AGALLAMH BEO
Aoife Ní Thuairisg
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Cháin go leor de na criticeoirí teilifíse an clár “Ní Gaeilgeoir mé” nuair a craoladh é ar TG4 an mhí seo caite ach níl aon aiféala ar an láithreoir, Aoife Ní Thuairisc, go raibh sí bainteach leis. Labhair Éamonn Ó Dónaill léi faoin chlár sin agus faoina saol os comhair na gceamaraí.

Íomhá
Íomhá

Ní raibh mórán rudaí cineálta le rá ag na criticeoirí teilifíse mar gheall ar an chlár “Ní Gaeilgeoir mé “ a craoladh ar TG4 ar feadh seachtaine, aimsir na Féile Pádraig. Bhí an clár seo bunaithe ar fhormáid an chláir mhór-rachairte “Celebrity Big Brother” a bhíonn le feiceáil ar Channel 4 na Breataine; cuireadh ochtar pearsana aithnidiúla faoi ghlas i dteach mór idir 11 Márta agus Lá Fhéile Pádraig agus iad i gcomórtas le chéile ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Seo an méid a dúirt Liam Fay faoin chlár sa *Sunday Times *(19 Márta 2006):

Throughout this would-be educational reality game show, [there is] an incoherent effort to marry the format of Celebrity Big Brother with the curriculum of a Gaeltacht summer school … Showcased in such an amateurish, confused and shamelessly derivative programme, the Irish language itself started to appear amateurish, confused and shamelessly derivative, a crude imitation of what’s to be found on English-speaking channels … As the show’s title suggests, the primary requirement for involvement in Ní Gaeilgeoir Me was possession of little or no working knowledge of Irish, though possession of little or no working knowledge of just about everything else was also evidently a prerequisite. Bhíothas ní ba dhéine fós ar an chlár ar an suíomh gréasáin Tviscrying.com:

There’s a tragic belief within TG4 that simply because a show is in Irish, it doesn’t have to achieve the same levels of entertainment as its English-speaking counterparts. It assumes that people will watch purely because it has the novelty value of being an Irish language show. It’s an archaic viewpoint and it’s the primary reason why Ní Gaeilgeoir Mé is one of the worst shows Irish TV will broadcast all year. Avoid at all costs. Is beag criticeoir teilifíse nár cháin an tsraith go géar, fiú an té a scríobh colún teilifíse an nuachtáin Foinse, ach bhí go leor acu an-dearfach mar gheall ar an láithreoir, Aoife Ní Thuairisg.

Nuair a bhuail mé le hAoife le gairid ina háit oibre, ceannáras TG4 i mBaile na hAbhann i gConamara, bhí an chuma ar an scéal nach raibh sí róbhuartha faoin mhéid a bhí le rá ag na criticeoirí.

“Tháinig mise amach as glan – bhí mé sásta. Ó thaobh an chláir féin, ní fiú an iomarca airde a thabhairt ar na criticeoirí, ar bhealach. An clár a tharla, bhain sé amach go leor, bhain sé amach an méid a bhí leagtha amach dó. B’fhéidir nár thaithnigh sé leis an lucht critice ach thaithnigh sé leis an lucht féachana agus tá muid anseo le freastal orthu siúd, ní ar na criticeoirí teilifíse. Tá siadsan ag dul a bheith snobby, ardnósach ar aon chaoi. Níl duine ar bith acu ag dul a rá, ‘Ó, is breá liom cláracha réaltachta’. Tá siadsan ag iarraidh rud éicint *deep and meaningful *a mholadh, a thabharfas léargas orthu féin mar dhaoine sofaisticiúla, a bhfuil intleacht den chéad scoth acu, seachas rud éicint siamsúil agus b’fhéidir seafóideach agus éadrom mar chlár.”

Dúradh i go leor de na léirmheasanna go raibh cuma an-amaitéarach ar an chlár, i gcomparáid lena mhacasamhail sa Bhreatain. An dóigh léi go raibh an fhírinne acu siúd a rinne an cáineadh sin?

