomh maith.

AÓF: Cén saghas amhrán atá ar an albam seo?

GB: Meascánamhráin Ghaeilge agus Bhéarla, cinn ón Tuaisceart agus ón Deisceart, ceann as Albain agus ceann as Meiriceá.

AÓF: Cén aois a bhí nuair a thosaigh ag gabháil foinn agus cad é an chéad amhrán a d’fhoghlaim , an gcuimhin leat?

GB: Bhí thart ar sheacht mbliana d’aois, agus is cuimhin liom gur fhoghlaim An Spailpín Fánach’ as *Abair Amhrán *ó thús deireadh.

AÓF: Cén t-amhrán is fearr leat féin ón albam nua seo?

GB: Is fearr liom an leagan deNíl na ”, a fuair ó Bess Cronin, brón le cloisteáil san fhonn atá galánta, dar liomsa.

AÓF: Tugaim faoi deara go bhfuil cúpla amhrán ar an albam a thagann ó Bess Cronin . Cén chaoi ar tharla go bhfuil siad sin agat?

GB: Thart deich mbliana ó shin, chuir spéis i gceol Bess Cronin as Baile Mhuirne nuair a fuair leabhar breá de chuid Dháibhí Chróinín a raibh dlúthdhioscaí leis. D’éist leis sin agus ag tiomáint thart sa charr agus thit i ngrá le hamhránaíocht Bess. Bhí stór amhrán den scoth aici cionn is go raibh feirm ag a teaghlach agus bhíodh daoine as achan cearn den tír agus as Albain i gcónaí ag teacht agus ag imeacht le bheith ag obair uirthi. Thug na daoine seo amhráin leo agus ba uathasan a fuair cuid de na hamhráin a bhí aici.

AÓF: trí amhrán déag ar fad ar an albam, ceithre cinn acu atá i mBéarla. Inis beagán dom faoi na cinn atá i mBéarla.

GB: Leagan den amhránThe Banks of Green Willow’ is ea an t-amhránThe Green Banks of Yarrow’, a fuair ó amhránaíocht Ted Hickey. Amhrán mór de chuid thuaisceart na tíre is eaThe Lisburn Lass’ a bhí ag an amhránaí clúiteach, Geordie Hanna. Amhrán Albanach is eaA Beggar, A Beggar’, a cheolann Lizzie Higgins agus amhrán amháin ó Mheiriceá dar teidealHenry Lee’, ar amhrán dúchasach de chuid Shasana é sular thrasnaigh an Atlantach.

AÓF: hiad na ceoltóirí atá ar an albam leat?

GB: Ag seinm liom ar an diosca, Neil Martin ón West Ocean String Quartet, a léirigh an t-albam. Seinneann an dordveidhil, píb uilleann, pianó agus feadóga. Paul Bradley, deartháir liom, ar an bhfidil. Martin Quinn ar an mbosca ceoil, Dónal Ó Connor agus Alan Burke ón ngrúpa At First Light ar bhasúcaí agus giotár agus Rod McVey ar an gcairdín pianó.

AÓF: An raibh aon deacracht agat ó thaobh a bheith ag canadh le tionlacan ceoil, an mbíonn á dhéanamh go minic?

GB: bhíonn deacrachtaí agam le tionlacan. Is breá liom é agus bíonn ceoltóirí liom go minic agus ag amhránaíocht.

AÓF: An seinneann féin uirlis cheoil?

GB: Déanaim giota beag ar an ngiotár agus roinnt port ar an mandóla.

AÓF: Inis dom beagán faoi Sheán Ó Gallchóir. Bhí tionchar mór aige ort, nach raibh?

GB: Bhí Seán inacharachtar”. Chuir mise aithne air den chéad uair ag Fleadh Uladh, i 1982. D’fhoghlaim an Ghaeilge agus é ag triall ar na Cruacha Gorma i dTír Chonaill sna caogaidí. D’fhoghlaim leis an gcluas í, den chuid is . Ba dhoiligh idirdhealú a dhéanamh idir é féin agus cainteoir dúchais. Bhí suim mhór aige sa cheol agus san amhránaíocht, agus bhí eolas mór leathan aige ar na scéalta a bhí taobh thiar de na hamhráin. Bhí tuiscint aige ar na mothúcháin a bhí sna hamhráin go mór mór, agus d’amharc ar na daoine a bhí luaite sna hamhráin mar dhaoine a bhí beo agus a d’inis scéalta fríd amhráin. Bhí an-mheas ag a lán daoine ar Sheán agus roinn a chuid eolais go fial. AÓF: Cén áit a bhfuil d’albam ar fáil?

GB: ar fáil sna siopaí ceoil i nGaillimh, Focal ar Fhocal ar an bhFál Carrach, Bookworm i gcathair Dhoire, sa Chultúrlann agus i No Alibis i mBéal Feirste, Custy’s in Inis agus Carlin Records in Iúr Chinn Trá. suíomh idirlín agam fosta agus beidh sin ann ó mhí Feabhra 2008 ar aghaidh - www.geraldinebradley.com.

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.