AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Na mná rialta agus círéibeacha Bhaile Átha Cliath
Balor Balor Balor

Scaoil Chulainn, Cosantóir na Teorann, rún le Balor le gairid a chuir iontas an domhain air.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill
Íomhá
Bean rialta i mbréagriocht ar tríoblóid a thógáil ar Shráid Chonaill
Íomhá
Cuid den damáiste a rinne na mná rialta ar Shráid Chonaill

Charlie Bird mo thóin!” a mhaígh Balor an Bhéil Bhinn, agus é ag déanamh beag is fiú d’éachtaí agus d’eachtraí an chomhfhreagraí chalma chochallaigh chonfaigh. “Sea! Mo thóin, a deirim. Is fíor go ndeachaigh i gcontúirt a anama, gur sheas sa bhearna bhaoil arís agus arís eile chun agallaimh agus scéalta nuachta a fháil; ach is beag an méid atá déanta aige i gcomparáid lena bhfuil agam féin daoibh an tseachtain seo, a léitheoirí. Chuaigh mise i mbaol mo chaillte, agus níos measa b’fhéidir: i mbaol mo choillte, chun agallamh eisiach a chur ar Chú Chulainn Cróga Mac an Uladh as Bearna an Tuaiscirt, Fidei Defensor, Cosantóir na Teorann, agus Urlabhraí DDTDílseoirí Dílse Truacánta.

Bhí Chulainn ar ais ina nead beag suaimhnis i mBearna an Tuaiscirt, a theileascóp ina leathláimh aige, agus é ag faire go glinnsúileach orthu siúd a fuair de chroí cos a leagan thar theorainn s’aigesean isteach in Ulaidh. Leis an lámh eile bhí ag cuimilt Germolene cumhradéanta sa Bhreatain dar ndóighisteach san iliomad créachtaí, claiseanna agus cneácha a bhí le feiceáil ar fud a choirp bhiata. róshásta a bhí Chulainn Cróga bhí díreach i ndiaidh a bhealach stabhach a dhéanamh ar ais ó thuaidh asPríomhchathair na tíre sin ó dheas”, é ag spágáil go neimhéalach, truamhéalach gach céim den bhealach, chaill an bus.

Bhí Cosantóir na Teorann agus cúpla céad ball den DDT i ndiaidh a móid gheanmnaíochta a bhriseadh nuair a thrasnaigh siad an teorainn le taisteal go Baile Átha Cliath chun páirt a ghlacadh sa léirsiú mór i Sráid Chonaill: Is Grá Linne Muid Féin. “Agus ar fhulaing aon mhórghoin seachas na créachtaí sin a bhfuil ag cuimilt Germolene isteach iontu?” a d’fhiafraigh Laoch na Litríochta go híogair agus go cásmhar. “Nach bhfaca é ar an teilifís?” a d’fhiafraigh Chulainn. “Chonaic féin agus mo chairde ar fad é,” a lean leis, “ach fheiceann daoine ach an méid atá siad ag iarraidh a fheiceáil. Caitheadh cloch ollmhór liom agus chuaigh chúpla orlach de mo chluais chlé.” “Nach ortsa a bhí an t-ádh dearg!” a dúirt Balor. “Bhuel sea agus hea,” a d’fhreagair Ceann an DDT. “Bhí an t-ádh orm nár bhuail mo chluas, ach bhuail anseo ar chúl mo chloiginn.” Agus thiontaigh thart le go bhfeicfeadh Balor an meall millteanach mór a bhí i ndiaidh fás amach fríd an mhéid sin chuid gruaige nach raibh stróicthe amach aige le teann fraochtachta.

Agus do bharúil a bhí ciontach as an scliúchas sin ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, a Chú Chulainn?” a d’fhiafraigh Balor an Bhéil Bhinn. “ scliúchas a bhí ann ar an chéad dul síos,” a d’fhreagair Cosantóir na Bearna, “ scliúchas! Círéib, ionsaí seicteach, forrán fíochmhar ar na Dílseoirí Dílse Truacántasin a bhí ann.”

