CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Teaghlach ceolmhar Gaelach
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

an píobaire uilleann Nollaig Mac Cárthaigh agus a bhean Joyce ag tógáil a gclainne le Gaeilge agus le ceol i mBaile Átha Cliath. Labhair Antaine Ó Faracháin le Nollaig le fáil amach an mbíonn ciúnas acu sa teach riamh!

Antaine Ó Faracháin: Cén uair dheireanach ar sheinn cúpla tiúin?

Nollaig Mac Cárthaigh: Inné. Déanaim iarracht port amháin ar a laghad a chasadh seacht na seachtaine. Is iontach an nós é mar, chuireann an phíb ort, seans go gcasfaidh cúpla ceann.

AÓF: Cén áit a raibh agus a bhí ag seinm leat?

NMacC: Bhí ag seinm liom féin sa seomra suite. De ghnáth casaim sa Cobblestone [Margadh na Feirme] ar an Déardaoin le Ger Galvin, Jackie Martin, Paul O’Shaughnessy agus cúpla duine eile.

AÓF: An bhfuil aon tiúin speisialta ann a thaitníonn leat thar gach ceann eile?

NMacC: Níl. Bíonn dreas tiúineanna á chasadh agam ag aon am amháin, ach athraíonn an dreas sin ó am go chéile. Faoi láthair is breá liom an rílSpeed The Plough” (leagan Tommy Reck/Shéamuis Ennis ), an fonn mallEanach Dhúinagus an portConnie the Soldier”.

AÓF: Agus fonn mall d’amhrán á sheinm agat, an mbíonn ag smaoineamh ar an amhrán? An mbíonn ag casadh na bhfocal istigh i d’intinn le linn duit a bheith á sheinm?

NMacC: Bíonn na focail á gcasadh agam. De ghnáth foghlaimím an chéad véarsa agus an véarsa deireanach d’amhrán agus ceann dhó eile ina dtéann an ceol agus na focail le chéile go nádúrtha, mar shampla, “ mo lámha stróicthe ....”

AÓF: hiad na hamhránaithe a thaitníonn leat?

NMacC: Tomás Ó Neachtain, Nioclás Tóibín, Odharnait Chéilleachair, Seán Ó Gairbhí, agus go leor leor eile.

AÓF: An bhfuil aon cheoltóirí ann a chuireann faoi dhraíocht thú lena gcuid cheoil?

NMacC: Tommy Reck, Willie Clancy, Bobby Casey, Pádraig O’Keeffe agus Harry Bradley.

AÓF: Cén t-albam taifeadadh is deireanaí ar éist leis?

NMacC: The Tap Room Trio leis an ngrúpa den ainm céanna ina bhfuil Harry Bradley: (fliúit, piccolo), Jesse Smith (fidil) agus John Blake (giotár, pianó, fliúit).

AÓF: An cuimhin leat an chéad albam taifeadadh speisialta éigin a fuair ? An mbíonn ag éisteacht leis sin go fóill?

NMacC: An ceann le Planxty a bhfuil dearadh cosúil le dearadh ó Leabhar Cheanannais ar an gclúdach. Ach is fada ó d’éist leis.

AÓF: Céard é an rud is tábhachtaí le foghlaim faoin gceol traidisiúnta, dar leat, nuair atá duine ag tosú ag seinm?

NMacC: Éisteacht!

AÓF: Bíonn go leor féilte ceoil ar siúl anois ar fud na tíre, go speisialta i rith an tsamhraidh agus cuid acu an-mhaith le haghaidh gasúr. Cén ceann is fearr leat féin agus cén fáth?

NMacC: Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach an ceann is fearr liom féin. Is maith liom bualadh le daoine ann. Scoil Samhraidh Joe Mooney i nDroim Sheanbhó do na gasúir. Bíonn an-deis acu ceol a chasadh lena gcairde ann.

AÓF: Ainmnigh an tiúin deireanach a d’fhoghlaim , agus an tiúin deireanach a mhúin .

NMacC: An ceann deireanach a d’fhoghlaim Dónal an Phumpa” – ón Tap Room Trioagus an ceann deireanach a mhúin Cailín an Mhóir- do rang gasúr (idir deich mbliana agus dhá bhliain déag) in Áras na bPíobairí Uilleann, Sráid Henrietta.

AÓF: An seinneann aon uirlis eile seachas an phíb uilleann?

NMacC: Seinnim an fheadóg stáin.

AÓF: a rinne an phíb atá agat?

NMacC: dhá dheis phíbe agam. Rinne Peter Hunter an deis D agus rinne Joe Kennedy an deis C# atá agam.

AÓF: Bhíodh Séamus Ennis ag maíomh go dtógann bliain is fiche le bheith i do phíobaire. An aontófá leis sin?

NMacC: D’aontóinn. Ach is féidir na trí sheacht a chur le chéile in aon seacht amháin thuigeann !

AÓF: Seinneann an phíb uilleann ach ar thriail an phíb mhór a sheinm riamh?

NMacC: Uair amháin. Ach raibh in ann iad a líonadh le haer!

AÓF: Inis dom faoi do chuid gasúr. Céard a sheinneann siadsan?

NMacC: Is í Ciara is sine (17) agus casann ar an bhfidil. Casann Deirdre (14) an consairtín agus an chruit. Agus casann Sinéad (9) an fhidil.

AÓF: Caithfidh go mbítear ag gabháil cheoil i gcónaí i do theach, an mbíonn?

NMacC: Bíonn. Muna mbíonn duine ar bith ag casadh bíonn dlúthdhiosca éigin ar siúl!

AÓF: An mbíonn gach duine sa teach ina sheomra féin ag cleachtadh an seinneann sibh ar fad le chéile sa gcistin?

NMacC: Bíonn daoine ag cleachtadh leo féin de ghnáth ach anois is arís tagaimid le chéile sa chistin.

AÓF: Céard a dhéanann sibh chun sos a thógáil ón gceol, an mbíonn sos agaibh riamh?

NMacC: bhíonn ag teastáil!

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.