235
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Cuireadh deireadh le “Clár na Gaeilge” ar stáisiún ilchultúrtha na hAstráile, SBS, i lár an tsamhraidh, rud a chuir an-díomá ar Paula Kehoe, a chaith seal ag obair ar an gclár.
»»»Cé gur múinteoir Laidine é Ed Foley ina chathair dhúchais, Bostún, bhraith sé frustrachas an-mhór nuair a chuaigh sé i ngleic le gramadach na Gaeilge ar dtús. Míníonn sé anseo cad é mar a d’éirigh leis an teanga a thabhairt leis sa deireadh.
»»»Bia intinne do PJ Mac Gabhann is ea gnó bialainne na Fraince agus tslí Fhrancach leis an mbia a ullmhú agus a dháileadh.
»»»Tá a shúil nimhe á caitheamh an mhí seo ag Balor ar chuid de na scéalta atá i mbéal an phobail faoi láthair.
»»»Tá an nuatheicneolaíocht ag cur ar chumas na seandálaithe a gcuid oibre a dhéanamh na laethanta seo ar shlí i bhfad níos éifeachtaí agus níos tapúla, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Is duine é Julian de Spáinn a bhfuil cáil nach beag bainte amach aige mar fhear cúise. Bhí sé ina Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn in 2000-01 agus d’éirigh leis branda Sheachtain na Gaeilge a threisiú go mór le linn dó a bheith ina bhainisteoir ar an bhféile. Ceapadh é ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge sa bhliain 2006. Labhair Caoimhe Ní Laighin leis le gairid mar gheall ar pholaitíocht na Gaeilge agus mar gheall ar a fhís i leith na teanga.
»»»Cíorann Breandán Delap a bhfuil le fáil i gcomhaid rialtais maidir le feidhmiú Údarás na Gaeltachta i mblianta tosaigh na heagraíochta.
»»»Tá Reuben Ó Conluain ag tarraingt ar Festival Interceltique Lorient, Féile idir-Cheilteach sa Bhriotáin, le cúig bliana déag anuas. Déanann sé cur síos anseo ar fhéile na bliana seo, an 31ú, a bheidh ar siúl idir 3-12 Lúnasa.
»»»Foilsíodh i mí Iúil ‘Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn’ atá déanta maidir le feidhmiú an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go mbeadh sé níos ionraice tuarascáil a chur ar fáil faoin ‘Dul ar gcúl’ i saol na Gaeilge le trí bliain anuas.
»»»Chuaigh léirstean Iain M. Banks ar shaol na teicneolaíochta, atá le fíorú go fóill, i bhfeidhm ar Roseanne Smith in imeacht na mblianta de bheith ag léamh a shaothair.
»»»Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: An Prós Comhaimseartha: Léachtaí Cholm Cille xxxvi (An Sagart, Maigh Nuad). Léirmheas le Pól Ó Muirí.
»»»An duine óg, fuinniúil, siúlach, a cailltear i dtaisme bóthair is nach n-áirítear go hoifigiúil ach mar mhír staidrimh, mairfidh cuimhne ar a láiche is ar a luach go brách i measc a muintire féin, ní a thuigeann Máiréad Uí Shúilleabháin, comharsa Catherine Foley.
»»»Le bliain nó dhó anuas tá an tuairim nochta ag roinnt mhaith daoine gur cheart go mbeadh deis ag imreoirí iománaíochta agus peile dul leis an spórt go gairmiúil. Measann Colm Mac Séalaigh, áfach, go mbeadh go leor deacrachtaí ann dá dtarlódh sé seo.
»»»Cuireann Diarmaid Mac Mathúna comhairle ar thuismitheoirí a bheadh ag smaoineamh ríomhaire a cheannach dá bpáistí agus féachann ar chuid den ábhar atá ar fáil don dream óg.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.