CÚINNE NA nEALAÍON
Celtic Connections 2008
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tagann ceoltóirí mór le rá ó gach cearn den domhan le chéile gach bliain le bheith páirteach in Celtic Connections, féile a dhéanann ceol Ceilteach – agus ceol eile nach é – a cheiliúradh. Labhair Robert McMillen le stiúrthóir na féile, Donald Shaw, le gairid.

Íomhá
Donald Shaw: tá sé ina stiúrthóir ar an fhéile ceoil Celtic Connections i mbliana
Íomhá
Beidh siansa de chuid an chumadóra Ronald Stevenson á sheinn go poibli den chéad uair ag an fhéile
Íomhá
Cuireadh tús le féile na bliana seo caite leis an seó Hands Across the Water
Íomhá
kd lang: cruthaíonn sí atmaisféar ar leith lena glór, dar le Shaw

Cad é an rud a deir na daoine is gnóthaí ar domhan agus tuilleadh oibre á tairiscint dóibh?

“Cinnte,” a deir siad, agus ba é sin an rud a dúirt Donald Shaw le gairid nuair a iarradh air a bheith ina stiúrthóir ar an fhéile is fearr ceoil ar na hoileáin seo, Celtic Connections. Féile bhliantúil is ea í, a bhíonn ar siúl gach Eanáir i nGlaschú. Cuirfear tús le féile na bliana seo ar an 16 Eanáir agus cuirfear clabhsúr léi ar an 3 Feabhra.Is ball den bhanna ceoil Capercaillie é Shaw mar aon le bheith ina léiritheoir ceirnín a bhfuil obair déanta aige leis an iliomad bannaí agus amhránaithe. Is oideachasóir é, seinneann sé an bosca ceoil agus is cumadóir den chéad scoth é.

Naoi lá dhéag a mhaireann an fhéile, a mbíonn corradh le 300 imeacht ar siúl lena linn. Bíonn idir choirmeacha, chéilithe, chainteanna, sheisiúin agus cheardlanna ar siúl i gceithre ionad déag ar fud na cathrach.

Ar ndóigh, tá tuigbheail iontach scaoilte den fhocal “Ceilteach” i gceist. Ar na coirmeacha is mó, beidh cinn de chuid kd lang agus Baaba Maal, mar shampla. Ach chomh maith leis sin, beidh Kate Rusby, Karine Polwart, Kris Drever, Sharon Shannon, Luka Bloom, Damien Dempsey, Michael McGoldrick, Mike Scott agus Julie Fowlis ar fad ar an ardán – in aon seó amháin! Beidh Bert Jansch, Steve Earle, Lau, Flook agus The Duhks ag seinm. Beidh Paul Brady agus Andy Irvine ag seinm an albaim chlúitigh Paul Brady and Andy Irvine ina iomláine i rith seó eile. Beidh Shooglenifty, Capercaillie, Moving Hearts, Cara Dillon agus Bill Wyman ó na Rolling Stones ann fosta.

Beidh siansa de chuid Ronald Stevenson, dar teideal Ben Dorain, á sheinn go poiblí den chéad uair riamh. Tá an saothar seo bunaithe ar dhán ón ochtú haois déag agus chaith Stevenson 40 bliain i mbun an tsiansa. Beidh oíche Leódhais agus oíche na Héaradh ar siúl chomh maith, mar aon le hoícheanta Cheòl Gàidhlig. Jab mór

Tá an fhéile chomh mór sin gur dócha gur ghearr Donald suas ina giotaí í agus é ag déanamh iarrachta ar chúrsaí a eagrú.

“Iarradh orm an jab a dhéanamh den chéad uair anuraidh agus bhí leisce orm glacadh leis mar go raibh an oiread sin tionscadal eile idir lámha agam,” ar sé. Ach rinne sé é ar aon nós. “Bhí cuid mhór, mhór oibre i gceist agus bhí cuid mhór brú orm ag an am. I mbliana, iarradh orm é a dhéanamh arís agus shíl mé nár mhaith liom an taithí a fuair mé anuraidh a chur amú mar d’fhoghlaim mé an dúrud anuraidh. Mar sin, ghlac mé leis an tairiscint i mbliana fosta.”

