CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Blaiseadh ar bheatha
Pádraig Standún Pádraig Standún

glúin nua scríbhneoirí próis ag cur brí agus beatha sa litríocht ghaelach in Albain, agus tá an scríbhneoireacht Ghàidhlig ag dul ó neart go neart ó bunaíodh an fiontar foilsitheoireachta “Ùr-sgeul”. Tá na foilsitheoirí Éireannacha Cois Life i ndiaidh dul i bpáirt leo chun Hurlamaboc le hEilís Ní Dhuibhne a chur ar fáil i nGàidhlig agus cnuasach gearrscéalta le Màrtainn Mac an t-Saoir agus Donnchadh Mac GiollaIosa a chur ar fáil i nGaeilge. Is é ainm an chnuasaigh ná Malairt Scéil - Nuascéalaíocht as Albain, arna aistriú ag Antain Mac Lochlainn. Seo thíos scéal le Màrtainn Mac an t-Saoir.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Cé gur mhionnaigh Artair nach rachadh sé ar a bheatha bhuan chuig dinnéar i dteach “an tslíomaire Shasanaigh úd”, thug saint an ghoile agus an méid a chuala sé ag Rose ar an fhón air a chomhairle a athrú láithreach bonn.

“Go mífhortúnach,” ar sise le Dave, “ní bheidh Artair in ann teacht Dé hAoine ar chor ar bith – tá siad á iarraidh sa phictiúrlann. Is cuma dúinne, nach ndéanfaidh an bheirt againn oíche de?”

Thug Artair leis buidéal Liebfraumilch a bhí sé i ndiaidh a thabhairt chuig cóisir in Sunbury agus a thabhairt chun an bhaile leis arís ag deireadh na hoíche.

“Bhfuil a fhios agat seo, a Dave, tá do chuid cócaireachta ar fheabhas uilig, a mhac – proifisiúnta, beagnach. Ní raibh mise ag dul a chailleadh an tseans seo ar mhaithe le duine ar bith.” Bhí sé ag tabhairt leis tuilleadh curaí, a bhéal lán Chapatti. “Bíodh acu, lucht na pictiúrlainne. Nach bhfaighidh siad duine éigin atá ábalta bréag a insint faoi na scannáin agus ticéid a dhíol? Cad é atá ann ar scor ar bith?”

“Cad é atá in cad é, a Artair?” a d”fhiafraigh Dave. Lig Rose osna eile.

“Cad é sin, a Dave?”

“Chuir tú ceist ar Dave, a Artair.” Bhí Rose ag éirí te ar chúl an mhuiníl. “Ceist nár thuig sé. “Cad é atá ann?” – cad é an chiall a bhí leis sin?”

“Ó, is ea. Bhuel, bhí, is é a bhí mé ag dul a rá, an sórt muisiriúin atá ann, mar ní réitíonn siad sin liom beag ná mór – cuireann siad snag orm. Ach…”

Paneer atá ann, a Artair: rinne mé féin é.” Bhí Dave ag cur tuilleadh Chana Masala ar phláta Rose, agus spúnóg den rís rua ar ar chroith sé gráinnín den chainéal briste agus síolta cardamom. Dar leis go raibh a sháith bia ag Artair.

“Tá go breá, mar sin,” arsa Artair, agus gáire beag neirbhíseach air. “Nach tú an buachaill.”

“Tá a fhios agam,” a thosaigh Rose, “go ndéanann an chuid is mó de do chuid sauces agus spices féin, a Dave. Bhuel, ní hé go ndéanann duine ar bith spices, abair, ach bíonn tú á meascadh le chéile agus ag cruthú rud úr leo, rud ar leat féin é, má thuigeann tú leat mé.”

“Is dócha é, a Rose,” arsa Dave. “Tá an ceart agat – bím i gcónaí ag iarraidh na cannaí agus a leithéid a sheachaint más féidir é ar chor ar bith. Uaireanta, nuair a bhím faoi bhrú, téim go dtí siopa Áiseach in Papanui. Daoine a bhfuil muinín agam astu, féadaim a rá. Bíonn sauces blasta úra acu ansin, stuif a dhéanann siad féin. Ach fiú ansin, bíonn orm beagán díom féin a chur leo.”

Rith sé isteach in aigne Artair gur dócha gur paneer an focal a bhí i gcanúint na nIndiach ar “ordóg coise”. Níor dhúirt sé focal an iarraidh sin, ach rinne sé dhá leath de gach cnap lena scian agus, gan iad a chur in aice a bhéil ar chor ar bith, chuir sé go himeall an phláta iad.

