THALL IS ABHUS
Cuisine Française: Lón Machnaimh
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Bia intinne do PJ Mac Gabhann is ea gnó bialainne na Fraince agus tslí Fhrancach leis an mbia a ullmhú agus a dháileadh.

Íomhá
Caoireoil spíosraí i mbialann Sizin, Páras (Jeff Lander a tharraing ar Picasaweb)
Íomhá
Escargots en Croûte Alsacienne (Lewis a tharraing ar Picasaweb)
Íomhá
Milseog (Lewis a tharraing ar Picasaweb)

Oireann sé go maith go bhfuil sé ag cur sneachta agus an t-alt seo á scríobh agam. Bhí brat maith sneachta ar an talamh nuair a dhúisigh mé ar maidin agus tá an sneachta ag titim ó shin. Tá an seomra ina bhfuil mé níos gile dá bharr agus níos ciúine. Is iondúil go mbíonn an tsráid taobh amuigh glórach go maith an t-am seo den lá, daoine óga ag triall ar scoil, na siopaí ag oscailt agus ag réiteach don lá, busanna agus carranna ag teacht is ag imeacht. Tá níos lú daoine ag crochadh thart taobh amuigh, ar ndóigh, agus iad níos foighní i leith a chéile, toisc an chaoi ina bhfuil an aimsir, b’fhéidir. Pé scéal é, oireann sé mar tá sé i gceist agam cúrsaí bia a phlé san alt seo, agus mar a dúirt fear liom tráth, ní theastaíonn ach péire maith bróg, caipín agus dinnéar te chun an dé a choinníoll sa duine le linn aimsir mar seo.

Is ceart dom a lua sa chéad dul síos nach bhfuil aon saineolas faoi leith agam ar an ábhar seo seachas an t-eolas atá agat féin, a léitheoir. Déanta na fírinne, aon uair a théim chuig an margadh chun rí uaineolabradán a cheannach, tugann an díoltóir le fios go mbíonn beagáinín leisce air an táirge a thabhairt uaidh agus é cinnte de nach mbeidh sé ar mo chumas agam é a réiteach i gceart. Ní hé go bhfuil aithne phearsanta aige orm. B’fhéidir gur mar sin a bhíonn sé lena chustaiméirí ar fad. Ach cuirtear neart comhairle orm i gcónaí agus tugtar treoracha faoin mbealach is fearr leis an táirge a réiteach don oigheann nó don fhriochtán, faoin am is faoin méid teasa is gá a thabhairt dó agus cad iad na glasraí nó cén fíon a fheilfeas leis. Agus cé go dtugaim éisteacht mhaith dó agus go n-íocaim go fial as an táirge féin, is go drogallach a scaoileann sé leis.

Tuigeann Pierre na Piaraí

Ach fágfaidh mé siúd mar atá sé. Tuigeann sé nach Francach mé agus nach mbeidh, dá réir sin, aon tuiscint cheart agam riamh ar an gcuisine française. I bhfocail eile, conas is féidir le duine nach Éireannach é an tábhacht a bhaineann le Craobh Iomána na Mumhan i nDurlas Éile a thuiscint? Tá cáil idirnáisiúnta ar an bhFrainc de bharr ardchaighdeán agus éagsúlacht a cuid bia. Tugann os cionn 60 milliún duine cuairt ar an tír chuile bhliain, agus go leor Éireannach ina measc, agus ní ar mhaithe le dul suas an Túr Eiffel nó an Mont St. Michel a fheiceáil. Is cuid tharraingteach den tsaoire sa Fhrainc é cúrsaí bia agus dí. Ach ag an tráth seo den bhliain nuair atá flúirse agus raidhse i siopaí agus in ollmhargaí na tíre idir foie gras agus sliogéisc, torc allta agus seilidí, maith dom é má roinnim leat cuid de na smaointe fánacha atá agam féin i leith an ábhair.

ÍMAI – Íoc mar a Ithir!