“Tá mé ag ceapadh go raibh pointe acu sa mhéid is go raibh na luachanna léiriúcháin lag in amanna agus is cinnte gur féidir feabhas a chur air sin. Is féidir tógáil ar an méid a baineadh amach agus feabhas a chur air. Níl aon dabht faoi sin. Ní dhearna muid rud cosúil leis cheana, mar sin bhí go leor le foghlaim. Tá súil agam go mbeidh sé ann an bhliain seo chugainn arís – níl a fhios agam.”

Chuir sé isteach ar dhaoine áirithe go raibh Aoife, mar láithreoir an chláir, ag úsáid go leor Béarla le linn na sraithe. An dóigh léi gur botún a bhí ann oiread Béarla bheith le cloisteáil?

“Cheap mé gur thaispeáin sé misneach ó thaobh TG4 de. Thóg sé misneach do TG4 cead a thabhairt do cheann de na haghaidheanna is mó atá aitheanta leis an stáisiún Béarla a labhairt ar an gclár. Thaispeáin sé muinín as an teanga go raibh siad sásta é sin a dhéanamh.”

Cháin cuid de na criticeoirí an bheirt a bhí i mbun na múinteoireachta ar an chlár, Breandán de Gallaí, iar-phríomhdhamhsóir Riverdance, agus Frances Nic Aodha, agus dúirt gur cheart gur múinteoirí a bhíonn ag plé le foghlaimeoirí fásta a bheadh ag déanamh na hoibre. Ní aontaíonn Aoife leis an tuairim sin ach oiread, áfach.

“Is clár teilifíse é, mar sin tá siad chun an chuid is láidre ó thaobh na teilifíse de a thaispeáint. Níl siad chun teagascóirí a thaispeáint atá an-deas leis na daoine seo atá ag foghlaim, mar níl sé sin suimiúil don lucht féachana. Tá an pobal atá ag breathnú air ag iarraidh conspóide, ag iarraidh achrainn, ag iarraidh paisin.”

Tá Aoife sásta go leor leis an chlár, mar sin, agus deir sí nach mbeidh drogall ar bith uirthi bheith páirteach sa dara sraith, má tharlaíonn sí.

“Cheap mé gur bhain muid amach an t-uafás ó thaobh na teanga de agus ó thaobh na ndaoine a bhí ag breathnú air. Bhí muid an-sásta leis an bpobal a bhí ag breathnú air, daoine óga idir cúig déag agus tríocha a cúig, agus sin iad an dream is tábhachtaí, is dócha, mar is acusan is mó atá airgead agus is orthusan atá an lucht fógraíochta ag iarraidh díriú. Bhí TG4 sásta mar go raibh go leor acu ag breathnú ar an gclár.”

Cúrsaí éagsúla

Rugadh agus tógadh Aoife in Indreabhán, cúpla míle siar ón Spidéal, agus fuair sí a cuid scolaíochta go háitiúil i Scoil Shailearna agus i gColáiste Cholm Cille, áit a ndearna sí an Ardteistiméireacht.

“Ní dhearna mé mórán ina dhiaidh sin, leis an fhírinne ghlan a insint duit, ó thaobh tríú leibhéal de. Rinne mé cúrsaí ríomhaireachta, rinne mé cúrsaí teilifíse ach b’in é. Ní raibh tuairim ar bith agam céard a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh. Níor chuir mé isteach ar aon chúrsaí coláiste ar chor ar bith, rud a chuir an-iontas ar mo mhuintir! Cheap mé gur cur amú ama a bheadh ann an oiread sin ama a infheistiú i rud éicint nuair nach raibh a fhios agam an raibh tú ag iarraidh é a dhéanamh. Bhí a fhios agam nach raibh mé ag iarraidh bheith i mo mhúinteoir nó i mo bhanaltra ach ní raibh a fhios agam céard a bhí mé ag iarraidh a bhaint amach.

“Ach thosaigh mé gnó beag, ag díol milseán ó chomhlacht go comhlacht, comhlachtaí nach raibh siopa in aice leo. Bhí comhlacht trasna an bhóthair uainn anseo i TG4 agus bhíodar sin ag rá go raibh siad ag dul a oscailt stáisiún teilifíse. Níor chreid mé iad ar chor ar bith! Bhí an áit caite le chéile – seanoifig a bhí ann. Bhí na daoine seo istigh ann agus canúintí éagsúla acu – b’as Tír Chonaill cuid acu agus b’as Baile Átha Cliath cuid acu.”