Dar le Dave gurbh fhearr i bhfad dó, in áit an tráthnóna a chaitheamh ag siúl trí shiopaí Christchurch sa tóir ar an stuif cheart, agus uair an chloig a chaitheamh ansin á ghreadadh go cúramach sa bhabhla a thug sé abhaile as Tuaisceart na hIndia, dá mbeadh sé le punta sausages móra garbha a cheannach agus a chaitheamh isteach sa scilléad.

Shamhlaigh sé aghaidh Artair agus é ag gabháil dóibh go díbhirceach, subhachas ag leathadh ar a chraos agus an gheir ag rith isteach ina bhéal bréan.

“Agus is san India, tá mé cinnte, a chuir tú eolas ar an ghnó seo, a Dave,” arsa Rose. “Is doiligh dom a chreidbheáil chomh maith is atá an bia seo. Tá sé díreach álainn. Aithním gach blas ar leith agus ansin imíonn siad uilig in aonbhlas amháin …mmm… atá chomh láidir. An é seo a bhí ar intinn agat, a Dave, nuair a chuaigh tú chun an Oirthir an chéad lá riamh?”

“Bhuel is é agus ní hé, a Rose.” Bhí Dave ag fanacht le hArtair cur isteach ar a chuid cainte. Rud nach ndearna sé.

“Bhí sé iontach mar a thit rudaí amach dom. Nuair a bhain mé Delhi amach i dtosach, chuir mé romham cúrsa cócaireachta a dhéanamh, agus d’fhéach mé le háit a fháil ar cheann acu, ach ní raibh dadaidh le fáil go ceann míosa. Bhuel, a dúirt mé liom féin, imeoidh mé agus fillfidh mé i gceann míosa. Is é sin a rinne mé fosta, thug mé m’aghaidh ar Dharamsala chomh luath is a bhí ticéad traenach i mo ghlac. Ach níor fhill mé ar Delhi go ceann ceithre mhí agus ní dhearna mé cúrsa cócaireachta ann fós.”

“Cén dóigh, mar sin…?”

Thug Artair faoi deara gur beag nach raibh Rose ag diúl na bhfocal as béal Dave.

Bhí an t-ádh dearg orm, a Rose.” Thóg Dave bhaji beag dea-chumtha, agus chuir i lár an phláta fholaimh aici é. “Nár thug teaghlach uasal, lách, fial isteach i gcroí a dtí agus a saoil mé. An chéad dinnéar a thug siad dom, níl focail agam air, a Rose. Níor bhlais mé riamh bia chomh húr is chomh hiontach. Agus cad é a bhí le déanamh agamsa? Faic na ngrást, ach a bheith ag teagasc beagán Béarla do Nitram, an mac is óige. Gasúr beag breá, a Rose, b’fhearr liom go bhfaighfeá seachtain nó dhó leis siúd ná le do rang féin. Ní dhéanfá dearmad go brách de.”

Le linn do Rose a bheith ag cuimilt a béil, mhothaigh Artair sórt teasa faoina bhríste agus bhog sé a mhás ar an suíochán.

“Agus an bhfuil a fhios agat seo?” Bhí Dave ag tosú a bhaint taitnimh as an tseanmóireacht faoin am seo. “Gach greim a chócaráil an bhean bhocht sin riamh, is i bpanna mór dubh os cionn tine i bpoll urláir a rinne sí é. Ní raibh iomrá ar bith ar microwaves nó Madhur Jaffrey i gcistin Shameem, a Rose.”

“Ní raibh. Is cinnte nach raibh! Ach deis chomh luachmhar leis, a Dave, foghlaim chomh tábhachtach. Tá a fhios agat, tig linne teacht anseo, do bhia galánta a ithe, do sheanchas a chluinstin. Ach tá tusa in ann na rudaí seo a chur i gcomhthéacs an tsaoil as ar fáisceadh iad, an saol lena mbaineann siad, in ainneoin na bochtaineachta agus an doilís go léir…”

“Nó lena rá ar bhealach eile,” arsa Dave i leathchogar, “ghoid mé modhanna cócaireachta ó dhaoine nach mbeidh greim acu amárach, is dócha. Cad é an mhaith dóibh sin – b’fhearr i bhfad na scileanna a bheith ag duine éigin a bhfuil seans aige iad a chur i ngníomh: nach é sin é?”

“Stad, a Dave. Ní hé sin a bhí mé ag iarraidh a rá ar chor ar bith, ach gur fhan tú ina measc agus i measc an uile ruda atá ag baint leo. Cá mhéad againn a bheadh in ann sin a dhéanamh?”

“Bhuel, d’fhan, is dócha, ar feadh seal beag gearr, a Rose, is anois tá mé i mo chónaí sa Nua-Shéalainn. Is ait an mac an saol, eh?”

