139
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is é biaiste mhór na peile san Astráil é anois teacht an Fhómhair acu ó dheas. Chaith Bearnaí Ó Doibhlin súil ar mhodhanna éagsúla caide an Astrálaigh.
»»»Tá amhrán ag Seán Keane na Gaillimhe dar teideal ‘From Galway to Graceland’, agus smaoiním air seo nuair a bhíonn an díospóireacht ar siúl faoi Bhaile Átha Cliath ag bogadh níos gaire do Bherlin nó do Bhoston. Bhí comhdháil ar siúl i mí na Bealtaine faoin téama seo ag ISME, ceann de na heagrais do chomhlachtaí beaga agus leathmhóra. Tá an cheist le freagairt againn go luath le cinntiú nach ndéanfaimid an iomarca de na botúin a deineadh i gceachtar den dá áit sin. An bhfuilimid ag iarraidh níos mó cumhachta a thabhairt d’fhórsaí an mhargaidh agus do mhúnla chaipitleachas dírialaithe Mheiriceá, nó an fearr múnla sóisialta na hEorpa.
»»»Tá daoine sásta eolas príobháideach a roinnt ar líne leis an saol mór na laethanta seo ach d’fhéadfadh míbhuntáistí a bheith ag baint leis seo, dar le Diarmaid Mac Mathúna.
»»»D’fhoilsigh Rialtas na hAlban a bplean do thodhchaí na Gàidhlige ar na mallaibh, ach is mór idir an straitéis seo agus a bhfuil á bheartú don Ghaeilge in Éirinn dar le Breandán Delap
»»»Tá an eagraíocht Colmcille ag súil go meallfaidh an fhéile atá á heagrú acu ar dhá oileán Albanacha i mí an Mheithimh go leor Éireannach, a deir Deirdre Daly.
»»»Sásta faoi mhúnlú d’iompar ceannach earraí ar líne? Tá bealaí againn le thú a chur ag ceannach! Is maith an aire an fhógairt a deir Roseanne Smith thíos faoi thaighde idirlín a rinneadh ar an bpobal.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Dorothee Uí Cheallaigh, Ionad Foghlama Chléire, Oileán Chléire, Contae Chorcaí.
»»»An féidir linn leanacht ar aghaidh ag milleadh gach áit inár dtimpeall?An gcomharthaíonn salachar tinneas intinne a bheith orainn mar dhream? Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar an earrach i gConamara, ach deir sé go bhfuil cuid den mhaitheas bainte as an Earrach ag an bplaisteach dubh, fágtha ina ndiaidh ag feilméirí.
»»»Chuaigh Balor go nimhe neanta caol gach díreach i ndiaidh ceannaire an Lár-Ghníomhaíocht Faisnéise i Ros Comáin lena chiapadh le ceisteanna.
»»»Tá athbheochán de shórt ag fás go fóill inár dtír bheag fhéimheach, dar le AnnMarie Flanagan, agus is in earnáil ríthábhachtach atá an athbheochan feiceálach, an córas oideachais.
»»»Fuair Donncha Ó hÉallaithe an deis tamaillín gearr a chaitheamh ar Oileán Í an mhí seo caite, an t-oileán ar chósta thiar na hAlban, inar a bhunaigh Colm Cille a mhainistir beagnach 1,500 bliain ó shin. Chuaigh an áit i bhfeidhm go mór air.
»»»Níl fanta beo den phobal Afra-Pharaguach i gCambacuá ach cúpla míle duine a thuairiscíonn Alan Desmond agus níl an saol le maíomh orthu. Is dream daoine iad a chuaigh faoi chuing an anró go minic le bunáite 200 bliain anuas.
»»»Ábhar d’fhoghlaimeoirí ag an mheán- agus ardleibhéalMaterial for learners at intermediate and advanced levels
»»»Chaith Úna Nic Gabhann Lá Fhéile Pádraig i mbliana i mbaile i Meicsiceo ina ndéantar an fhéile sin a cheiliúradh agus bhí an ócáid ní ba bhríomhaire ná ceann ar bith a bheadh ar siúl in Éirinn, dar léi.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.