Ar ndóigh, tá Donald “paiseanta” fá Celtic Connections mar gur sheinn Capecaillie ag gach féile le 20 bliain anuas, agus tá deis aige anois na ceoltóirí is fearr leis a bhailiú le chéile le bheith páirteach i gcóisir mhór a mhairfidh ar feadh naoi lá dhéag. “Tá mé mar a bheadh páiste i siopa milseán,” ar sé.

“Nuair a chuaigh mé i mbun oibre anuraidh, dúirt mé liom féin go gcaithfinn a bheith ar bís le hachan seó a chláraigh mé lena aghaidh a fheiceáil. Mar sin, rogha s’agamsa a bheadh ann. Ach, go measartha gasta, thuig mé gur mó an fhéile ná mise amháin agus tá dúil ag daoine i gcuid mhór rudaí nach mbeadh dúil agamsa iontu, agus tuigim go bhfuil sé tábhachtach tóineanna a chur ar shuíocháin.” Caithfear idir 9,000 agus 10,000 ticéad a dhíol do na coirmeacha móra. Dála an scéil, saothraítear £31stg as gach punt steirling a infheistíonn Comhairle Cathrach Ghlaschú san fhéile seo.

Oscailt ghalánta

Cuirtear tús le Celtic Connections gach bliain le hócáid mhór ghalánta agus posh. I mbliana, beidh seó dar teideal Common Ground ag cur tús leis an fhéile, agus mhínigh Shaw cúlra na coirme seo dom.

“Anuraidh, oíche Americana a bhí againn ag an tús. Coirm dar teideal Hands Across the Water a bhí ann*, *a raibh Beth Neilson Chapman agus daoine eile páirteach inti. Sheinn Ciaran Tourish, Dermot Byrne, Mike McGoldrick, John Doyle agus John Joe Kelly roinnt fonn, agus ar feadh cúpla bomaite le linn na bhfonn sin, ba bheag nár ardaigh siad díon an Royal Glasgow Concert Hall. Dúirt mé liom féin ‘déanfaidh mé oíche iomlán den chineál seo ruda an bhliain seo chugainn.’ Agus ba é sin an smaoineamh as ar eascair Common Ground.“

Ach cén fáth go bhfuil leithéidí kd lang agus Baaba Maal ag ceol le linn Celtic Connections? Deir Shaw gurb é téama na féile i mbliana ná an guth. “Sin an fáth go bhfuil Baaba Maal againn,” ar sé. Ainneoin go bhfuil buíon measartha “iartharach” aige, is amhránaí traidisiúnta ó shráidbhaile in oirthear na hAfraice é Maal. Sin mar a thosaigh an ghné sin den fhéile.“Maidir le kd lang, tá guth iontach aici, tá sí ar fheabhas beo agus cruthaíonn sí mothúcháin agus atmaisféar neamhghnách lena glór. De réir mar a fhorbraíonn muid an fhéile, tá muid ag éirí níos compordaí ó thaobh a bheith ag tabhairt cuirí d’amhránaithe as gach cearn den domhan.”

Ar an taobh eile den scéal, tá Donald tiomanta go mbeidh an Ceòl Gàidhlig mar chuid lárnach de Celtic Connections – “cnámh droma na féile”, a thugann sé air.

“Sin gné an-tábhachtach de mo shaol-sa agus ní thiocfadh liom neamhaird a thabhairt air. Den chéad uair le fada, tá roinnt mhaith amhránaithe óga Gàidhlig againn – leithéidí James Graham, Maeve McKinnon agus Daren Maclean – agus ardaíonn sé mo chroí iad a chloisteáil.”

Deir sé gur imir gluaiseacht na bhfeiseanna tionchar mór ar an bhorradh atá tagtha faoin cheol traidisiúnta in Albain. Tá páistí a bhí deich mbliana d’aois cúig bliana déag ó shin anois ag teacht faoi bhláth mar gur fhreastail siad ar ranganna agus ar cheardlanna a reáchtáil Fèisean nan Gàidheal. Beidh go leor acu ag glacadh páirte in Celtic Connections fosta.

Níl anseo ach blaiseadh beag dá mbeidh ar fáil le linn Celtic Connections. Tá an t-eolas ar fad ar fáil ag www.celticconnections.com. Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.