AR NA SAOLTA SEO
Contúirt na gcaochspotaí
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Bíonn an-chuid deacrachtaí ag tiománaithe leoraí in amanna mar gheall ar chaochspota a bheith ag cúl a gcabhán. Ba é caochspota mar seo ba chúis le timpiste bóthair a chonaic Tony Birtill le gairid.

Íomhá
Leag leoraí shuaiteoir stroighne bean in Walton Vale le gairid
Íomhá
Íomhá
Caochspotaí: fadhb ollmhór do thiománaithe leoraí atá iontu
Íomhá
Side swipe: taobhanna dhá fheithicil ag bualadh in éadan a chéile

Táim i mo fhear gharchabhrach le cúig bliana déag anois. teastas garchabhrach de dhíth orm mar cheannaire ar chúrsaí siúl sléibhe agus déanaim athnuachan air gach trí bliana.

an oiliúint seo suimiúil agus, ar ndóigh, bíonn úsáideach fosta tharlaíonn timpiste. Buíochas le Dia, tharlaíonn siad ró-mhinic, ach nuair a tharlaíonn siad, tagann siad aniar aduaidh ort. Agus sin mar a tharla an mhí seo, agus amuigh maidin amháin ag siopadóireacht in Walton Vale, Learpholl.

Téann príomhbhóthar an A59 trí Walton Vale agus bíonn gnóthach i gcónaí. neart taobhshráideanna ag baint leis agus bíonn contúirteach do choisithe agus iad á thrasnú. Bíonn deacair do thiománaithe fosta agus iad ag iarraidh a bheith ag éalú ón phríomhbhóthar, a bheith ag dul air.

Go tobann, chuala fear ag scairteadh, "stop, stop", agus é ag bualadh ar thaobh feithicle. Tarlaíonn a leithéid go minic chúlaíonn feithicil agus í ró-chóngarach do fheithicil eile. Ach ansin chuala bean a bhí ina seasamh ar an choirnéal ag scairteadh, "Oh my God!". Rith trasna an bhóthair go dtí Regina Road, láthair an timpiste. Bhí leoraí ollmhór shuaiteoir stroighne ann a raibh bean ina luí faoi agus colpa amháin cuid faoi roth mór.

Agus garchabhair á cleachtadh agat, is é an chéad rud a dtugann faoi measúnú a dhéanamh ar a bhfuil tarlaithe, gan do bheatha féin a chur i mbaol. 11 a.m. a bhí . Bhí an leoraí stoptha agus bhí an tiománaí ina sheasamh in aice leis an chábán. Bhí cuma scanraithe ar a aghaidh agus é ag amharc síos ar an taismeach. Bhí an leoraí chomh mór sin nach raibh spás ar bith do fheithicil eile dul síos an taobhshráid agus mar sin, raibh a thuilleadh contúirte i gceist ó fheithiclí eile. GortaitheBhí bean ar an choirnéal a raibh fón póca ina lámh aici agus bhí ag cur glao ar

na seirbhísí éigeandála. Ba léir go mbeadh an bhriogáid dóiteáin de dhíthleis an leoraí a ardú ó cholpa na mnáchomh maith le hotharcharr.

Bhí beirt fhear ar a nglúine in aice le ceann na mná, agus bhí litreacha na haibítreA, B, Cag rith trí m’intinn. Is éard atá i gceist leis sin , Airway, Breathing, Circulation. "I’m a first-aider", arsa mise, "is she breathing?" "Yes”, arsa fear amháin. D’amharc síos uirthi. Bean thart ar sheasca bliain d’aois a bhí inti, mheas , agus bhí meabhrachbhí a súile ar oscailt. Bhí neart fola ar an bhóthar in aice léi, agus mheas gur gortaíodh í nuair a bhuail an leoraí í ar dtús. Ach ba mheasa, bhí an chuma ar an scéal go raibh an cos a bhí faoin roth gortaithe go dona. Bhí a colpa brúite agus bhí ag cur fola ón bhall sin corp fosta.

