AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Chuaigh Balor go nimhe neanta caol gach díreach i ndiaidh ceannaire an Lár-Ghníomhaíocht Faisnéise i Ros Comáin lena chiapadh le ceisteanna.

Bhí Tóstal na hÉireann, nó an Gathering mar a thugtar air, faoi lán seoil i gcaitheamh an tsamhraidh, agus is beag baile nó sráidbhaile fiú nach raibh tóstal de shórt éigin acu. Agus Balor an Bhéil Bhinn ar a chamchuairt thart ar oileán iathghlas na hÉireann ag iarraidh faoiseamh a fháil ó bhrothall an tsamhraidh, fuair sé amach gur mhó an deacracht a bhí aige faoiseamh a fháil ó fhógraí agus ó mheirgí móra ag fógairt Gathering Anseo agus Gathering Ansiúd.

I gcás mórán de na cóisirí seo mealladh daoine ar ais go dtí an áit a dtáinig siad as, mar a tharla nuair a rugadh Íosa Críost fadó, tráth a chuaigh forógra amach ó Caesar Augustus na Róimhe. Sa bhliain 2013, áfach, is amach ó Caesar Enduskennius Chaisleán an Bharraigh a tháinig an ghairm. Ós rud é go raibh cúpla Euro ar fáil chun na comhthionóil seo a chur le chéile, rinne daoine iarracht an-mhór ar fad an dubh a chur ina gheal ar Gabriel Byrne, Ambasadóir Cultúrtha na hÉireann, fear a dúirt nach raibh i gceist leis an Tóstal ach shakedown nó scéim chun airgead a bhaint de chuairteoirí a bhí ag teacht chun na hÉireann. Bhí dul amú ar Ghabriel bocht, nó bhí i bhfad níos mó ná sin i gceist leis, mar atá airgead a fháil ó mhuintir bhocht bhrúite na hÉireann féin chomh maith.

Bean an Tí Bháin

leithéidí na Gatherings seo ar siúl sna Stáit Aontaithe le fada an lá. Homecomings a thugtar orthu thall. Bailte móra, ollscoileanna, agus fiú ardscoileanna féin a bhíonn á reáchtáil, agus is féilte breátha pléisiúrtha iad a mbíonn daoine ag súil leo ó cheann ceann na bliana. Murab ionann agus Gatherings na hÉireann, ní bhítear ag súil le hairgead ón Rialtas lena rith, ná ní bhíonn an Rialtas ag súil le go gcaithfear mórán airgid acu.

Agus, ós ag caint dúinn ar mhuintir Mheiriceá agus homecomings, is iomaí Gael-Mheiriceánach a tháinig ar cuairt chugainn i mbliain seo an Gathering. Bhí Michelle Ó Buama ann, mar shampla, agus nach maith an chuimhne atá ag Balor an Bladaire ar chuairt s’aicise. Nuair a thagann daoine aitheanta ón Oileán Úr ar cuairt chugainn, bítear ag súil le bheith ag léamh fúthu sna nuachtáin nó le cluinstin mar gheall orthu ar an raidió nó ar an teilifís tamall maith sula leagann siad cos ar thalamh na hÉireann. Ach ní mar sin do gach duine mór le rá a thagann chugainn.

Bhí tóstal ag muintir Chill Taobháin i gContae Ros Comáin ag deireadh na míosa seo a chuaigh thart. Bhí aoi thar a bheith speisialta ag an teacht le chéile ar an bhaile sin, fear a thaistil iomlán an bhealaigh ó Washington DC le bheith lena mhuintir agus lena shinsir chun bliain an Gathering a cheiliúradh ina gcomhluadar. Seachtain sular tháinig sé chuig Cill Taobháin tháinig muintir Sheirbhís Rúnda na Stát Aontaithe le cinntiú go mbeadh an áit slán sábháilte fá choinne theacht an aoi speisialta. Chuardaigh siad na soithigh bhruscair ar fad, na fiodáin séarachais agus sistéal gach leithris ar an bhaile. Chuaigh siad thart san oíche ag éisteacht ag na fuinneoga ar chúl gach tí, agus cheistigh siad an sagart faoi chogar ar bith a bheadh cluinte aige le linn faoistine.

Gníomhaire na bPribhéid

É seo ar fad mar go raibh ceannaire an CIA, John Owen Brennan, le cuairt a thabhairt ar fhód dúchais a athar. Bhí a athair leis ag an ócáid, fear atá anois in aois a thrí bliana déag agus ceithre scór, agus a bhí ina ghabha dubh sular fhág sé Éire le dul ag obair le fiodáin mhóra uisce i Meiriceá sna daichidí.

Cé gur tugadh cuireadh do John Brennan cuairt a thabhairt ar sheanbhuaile a athar mar go bhfuil sé anois ina cheannaire ar an CIA, ní raibh an fear féin sásta rud ar bith a rá faoina phost ach gur “pribhléid mhór dom a bheith i mo cheannaire ar an CIA, ar na fir agus na mná a choinníonn Meiriceá – agus an domhan mór –slán sábháilte.” Ní raibh cead ag tuairisceoir ar bith ceist ar bith a chur seachas “An bhfuil na piontaí ag dul síos go maith?” nó “An bhfuil tú sásta leis an aimsir?”

Ach d’éirigh le Balor cúpla cruacheist a chur:

Balor: John, nach fíor gur tharraing tú d’ainm siar nuair a bhí tú le ceapadh mar cheannaire ar an CIA ceithre bliana ó shin mar go raibh ceisteanna á gcur faoi do dhearcadh i leith rácáil cimí, is é sin go ndúirt tú go raibh tú i bhfabhar a leithéid? Nach fíor sin?

Brennan: Ní thuigim an cheist.

Balor: John, nach fíor go ndúirt tú go neamhbhalbh gur shíl tú nach raibh rud ar bith cearr le seachadadh urghnách? Gur thacaigh tú leis mar dhúnghaois, agus go leanfá leis an dúnghaois sin dá mbeadh sé ar do chumas agat?

Brennan: Ní thuigim an cheist.

Balor: John, nach fíor gur cáineadh go trom thú siocair an bealach ar iompair tú thú féin sa CIA nuair a bhí George W Bush mar Uachtarán?

Brennan: Ní thuigim an cheist.

Balor: John, gabh go Poll Tí Labáin!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.