CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Easpa acmhainní do pháistí
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Cuireann Diarmaid Mac Mathúna comhairle ar thuismitheoirí a bheadh ag smaoineamh ríomhaire a cheannach dá bpáistí agus féachann ar chuid den ábhar atá ar fáil don dream óg.

Íomhá
Radharc ón dlúthdhiosca Cormac & Órla agus Fionn Mac Cumhaill
Íomhá

Cé go gceannaíonn cuid mhaith daoine ríomhairí chun gur féidir lena bpáistí óga iad a úsáid le scileanna ríomhaireachta a fhoghlaim, is beag úsáid a bhaintear astu tar éis dóibh a bheith bainte as an mbosca. An phríomhchúis leis seo ná nach bhfuil mórán rudaí ar ríomhairí PC a gcuirfeadh páistí óga suim iontu. Go deimhin, tá deacrachtaí ag daoine de gach aois PC a úsáid agus i gcás teaghlach áirithe baintear úsáid i bhfad níos mó as ríomhairí atá dírithe go hiomlán ar an margadh baile ar nós an Sony PlayStation nó Microsoft Xbox.

Tá formhór na mbogearraí oideachasúla atá ar fáil in Éirinn dírithe ar churaclam oideachais Mheirceá agus na Breataine. Ní fadhb rómhór é sin i gcás bogearraí simplí a chabhraíonn le páistí an aibítir nó matamaitic bhunúsach a fhoghlaim, ach nuair a bhíonn bogearraí á lorg atá oiriúnach do scrúduithe ar nós an Teastais Shóisearaigh, is beag ábhar comónta atá ag na curaclaim éagsúla.

réimse breá dlúthdhioscaí inléite do-athraithe curtha ar fáil ag Fios Feasa (www.fiosfeasa.com) do mhargadh na hÉireann a sháraíonn na fadhbanna seo. Tá roinnt de na bogearraí a fhoilsíonn Fios Feasa dírithe ar dhaoine fásta, ar nós leagan Gaeilge den Bhíobla agus bailiúchán na seanfhocal, ach tá cinn curtha ar fáil do pháistí óga freisin. Ina measc tá na scéalta idirghníomhacha Cormac agus Órla agus Fionn Mac Cumhaill agus Drochlá Ruairí. Anuas air sin, tá ábhar oideachasúil curtha ar fáil sa phacáiste An Chéad Choiscéim. Is bailiúchán é seo d’áiseanna foghlamtha do pháistí óga a chabhraíonn le leanaí ainm na ndathanna a fhoghlaim, mar aon le huimhreacha agus le litriú bunúsach. Is le cartúin ildaite a chuirtear an t-ábhar i láthair agus tá cuid mhaith spraoi le baint as na cluichí atá ar an diosca. Tá sé éasca na bogearraí a úsáid freisin - is féidir an méarchlár a sheachaint agus gan ach an luch a úsáid an chuid is mó den am. Áis eile úsáideach ar an diosca seo ná gur féidir canúint faoi leith Gaeilge a roghnú.

Go minic, síleann daoine go bhfuil sé tábhachtach taithí a thabhairt dá bpáistí ar an idirlíon ag aois óg chun go bhfoghlaimeodh siad scileanna úsáideacha ríomhaireachta. Faraor, is beag áis ar an idirlíon atá dírithe ar dhaoine óga, agus tá cuid mhaith ábhair air nár mhaith le tuismitheoirí go bhfeicfeadh a gcuid páistí. Mar sin, is gá súil ghéar a choimeád ar na nithe a bhfuil páistí ag féachaint orthu. Tá dainséar ann freisin go rachaidh siad i dteagmháil le strainséirí i seomraí cainte - fadhb a bhíodh ann roimhe seo nuair a bhí cairde pinn i gceist. Tá bogearraí ar fáil a chuireann srian ar na suímh ghréasáin gur féidir le páistí féachaint orthu agus tá siad an-úsáideach. Ach mar a fuair roinnt scoileanna amach nuair a chuir siad féin na bogearraí sin ag oibriú, ní fada go dtí go bhfaigheann na páistí bealach timpeall ar na srianta sin.

Is trua nach bhfuil níos mó ábhair ar fáil do dhaoine óga ar dhlúthdhioscaí oideachasúla agus ar an idirlíon. B’fhéidir go dtiocfaidh feabhas ar an scéal amach anseo, ach idir an dá linn ba chóir do thuismitheoirí a chinntiú go bhfuil bogearraí atá oiriúnach dá bpáistí ar fáil sula gcaitheann siad airgead ar ríomhaire nua.

Gasúir ar an ngréasán

Cé nach bhfuil mórán áiseanna do dhaoine óga ar an idirlíon, tá roinnt ann atá go maith. Slí mhaith chun teacht orthu ná tosú ag an suíomh www.yahooligans.com - leagan den eolaire idirlín Yahoo! atá dírithe ar pháistí. Má tá imní ort go dtiocfaidh do pháistí ar ábhar mí-oiriúnach ar an idirlíon is féidir bogearraí ar nós www.netnanny.com a chur i bhfeidhm chun srian a choimeád ar na suímh a fheictear.

*Tá litreoir Gaeilge *"GaelSpell” a oibríonn le Microsoft Word foilsithe ag an údar ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.