AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
An Astráil ag Titim chun Feola
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Níl aon easpa bia ar an Astrálach agus a shliocht air, a deir Bearnaí Ó Doibhlin, tá $56 billiún á chaitheamh i réimsí leighis in aghaidh na bliana mar gheall ar an ngrá áirithe sin, grá na hailpe.

Íomhá
3ú ó chlé Nick Green, bonn óir, le bádóirí folláine ar GP Day 08
le Thomasrdotorg ar Picasaweb
Íomhá
Ar son glasraí
le Antoine Tinawi ar Vicasweb
Íomhá
Geir bagúin
le Seán Rooks ar Picasaweb
Íomhá
An déagóir murtallach 146 cíleo meáchain
leis féin ar Vicipéid
Íomhá
Ar son na glaise
le Antoine Tinawi ar Picasaweb
Íomhá
Raimhre
le Randy Garbin ar Picasaweb

Is breá le lucht leanúna spóirt na hAstráile a mhaíomh go rialta go ngnóthaíonn fir agus mná spóirt na tíre i bhfad níos mó sna comórtais idirnáisiúnta éagsúla ná a mbeifí ag súil leis, nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil ach daonra de 22.5 milliún duine sa tír. Is minic a bhaineann na tráchtairí spóirt, chomh maith le Tadhg an mhargaidh, feidhm as an meafar Béarla, ‘ag leadradh os cionn a meáchain’, le cur síos ar éachtaí lucht an spóirt abhus.

Feictear dom go bhfuil sé fíoríorónta gur roghnaíodh an meafar seo de bharr gur foilsíodh roinnt tuarascálacha le blianta beaga anuas a léiríonn go bhfuil an Astráil chun tosaigh ar beagnach gach tír eile i ngné áirithe amháin a bhaineann le meáchan, ach ní hábhar bróid ná ceiliúrtha é. Tá fadhb an iomarca meáchain agus an mhurtaill níos measa ag muintir na hAstráile ná atá ag aon tír eile, de réir na dtuarascálacha a foilsíodh. Anuas air sin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil an fhadhb ag méadú de shíor ar fud na tíre.

Baineadh siar as daoine go leor abhus nuair a d’fhoilsigh Biúró Staidrimh na hAstráile torthaí an National Health Survey (NHS) de chuid an Roinn Sláinte, a rinneadh sna blianta 2004-05. Bhí 25,900 duine as gach aoisghrúpa mórthimpeall na tíre páirteach sa mheastachán agus iarradh orthu a meáchan féin a mheasúnú. Bailíodh airde, meáchan agus toise coime na rannpháirtithe mar chuid den staidéar agus ríomhadh a n-innéacs corpmhaise. Is é an t-innéacs corpmhaise an tslat tomhais idirnáisiúnta le meáchan an duine a mheas.

Feiceann Súil Ghlas Saol Glas

Mheas 63% de na fir agus 59% de na mná sa mheastachán go raibh meáchan ‘inghlactha’ acu agus níor admhaigh ach 32% de na fir agus 37% de na mná go raibh siad róthrommurtallach. Níor thug na meastacháin féintuairiscithe seo léargas cruinn ar chomh forleathan is atá daoine atá róthrom nó murtallach, ámh. Bhí éagsúlacht shuntasach idir na staidrimh féinmheasta agus iad bunaithe ar innéacs corpmhaise, a léirigh go raibh 62% de na fir agus 45% de na mná sa mheastachán aicmithe mar róthrom nó murtallach.

Níorbh ionadh go raibh na rannpháirtithe seo sa mheastachán den tuairim nach raibh aon fhadhb acu lena meáchan nuair a bhí formhór na ndaoine thart orthu róthrom nó murtallach freisin. Agus ní féidir dul i ngleic le haon fhadhb mura dtuigtear go bhfuil a leithéid ann sa chéad dul síos.

Nuair a chuirtear torthaí an mheastacháin 2004-05 i gcomórtas le torthaí an NHS a rinneadh sa bhliain 1995, is léir go bhfuil an claonadh seo i dtreo an iomarca meáchain ag dul in olcas. Ní raibh ach 52% de na fir agus 37% de na mná aicmithe mar róthrom nó mhurtallach thiar ansin. Léiríonn torthaí an NHS is déanaí go raibh 68% de na fir agus 55% de na mná róthrom nó murtallach, agus ciallaíonn sé sin go bhfuil fadhb an iomarca meáchain nó an mhurtaill ag corradh is 60% den daonra fásta san Astráil.

