147
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Cháin go leor de na criticeoirí teilifíse an clár Ní Gaeilgeoir mé nuair a craoladh é ar TG4 an mhí seo caite ach níl aon aiféala ar an láithreoir, Aoife Ní Thuairisc, go raibh sí bainteach leis. Labhair Éamonn Ó Dónaill léi faoin chlár sin agus faoina saol os comhair na gceamaraí.
»»»Bíonn féile ar siúl gach bliain in Sydney le ceiliúradh a dhéanamh ar fhéiniúlacht an phobail aeraigh abhus. Insíonn Bearnaí Ó Doibhlin dúinn faoin imeacht spraíúil seo agus faoin mbaint atá ag an nGaeilge le stair an homaighnéasachais san Astráil.
»»»Beidh spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantar Gaeltachta le fáil i ngach eagrán de Beo. An mhí seo: Gort a’Choirce agus Dún Lúiche.
»»»Tá an Dr Bert Vaux ina léachtóir le Teangeolaíocht in Ollscoil Cambridge. Chaith sé ceithre bliana mar ollamh i Roinn na Teangeolaíochta in Ollscoil Wisconsin Milwaukee agus deich mbliana mar ollamh in Ollscoil Harvard. Labhair Eithne Ní Ghallchobhair leis le gairid faoi thionscadal teangeolaíochta atá idir lámha aige maidir le hathrú canúintí agus mionteangacha an domhain.
»»»Tá sé ráite ag an Rialtas go mbeidh Reifreann á ghairm taobh istigh de bhliain chun deireadh a chur leis an Seanad. Údar aiféala a bheadh ina leithéid amach anseo, dar le Breandán Delap.
»»»Níl aon easpa bia ar an Astrálach agus a shliocht air, a deir Bearnaí Ó Doibhlin, tá $56 billiún á chaitheamh i réimsí leighis in aghaidh na bliana mar gheall ar an ngrá áirithe sin, grá na hailpe.
»»»Léiríonn torthaí an daonáirimh dheireanaigh nithe suimiúla i dtaobh dhaonra na hAstráile, ina measc, aois na ndaoine agus na teangacha a labhraíonn siad. Ach níl na torthaí cruinn amach is amach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Agus cur agus cúiteamh go leor ar siúl timpeall na cruinne mar gheall ar na Cluichí Oilimpeacha a bheas ar siúl sa tSín i rith na míosa seo, insíonn Balor dúinn anseo faoi chor eile sa scéal nach raibh mórán ar an eolas faoi…go dtí anois.
»»»Chaith Tony Birtill roinnt ama ag póirseáil trí thaispeántais in Iarsmalann Mara Merseyside, rud a tharraing a aird ar an Mol Theas. Is iomaí fíoras iontais a foilsíodh dó ansin faoin dream a chuaigh chun farraige lena mbealach a threabhadh go dtí an tOileán Úr nó a thug aghaidh ó dheas i mbun taiscéalaíochta.
»»»Bhuail Liz Curtis le roinnt de na feirmeoirí atá bainteach leis an fheirmeoireacht orgánach i gContae Liatroma le déanaí.
»»»Féachann Robert McMillen ar na himpleachtaí a bhaineann le torthaí thoghchán an Tionóil sna Sé Chontae.
»»»Tá giolla úrnua i ngarraí na ríomhaireachta darb ainm Quora agus tá cuma mhaith air de réir cuntas Roseanne Smith. Faoi mhuintir na Gaeilge atá sé anois a dhul á shaibhseáil le ceisteanna ina dteanga féin.
»»»Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantair éagsúla, cinn Ghaeltachta san áireamh, le fáil i ngach eagrán de Beo!. An mhí seo: Carna i gConamara.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.