AR NA SAOLTA SEO
An Straitéis ar an gCarraig?
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Foilsíodh i mí Iúil ‘Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn’ atá déanta maidir le feidhmiú an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go mbeadh sé níos ionraice tuarascáil a chur ar fáil faoin ‘Dul ar gcúl’ i saol na Gaeilge le trí bliain anuas.

Cá sheasann ‘An Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge’, mar a thugtar air, trí bliana tar éis a seolta? Chuir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta tuarascáil ar fáil ag deireadh mí Iúil faoin ‘dul chun cinn’ atá déanta le trí bliana anuas i dtaobh feidhmiú na straitéise.

Cáipéis toirtiúl go maith é an tuarascáil, neart leathanach agus neart focla ann ach nuair a scagtar a bhfuil inti is léir nach mórán dul chun cinn atá déanta. B’fhéidir go bhfuil sé róluath a bheith ag súil le torthaí móra ar an straitéis, ach níl sé míréasúnta a bheith ag súil go mbeadh tús láidir curtha le gnéithe tábhachtacha den straitéis. Ní hé nach bhfuil tada ag tarlú. Tuairiscítear go leor ‘idirchaidrimh’ ar bun idir eagraíochtaí éagsúla. Mar shampla tá An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ‘i mbun idirchaidrimh faoi láthair le Ranna agus Oifigí Rialtais chun a riachtanais oiliúna (sa Ghaeilge, glacaim leis) a fháil amach’. Is dócha go bhfeictear sa státseirbhís gur ‘dul chun cinn’ an méid sin i bhfianaise an dualgas reachtúil atá le 10 mbliain anuas ar na Ranna agus Oifigí Rialtais céanna, seirbhís tré Ghaeilge a chur ar fáil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla!

Pleanáil Teanga

Chuireas spéis faoi leith sa ‘dul chun cinn’ a bhí le tuairisciú maidir le Pleanáil Teanga, an maide draíochta atá ceaptha an taoille a chasadh sa Ghaeltacht. Tá cúig mhí dhéag caite ó fógraíodh go caithréimneach ‘go raibh cuireadh tugtha do 6 cheantar pleanála teanga tosnú láithreach’ leis an bpleanáil teanga. Go bhfios dom níor seoladh aon chuireadh ag aon cheantar fós. Go bhfios dom, an próiséas a bhí le ‘tosnú láithreach’ cúig mhí dhéag ó shin, níl sé tosaithe fós. Deirtear sa tuarascáil go bhfuil Údarás na Gaeltachta ‘ag plé an phróisis pleanála teanga le eagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht’.

Níl sé soiléir do na heagraíochta pobail ar an dtalamh, a bheas ag iompar an ualaigh seo, céard tá ag tarlú. Níl aon structúr socraithe leis an bpleanáil teanga a stiúrú. Níl a fhios cé as an dtiocfaidh an t-airgead le íoc as. Beagnach gach rud concréiteach atá le tuairisciú is deacair a rá gur ‘dul chun cinn’ atá ann. Tóg Acht na Gaeltachta 2012, mar shampla, faoinar bronnadh stádas Gaeltachta ad infinitum ar cheantair nach bhfuil aon rian den Ghaeilge fágtha iontu, arbh fhiú trácht air. Dá bharr sin, leanfar leis an gcur i gcéill go bhfuil 100,000 ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta, nuair atá a fhios ag an saol mór nár cheart ach a leath acu sin, ar a mhéad, a bheith áirithe taobh istigh de theorainneacha Gaeltachta, a bheadh bunaithe ar critéir theangeolaíocha.

Bolscaireacht

Aithnítear sa tuarascáil, faoin mír a bhaineann leis an Roinn Oideachais agus Scileanna go bhfuil ‘raon na n-acmhainní agus na n-ábhar oideachais don teagasc trí Ghaeilge feabhsaithe go mór’ ag COGG, agus tá. Ach ansin maítear go gcuirfidh ‘an comhcheangal’ idir COGG agus an NCCA le cumas COGG ‘i ndáil leis an obair seo’ agus i dtaobh ‘comhairle a chur ar fáil agus taighde a dhéanamh maidir le straitéisí agus tacaíochtaí do mhúineadh tré Gaeilge’. Níl sa ráiméıs sin ach bolscaireacht gan bhunús ar bith. Níl duine ar bith i saol na Gaeilge ag ceapadh go gcuirfear le cumas COGG aon cheo breise a bhaint amach, má dhéantar é a shá isteach faoin NCCA, dream a rinne praiseach iomlán de churaclam Ghaeilge na hArdteiste.

Tá go leor dul ar gcúl le tuairisciú le 3 bliain anuas, ach ní luaitear é sin sa tuarascáil seo. Beag an baol. Ní tuarascáil ionraic neamhspléach é seo ach iarracht a chur ina luí orainn go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh nuair nach bhfuil. Dul ar gcúl ab ea deireadh a bheith curtha le Scéim Labhairt na Gaeilge gan tada fiúntach a bheith curtha ina áit, cé gur gealladh go gcuirfí. Dul ar gcúl is ea deireadh a bheith curtha le Gaelscéal.

Na Spriocanna ‘Indéanta’

Sa ráiteas a thug Dinny Mc Ginley uaidh agus an tuarascáil á sheoladh aige dúirt sé rud amháin a thugas suntas dhó: ‘go dtacóidh an Rialtas leis an Straitéis agus go ndéanfar na spriocanna indéanta a sheachadadh’.

Cliste go leor mar ’sí an bhunfhadhb leis an Straitéis seo nach bhfuil an phríomhsprioc inti ‘indéanta’, ’sé sin: ‘an líon daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais a ardú ó 83,000 go 250,000’.

(Dála an scéil, do réir an Daonáirimh a tógadh i 2011, ba é 77,185 líon na gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais. Ní thugtar an uimhir sin sa tuarascáil.)

Le go mbeadh líon na gcainteoirí laethúla ardaithe go 250,000 faoi 2030, theastódh ardú 5.7% gach bhliain ar feadh 20 bliain. Níl ardú mar sin ‘indéanta’. Seo é bun agus barr an scéil, ’sé sin go bhfuil sprioc sa Straitéis 20 Bliain nach bhfuil ‘indéanta’ agus tá ráite ag an rialtas nach ndéanfar ach ‘na spriocanna indéanta a sheachadadh’. Mura gceapann an státchóras go bhfuil an sprioc 250,000 ‘indéanta’, nár cheart sprioc atá ‘indéanta’ a chur ina áit?

Tuarascáil Neamhspléach a Theastaíonn

Ní mhaith liom a bheith diúltach faoin Straitéis ach, leis an bhfírinne a inseacht, is beag dul chun cinn atá déanta le trí bliana anuas maidir le feidhmiú na Straitéise. Ag an am céanna tá go leor dul ar gcúl déanta. An faitíos atá ormsa leis an Straitéis seo ná go bhfuil am agus fuinneamh á gcur amú i Roinn na Gaeltachta, san Údarás , i measc eagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht, i measc eagraíochtaí Ghaeilge agus nach mbeadh de thoradh ar an obair go léir ach frustrachas.

Is maith an rud é go bhfuil tuarascáil mar seo á cur le chéile ach b’fhearr é a bheith curtha le chéile ag dream neamhspléach, a d’fhéadfadh tuairisciú níos ionraice agus níos iomláine a thabhairt faoin mbealach a bhfuil an státchóras ag dul i ngleic le cur i bhfeidhm na moltaí éagsúla fiúntacha atá sa Straitéis. Maidir leis an tuarascáil ón Roinn, ní fiú páipéar a chur amú lena clóbhualadh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.