CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
An bhFuil Quora Féachta Againn?
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

giolla úrnua i ngarraí na ríomhaireachta darb ainm Quora agus tá cuma mhaith air de réir cuntas Roseanne Smith. Faoi mhuintir na Gaeilge atá sé anois a dhul á shaibhseáil le ceisteanna ina dteanga féin.

Íomhá
Robert Scoble, an Scobleizer
leis féin ar Vicipéid
Íomhá
Quora ag freagairt
Íomhá
Eolaire Gaeilge

Tá giolla nua sa ghairdín a bhfuiltear ag tabhairt an ’Facebook nua’ air. Tá an clú sin tuillte aige toisc an chosúlacht idir a sheirbhís agus “Facebook Questions”. Níl an tseirbhís sin ó Facebook ar fáil ar fud an domhain go fóill, ach tá seirbhís Quora i ngach cearn a bhfuil an t-idirlíon ar fáil. Séard atá i Quora ná ceisteanna curtha, freagartha agus coiméadta ag an bpobal atá in úsáid. Is léir gur thuig bunaitheoirí Quora go raibh daoine ag úsáid an idirlín chun ceisteanna a fhreagairt agus ba léir ó leithéidí Twitter agus Facebook go raibh siad ag cur níos mó muinín i bhfreagraí ó dhaoine in ionad a chur sna freagraí a fuair siad ó chuardach Google.

Is céim nádúrtha i dtimthriall cuardaigh iad Quora is a mhacasamhail. Thosnaigh cuardach le leithéid Yahoo a bhailíodh ábhar spéisiúil agus a choimeádadh é ar a son siúd a bhí ag cuardach nasctha=linked">="gloss" title="information">eolais. Ach d’éirigh an tIdirlíon i bhfad rómhór, róthapaigh agus cruthaíodh Google. Ach anois tá an-iomarca tuisceana ar algartam Google agus tá an t-inneall seo faoi ionsaí ag na seoltóirí turscair is na scrábaire scáileáin agus is minic nach bhfaightear aon eolas feidhmiúil go dtí an dtríú nó an ceathrú leathanach.

Tháinig ar an saol mar sin, ní hamháin Quora, ach na céadta seirbhísí eile atá ag déanamh iarracht an t-eolas a choimeád in ord agus in eagar don bhrabhsálaí idirlín. Tá ar ndóigh, Yahoo Answers ann ach tá an suíomh seo truaillithe nuair nach bhfuil córas ceart coimeádta air. Féach mar shampla an bailiúchán seo de cheisteanna is de fhreagraí dochreidte. Bí cúramach - tá an t-ábhar seo NSFW mar a deirtear in acrainim Béarla (“Not Safe For Work”). http://nextround.net/2009/06/the-20-most-inappropriately-hilarious-yahoo-answers-questions

Níos Deisiúla Fós

neart suíomhanna téacs agus meáin saibhre ann a mhíníonn conas rudaí a dhéanamh is a fhreagraíonn ceisteanna VideoJug, About, WikiHow agus fiú YouTube agus Wikipedia ach tá cúpla rud ann a chabhraíonn le Quora:

  • Tá sé simplí agus soiléir: tá an t-inneall cuardaigh ag an mbarr ar fad. Tar éis cuardach a dhéanamh, muna mbíonn do cheist curtha cheana féin romhat, is féidir do cheist féin a chur. Sula gcuirtear an chéad cheist, caithfear ceacht sciobtha a dhéanamh. Tá trí shampla den saghas ceiste atá muintir Quora ag lorg agus caithfidh tú an sampla ceart a roghnú. Rud beag teagascach b’fhéidir, ach is léir go luath go bhfuil foireann Quora dáiríre faoi chaighdeán an ábhair ar a suíomh.

  • Agus ag caint ar fhoireann Quora: tá an feidhmchlár idirlín seo cruthaithe ag meitheal innealtóirí, iar-Facebook ina measc, Adam d’Angelo an chéad phríomhfheidhmeannach teicneolaíochta ar Facebook. Seo dream daoine a bhfuil saineolas acu, ní hamháin ar chruthú gréasáin sóisialta, ach ar úsáid, mí-úsáid agus ar fhorbairt gréasáin sóisialta.

