CÚINNE NA nEALAÍON
Sean-nós: an damhsa mealltach
Breandán de Gallaí Breandán de Gallaí

Déanaigí dearmad ar Beyoncé - damhsa ar an sean-nós ar an damhsa is mealltaí bhfuil ann, dar le Breandán de Gallaí.

Íomhá
Bhí Breandán ina mholtóir ag Féile an Oireachtais i na Samhna
Íomhá
damhsa ar an sean-nós thar a bheith sexy, dar le daoine áirithe
Íomhá
Bíonn an corp an-díreach agus bíonn na géaga le taobh an damhsóra agus damhsa céime á chleachtadh aige
Íomhá
damhsa ar an sean-nós á thabhairt ar aghaidh ag an chéad ghlúin eile

Ag tús mhí na Samhna, rinne moltóireacht ar chomórtas damhsa ar an sean-nós ag Féile an Oireachtais. Ba é seo an dara bliain a rinne amhlaidh agus is mór an onóir dom é cuireadh mar seo a fháil le bheith i mo mholtóir. Mar a dúirt an a dúirt é, is aitheantas é gur über-Ghael !

Ach, chan jab furasta í an mholtóireacht seo. Le bheith ionraic, níor mhothaigh brú agus strus riamh i mo shaol cosúil leis an rud a mhothaigh agus muid ag déanamh ár gcinntí an Satharn sin, oíche Shamhna.

I dtosach báire, caighdeán an-ard i gceist sna comórtais seo anois, agus lena chois seo líon na ndaoine atá ag glacadh páirte iontu ag méadú de shíor. Agus cionn is go dtéann an clár amach beo ar TG4, caithfear réamhchomórtas a reáchtáil sa dóigh is nach maireann an comórtas níos faide fad an chláir féin!Léiríonn seo ar fad an oiread suime is atá ag daoine sa cheird anoisrud atá go hiontach níl i bhfad ó shin ó bhí an t-iomrá ag dul thart go gcuirfí deireadh leis an chomórtas mar go raibh laghdú chomh mór sin tagtha i líon na rannpháirtithe.

Bhris mo chroí nuair a bhí orainn 51 iomaitheoir a ghearradh siar go 25. Bhí an jab sin deacair go leor ann féin, ach ansin bhí an príomhchomórtas ar siúl an dár gcionn. go mbíonn buaiteoir glan beirt i gceist i gcatagóirí na sóisear de ghnáth, bíonn an-deacair go deo teacht ar chomhaontú maidir le buaiteoir sna catagóirí sinsearacha. Bíonn damhsóirí idir naoi mbliana déag agus 90 bliain d’aois ag glacadh páirte iontu, idir fhir agus mhná, agus is leor a go raibh cinneadh níos fusa le déanamh ag Meryl Streep sa scannán sin *Sophie’s Choice * mar a bhí le déanamh agamsa mar mholtóir!Mealltach

Ach is é an buaiteoir is i ndeireadh na dála muidne. Is ionann sin agus a gurb iad na Gaeilna hÉireannaighna buaiteoirí móra. Mar a dúirt Joe Ó Domhnaill : "Comórtas 17. An comórtas is sexy san Oireachtas"!

Is rud é seo atá fíor, níl dabht ar bith dtaobh de. Seoid iontach is ea an cineál seo damhsa. Ach in ainneoin é a bheith ar an saol le fada (bhuel, sean-nós!), damhsa ar an sean-nós díreach ag dul trí thréimhse fáis agus forbartha anois agus ag fáil an aitheantais atá tuillte aige.

Cad chuige a bhfuil chomh mealltach sin, agus cad iad na heilimintí a dhéanannsexyé, nuair nach bhfuiltear den tuairim go bhfuil an damhsa eile aonairan damhsa céimeleath chomh sexy?

Bhuel, measaimse gurb é is cúis le híomhá mhealltach a bheith aige an tsaoirse, an tsoibealtacht agus an gháirsiúlacht a bhaineann leis. Agus na cosa cóngarach don talamh, an tóin dingthe amach agus an intinn gafa leis an phaisean a chruthaíonn an ceol agus an rithim i gcorp an damhsóra, feiceann an breathnóir duine atá sáite i ngnéasacht i gcollaíocht s’acu féin agus an pléisiúr a thagann leis sin.