Ó thaobh na garchabhrach de, agus anABCdéanta, caithfear freastal ar lot ar bith atá ag cur fola. Ba léir dom go mbeadh an-deacair é sin a dhéanamh sa chás áirithe seo de bharr nach raibh trealamh ar bith liom. Ach, buíochas le Dia, stad carr ag an choirnéal agus tháinig bean a raibh bosca mór glas ina lámh aici amach as. "I’m a nurse," arsa sise. "I’ll take charge of the casualty."

Bhí an-sásta na focail sin a cloisteáil. Go gairid i ndiaidh sin, tháinig trí otharcharr, inneall dóiteáin agus foireann tarrthála le trealamh speisialta leis an taismeach a bhaint as an tsáinn ina raibh . Thóg fiche bomaite agus bhí ar an bhealach go dtí an otharlann ag 11.30 a.m. – is ionann sin agus a go raibh sáinnithe faoin leoraí ar feadh leathuaire.

De réir nuachtán áitiúil an lae dar gcionn, bean áitiúil ocht mbliana is caoga d’aois a bhí inti. go raibh a cos gortaithe go dona, raibh i ndrochbhail.

Chuir an timpiste iontas ormcén dóigh nach bhfaca an bhean leoraí mór mar sin ag teacht ina treo? Agus cén dóigh nach bhfaca an tiománaí an bhean? CaochspotaD’inis an scéal do chara de mo chuid, Dave, a bhí ina thiománaí leoraí ar feadh na mblianta. Mhínigh dom go mbíonn caochspota ag cúl chabhán leoraí, agus go mbíonn na taobhscatháin ina gcuidiú, bíonn an caochspota fós ina fhadhb. Caithfidh an tiománai leoraí a bheith airdeallach i gcónaí, go mór mór agus é ag cúlú. Chomh maith leis sin, shiúlann duineduine beag ach go háiritheamach díreach roimh thiománaí leoraí agus é ag tiomáint go mall tríd an trácht, seans ann nach mbeidh ábalta an duine a fheiceáil mar go bhfuil thuas sa chábán. Ach thuigeann a lán coisithe é seo agus arís, caithfidh an tiománaí a bheith airdeallach i gcónaí. Níor leag Dave duine ar bith riamh, gur bhuail feithiclí eile a leoraí.

Fadhb eile a thug faoi deara le déanaí go mbíonn roinnt tiománaithe ó Mhór-Roinn na hEorpaiad siúd a bhfuil feithicil roth stiúrtha ar chlé acuag déanamhside swipes ar fheithiclí sa Bhreatain go minic. Is éard atá i gceist le side swipes taobhanna dhá fheithicil ag bualadh in éadan a chéile. Bíonn scátháin fheithicil roth stiúrtha ar chlé curtha in oiriúint do na bóithre thall san Eoraip, agus mar sin de, bíonn deacair do na tiománaithe carranna ar a dtaobh deas a fheiceáil agus iad ag tarraingt amach le dul thar fheithiclí eile.

Rialtas na Breataine ag déanamh iarrachta a bheith ag déileáil leis an fhadhb seo. Dar leis an Aire Sábháilteachta Bóthair, Jim Fitzpatrick, bhí níos 400 timpiste a raibh sid

e swipes bainteach leo sa Bhreatain sa bhliain 2006. hamháin go ngortaítear daoine agus go scriostar feithiclí mar thoradh ar na timpistí seo, ach cuireann siad moill ar an trácht agus méadaíonn siad plódú ar na bóithre. Mar sin, thug an Rialtas 40,000 lionsa Fresnel do thiománaithe leoraí a tháinig i dtír in Dover i mbliana agus tháinig laghdú 59 faoin chéad faoin chineál seo timpiste in Oirdheisceart Shasana mar gheall air.

Anois, an Rialtas ag leathnú na scéime amach do phoirt eile sa tír, Learpholl san áireamh, agus beidh siad ag tabhairt amach 90,000 lionsa Fresnel sa bhreis sa bhliain úr.

Ach tugaim faoi deara nach raibh laghdú 100 faoin chéad i gceist ó thaobh an chineáil seo timpiste de. an fhadhb fós ann. Mar sin, beidh mar dhea-rúin na bliana úire agam tréan-iarracht a dhéanamh gan dul ró-chóngarach do leoraithe agus amuigh ag siúl, ar mo rothar ag tiomáint.Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.