Chaith sí beagnach bliain i mbun an ghnó ach ós rud é go raibh ag teip uirthi aon bhrabús a dhéanamh, chinn sí ar éirí as an obair sin. Ní saothar in aisce a bhí ann, áfach, sa mhéid is gur éirigh léi aithne a chur ar na daoine ba thábhachtaí i TG4 (nó Teilifís na Gaeilge mar a bhí air ag an am), daoine mar Chathal Goan, Mícheál Ó Meallaigh agus Siún Ní Raghallaigh.

“Bhí siad ag iarraidh orm trialacha scáileáin a dhéanamh. Agus bhínnse ag rá, ‘Cinnte. Tá sibhse ag dul a chur stáisiún teilifíse ar bun! Lá ar bith anois! Cinnte dearfach!’ Níor chreid mé iad – cheap mé gur ag magadh fúm a bhí siad. Bhí siad an-spórtúil agus thaitin sé liom dul isteach chucu. Dhéanainn píosa gáirí fúthu.

“Thosaigh siad an stáisiún teilifíse, iontas na n-iontas, agus fuair mé nóta uathu ag rá go raibh siad ag déanamh trialacha scáileáin le haghaidh cúrsaí teilifíse.”

D’éirigh le hAoife sa triail scáileáin. Fuair sí post páirtaimseartha sa stáisiún i dtosach, ag déanamh ionadaíochta do na láithreoirí leanúnachais a bhí ann ag an am, Deirbhile Ní Churraighín agus Ailbhe Ó Monacháin. Bhog an bheirt acusan ar aghaidh go postanna eile sa stáisiún agus, mar gheall air sin, d’éirigh le hAoife post lánaimseartha a fháil.

Tá sí buíoch gur éirigh léi obair a fháil le TG4 nuair nach raibh oiread ráchairte ar phostanna sa stáisiún.

“Ag an am ní raibh TG4 in ann láithreoirí a aimsiú, mar ní raibh daoine ag cur isteach ar na postanna. Nuair a thosaigh mise bhí TG4 ag iarraidh painéal a chur le chéile ach bhí sé deacair daoine a fháil a bheadh siad in ann a chur ar an scáileán agus a leanfadh leis an obair. Ní raibh suim ag daoine a bhí ag múineadh nó ag obair trí mheán na Gaeilge a bpost a chaitheamh san aer agus dul ag obair don rud seo a raibh chuile dhuine ag tabhairt amach faoi. Ní raibh suim ag daoine óga ann.”

A mhalairt atá fíor anois.

“Tá sé iomlán éagsúil anois; má fhógraíonn tú anois go bhfuil tú ag iarraidh láithreoir a fháil, tagann málaí móra isteach an doras, ag cur thar maoil le CVs ó dhaoine atá ag iarraidh a theacht isteach anseo.”

Thóg sé tamall ar Aoife a ceird a fhoghlaim agus deir sí féin go raibh sí go dona mar láithreoir i lár na nóchaidí nuair a thosaigh sí ag déanamh trialacha scáileáin ar dtús. Cén fáth a raibh sé seo amhlaidh?

Easpa tuisceana ar an meán féin. Bhínn gléasta le aghaidh agallamh foirmeálta agus mé ag cur isteach ar chlár siamsaíochta. Bhí mé foirmeálta chomh maith sa bhealach a chuir mé mé féin i láthair – ní raibh* clue *agam. Cén chaoi a mbeadh? Nuair a bhíonn tú ag tosaí amach ag déanamh na rudaí seo ní bhíonn a fhios agat. Tá na daoine óga atá ag teacht isteach anois ag déanamh trialacha scáileáin i bhfad níos aibí ná mar a bhí mise nuair a bhí mé á ndéanamh. Tuigeann siad an meán – tá rudaí bogtha ar aghaidh go mór. Nuair a bhí mise ag déanamh mo chéad triail scáileáin ní raibh seoladh ríomhphoist agam agus is ar éigean go raibh eolas agam ar ríomhairí. Sin mar a bhí formhór mo chuid cairde ag an am agus níl sé sin ach naoi mbliana ó shin.”