Agus damhsa ar an sean-nós cosúil le damhsa céime ar go leor bealaí. Diomaite de na bróga a bheith difriúilagus go bhfuilbatar” (bunfhuaim) bunúsach an tsean-nóis níos cosúil le batar an tseitrinceis ionann an chineál damhsa aonair sa dóigh is go baineann siad araon le cruthú rithime leis na cosa in am leis an cheol.

Ach níos sin i gceist. Is iad na difríochtaí is idir an chineál damhsa go mbíonn an corp díreach taobh thuas den choim sa damhsa céime agus bíonn na géaga le taobh an damhsóra. Preabann ón talamh le trup batara dhéanamh atá ag teacht leis an cheol. Bogann an damhsóir céime i bhfad níos minice, i spás atá i bhfad níos . Ach rud éigin an-fhoirmleach agus teicniúil dtaobh de, a thugann le fios gurb iad na clocha is ar phaidrín an damhsóra luas, chomh hard agus is féidir leis léim san aer agus cleasaíocht, seachas léiriú chuid paisin.

TeibíTá an lipéad seo "sean-nós" teibí go leor mar sin féin.

thugtaí "sean-nós" ar an rince seo i measc na gcleachtóirí; is rangú é ar baineadh úsáid as ón am a cuireadh tús leis na comórtais. Ach is é an cheist mhór cad é go díreach atá i gceist leis an damhsa ar an sean-nós, agus an bhfuil cineál amháin de ann? Is é an chéad phointe go dtéann an nóisean nach bhfuil ann ach cineál amháin de go hiomlán in éadan an tsainmhínithe bhunúsaigh atá ar an fhocalsean-nós”. Damhsa an phobail a bhí ann nach mbíodh ranganna foirmiúla ar fáil choinne é a fhoghlaim. Is damhsa é a d’fhoghlaimíodh daoine go nádúrtha, i gcomhthéacs nádúrtha, agus bíonn carachtar uathúil an damhsóra ríthábhachtach sa léiriú.

Agus cad faoin mhodh foghlamtha? Chuala gur dúirt damhsóir de chuid an tsean-nóis nach féidir é a theagasc a fhoghlaim. Mar sin, caithfidh go sealbhaíonn damhsóirí an cheird seo trí phróiseas osmóise. Agus measaim féin go bhfuil sin fíor. Caithfidh duine a bheith tumtha sa traidisiún seo sa dóigh is go mbeidh bunbhrí eisint an traidisiúin ina fhéitheacha, sa dóigh is go mbeidh féith an damhsa ar an sean-nós ann. chomh luath is a éiríonn an teagasc agus an seachadadh ró-mhatamaiticiúil rófhoirmiúil, caillfear an spiorad agus an t-anam. Ach siadsan a cheapann nach féidir é a theagasc a fhoghlaim ag déanamh pingin mhaith as é a theagasc d’fhoghlaimeoirí. Agus fair play dóibh. Ach as seo tagann fadhb eile chun cinn. Más fíor é gur rud é sean-nós aphiocann suas ón talamh”, amach as an aer”, b’fhéidir nach bhféadfaí a gursean-nósé níos mar daoine á fhoghlaim i ranganna.

Cor eile atá tugtha faoi deara agam go bhfuil an t-aos óg ag briseadh amach agus go dteastaíonn uathu a rian fein a fhágáil ar an chineál seo damhsa. Ceapaim gur éabhlóid iontach tábhachtach é seo. féidir srian a chur ar an aos óg siad ag iarraidh iad féin a fhorbairt mar dhamhsóirí agus na

céimeanna a athrú. Tchím fosta corrchéim corr-rithim ag teacht isteach go díreach ón damhsa céime uaireanta bíonn na rithimí níos suimiúla níos sofaisticiúla san fhoirm sin rince.

Mar sin, b’fhéidir gurb í an tsaoirse an ghné is bunúsaí den damhsa ar an sean-nós. Ach chuir Joe Ó Domhnaill ceist orm maidir le cad é, i mo bharúil-se, is tábhachtaí ó thaobh an damhsa ar an sean-nós de. Ba é an freagra a thug ar an cheist sin : “Muineál, i gcónaí!” Is as Gaoth Dobhair é Breandán de Gallaí agus chaith seacht mbliana ag obair mar dhuine de phríomhdhamhsóirí Riverdance. Bíonn le feiceáil go minic ar chláracha teilifíse ar RTÉ agus TG4.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.