TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Ionad Foghlama Chléire
Dorothee Uí Cheallaigh Dorothee Uí Cheallaigh Dorothee Uí Cheallaigh

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Dorothee Uí Cheallaigh, Ionad Foghlama Chléire, Oileán Chléire, Contae Chorcaí.

Íomhá
Íomhá
  1. Cathain a bunaíodh an Ionad Foghlama Chléire (IFC) agus cé a bhunaigh é?

Bunaíodh Ionad Foghlama Chléire sa bhliain 2003 ach deineadh comhlacht teoranta de i mí Feabhra 2004. Ba iad Paula Ní Ríogáin, Niall Mac Oscair agus mé féin, Dorothee Uí Cheallaigh, a bhunaigh é (c.f. http://www.cleire.com/foireann.htm).

  1. Cén ról atá agat féin in IFC agus cén fhad atá tú sa phost?

Táimse féin ag feidhmiú mar stiúrthóir an chomhlachta ach gabhaim do gach saghas oibre atá le déanamh toisc gur comhlacht an-bheag é.

  1. Cén fáth ar bunaíodh an comhlacht an chéad lá riamh?

Theastaigh uainn ár gcuid ábhar spéise chomh maith leis na seirbhísí a bhí á soláthar againn mar dhaoine príobháideacha le blianta roimis sin a cheangal le chéile chun freastal ar mhargadh agus ar riachtanais fhoghlaimeoirí na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta. I mbeagán focal, d’fhéadfaí a rá gurb iad na haidhmeanna atá againn i gcónaí ná:

réimse leathan de sheirbhísí traenála sa Ghaeilge a sholáthar; seirbhís iontaofa aistriúcháin agus eagarthóireachta a chur ar fáil; cabhrú le cur chun cinn oidhreacht na Gaeilge agus na Gaeltachta agus an t-eolas mar gheall orthu a scaipeadh.

  1. Cé mhéad duine atá fostaithe ag IFC anois?

Tá beirt fostaithe agus bíonn daoine ag obair ar conradh chomh maith.

  1. Cén obair a dhéantar sa chomhlacht ó lá go lá?

Lasmuigh d’obair aistriúcháin agus teagascóireacht / traenáil (.i. freastal ar chustaiméirí) bíonn forbairt ghnó, forbairt mhargaíochta agus cúrsaí poiblíochta ar siúl againn. Tá duine amháin ag obair ar leabhar a fhoilseofar an bhliain seo chugainn agus tá cúpla táirge eile do mhargadh na bhfoghlaimeoirí Gaeilge á gcur le chéile againn, agus tá baint againn le tionscnamh mór margaíochta d’Oileán Chléire.

  1. Cad iad na foinsí maoinithe atá ag IFC? An leor iad?

Fuaireamar maoiniú ó Údarás na Gaeltachta anuraidh chun staidéar féidearthachta a dhéanamh, rud gur éirigh go hiontach leis. I mbliana tá beagáinín cabhrach á fháil againn ón Údarás. Táim féin sásta leis mar is dóigh liom go gcaithfear cruthú gur féidir le gnó mar seo seasamh ar a chosa féinig, agus is leor an chabhair agus na deiseanna atá againn chuige sin fé láthair. Aon rud amháin: ní féidir leis an Údarás spás oifige a thabhairt dúinn i gCléire, nó seomra teagaisc - níl aon fhoirgneamh saor acu. Tá cúpla áit eile ann gur féidir linn úsáid a bhaint astu agus táid go hálainn, ach má éiríonn lenár ngnó beidh rud níos buaine ag teastáil uainn.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Tá, cinnte, ach tá an comhlacht an-óg agus dá bhrí sin tá forbairt agus fás seasmhach ag teastáil uainn, fé mar atá ó gach gnó, is dócha.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le IFC?

Laigí: Is gnó turasóireachta é cuid dár ngnó, agus fé mar is eol do gach aoinne, tá costaisí áirithe ag baint le taisteal go hoileán agus le soláthar na ngnáthsheirbhísí cothaithe. Anuas air sin tá costaisí árachais, go háirithe i dtaobh na ngníomhaíochtaí fén spéir. Níl aon smacht againn ar na praghsanna sin ach ní mór dúinn iad sin a cheangal leis na costaisí a bhaineann lenár gcuid teagascóireachta agus soláthar gníomhaíochtaí. Tá sé an-deacair praghsanna iomaíocha a ghearradh agus gnó brabúsach a reáchtáil sa réimse sin.

Láidreachtí: Táimid neamhspleách, solúbtha agus tá cáilíochtaí agus ceangail acadúla againn. Ag an am céanna tá eolas agus meas againn ar shaibhreas Gaeilge na Gaeltachta agus teacht againn air. Táimid ag freastal ar réimse leathan d’fhoghlaimeoirí lenár gcuid cúrsaí agus áiseanna foghlama. Cuirimid béim fé leith (i) ar chúrsaí a chabhraíonn le daoine a chaitheann agallaimh nó scrúduithe cainte (sa scoil, i gcomhair poist nó i gcomhair áite i gcoláiste oilúna srl.) a dhéanamh agus (ii) ar theagasc trí ghníomhaíochtaí, rud a aistríonn foghlaim na teanga go dtí comhthéacs taitneamhach, praiticiúil. Chomh maith leis sin táimid ag freastal ar riachtanais an Achta Teanga, trí thraenáil agus seirbhísí aistriúcháin.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag IFC faoi cheann cúig bliana.

Bheith ina ghnó aitheanta iontaofa atá ag síorfhorbairt a chuid seirbhísí agus a chuid oibre ar mhaithe leis an nGaelige Oileán Chléire bheith mar lárionad againn agus cúpla post buan eile bheith cruthaithe againn anseo. Áiseanna foghlama a bheith cruthaithe againn a chabhróidh le feasacht teanga a chur chun cinn agus a mhúsclóidh suim an phobail i dteanga agus in oidhreacht na Gaeilge, agus gnó leanúnach a bheith ag teacht as.

  1. Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?

seasamh cultúrtha an-tábhachtach ag an nGaeilge. Caithfimid glacadh leis sin agus plé leis an dteanga dá réir. Bheadh bás na Gaeilge chomh tubaisteach sin d’fhéiniúlacht phobal na hÉireann agus a bheadh imeacht in éag ainmhí nó planda dá thimpeallacht nádúrtha. Is dóigh liom go leanfadh meath na sícé agus an fhuinnimh é a chothaíonn gach dá gcuireann “Éire” in iúl di féin agus don domhan - an litríocht, na healaíona, a leagan féin den Bhéarla fiú amháin. Cruthaíonn an tAcht Teanga go bhfuil an Ghaeilge ag teastáil ó phobal na hÉireann, mar uirlis a chabhraíonn leo a bhféintuiscint a chothú. Éiríonn le mionteangacha eile ar an gcuma chéanna agus bíonn dea-thionchar ag forálacha den tsórt sin, is cuma cad a deir na daoine a chuireann ina n-aghaidh. Tá tuiscint cheart ar choincheap na hoidhreachta ina cloch bhoinn do theacht slán na teanga. Dá bhrí sin ní mór dúinn cinntiú nach gcaillfear an ceangal idir teanga agus leanúnachas na hoidhreachta choíche (mar tá oidhreacht dá déanamh againn i gcónaí) i dtreo is nach gcaillfimíd an radharc ar nádúr agus feidhm na teanga.

Ionad Foghlama Chléire, Carraig an Éisc, Oileán Chléire (028) 39190/39198; www.cleire.ie; eolas@cleire.com

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.