Caiteachas Ard an Leighis

Ní áibhéil é a rá go bhfuil fadhb an iomarca meáchain agus an mhurtaill ag ráta aicíde i measc daoine fásta san Astráil. Tuigtear go soiléir go bhfuil an iomarca meáchain agus murtaill i measc na bhfachtóirí riosca is measa do réimse leathan galar ainsealach, leithéidí hipirtheannais, diaibéitis agus galair chardashoithíocha. Foilsíodh alt sa Medical Journal of Australia le déanaí inar léiríodh go mbíonn ar na húdaráis sláinte abhus sa bhreis ar $56 billiún sa bhliain a chaitheamh ar chúram na ndaoine róthroma agus murtallacha.

Mar bharr ar an donas, tá fadhb an iomarca meáchain go dona i measc na hóige san Astráil freisin. Tá 25% de leanaí agus d’ógánaigh idir cúig bliana agus seacht mbliana déag d’aois róthrom nó murtallach, de réir an NHS is déanaí. Thug an Dochtúir Tim Lobstein, de chuid an International Association for the Study of Obesity, cuairt ar an Astráil anuraidh agus mhaígh seisean go bhfuil aiste bhia na hóige abhus níos measa ná aiste bhia na hóige sna Stáit Aontaithe Mheiriceá. Mheas sé go bhfuil an bia a itheann siad róshailleach agus ró-olach. Mhol sé cláir scoile a chuirfeadh cosc ar an bhfadhb roimh ré de bharr go mbíonn sé an-deacair dul i ngleic leis an bhfadhb nuair a bhíonn na gasúir tite i bhfeoil cheana féin.

Tá cláir éagsúla ar siúl sna scoileanna ar fud na tíre le blianta anuas le réimsí bia sláintiúla agus aclaíocht a chur chun cinn iontu. Bhíothas amhrasach faoi thionchar na gclár seo agus, dá bhrí sin, rinne an Productivity Commission scagadh orthu anuraidh. Theip ar a bhformhór, de réir an choimisiúin, de bharr nach bhfuil aon athrú mór i dtreo iompraíochtaí níos folláine le sonrú i measc rannpháirtithe na gclár sna scoileanna.

An Fhírinne Throm

D’eisigh an Dochtúir Lyn Roberts, príomhfheidhmeannach an Heart Foundation, ráiteas i dtaca leis an ngéarchéim seo le déanaí inar mhaígh sí go raibh fadhb an rómheáchain chomh dona i measc na glúine óige go raibh an chontúirt ann nach mairfidís chomh fada lena dtuismitheoirí. Is léir nár chuir an Dochtúir fiacail ann, ach táthar ag súil go mór nach dtiocfaidh an tuar faoina tairngreacht imeaglach.

Bhí féiníomhá náisiúnta ag muintir na hAstráile tráth den saol ar ar thug siad an leasainm, an Bronzed Aussie. Ba léiriú íocónach é den fhear Astrálach idéalach. Ba tharrthálaí óg é agus bhí sé féitheogach, aclaí agus folláin. Bhí sé buí ag an ngréin, dea-bhéasach agus réidh i dtólamh cuidiú le lucht snámha i sáinn, nó bhí cluiche spóirt éigin á imirt aige. Ba mhiotas é, dar ndóigh, ach chreid na daoine go raibh a leithéid le sonrú go forleathan i measc na bhfear óg fud fad na tíre.

Dá gcruthófá féiníomhá náisiúnta réadúil sa lá atá inniu ann, is dóigh liom go mbeadh sí an-éagsúil ón Aussie umhadhaite thuas. Fear chomh ramhar le rón a bheadh i gceist, ach ní bheadh sé ar an trá, ná ar aon pháirc imeartha. Sáite os comhair scáileán éigin a bheadh sé, agus bia éigin sailleach bealaíochta á alpadh aige. Is breá le muintir na hAstráile leasainmneacha a thabhairt ar dhaoine agus tugann siad ‘Ockers’ ar thútacháin abhus. Dá mbeadh leasainm le tabhairt ar an bhféiníomhá náisiúnta nua seo, feictear dom go mbeadh an Ocker Otair an-oiriúnach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.