CÚINNE NA nEALAÍON
Taisce Warhol
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Duine aisteach ab ea an t-ealaíontóir Andy Warhol. Agus níl aon ní níos aistí ná na rudaí a choimeád sé i mboscaí cairtchláir ar feadh na mblianta, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.

Íomhá
Bhailigh Andy Warhol earraí de gach saghas
Íomhá
An bailiúchán mar atá sé anois sa Warhol Museum
Íomhá
Tennessee Williams: Dhéanadh sé rudaí a choinneáil i dtaisce i gcófraí chomh maith

Tomhaltóir agus bailitheoir doshásaithe earraí ab ea Andy Warhol. Bhailigh sé earraí de gach sórt – idir bheag agus mhór, álainn agus aisteach, luachmhar agus leibideach – i rith a shaoil. Chum síceolaithe an téarma “anally retentive” le cur síos a dhéanamh ar dhaoine atá éisealach, críochnúil agus rianúil, agus gan dabht, thiocfadh leat tic a chur sa bhosca sin maidir le Warhol agus a chuid nósanna.

“Buying is much more American than thinking, and I’m as American as they come,” a dúirt Warhol tráth agus é ag caint faoin dúil a bhí aige sa tsiopadóireacht. Théadh sé amach ag lorg rudaí le ceannach ar bhonn laethúil, a shúil i gcónaí dírithe ar earraí neamhghnácha agus ar shamplaí cruthaitheachta a bhí neamhchoitianta. I measc na n-earraí a raibh spéis aige iontu bhí fiacla bréige, troscán Art Deco agus táirgí an-choitianta mar phrócaí brioscaí in ollmhargaí a raibh rian na comóntachta ag baint leo.

Choinnigh sé gach taisce a bhailigh sé, nó a cheannaigh sé, ina theach cúig-urlár ar East 33 Street i Nua-Eabhrac, agus líon sé gach seomra le hearraí go dtí nach raibh spás ar bith fágtha aige ach amháin dhá sheomra dó féin le cónaí iontu.

Cad é a rinne sé leis an stuif seo uilig? Is cinnte go bhfuair sé smaointe dá shaothar féin ó chuid den chnuasach, ach den chuid is mó, chuaigh gach píosa bric-a-brac agus bruscair a bhailigh sé – ón mbliain 1974 go dtí lá a bháis i 1987 – isteach i mboscaí cairtchláir, i gcomhadchaibinéid, agus i gcófraí móra.

Taisceadáin todhchaíDar le Warhol, taisceadáin todhchaí a bhí i gceist leis na boscaí seo. Bhí gach ceann acu lán rudaí nach raibh mórán tábhachta ag baint leo den chuid is mó – mionsonraí an tsaoil laethúil atá iontu, ach tugann siad léargas dúinn ar shaol an fhir mhistéirigh seo. Memento hominem atá sa chnuasach, nó dialann thríthoiseach a chuireann ar ár gcumas spléachadh beag a fháil ar dhomhan aisteach Warhol.

Cad é a choinnigh sé iontu? Mar a bheifeá ag súil leis ó dhuine nár chaith rud ar bith amach, is iad na cineálacha rudaí atá iontu ná nuachtáin, cuirí a fuair sé chuig oscailtí ealaíne agus clubanna oíche, greim ó bhéilí mar shlios de chíste lá breithe Caroline Kennedy a fuair sí agus í in aois a sé bliana déag. Tá pop memorabilia iontu fosta, mar aon le paidrín plaisteach atá lonrach sa dorchadas, ar iarsma é a bhaineann lena óige Chaitliceach.

Choinnigh sé taos pizza i mbosca eile a bhí inmhíolaithe le ciaróga nuair a osclaíodh é. Agus baineadh preab eile as cartlannaí an Warhol Museum, áit a bhfuil na boscaí á gcoimeád, nuair a tháinig sé ar chos daonna i mbosca amháin agus í seargtha.

Agus é ag caint ar an uair a tháinig siad ar an gcos, dúirt an cartlannaí Matt Wrbican, "At first we didn’t really know what it was - it was just a brown lump in a nice white gift box. Then we looked at it closely and we could see it had toes, very curled up ones, and the realisation was very shocking. To be blunt, it was gross."

Tá rudaí eile sna boscaí a bhaineann go dlúth le saol pearsanta Warhol – na leabhair a bhí á léamh aige sular bhfuair sé bás in ospidéal i Nua-Eabhrac sa bhliain 1987, cuir i gcás. Sampla eile d’iarsmaí óna shaol pearsanta ná cárta a chuir Edie Sedgwick chuige le dea-shláinte a ghuí leis nuair a scaoil duine dá lucht leanúna – dream ar a tugadh The Factory – le Warhol sa bhliain 1963.

Cad é a spreag Warhol le tús a chur leis na taisceadáin todhchaí seo? Dar le Vincent Fremont – a d’oibrigh le Warhol ón mbliain 1969 go dtí aimsir a bháis – go raibh sé féin agus Warhol ag déanamh réidh le haghaidh an Factory a aistriú ó Union Square go dtí láthair níos mó. Chuaigh Fremont amach le boscaí pacála a cheannach agus nuair a tháinig sé ar ais leo, rith sé leis an bheirt acu agus iad ag amharc ar na boscaí go mbeadh siad an-mhaith mar thaisceadáin. Agus ba mar sin a thosaigh Warhol á gcoimeád.

Dúirt Warhol féin gur spreag Tennessee Williams é mar go raibh claonadh aigesean gach rud a choinneáil i dtaisce i gcófraí.

*“I want to throw things right out the window as they’re handed to me, but instead I say thank you and drop them into the box-of-the-month,” *a dúirt Warhol tráth.

Tá an bailiúchán anois sa Warhol Museum in Pittsburgh, an áit ar rugadh agus ar tógadh é. Tá 611 bosca san iomlán sa bhailiúchán, ach go dtí seo níl ach 91 acu oscailte agus scrúdaithe.

Éiríonn le Warhol fiosracht daoine a mhúscailt agus tig leis go fóill aird a tharraingt ar a shaothar, fiú agus é féin sínte i dtaisceadán de chineál eile. Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann agus tá sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne i meánscoil nua lán-Ghaelach in Inis Eoghain i mbliana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.