TEANGA AGUS CULTÚR
Gaelfest: féile nua atá dírithe ar lucht na Gaeilge
Cóilín Ó Floinn Cóilín Ó Floinn Cóilín Ó Floinn

Beidh féile nua, Gaelfest, ar siúl i mbaile an Chabháin ar an 7 agus 8 Aibreán. Tugann Cóilín Ó Floinn eolas ar an fhéile agus ar an dream atá á heagrú, Glór Bhréifne.

Íomhá
An t-amhránaí Corcaíoch John Spillane: beidh sé le feicéail ag ceolchoirm mhór Gaelfest oíche Dé hAoine
Íomhá
Mícheál Ó Muircheartaigh: beidh sé mar fhear an tí ag an Chéilí Mór a bheas ar siúl oíche Dé Sathairn
Íomhá

Nuair a luaitear féilte, tig íomhánna isteach i gceann achan duine. Samhlaítear na sluaite daoine, ceol beo, dea-atmaisféar agus craic mhaith go ginearálta ach ní minic a smaoinítear ar ócáidí dá macasamhail seo mar chuid de shaol na Gaeilge, ach amháin, b’fhéidir, aimsir an Oireachtais. Ach tá Glór Bhréifne i gContae an Chabháin ag iarraidh é seo a athrú le Gaelfest.

Más craic agus spraoi fríd mheán na Gaeilge (agus na Gàidhlig) atá de dhíobháil ort an t-earrach seo, b’fhiú duit bheith i láthair ag Gaelfest, an fhéile mhór Ghaelach a bheas ar siúl ag tús mhí an Aibreáin i mbliana i mbaile an Chabháin.

De réir an phreasráitis a d’eisigh Glór Bhréifne le gairid, “Seo í an ócáid is mó, is cuimsithí agus is spleodraí dá bhfuil curtha ar siúl ag Glór Bhréifne sa Chabhán. Is léiriú ar leith é ar an chultúr comhaimseartha tríd an Ghaeilge. Féile deireadh seachtaine a bheas agus beidh bannaí de chuid na hÉireann agus bannaí Gàidhlig de chuid na hAlban le feicéail lena linn.”

Tá Glór Bhréifne ag iarraidh macasamhail The trip to Tipp a chur ar fáil do lucht na Gaeilge agus don saol Gaelach i gcoitinne. Ócáid ar a mbeidh daoine ag tarraingt as gach cearn den tír agus fiú as thar sáile a bheas inti. I measc na gceoltóirí a bheas le feiceáil ar an ardán le linn na féile beidh an grúpa Bréag as Béal Feirste, John Spillane, Na Fíréin, Anam (as Albain) agus Blunderbrau as Rann na Feirste i dTír Chonaill.

Le cois na mbannaí ceoil sin, beidh Mícheál Ó Muircheartaigh ann mar fhear an tí ar an Satharn don Chéilí Mór i gcomhluadar Bhanna Céilí Bhréifne, a chuirfidh scoith an cheoil ar fáil do na damhsóirí.

Dár ndóigh, tá lucht eagraithe Gaelfest ag súil go meallfaidh siad cuid mhór daoine chun na hócáide seo. De réir an phreasráitis, “Beidh baile an Chabháin ag cur fáilte roimh ar a laghad 1,000 duine”. Agus tá cúrsaí taistil socraithe acu fosta: “Beidh busanna ag teacht as cuid mhór de na coláistí 3ú leibhéal ar fud na tíre, ach beidh lear mór daoine i láthair fosta nach bhfaca an taobh istigh de sheomra ranga le fada an lá!”

Glór Bhréifne

Ach cé hiad Glór Bhréifne? Mar a deir siad féin, “Is grúpa óg, fuinniúil forbartha Gaeilge é Glór Bhréifne atá lonnaithe sa Chabhán. Tá duaiseanna aitheanta náisiúnta bainte ag Glór Bhréifne mar aitheantas don obair dhearfach agus phraiticiúil ata déanta acu i bhforbairt na Gaeilge – ina measc, duaiseanna ó Ghlór na nGael dhá bhliain i ndiaidh a chéile.”

Chuir mé féin eolas ar Ghlór Bhréifne chóir a bheith trí bliana ó shin nuair a casadh Rónán ‘Ac Murchaidh (Cathaoirleach Ghlór Bhréifne) orm i mBaile Átha Cliath. Is as Béal Feirste Rónán ó dhúchas agus tá sé anois ag obair mar chomhairleoir airgeadais i mBaile Átha Cliath. Tá teach ceannaithe aige i gContae an Chabháin ó shin agus tá sé féin agus Glór Bhréifne gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge sa chontae.

Fríd am, casadh na baill eile den eagraíocht orm, mar atá Pádraig Ó Cuinneagáin (Rúnaí), Fionbarra Ó Baoill (Leas-chathaoirleach), Máire Nic Suibhne (Oifigeach Caidrimh Phoiblí), Iognáid Ó Muircheartaigh (Cisteoir) agus Brid Ní Dhóláin (Oifigeach Forbartha).

Le cois castáil ar na daoine seo, bhí sé d’onóir agam bheith i láthair ag cuid de na hócáidí a d’eagraigh siad chomh maith. Ag deireadh mhí na Samhna 2004, d’fhreastail mé (i gcuideachta le níos mó ná céad duine eile!) ar Chóisir Nollag Ghlór Bhréifne a bhí á reáchtáil acu sa Stray Sod i nDrong, Contae an Chabháin, agus thig liom a rá nach bhféadfá freastal ar ócáid ní ba Ghaelaí ná í. Bhí idir cheol, fhilíocht agus amhránaíocht ann, chomh maith le scoth bí agus dí, agus bhain a raibh i láthair sult ar dóigh as an oíche.

Le cois an cheoil, beidh imeachtaí eile ag titim amach i rith dheireadh seachtaine Gaelfest. Eagróidh Cumann Lúthchleas Gael sraith de chluichí Gaelacha tráthnóna Dé Sathairn agus beidh Club na Féile speisialta ann gach oíche, áit a mbeidh na ceoltóirí agus an lucht eagraithe ábalta a scíste a dhéanamh ag deireadh an lae.

Tá a bhfuil luaite thuas agam le fáil ar phraghas an-réasúnta: €30 (£20) ar an dá oíche.

Anois, má tá éirithe liom do shuim san fhéile a spreagadh, thig leat ticéid agus tuilleadh eolais a fháil ag www.gaelfest.com nó scairt a chur ar Rónán ag an uimhir 00353 (0)86 6043521 nó ar Tommy Rua sna 6 chontae ag 00 44 (0)7759 837019.

Is de shliocht Éireannach é Cóilín Ó Floinn agus rugadh é Nua-Eabhrac. Tá sé ina chónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sé ag obair mar mhúinteoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.