Bhí cuid de na léiritheoirí ar bhuail sí leo an-dian ar fad uirthi.

“Dúradh liom nach n-oibreoinn sa teilifís agus nach raibh aon mhaith liom, agus dearmad a dhéanamh air!”

Is cuimhin léi trail amháin a bhí go dona ar fad.

“Bhí mé ag caoineadh ag dul amach as an áit. Bhí mé róbhog. Tháinig Traolach Ó Buachalla amach i mo dhiaidh - bhí seisean mar cheamaradóir ar na trialacha seo - agus dúirt seisean liom, ‘Ná tabhair aon aird ar an asshole sin. Déan cúpla triail eile, gheobhaidh tú taithí air.’ Agus an rud a deirim le daoine anois ná ‘An chéad triail scáileáin a dhéanfaidh tú, drochsheans go bhfaighidh tú é mura bhfuil tú eisceachtúil, fíoreisceachtúil. Ach lean leis. Bhí trí nó ceithre cinn déanta agamsa sular éirigh liom deis a fháil teacht isteach go TG4.’ Thug siad seans dom. Is maith leo daoine nua a aimsiú.”

Féilte

Bhí Aoife ag plé leis an aimsir agus leis an leanúnachas ach fuair sí deis ón tús trialacha scáileáin a dhéanamh do chláracha éagsúla de chuid TG4. Ba é “Féilte” an chéad cheann a chuir sí i láthair agus cé gur clár éadrom go maith a bhí ann thaitin an obair go mór léi.

“Bhí sé sin thar cionn. Ní deep and meaningful television atá i gceist lena leithéid ach píosa craice agus píosa spraoi agus cén bealach atá agat leis an bpobal agus céard is féidir leat a bhaint amach as daoine ag déanamh agallaimh ar an toirt. Foghlaimíonn tú go leor ag obair ar chlár mar sin, amuigh faoin aer. Bíonn ort daoine le Gaeilge a aimsiú, bíonn ort agallaimh a dhéanamh.”

Bliain go leith ó shin, d’éirigh le hAoife sa triail scáileáin don tsraith ‘Paisean Faisean’ agus tá dhá shraith den chlár sin curtha i láthair aici anois. Tá an lucht féachana an-tógtha leis agus tá TG4 an-sásta leis an scór féachana go dtí seo.

“Oibríonn sé. An rud céanna a bhíonn tú ag déanamh chuile sheachtain ach oibríonn sé mar go mbíonn daoine éagsúla i gceist. Athraíonn an clár féin ar bhealach nádúrtha, agus is dócha go mbíonn daoine ag breathnú air go bhfeicfidh siad céard a tharlóidh an tseachtain seo.”

Ní bhíonn deacracht ag Aoife am a fháil saor ó TG4 le cláracha a chur i láthair – deir sí go dtugann an stáisiún an-tacaíocht di.

“Tá TG4 ag iarraidh na láithreoirí a fhorbairt. B’fhéidir nach bhfuil siad in ann muid a íoc mar a íoctar Kenny agus Tubridy (ní féidir le mórán stáisiún teilifíse sa tír an t-airgead sin a íoc le daoine) ach is féidir leo deiseanna a thabhairt dúinn. Ach caithfidh tú a dhul amach agus an jab a fháil duit féin.”

Is breá léi an dúshlán a bhaineann le cláracha éagsúla a chur i láthair agus murach go bhfuil an obair seo aici deir sí go bhfuil seans maith ann go n-éireodh sí bréan den obair leanúnachais.

“Ag an am céanna is maith liom an aimsir a chur i láthair agus leanúnachas mar gheall go bhfuil tú ag cur an sceidil ar fad i láthair an phobail ar feadh na hoíche, seachas aon chlár amháin. Tá smacht agat ar cé hiad na cláracha atá tú ag iarraidh a bhrú agus tá cead agat do phearsantacht féin a chur i láthair. Ní bhíonn aon duine do do léiriú. Cuireann sé sin isteach orm ar bhealach ach saoirse atá ann ar bhealach eile taobh istigh de sceideal láithreachais.”

