TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Easpa deiseanna labhartha ach mórchuid díograise
Stefan Müller Stefan Müller

bhíonn mórán deiseanna ag Stefan Müller a chuid Gaeilge a chleachtadh ach meáite ar feabhas a chur ar a chuid scileanna sa teanga mar sin féin.

Íomhá
An Marktplatz i Halle
Íomhá
Teach Opera Halle
Íomhá
An Löwengebäude, príomhfhoirgneamh Ollscoil Martin-Luther

Is mise Stefan. dhá bhliain is fiche d’aois agus i mo chónaí i Halle ar abhainn an Saale sa Ghearmáin. I láthair na huaire, is mac léinn tríú bliain in Ollscoil Martin Luther, áit a bhfuil ag déanamh staidéir ar an mBéarla agus ar litríocht na Gearmáinise. Chuir suim sa Ghaeilge ar dtús ceithre bliana ó shin. Nuair a léigh *Ulysses *le James Joyce thug faoi deara go raibh na chéad abairtí i dteanga strainséartha, an Ghaeilge. Shíl go raibh cuma an-álainn uirthi mar theanganeamhchoitianta ach an-spéisiúil. Ina dhiaidh sin, thosaigh cur eolais ar an teanga seo. Ar an drochuair, níor éirigh liom ach cúpla leabhar a fháil: *Learning Irish *le Mícheál Ó Siadhail agus aon fhoclóir amháin a d’aistrigh beirt go Gearmáinis. Is mór an trua go bhfuil a laghad sin leabhar ar fáil anseo, go háirithe leabhair d’fhoghlaimeoirí agus samplaí maithe iontu den chaint bheo. Níl an chuid is de na leabhair ar fáil ach i mBéarla. Níl furasta teanga iasachta a fhoghlaim, ach níos deacra fós ort í a fhoghlaim trí theanga iasachta eile. Thosaigh ag éisteacht le go leor leor ceoil, le Clannad, Aoife Fhearraigh agus Altan mar shampla, agus chuardaigh suímh ghréasáin a bhféadfainn ar a laghad rud éigin a fhoghlaim orthu. Bhí an t-idirlíon ina chabhair mhór dom. Ar an drochuair, níl aon ghrúpa foghlaimeoirí i mo bhaile sa cheantar máguaird, ach bhí suímh Dhaltaí na Gaeilge (www.daltai.com), *Beo! *agus Blas (www.bbc.co.uk/northernireland/irish/blas) ina gcabhair mhór dom. lucht na Gaeilge go deas agus bíonn áthas orthu i gcónaí cuidiú leis an duine nua.

Trí seachtaine in Éirinn

Ar feadh roinnt blianta, ba mhian liom taisteal go hÉirinn. Bhí a fhios ag mo chomhluadar agus mo chairde faoi mo shuim sa Ghaeilge, nár thuig siad cén fáth a raibh spéis agam inti, agus níl oiread suime ag aon duine acu inti go mbeadh siad sásta í a fhoghlaim liom. Ach, cara agam a shíleann gur tír álainn shuimiúil í Éirinn. Sa deireadh, i Iúil 2004, rinne an turas go hÉirinn leis an gcara seo agus thaistil muid thart ar rothair ar feadh trí seachtaine. Chuaigh muid ó Chorcaigh go Cathair na Mart agus raibh againn ach taithí mhaith leis na daoine. Bhí siad cairdiúil agus cabhrach. Bhí seans agam freisin beagán Gaeilge a labhairt sa Ghort, Contae na Gaillimhe. Bhí áthas orm, mar a bheadh leanbh ann, ag úsáid abairtí marConas atá ?”, “ go maithagusSlán leat”. Na ceithre dheireanacha, bhí muid i mBaile Átha Cliath, rud a bhí an-suimiúil. Agus ansin, cheannaigh cúpla leabhar, cúpla páipéar nuachta agus leabhar gramadaí. Seolaim ríomhphost fós ó am go ham chuig fear a casadh dom i nGaillimh. Bainim triail as an nGaeilge a labhairt le daoine áirithe ar mhaithe le cleachtadh. Caithfidh a go bhfuil míbhuntáistí ag baint le bheith ag foghlaim leat féin. ag cuardach deise chun freastal ar ranganna Gaeilge mar a fhios agam go bhfuil deacrachtaí móra agam go fóill leis an tuiseal ginideach, le haimsirí na mbriathra agus le haidiachtaí. súil agam go mbeidh na gnéithe sin den Ghaeilge níos fearr agam san am atá le theacht. An deacracht is nach bhfuil in ann abairtí fadascríofa labharthaa thuiscint. Ach ag léamh go leor i gcónaí, altanna ón idirlíon, mar shampla, leabhair mar Harry Potter agus an Órchloch, *Fiche Blian ag Fás *agus cinn eile nach iad. Bainim pléisiúr as sin, nach dtuigim gach uile rud, ach gach rud a thuiscint i dtosach. áthas mór orm bheith ag foghlaim na Gaeilge agus shílim go stadfaidh na cúpla deacracht atá agam . Cuireann an teanga iontas orm gach agus ag saibhriú m’intinne go mór.

Rugadh agus tógadh Stefan Müller i Halle/Saale (Sachsen-Anhalt) sa Ghearmáin. Tar éis na meánscoile, dhearna seirbhís mhíleata ach rinne obair shibhialta ( Zivildienst) in 2003/04. ag déanamh staidéir ar an mBéarla agus ar Litríocht na Gearmáinise san ollscoil ó bhí Dheireadh Fómhair 2004 ann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.