Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #81 · EANÁIR 2008
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

neart dúshlán le sárú acu siúd a bhfuil baint acu le cur chun cinn na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.

»»»
CÚINNE NA nEALAÍON
Toner Quinn

Céard a léiríonn cláracha teilifíse mar “X-Factor” agus “You're a Star” faoi chúrsaí ceoil an lae atá inniu ann? An t-uafás, dar le Toner Quinn.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bearnaí Ó Doibhlin

In eagrán mhí na Samhna de [i]Beo![/i], scríobh Bearnaí Ó Doibhlin faoin dóigh a raibh muintir na hAstráile ag súil le hathrú rialtais. Tá an t-olltoghchán anois thart agus tá rialtas nua i réim sa tír. Ach céard a chiallaíonn an t-athrú seo?

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Cúpla mí ó shin, bhí daoine an-tógtha le Facebook. Ach anois, dar le Diarmuid Mac Mathúna, níl muinín ag úsáideoirí as an suíomh gréasánaithe sóisialta a thuilleadh.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

Is cosúil go bhfuil todhchaí an Aontais Eorpaigh i lámha na nÉireannach faoi láthair. Ach níl muintir na tíre seo ag tabhairt an oiread sin airde ar an reifreann cinniúnach atá ag teacht chun cinn, mar a mhíníonn Breandán Delap.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Tá an bhliain úr ag teannadh linn, am a dhéantar buaiteoirí na gcraobhchomórtas peile agus iomána a thuar. Ach níl aon cheist faoi, dar le Colm Mac Sealaigh, ach go bhfuil bliain mhaith i ndán do Chiarraí agus Chill Chainnigh arís.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Is millteanach an scéal é scéal an chóicín. Ní thuigeann Balor, mar sin, cén fáth nach dtiontaíonn úsáideoirí ar snaoisín ina áit.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Antaine Ó Faracháin

D’eisigh Geraldine Bradley, amhránaí as Contae Ard Mhacha, albam nua dar teideal [i]From the Rising Spring/Cloch Fhuaráin[/i] le déanaí. Chuaigh Antaine Ó Faracháin chun cainte léi le labhairt faoina cuid amhránaíochta.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Brian Ó Broin

Cuirfear dlús faoin bhfeachtas uachtaránachta sna Stáit Aontaithe sna míonna amach romhainn. San alt seo, míníonn Brian Ó Broin céard a bheas ag titim amach agus na hiarrthóirí oifigiúla á roghnú ag na páirtithe sna stáit uilig.

»»»
Íomhá
AGALLAMH BEO
Éamonn Ó Dónaill

Chaith Liam Mac Con Iomaire cúig bliana dá shaol ag obair ar bheathaisnéis an fhonnadóra chlúitigh as Conamara, Seosamh Ó hÉanaí, agus tá toradh a chuid oibre le feiceáil anois sa leabhar Nár fhágha mé bás choíche, a foilsíodh le déanaí. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis faoi scríobh an leabhair seo agus faoin obair eile a bhí ar siúl aige roimhe sin, mar oideachasóir agus mar iriseoir.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Robert McMillen

Tagann ceoltóirí mór le rá ó gach cearn den domhan le chéile gach bliain le bheith páirteach in Celtic Connections, féile a dhéanann ceol Ceilteach – agus ceol eile nach é – a cheiliúradh. Labhair Robert McMillen le stiúrthóir na féile, Donald Shaw, le gairid.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

Bliain chinniúnach ab ea 2007 i gcúrsaí polaitíochta an tuaiscirt. Ach más fíor sin, cén fáth nach bhfuil an oiread sin rudaí maithe ag tarlú? Pléann Robert McMillen an scéal.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Breandán de Gallaí

Déanaigí dearmad ar Beyoncé - tá damhsa ar an sean-nós ar an damhsa is mealltaí dá bhfuil ann, dar le Breandán de Gallaí.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

Bíonn an-chuid deacrachtaí ag tiománaithe leoraí in amanna mar gheall ar chaochspota a bheith ag cúl a gcabhán. Ba é caochspota mar seo ba chúis le timpiste bóthair a chonaic Tony Birtill le gairid.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Pól Ó Muirí

In eagrán [i]Beo![/i] na míosa seo caite, bhí Pól Ó Muirí ag caoineadh chomh hannamh agus a fhoilsítear leabhair neamhfhicsin i nGaeilge. Ach tá ceann eile aimsithe aige – sraith agallamh le mná céimiúla dar teideal [i]Dúirt Bean Liom[/i] de chuid Mháire Ní Néill.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Colm Ó Snodaigh

Tá albam nua dar teideal [i]Giving[/i] eisithe ag Colm Ó Snodaigh ón mbanna ceoil Kíla. Próiseas cruthaitheach neamhghnách a bhí i gceist leis an albam a léiriú, ach ba phróiseas é a bhí thar a bheith speisialta ag an am céanna.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Duine aisteach ab ea an t-ealaíontóir Andy Warhol. Agus níl aon ní níos aistí ná na rudaí a choimeád sé i mboscaí cairtchláir ar feadh na mblianta, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.

»»»
CÚINNE NA nEALAÍON
Toner Quinn

Céard a léiríonn cláracha teilifíse mar “X-Factor” agus “You’re a Star” faoi chúrsaí ceoil an lae atá inniu ann? An t-uafás, dar le Toner Quinn.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.