Ach a Chú Chulainn, níor fhreagair mo cheist,” a dúirt an Cioclóp Curata, a bhí i ndiaidh a mhisneach a chrochadh suas, chomh maith lena bhríste, ar bhealach nach ndéanfadh Charlie Bird riamh. “Do bharúil a bhí ina chiontaí leis agus freagrach as?” “ thusa ag ligean ort nach bhfuil a fhios agat sin nuair atá a fhios ag an saol mór,” arsa Chulainn. “ eile ach na mná rialta na mná mírialta ba chóir dom a ?”

Ag magadh atá ! Bhí féin i láthair agus fhaca aon bhean rialta ar chor ar bith ar Shráid Chonaill an sin,” a d’fhreagair Balor le calmacht agus le cinnteacht. “ fhaca , agus fhaca duine ar bith eile iad,” a d’fhreagair Chulainn Cróga, “ach bhí siad ann ina gcéadta, iad ar fad i mbréagriochtfaoi bhrístí géine agus hoodies, scairfeanna thart ar a ngnúiseanna, na muinchillí crochta suas, tatúnna ar a sciatháin agus iad ag cruinniú cloch ina gcairn agus á gcaitheamh le mo leithéid.” “Ach, a Chú Chulainn,” arsa Balor, “níl sin fíor. thiocfadh leis a bheith fíor. Níl mórán acu fágtha sa tír, agus iad sin atá fós thart siad os cionn trí scór bliain d’aois. Níl oiread acu ann agus a líonfadh cúpla carn clochcúpla clochar ba cheart dom a .”

Cad é a bheadh le ag Monsieur Freud faoi sin?” arsa Chulainn. “Níl fíor nach bhfuil mórán acu ann. Sin bréag a chraobhscaoileann na siúracha le nach mbeidh daoine ar an n-airdeall níos . Is geall le cumann rúnda iad. na mílte acu ann, iad ag gabháil thart i riocht gardaí agus gurriers, múinteoirí agus mionchoirpigh, cioclóip agus ciontóirí. bhfios ach gur tusa an tSiúr Balor? Is iad na mná rialta is ciontaí leis an trioblóid ar fad sa tír seo. Is iad atá taobh thiar de gach cinneadh rialtais agus gach easpa chinnte.”

daoine den bharúil gurbh iad na Jesuits a chum an nath, ach dul amú orthu; na mná rialta ar dtús a dúirt: “Tabhair dom lámh an linbh le é a bhualadh le rialóir agus tabharfaidh mise duitse an duine fásta.” Bhí gach aon teachta i nDáil Éireann ar scoil ag na mná rialta, faoina dtionchar ar bhealach inteacht nuair a bhí siad óg. Agus is mná rialta rúnda iad an chuid is de bhaill an Rialtais. iontach furasta an tAire Dlí is Cirt a shamhlú faoi chaille; é ag stánadh ort fríd na spéaclaí clochair sin, draothadh gáire ar a ghnúis, rialóir adhmaid ina ghlac agus é ag bagairt agus ag drannadh mar a dhéanann .”

A Chú Chulainn chliste, an bhfuil tusa á liom go gcreideann i ndáiríre píre gur mná rialta rúnda a bhí ag treorú na ngaigíní sráide i mBaile Átha Cliath?” “Creidim go daingean,” arsa Chulainn, “agus hamháin go raibh siad ag stiúradh na trioblóide, ach bhí siad féin i measc na gcaiteoirí cloch agus buidéal. Síocháin agus grámo thóin! Singing Nuns agus Sister Act *– mo thóin! *The Sound of Music agus Lilies of the Fieldmo thóin!”

Ach raibh bean rialta ar bith luaite i measc na ndaoine a cúisíodh i ndiaidh na gcíréibeacha. Is ag caint fríd do thóin atá , a Chú Chulainn.” “Nach raibh ag éisteacht liom ar chor ar bith, a Bhaloir? Nár mhínigh duit gur i mbréagriocht a bhíonn siad, gur cumann rúnda atá iontu, go bhfuil siad thart orainn i ngan fhios dúinn? B’fhearr duitse bheith ar d’aire bheith do mo mhaslú. bheadh a fhios agat atá taobh leat... taobh thiar díot...”

Bígí cúramach amuigh ansin!

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.