Aisteach go leor b’fhéidir, ní théann na Francaigh amach ag ithe mórán i gcomparáid le blianta roimhe seo agus tá líon na mbialanna is na bproinnteach sa tír ag laghdú de réir a chéile. Ar iliomad cúiseanna. Is iad an lagar geilleagair, an cosc ar thobac, an feachtas in aghaidh tiomáint ar meisce agus an costas cuid de na cúiseanna a chuirtear chun cinn. Ní airítear cúiseanna eile ar nós drochsheirbhís nó droch-chaighdéan bia. Dúnadh síos thart ar 3,000 caife/bialann sa chéad chuid den bhliain 2008 sa Fhrainc agus ní fheictear go gcabhraíonn an gearradh siar ar an ráta cáin bhreisluacha san earnáil, ó 19.6% go 5.5%, agus ísliú dá réir ar na praghsanna ar an mbiachlár le custaiméirí a mhealladh isteach sa bhialann arís.

É sin ráite, is í an Fhrainc an t-aon tír ar domhan leis an méid is mó bialanna d’ardchaighdeán de réir an treoirleabhar Michelin a foilsíodh i mí na Márta 2009. Tá 26 bialann trí réalta sa Fhrainc, an méid céanna is a bhí ann i 2008, i gcomórtas leis an ocht mbialann déag trí réalta atá sa tSeapáin. Ní ar chaighdeán an bhia amháin a dháiltear amach na réalta céanna, ar ndóigh, ach ar an mbealach ina mbíonn an bord réitithe ó thaobh sceanra, gloiní, éadach boird agus naipcíní de, maisiú an tseomra bia féin, galántacht na seomraí leithris agus an tseirbhís. Ach má thugtar aird ar na bialanna mór le rá seo toisc an obair cheannródaíochta atá idir lámha acu chun traidisiún cuisine na Fraince a choimeád beo beathach, is beag deis a bhíonn ag an ngnáthdhuine ithe iontu mar a bhfuil idir €50/€80 ar réamhchúrsa, agus €80/€100 ar phríomhchúrsa. Tuigim dó.

Athrú Margaidh sa Fhrainc

De réir fianaise a poiblíodh níos luaithe i mbliana, itear ar an meán 45 pizza in aghaidh an duine sa Fhrainc - an dara tír ar domhan is mó ina n-itear pizza tar éis na Stáit Aontaithe. An ionann sin agus a rá go bhfuil na bialanna ina bhfaightear an greim gasta, a leithéidí McDonald’s nó Pizza Hut, ag briseadh isteach ar mhargadh na Fraince in ainneoin saibhreas cuisine na tíre?Mar is eol don saol mór, chuir an cócaire clúiteach, Jamie Oliver, tús leis an bhfeachtas ‘Feed Me Better’ i Sasana sa bhliain 2005 chun caighdeán na mbéiltí i gceaintíní scoile na tíre a fheabhsú agus chun oideachas a chur ar dhaoine faoin mbia a bhí siad ag ithe. D’éirigh leis a chur ina luí ar údaráis scoile gur féidir bia atá folláin agus blasta agus atá réasúnta saor chomh maith a chur ar fáil do phobal na scoile seachas an bia próiseáilte domhainfhríochta a raibh taithí acu air.

I suirbhé ar an gceaintín scoile a rinneadh i measc 1,400 dalta bunscoile agus iarbhunscoile agus 255 tuismitheoir sa Fhrainc agus a foilsíodh ag deireadh 2009, tugtar le fios nach bhfuil 50% de dhéagóirí na tíre sásta leis an gcaighdeán bia a thugtar dóibh ar scoil. Bíonn ocras orthu i ndiaidh dóibh ithe; is minic a chaitheann siad níos mó ama ag fanacht i scuainí chun fáil isteach sa cheaintín féin ná mar a chaitheann siad ag ithe; is áiteanna róghlóracha iad na ceaintíní, áiteanna nach féidir leis na déagóirí a bheith ar a gcompord; agus is annamh a fhiafraítear de na déagóirí cé na riachtanais atá acu féin. B’fhearr, dar leo, ithe sa bhaile dá mbeadh an rogha acu!

Is deas ag tuismitheoir a chloisteáil scaití go mbíonn blas ar an ngreim a réitítear agus a itear sa bhaile en famille! Bliain Úr mhaith faoi bhur gcoinne ar fad.

Naisc:http://www.rtl.fr/fiche/5930976901/les-cantines-scolaires-n-ont-toujours-pas-la-cote.html Le foie gras a dhéanamh http://fxcuisine.com/Default.asp?language=2&Display=237&resolution=high http://en.wikipedia.org/wiki/Foie_gras Feed Me Better http://www.youtube.com/watch?v=kFkAszCA9dI&feature=related

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.