Is léir go bhfuil go leor daoine ag obair i dtionscal na teilifíse nach bhfuil Aoife róthógtha leo. Tá sí go láidir den tuairim go bhfuil cuid mhór léiritheoirí ag obair sa tionscal nach bhfuil fios a ngnó acu agus nach bhfuil go maith ag obair le láithreoirí (deir sí gur eisceacht é Ciarán Ó Cofaigh, cara dá cuid a raibh sí ag obair leis ar “Ní Gaeilgeoir Mé”). Ní luann sí aon ainmneacha ach, nuair a dhéanann sí cur síos ar dhuine acu, is léir dom cé dó a bhfuil sí ag tagairt.

“Tá mé tuirseach de bheith ag éisteacht le léiritheoirí ag rá liom, ‘Ó, a Aoife, seo gig iontach. Tá muid ag iarraidh ort bheith mar *Davina McCall meets Parkinson *[deir sí é seo ar dhóigh an-searúsach] ach ag an am céanna coinnigh Gaelach é.’ Cén chaoi? Céard atá i gceist agat leis sin? *Waffle *atá ann, seafóid, mar níl a fhios acu féin céard atá siad ag iarraidh. Tá a fhios acu céard a thaitníonn leo ach níl tuairim acu cén chaoi le hé a léiriú nó é sin a bhaint amach asat.

“Tá mé ag ceapadh nach bhfuil mórán léiritheoirí in Éirinn a bhfuil an taithí acu ar bheith ag déileáil le láithreoirí agus le láithreoirí amháin. Is scil ann féin é bheith in ann plé le láithreoirí agus iad a láimhseáil – sin rud atá in easnamh, go mór mór i gcás léiritheoirí. Caithfidh tú bheith in ann déileáil le láithreoirí, an bealach sin a aimsiú le rá leo, ‘Yeah, tá sé ag dul go maith ach má dhéanann tú seo, cuirfidh sé feabhas air. An bhfuil tú in ann an rud beag seo a athrú chun feabhas a chur air?’ Sin é an bealach le tabhairt faoi ach níl mórán léiritheoirí a bhfuil an scil sin acu.”

Comhairle ó chairde

Is léir nach bhfuil mórán muiníne aici as na léiritheoirí, mar sin cé a chuireann comhairle uirthi mar gheall ar chaighdeán a cuid oibre?

“Tá cairde agam a thrustaim ag an bpointe seo, atá ag obair sa ngnó agus insíonn siad an fhírinne dom. Tá a fhios agam go bhfuil siad ag inseacht na fírinne dom mar tá siad do mo cháineadh chomh maith agus ag rá, ‘A Aoife, d’fhéadfá é seo a fheabhsú, d’fhéadfá é siúd a fheabhsú.’ Cuirimse luach an-mhór air mar gheall ní mórán daoine a inseoidh an fhirinne duit, go speisialta i lár jab. Má bhíonn sé ag dul go dona, ní bhíonn daoine ag iarraidh cur isteach ar an láithreoir.

“Mar gheall ar go bhfuil tú i mbéal an phobail, níl duine ar bith ag gabháil a rá leat, ‘Níl aon mhaith leat.’ Tá chuile dhuine ag gabháil a rá leat, ‘Ó, tá tú thar cionn ar fad!’ Níl aon duine ag gabháil a rá le duine éicint ar an teilifís go bhfuil siad go dona, fiú má tá. A bhformhór, tá siad ag gabháil a bheith do do mholadh agus tá sin bréagach agus folamh mar rud ach is gnó é atá bréagach agus folamh.”

Fiafraím di an bhfuil dianiomaíocht idir láithreoirí teilifíse agus an gcaitheann daoine go suarach lena chéile uaireanta dá bharr.

“Bíonn sé sin i gceist. Tá mé ag ceapadh go gcaithfidh láithreoirí bheith rúnda chomh maith faoin obair atá siad ag dul a dhéanamh nó d’fhéadfadh duine eile an jab sin a fháil. Braitheann sé cé chomh muiníneach is atá tú asat féin agus as do chumas, an branda atá agat agus na cláracha atá tú ag iarraidh a dhéanamh. Tá go leor oibre sa tír faoi láthair agus tá daoine ag iarraidh a *niche *féin a bhaint amach agus fanacht leis sin. Tá drochíomhá ag an ngnó, mar is dóigh go bhfuil sé sóisialta agus bíonn daoine amuigh go minic agus titeann go leor eachtraí amach dá bharr!

