AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor an Bóiscéalaí Bomannach

a shúil nimhe á caitheamh an mhí seo ag Balor ar chuid de na scéalta atá i mbéal an phobail faoi láthair.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

“*Vertigo *mo thóin!” a dúirt Balor an Bastún le Bono Beag i ndiaidh cheolchoirm mhór U2 i mBaile Átha Cliath. “An t-aon bhlaisín de *vertigo *a bhí faoi Pháirc an Chrócaigh bhí ar na créatúirí bochta arbh éigean dóibh amharc oraibhse ó bharr Ardán Ógáin. Géarghrinniú agus mionchuardach a bhí ar siúl ag na créatúirí bochta níorbh amhlaidh gur líon sibh an stáitse le hollmhéid bhur gcorp. Cad é mar a cheap sibh teideal seanscannáin mar *Vertigo *le cur ar an turas?”

Bhail, a Bhalor Mhóir,” arsa Bono Beag, agus é ag cur stró nach beag ar mhatáin a mhuinéil le hamharc suas thar bholg shaineolaí an rac-cheoil, “ a fhios agam go bhfuil an focal sin rud beag aisteach, ach thosaigh amach níos aistí fós. Gheall Bertie an Bowsie dúinn bliain ó shin go dtiocfadh féin agus an chomh-aireacht agus páirtí parlaiminte Fhianna Fáil agus a gcuid teaghlach uilig chun na hAfraice le hobair dheonach a dhéanamh ar feadh cúpla ach go dtabharfaimis ainm de rogha Bertie féin ar shraith ceolchoirmeacha úra s’againn. Agus cad é an t-ainm a cheap Bertie don turas seo? Bertie Show! An gcreidfeá sin, a Bhalor Mhóir? Bertie Show?

Agus cad é a dúirt sibh leis, a Bhono?” arsa Balor.

Siúr dúirt muid leis go raibh sin i gceart mar theideal ar an turas.”

Agus cad é a tharla nuair a fuair amach gur athraigh sibh é?” a d’fhiafraigh Balor.

Bhail, mhínigh go raibh muid ar fad spadchluasach go hiomlán sa bhanna ó bheith ag éisteacht linn féin ag screadaíl agus ag béiceadh agus ag caisliúireach oíche i ndiaidh a chéile ag ár gceolchoirmeacha féin, agus gur shíl muid gur Vertigo *a dúirt seachas *Bertie Show. Nach aisteach sin anois?”

Agus cad é faoi chúrsaí rugbaí sa Nua Shéalainn agus tubaiste an tSathairn thragóidigh sin nuair a rinne Umaga agus Mealamu iarracht Brains Ó Drisceoil a chur ag fás bunoscionn as ithir mhéith Christchurch? “A chonách sin ar roghnóirí na Leon,” a cheasnaigh Balor Lúfar ar chluinstin mar a caitheadh go fealltach leis an Éireannach a bhí ina chaptaen orthu. “ mbeadh de mhisneach acu mise a roghnú, agus dtabharfadh an bheirt sin faoi Bhalor Beo, bheadh na *All Blacks *beirt gann faoi dheireadh an chluiche,” a mhaíonn Balor an Bóiscéalaí Bomannach. leor é mar leithscéal ag na roghnóirí, dar leis, nach bhfuil geansaí sách mór acu do Bhalor. “ imleacán ar taispeáint maith go leor do sheacht Máire Móra na hÉireann, maith go leor domsa,” a áitíonn go harduallach, anuaibhreach.

*“There will not be a cow milked in Dublin city tonight!” *a mhaígh Paddy the Oirishman Ó hArrachtáin i ndiaidh an liathróid ghailf a chur isteach i bpoll uimhir a hocht déag ar chúrsa Westchester, Nua-Eabhrac, lena chamán ó chúig chéad go leith slat amach, chun an bua a fháil i gClasach Barclays. Bhí in ainm an liathróid a chur isteach i bpoll uimhir a seacht déag. “Níl ansin ach mionsonra,” a dúirt an fear nár shínigh a chárta ag deireadh cluiche gailf tamall ó shin. Bhí an mionsonra áirithe sin iontach costasach: chaill amach ar mhionshuim de leathmhilliún punt siocair an miondearmad sin. “Is fearr an camán an maide gailf, ar bith!” a mhaígh Paddy the Oirishman le Balor i ndiaidh an milliún go leith dollar a shacadh isteach ina phóca tóna. “ thuigim cén fáth go bhfanann daoine i bhfad amach uaim nuair a bhíonn an camán i mo ghlac agam agus á chroitheadh thart mar ba ghnách liom a dhéanamh i bPáirc an Fhionnuisce nuair a bhí óg. thuigim ach oiread cén fáth nach gcríochnaíonn mo chuid páirtithe an cúrsa riamh nuair a úsáidim an camán. Ach is mór an suaimhneas é a bheith ábalta an cúrsa a imirt liom féin. Agus... cuidíonn an corrmhilliún thall is abhus.”

The Irish language has failed to flourish,” *a dúirt eagarfhocal an *Irish Times *an mhí seo a chuaigh thart, agus é ag cáineadh iarrachtaí lucht athbheochan na Gaeilge. “Iontas na n-iontas!” a dúirt Balor an Bhéil Bhinn. ag tagairt don mhéid a bhí le acu a bhí Laoch na Litríochta, ach do na focail *“the Irish language”. *Agus é ag smaoineamh ar stair ghallda an nuachtáin sin níorbh iontaí leis an sneachta dearg an nath áirithe sin ó pheann scríbhneoir an eagarfhocail. “Ersean focal maslach ba ghnách lena leithéid a úsáid agus iad ag scríobh faoi theanga na nGael. “Agus mar gheall ar an mhéid a bhí le acu faoin Ghaeilge,” a deir Balor, agus é ag tiontú ar theanga an nuachtáin, *“they don’t know their Erse from their elbow!”

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.