  • Tuiscint agus taithí: leis an tuiscint agus taithí sin, thóg bunaitheoirí Quora gréasán a úsáideann an dá rudaí is tábhachtaí ar an idirlíon le deich mbliana anuas: sóisialtacht agus cuardach. Chruthaigh siad feidhmchlár leis an eolas seo a thit i lár na deighilte eatarthu. Is féidir an suíomh a chuardach ach is féidir cairde is comhluadar a leanúint nó is féidir brabhsáil trí ábhar nó amlíne. Ach mar bharr ar sin, tá Quora oscailte do chuardach Google; muna bhfuil spéis agat mar sin, tumadh isteach i Quora féin, gheobhaidh tú freagra ar do cheist ar Google ar aon nós. Chomh maith leis sin má tá foláirimh eocharfhocal socraithe agat ag Google.com/alerts, ba chóir go bhfaigheadh tú foláirimh ar an ábhar gur spéis leat ó Quora leis. Seo éagosúlacht bhunúsach idir Quora agus Facebook: tá Facebook, don chuid is mó, dúnta ó chuardaigh Google. Ar an taobh sóisialta de, tá Quora go hiomlán nasctha le Twitter, Google agus Facebook tríd a nApi-anna agus is féidir leat do chairde ar na gréasáin sin atá ag úsáid Quora a leanúint gan stró agus is féidir ceisteanna is freagraí a roinnt ar na gréasáin sin freisin.

  • Daoine seachas ábhar; ábhar seachas daoine: Is minic a leantar daoine ar Twitter agus leathanaigh ar Facebook mar tá spéis agat san ábhar atá faoi chaibidil ag an duine nó ag an leathanach sin. Ag tógáil ar an mian sin, is féidir tosnú ar Quora trí ábhar a leanúint in ionad daoine. Is féidir cuirithe a chur amach chuig cairde ar leith agus sa chuireadh is féidir ábhar ar leith a lua leo. Mar shampla, nuair a thug mé cuireadh do mo mháthair, iarmhúinteoir Francaise, luaigh mé léi trí eocharfhocal a bhuail isteach go mbeadh sí abalta “múineadh” “An Fhrainc”, “Tuismitheoireacht” agus “Fraincis” a leanúint. Nó i mbéarlagair Quora féin “thug” mé ábhar di.

  • Muinín: Ceann de na deacrachtaí is mó le Google, go háirithe anois ó tá sé go hiomlán “imeartha” ag na saineolaí optamú inneall cuardaigh ná nach féidir leat a bheith cinnte gurb iad na torthaí a fhaigheann tú na torthaí is fearr. Ar Quora is féidir vóta a chaitheamh ar son an freagra is fearr ar cheist, is féidir tráchtaireacht a fhágáil ar cheist agus fiú amháin, is féidir eagarthóireacht a dhéanamh, ní hamháin ar fhreagra ach ar an gceist féin. Chomh maith leis sin tá cnaipe chun buíochas a gabháil le freagróir ar leith. Mar sin, go háirithe ar na hábhair is conspóidí, d’fhéadfá a bheith cinnte go leor go bhfuil an pobal ag faireadh air.

Sásamh

Seoladh Quora i lár an samhraidh seo chaite ach bhí sé dúnta do chách seachas an dream a raibh cuireadh faighte acu. Osclaíodh é don saol mór le mí anuas, ach cheana, tá daoine mór le rá ar líne an-tógtha leis, An Scobleizer féin ina measc, a scríobh

“I’m really loving it. I have a hard time explaining why. I’m not the only one, either. Wow.” (Ó: http://www.businessinsider.com/is-quora-the-biggest-blogging-innovation-in-10-years-2010-12#ixzz1BnzUExD2)

Beidh blagmhír scríofa ag comhghleacaí liom sa Mheitheal ar na Meáin Sóisialta, Krishna De, faoi fheidhmeanna gnó Quora ar bhlag an IIA (http://blog.iia.ie) agus más duine gnó thú is fiú go mór súil a chaitheamh ar sin. Tá nasc eile thíos ar an ábhar seo freisin.

Rabhadh amháin áfach: bí ar an eolas gur slogaide ama amach is amach é an suíomh seo agus níl aon nuálacht ag baint leis sin. Is féidir mise a leanúint ag http://www.quora.com/Roseanne-Smith

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.