AR NA SAOLTA SEO
Leagan amach úr i ndán don pholaitíocht aontachtach
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Féachann Robert McMillen ar na himpleachtaí a bhaineann le torthaí thoghchán an Tionóil sna Sé Chontae.

Íomhá
Alex Maskey, Sinn Féin
Íomhá
Ian Paisley, Ceannaire an DUP
Íomhá
Ceannaire an UUP, David Trimble

Ochón agus ochón ó. Ba é a thuar Bertie Ahern ná gur praiseach a bheadh i dtorthaí an toghcháin ó thuaidh agus tháinig an tuar fán tairngreacht. Cad é mar thiocfadh lena mhalairt bheith fior? An nimh i lár an UUP, dul in aois an SDLP agus an dá pháirtí fhuinniúla, Sinn Féin - an t-aon pháirtí amháin a thugann tacaíocht do Chomhaontú Aoine an Chéasta ar éirigh go maith leis - agus an DUP ag dul i dtreise i rith an ama, ach nach labharfaidh siad lena chéile.

Ach an labharfaidh?

Duine de bhuaiteoirí ardphróifíle an toghcháin ab ea Alex Maskey. Nuair a toghadh Alex den chéad uair ar Chomhairle Chathair Bhéal Feirste i 1983, an chéad Sinn Féineach riamh lena áit a ghlacadh i Halla na Cathrach, cuireadh gach bac roimhe, cuid acu dleathach, cuid eile mídhleathach.

Fiche bliain ar aghaidh, agus is é Sinn Féin an páirtí is mó i mBéal Feirste. Toghadh Maskey mar Ardmhéara anuraidh agus i mbliana chuaigh roinnt ball den DUP chuig cóisir Nollag Shinn Féin i Halla na Cathrach. Athraíonn cúrsaí. Ní athraíonn siad chomh gasta agus ba mhaith linn iad athrú, ach athraíonn siad.

An athróidh an DUP? Nuair a fuair Ian Paisley greim ar chóta an iriseora Ivan Little ag rá nach labharfadh sé choíche go deo le Sinn Féin, bhí sé ag déanamh na fírinne. Chaith Paisley a shaol ag troid in éadan an náisiúnachais, Eaglais na Róimhe, line dancing, agus míle rud eile agus theip air i gcás achan cheann acu. Níor tháinig deireadh le *line dancing *(is mór an trua), níl Ard-Eaglais Naomh Pól ina ballóg, agus tá an náisiúnachas ag dul ó neart go neart. Is tábhachtaí an idé-eolaíocht ná an dul chun cinn in intinn Paisley. Ach tá sin iontach furasta. Cáineann tú achan duine.

Maítear go bhfuil pragmatachas ag baint leis an chuid is óige (agus is tallanaí) taobh istigh den DUP. Beidh le feiceáil. Agus laetha saoire na Nollag ag tarraingt orainn go gasta, beidh seans ag na páirtithe a gcuid straitéisí a oibriú amach, ach le hancaire Ian Paisley ag greamú a fhoirne don talamh chúng, is doiligh a fheiceáil cad é mar is féidir dul chun cinn a dhéanamh.

athbhreithniú le déanamh ar an Chomhaontú ar ball. Seo seans don DUP troid ar son na n-athruithe atá de dhíth orthu. Má éiríonn leo go leor a fháil, sin an eochair a osclóidh an doras. Ach is beag an seans go dtarlóidh sin féin. Tá na páirtithe eile dubh in éadan athruithe bunúsacha sa Chomhaontú agus ní bhfaighidh eite Robinson/Dodds spreagadh ar bith uaidh sin.

Ionsaí ar Trimble

Ach cad é fán UUP? An féidir gur UUP agus Jeffrey Donaldson i gceannas air a bheas ag glacadh páirte i cibé idirbheartaíocht a bheas i gceist? Is léir go bhfuil eite fhrith-Chomhaontaithe an pháirtí réidh le hionsaí mór a dhéanamh ar Trimble le hé a dhíshealbhú. Má bhíonn an dá pháirtí mhóra aontachtacha in éadan an Chomhaontaithe, beidh lá an dóchais chróga thart.

Bhí mé féin ag an lárionad cuntais d’Aontroim Thoir agus Aontroim Theas, áit a raibh David Burnside ag seasamh. Ceann de na rudaí ba shuimiúla a dúirt sé ná go rachadh sé chun cainte leis an DUP le straitéis aontaithe aontachtach a chur le chéile.

Ba shuimiúla arís Jeffery Donaldson ag rá go raibh sé in am ag David Trimble éirí as.

Tá tús áite caillte ag an UUP (ainneoin nár chaill siad ach suíochán amháin). Is mó suíochán atá ag an DUP ná mar atá ag páirtí Trimble, más cuí páirtí Trimble a thabhairt air níos mó. Tá leagan amach úr ag teacht don pholaitíocht aontachtach ach ní féidir a thuar cad é an crut a bheas air

Ach sin an pholaitíocht. Cad é is féidir leis an IRA a dhéanamh? A gcuid ábhar cogaidh a thabhairt uathu - go hoscailte. Beag an seans go dtarlóidh sin ach oiread agus is dócha nach leor é a thuilleadh, ach is cinnte go mbeidh straitéiseoirí Shinn Féin ag bualadh le chéile leis an bhealach chun cinn a oibriú amach, a fhad is tá an DUP ag bualadh le Paul Murphy le leagan amach na hidirbheartaíochta a phlé.

An fhlaithiúlacht seo d’aontachtóirí a mbíonn siad ag caint uirthi, seo an t-am is mó a bhfuil sí de dhíth ach, go híorónta, an t-am is éadóiche go bhfeicfear í.

Géillstean don DUP” - céim rófhada, déarfainn, do ghluaiseacht na poblachta, ach tá Sinn Féin ag maíomh gur “lucht fuascailte fadhbanna” iad. Seo an fhadhb is mó ó síníodh an Comhaontú i 1998; beidh samhlaíocht iontach, crógacht as an ghnách, an toil rudaí úra a thriail agus spiorad láidir athmhuintearais riachtanach.

Ar a laghad, má éiríonn le Sinn Féin agus an DUP a theacht ar chomhréiteach, sin comhréiteach a mbeidh dúshraith bhuan faoi.

Nollaig shona daoibh.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.