AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Daonra na hAstráile ag dul i méid agus in aois
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Léiríonn torthaí an daonáirimh dheireanaigh nithe suimiúla i dtaobh dhaonra na hAstráile, ina measc, aois na ndaoine agus na teangacha a labhraíonn siad. Ach níl na torthaí cruinn amach is amach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.

Foilsíodh torthaí an daonáirimh a tógadh ar an 7 Lúnasa, 2001 le gairid agus tugann siad léargas suimiúil ar an gcaoi a bhfuil pobal na hAstráile ag athrú ó rinneadh an ceann deireanach i 1996. De réir an daonáirimh is deireanaí, bhí 18.97 milliún duine sa tír i mí Lúnasa, méadú 6% ó 1996. Tháinig méadú ar an gcéadchodán os cionn 65 go 12.6%.

Tá an céadchodán a rugadh sa tír ag dul i laghad. San Astráil a rugadh 73% den daonra, le hais 75% i 1996.

Is féidir freisin a fheiceáil an chaoi a bhfuil athrú ag teacht ar theangacha na tíre agus an tionchar atá ag an inimirce air sin. Is ar na cathracha móra, go háithrid Sydney agus Melbourne a thugann formhór na ndaoine ó thíortha iasachta a n-aghaidh, in ainneoin iarrachtaí an rialtais daoine a mhealladh chuig bailte níos lú nó amach faoin tuath. In 80% de theaghlaigh na tíre ní labhartar ach Béarla. Ach i Sydney, níl ach 66% de dhaoine nach labhrann ach Béarla sa mbaile. I Hobart, príomhchathair na Tasmáine, ní labhrann 91% de theaghlaigh ach Béarla. An tSínis, an Arabais agus an Iodáilis na teangacha is coitianta i New South Wales tar éis an Bhéarla, agus an Iodáilis, an Ghréigis agus an tSínis is coitianta i Victoria.

Is é Queensland an stát is mó ar tháinig méadú ar an daonra ó 1996 (8.5%) agus tá daonra an stáit sin ag dul in aois. Is cosúil gurb é an chúis atá leis sin ná an méid daoine as stáit eile a bhogann go Queensland ag sú na gréine nuair a théann siad ar pinsean. Tá sé sin fíor go háithrid faoin Gold Coast in oirdheisceart an stáit.

I Sydney, Canberra agus Melbourne is airde atá ioncaim agus meallann sé sin daoine as áiteacha eile. Ar ndóigh, is sna cathracha sin is airde atá an costas maireachtála freisin, go háithrid costas tithíochta.

Cé go bhfuil athruithe le tabhairt faoi deara ó 1996, is mó go mór na hathruithe atá le feiceáil nuair a dhéantar comparáid le 1901. An uair sin ní raibh ach 3.77 milliún duine sa tír agus ní raibh ach 4% acu os cionn 65. San Astráil a rugadh 77% den daonra i 1901 agus sa mBreatain a rugadh 18% eile. An dream atá sa tír faoi láthair, rugadh 72% acu anseo, 6% sa mBreatain, agus 5% san Áis.

Ach an bhfuil na figiúirí seo ar fad cruinn? Ní cosúil go bhfuil. Admhaíonn an Australian Bureau of Statistics gur cosúil go bhfuil tuairim is leathmhilliún duine ar iarraidh sa daonáireamh. De réir an chloig atá ag an mbiúró ar an idirlíon agus a thaispeánann athruithe daonra gach cúpla nóiméad, bhí 19.5 milliún duine sa tír lá an daonáirimh (19.69 atá ar an gclog sin anois). Measann an biúró go bhfuil an uimhir sin níos cruinne ná an 18.97 a deir an daonáireamh. Ní thuigeann siad baileach cén fáth go bhfuil an oiread sin de dhifríocht eatarthu ach ceaptar gur fir shingil ina gcónaí leo féin cuid mhaith acu agus nach raibh fáil orthu lá an daonáirimh.

B’fhéidir go mbeidh siad siúd sa mbaile i 2006.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.