CÚINNE NA nEALAÍON
Leabharmheas
Pól Ó Muirí Pól Ó Muirí

In eagrán [i]Beo![/i] na míosa seo caite, bhí Pól Ó Muirí ag caoineadh chomh hannamh agus a fhoilsítear leabhair neamhfhicsin i nGaeilge. Ach tá ceann eile aimsithe aige – sraith agallamh le mná céimiúla dar teideal [i]Dúirt Bean Liom[/i] de chuid Mháire Ní Néill.

Íomhá
Clúdaítear agallamh leis an Aire Oideachais, Mary Hanafin
Íomhá
Bairbre de Brún: tá sí an-bhródúil as Sinn Féin
Íomhá
Ní fhéadfá a rá gur Gaeilgeoirí mná "traidisiúnta" atá faoi agallamh

Ní luaithe mé ag gearán nach raibh an oiread sin leabhar neamhfhicsin ar fáil i nGaeilge agus seo chugam anois ceann eile – Dúirt Bean Liom (Coiscéim, €7.50), ar sraith agallamh le mná céimiúla atá déanta ag Máire Ní Néill é. Dáréag atá i gceist, ar mná ar fad iad - mná a raibh ardoideachas orthu, mná de chuid na meánaicme, mná a raibh roghanna acu agus mná atá, den chuid is mó, níos sine ná daichead bliain d’aois agus socair ina gcuid gairmeacha.

Aithneoidh mórán léitheoirí go leor de na hainmneacha nó is daoine iad seo a bhfuil cion mná déanta acu ina n-earnálacha féin.iriseoirí, polaiteoirí, aos dána agus oideachasóirí faoi agallamh – Catherine Foley ón Irish Times, an t-amhránaí Áine Ní Cheallaigh, polaiteoirí ar nós Bhairbre de Brún agus Mary Hanafin agus an t-ealaíontóir Clíodhna Cussen.

Agus ó tharla gur daoine spéisiúla iad, bíonn rudaí spéisiúlamurab ionann i gcónaí agus conspóideach – le rá acu. Bíodh is go mbaineann Bairbre de Brún agus Mary Hanafin le sruthanna difriúla poblachtacais, d’aithneofá ar a gcuid tuairimí go bhfuil an bheirt an-bhródúil as a bpáirtithe. Bhí seanathair Hanafin ina chomhairleoir contae ag Sinn Féin le linn Chogadh na Saoirse agus bhí sé ar dhuine de na daoine sin a chuaigh le Fianna Fáil agus le hÉamonn De Valera.

Tá Hanafin ina TD agus ina haire agus a deartháir ina Sheanadóir. “Gluaiseacht náisiúnta”, a thugann sí ar Fhianna Fáil. Ba rud é sin a bhain preab asam féin nó bhí dearmad déanta agam go bhfuil an tuairim sin ag Fianna Fáil díobh féingur mó na páirtí polaitíochta iad. Tá an dearcadh céanna ag Sinn Féin orthu féin. Labhraíonn Bairbre de Brún, ar Feisire Eorpach í, ar an “fhís” agus ar “idéalachas” atá ag a páirtí, Sinn Féin. Beirt bhan as aon chliabhán glas amháin, ach dhá dhearcadh dhifriúla.

cúlra suimiúil ag Anna Heussaff. Bean de bhunadh na Briotáine is ea í a chaith seal ag obair le daoine gan dídean i Sasana. Iarléiritheoir teilifíse le RTÉ atá inti agus tá sí anois ag iarraidh a slí bheatha a thabhairt i dtír trí scríbhneoireacht. Is aindiachaí í a shéanann a tógáil Chaitliceach agus a chreideann nach bhfuil ciall ar bith leis an tuairim go bhfuil anam síoraí ag baint leis an duine – fágann muid rian ar an saol ‘fhad agus atá muid beo, faigheann muid bás, bíonn cuimhne áirithe ag daoine orainn ar feadh tamaill agus, ansin, imíonn muid i ndíchuimhne. Tá leabhar ansin, déarfainn, Dawkins

dúchasach, by dad!

Is é an rud is pléisiúrtha faoin leabhar seo ná nach bhfuil aon téama ann ach amháin gur mná atá faoi chaibidil. Ní hionann i gcónaí na ceisteanna a chuireann Ní Néill, rud a chiallaíonn go mbíonn athrú béime i gceist sna hagallaimh. Is dócha go maireann íomhá den bhean Ghaelach go fóill in aigne an Bhéarlóraseanbhean mhantach ag ól a píopa. Níl oiread is duine amháin sa chnuasach seo cosúil leis sin – agus ní bheadh duine ar bith le Gaeilge ag súil go mbeadh. Traidisiúnta? Ní dócha é, ach seans mór gur ag cruthú traidisiún nua atá siad féin, traidisiún a thugann droim láimhe leis na seantuigsí agus leis na seaneiseamláir ar shochaí. Beidh ar Ní Néill mná atá ina fichidí agus ina tríochaidí a chur faoi agallamh leis sin a fháil amach.Tháinig Pól Ó Muirí ar an saol i mBéal Feirste Lá Nollag, 1965. Is Eagarthóir Gaeilge de chuid an *Irish Times é; colúnaí spóirt le Foinse agus scríobhann sé colún ar an Belfast Telegraph. Le cois bheith ina iriseoir, is file agus scríbhneoir é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.