Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #59 · MÁRTA 2006
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Is í Éirinn an dara tír is measa san Aontas Eorpach maidir le rochtain ar leathanbhanda ach tá seans go rachfar i ngleic leis an fhadhb seo go luath.

»»»
Íomhá
AGALLAMH BEO
Éamonn Ó Dónaill

Tá Eoin Dillon ag seinm ceoil ó bhí sé cúig bliana déag agus ina bhall den ghrúpa Kíla ó bhí tús na nóchaidí ann ach níl sé ach ag eisiúint a chéad albam aonair anois. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoi thaifeadadh an albaim agus faoina shaol mar cheoltóir lánaimseartha.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Brian Ó Broin

Míníonn Brian Ó Broin an tslí a n-oibríonn córas polaitíochta na Stát Aontaithe agus cén fáth a bhfuil sé chomh seasmhach sin.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Míníonn Ciara Nic Gabhann cad é mar a fuair deilbhín na nOscar a ainm.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Colm Ó Snodaigh

Labhraíonn Colm Ó Snodaigh faoin sásamh a bhaineann le bheith ag seinm le ceoltóir eisceachtúil mar Liam Ó Maonlaí.

»»»
AR NA SAOLTA SEO/AN EORAIP
Carmen Rodríguez

Féachann Carmen Rodríguez ar an iarracht is déanaí atá ar bun ag polaiteoirí na Catalóine chun féinrialtas a bhaint amach don réigiún ón Spáinn.

»»»
Íomhá
TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Stefan Müller

Ní bhíonn mórán deiseanna ag Stefan Müller a chuid Gaeilge a chleachtadh ach tá sé meáite ar feabhas a chur ar a chuid scileanna sa teanga mar sin féin.

»»»
CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Antaine Ó Faracháin

Tá an píobaire uilleann Nollaig Mac Cárthaigh agus a bhean Joyce ag tógáil a gclainne le Gaeilge agus le ceol i mBaile Átha Cliath. Labhair Antaine Ó Faracháin le Nollaig le fáil amach an mbíonn ciúnas acu sa teach riamh!

»»»
CÚINNE NA nEALAÍON
Colm Ó Snodaigh

Míníonn Colm Ó Snodaigh an chaoi ar chabhraigh an ceol leis an brón a bhraith sé nuair a fuair cara leis bás le déanaí a chur in iúl.

»»»
CÚINNE NA nEALAÍON
Eithne Ní Ghallchobhair

Labhair Eithne Ní Ghallchobhair le beirt a bhfuil baint acu le tionscadal tábhachtach in iardheisceart Dhún na nGall a bhfuil sé mar sprioc aige traidisiún ceoil agus seanchas an cheantair a chaomhnú.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Dáithí Ó Colchúin

binse fiosraithe san Astráil i ndiaidh a léiriú go raibh a fhios ag feidhmeannaigh de chuid AWB go raibh a gcomhlacht ag cur airgid i bpócaí Saddam Hussein, rud a shéan siad ar dtús. Cúlra an scéil ó Dháithí Ó Colchúin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Scaoil Cú Chulainn, Cosantóir na Teorann, rún le Balor le gairid a chuir iontas an domhain air.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

Tuigeann an tAire Oideachais go bhfuil géarchéim i múineadh na Gaeilge sna scoileanna ach an mbeidh cead aici dul i ngleic leis an fhadhb, a fhiafraíonn Breandán Delap.

»»»
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Níl aon ghréasan gan sreang sa bhaile ag Diarmaid Mac Mathúna agus b’éigean dó an-dua a chur air féin chun ceann a aimsiú.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Dónall Ó Maolfabhail

Féachann Dónall Ó Maolfabhail ar na himpleachtaí a bhainfidh le cinneadh Stát-Rúnaí an Tuaiscirt, Peter Hain, ról an Bhrainse Speisialta agus MI5 a athrú ó 2007 ar aghaidh.

»»»
Íomhá
TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Félim Borland

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Félim Borland, Na Gaeil Óga, ceantair éagsúla in Éirinn.

»»»
LIAM AGUS BAIRBRE
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Liz Curtis

D’fhoghlaim Liz Curtis go leor faoi shaol na manach fadó le linn di cuairt a thabhairt ar an áit a raibh mainistir Bheannachair suite fadó.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Pádraig Ó Siadhail

borradh faoin aerlasta i láthair na huaire ach measann Pádraig Mac Éamoinn nach mairfidh sé seo ach roinnt blianta eile.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Pádraig Standún

glúin nua scríbhneoirí próis ag cur brí agus beatha sa litríocht ghaelach in Albain, agus tá an scríbhneoireacht Ghàidhlig ag dul ó neart go neart ó bunaíodh an fiontar foilsitheoireachta “Ùr-sgeul”. Tá na foilsitheoirí Éireannacha Cois Life i ndiaidh dul i bpáirt leo chun Hurlamaboc le hEilís Ní Dhuibhne a chur ar fáil i nGàidhlig agus cnuasach gearrscéalta le Màrtainn Mac an t-Saoir agus Donnchadh Mac GiollaIosa a chur ar fáil i nGaeilge. Is é ainm an chnuasaigh ná Malairt Scéil - Nuascéalaíocht as Albain, arna aistriú ag Antain Mac Lochlainn. Seo thíos scéal le Màrtainn Mac an t-Saoir.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

Measann Robert McMillen gur léiriú ab ea na círéibeacha a tharla i lár Bhaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo caite ar an mhíshásamh a bhraitheann go leor daoine le sochaí na hÉireann.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Measann Colm Mac Séalaigh nach bhfuil an toil i gCumann Lúthchleas Gael le déileáil le foréigean agus drochiompar ar an bpáirc imeartha.

»»»
Íomhá
RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: éad i measc na mban.

»»»
Íomhá
TEANGA AGUS CULTÚR
David Leydon

Déanann David Leydon ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge cur síos ar chuid de na himeachtaí a bheas ar siúl le linn Thóstal na Gaeilge i nGaillimh ag deireadh na míosa seo.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS/LAETHANTA SAOIRE
Máire Ní Chuagáin

Chaith Máire Ní Chuagáin Oíche Chinn Bhliana i bPáras agus chuaigh na difríochtaí idir an ceiliúradh ansin agus in Éirinn i gcion uirthi.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

D’fhill an t-imreoir sacair Robbie Fowler go Liverpool FC ag deireadh mhí Eanáir, ceithre bliana tar éis dó an club a fhágáil. Féachann Tony Birtill siar ar eachtra a tharla le linn do Fowler bheith ag imirt do Liverpool an chéad uair, a chothaigh meas as cuimse air i measc mhuintir Learphoill.

»»»
AR NA SAOLTA SEO
Uinsionn Mac Dubhghaill

D’fhreastail Uinsionn Mac Dubhghaill ar chomhdháil faoi bhunreacht na hEorpa an mhí seo caite agus chuala sé cainteoirí éagsúla ag míniú cad iad na bacanna atá roimh fhiontraithe aonair na hEorpa, bacanna nach bhfuil i gceist sna Stáit Aontaithe.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.