“Ní chuireann sé [an gnó] isteach ormsa go pearsanta. Tá mé cineál muiníneach mar dhuine. Slogann sé suas do shaol agus bhí blianta ann agus shlog sé suas an iomarca de mo shaol féin. Éiríonn tú tógtha leis agus bíonn tú ag rá ‘Tá mé speisialta mar dhuine.’ Tá an rud sin ag baint le daoine atá sna meáin. ‘You can believe your own press’, mar a deir an Béarla. Tharla sé dom féin.”

Nuair a chuirim ceist uirthi cén difear atá idir Aoife Ní Thuairisg anois agus an bhean a thosaigh ag obair le TG4 beagnach naoi mbliana ó shin, deir sí ar an toirt go bhfuil níos lú cairde aici.

“Feiceann tú trí dhaoine, cé go dtógann sé tamall ort é sin a dhéanamh. Ní fhaca mise solas an lae ar feadh tamall maith. Go leor de na daoine seo atá ag obair sna meáin, nuair a bhaineann siad cúpla plaic asat, bíonn a fhios agat cé hiad féin. Tógann sé tamall go dtí go n-airíonn tú an phlaic. Tá sé an-éasca bheith mór le chuile dhuine. Anois, b’fhéidir go bhfuil cúpla cara agam a bhfuil mé an-ghar dóibh agus tá gach duine eile taobh amuigh de sin agus ní scaoilim isteach iad.

“Na cairde bréagacha, ceapann siad go bhfuil mé iomlán tógtha liom féin agus nach bhfuil suim agam tada a dhéanamh. Ach tá mé an-ghnaitheach. An tseachtain seo, tá mé ag obair sé lá agus dhá uair déag nó trí huaire déag in aghaidh an lae. Agus nuair a bhíonn am saor agam, tá mé ag iarraidh am a chaitheamh le daoine atá mé ag iarraidh bheith i mo shaol agus tá mé ag gearradh amach gach duine eile. Ní d’aon turas a tharlaíonn sé go ngearraim daoine amach as mo shaol. Mura bhfuil siad sásta teacht liom ar mo sceidealsa níl mé ábalta ach méid áirithe a dhéanamh le teacht leosan. Ansin, titeann daoine amach leat, ní bhíonn siad mór leat níos mó mar gheall nach bhfuil tú ag glaoch orthu chuile chúig nóiméad nó ag freastal orthu chuile dheireadh seachtaine, mar a bhí mise. Athraíonn mo sceideal go rialta agus na cairde atá agam caithfidh siad bheith fíormhuiníneach. Caithfidh siadsan a saol féin a bheith acu agus an méid a theastaíonn uathu a bhaint amach sa saol a bhaint amach iad féin.”

Deir Aoife go bhfaigheann sí tairiscintí ó stáisiúin eile teilifíse ó am go chéile ach go bhfuil sí muiníneach go leor aisti féin anois chun diúltú do na tairiscintí sin nuair nach mbíonn obair shuimiúil i gceist. Níl aon rún aici éirí as an obair atá ar bun aici, a deir sí.

“Tá mé ag ceapadh go bhfanfaidh mé sa tionscal seo mar bainim an-taitneamh as an obair. Is breá liom an jab atá agam mar gheall ar go bhfuil an oiread sin éagsúlachta ann. Bím ag obair ar chláracha mar ‘Ní Gaeilgeoir Mé’, bím ag déanamh na aimsire agus an leanúnachais, agus an chéad lá eile b’fhéidir ag obair ar scripteanna le haghaidh blaisíní. Tá go leor éagsúlachta i mo phost i láthair na huaire agus má leanann sé mar sin fanfaidh mé leis. Nuair a éireoidh sé leadránach seans go bhfaighidh mé bealach chun gluaiseacht taobh istigh den tionscal. Déarfainn go bhfanfaidh mé leis na meáin agus leis an nGaeilge, más féidir liom.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.