“Bíodh a fhios agat, a dhuine.” Bhí an phian ina ghabhal agus an curaí te ag cur Artair as a chiall, agus bhí sé ag sá ar phíosaí beaga ríse lena fhorc, iad ar nós críonmhíolta ag rince faoi chreig chorrach. “Deirtear nach bhfaighidh tú curaí níos fearr áit ar bith ar domhan ná mar a gheofá in Bradford. Tá a fhios agat, is cosúil go bhfuil an áit lán, eh, de mhuintir na hÁise.”

An chic a bhuail Rose ar a lorga, bhí sé damanta nimhneach, agus scoilteadh a chraiceann. Ach fiú sin ní raibh sí chomh nimhneach leis an chrá gan mhaolú a bhí air anois. D’fhéad sé imeacht leis chun an tí bhig, ach d’fhan sé ansin ina gcuideachta.

“Tá cara agamsa - bhuel, fear a raibh aithne agam air in Albain. Chas tú féin le Seán Smart uair amháin, Rose - an cuimhin leat an oíche a raibh báisteach mhillteanach ann agus bhíomar ag caint leis taobh amuigh de Queen Street Station?”

Bhí cuimhne rómhaith ag Rose ar an oíche sin. Oíche a raibh sí féin ag iarraidh foscadh éigin a bhaint amach, oíche ar fliuchadh go craiceann í, ag éisteacht le beirt ghasúr ag bleadaracht go díchéillí faoi chúrsaí peile.

“Bhuel, bíonn seisean, Seán beag, bíonn sé féin agus scaifte dá chuid mates ag tarraingt ar Bradford gach mí nó gach sé seachtaine agus caitheann siad deireadh seachtaine ann, á marú féin le curaí. Uair de na huaireanta seo, bhí Seán ina shuí leis féin mall san oíche san Indian, abair gurb é an Taj Ma Bradford an t-ainm a bhí air.” Thosaigh sé ag casachtach, “he…he…”

Ba thrua le Rose gur phós sí an breallán seo riamh.

Ní raibh an phian ar intinn Artair chomh mór sin anois, ach bhí an leithreas de dhíth air i gcónaí.

“Anois, bhí an chuid eile den chuideachta ag dul ar ais go dtí an teach lóistín. Bhí Seán i ndiaidh scéal éigin a insint dóibh, gurbh éigean dó mála a fháil nó rud éigin, agus d’fhill sé ar an bhialann a raibh siad ann níos luaithe. Ní chreidfidh tú seo, a Dave, ach tá sé chomh fíor is atá an lá fada. Ok, tá an bhean seo ag freastal ar Sheán, agus tá sí millteanach dóighiúil.”

“Tá seo as miosúr,” a smaoinigh Rose i bhfocail a chuala an bheirt eile.

“An fhírinne ghlan atá mé mé ag rá, a Rose. Sin na cailíní Kiwi duit, a Dave. Tá an saol róbhog acu.”

Ansin nocht smaoineamh gan choinne in intinn Dave a d’fhág blas searbh ina bhéal. Chonaic sé Rose agus Artair ina seanaois agus iad fós le chéile.

“Beidh pionta lágair agam,” arsa mo bhuachaill, Seán Smart. “Agus an bhfuil tú ag iarraidh rud beag eile sa bhreis air sin,” a d’fhiafraigh an bhean dhubh de mo dhuine. “Nach maith gur fhill tú…”

Bhí Rose i ndiaidh breis agus a sáith a chluinstin de na scéalta strambánacha seo, nach mbíodh bun ná barr orthu ná, go minic, smut féin den fhírinne. Agus anocht, thar gach oíche, ní fhéadfadh sí é a thionlacan ar thuras amaideach eile a bhéarfadh í go dtí críoch nach dtiocfadh a fhulaingt gan mhórchuid náire.

“‘Cad é atá le fáil, mar rud beag sa bhreis?’ arsa fear Ghlaschú.”

“Níl dadaidh le fáil,” a d’fhreagair Rose.

“Ní hé - fan go …”

“Ní fhanfaidh. Dún thusa do bhéal, a Artair. Nílimid ag iarraidh tuilleadh a chluinstin.”

Thug Artair súil ar Dave, ach bhí seisean gnóthach ag cruinniú na soithí agus ní amharcfadh sé suas. Bhí straois léanmhar ar Rose, a bhí seal ag ithe a méar agus seal ag cur a láimhe trína gruaig mhín bhán. D’imigh Artair go dtí an teach beag sula bpléascfadh a lamhnán.

Bhí an comhrá níos réidhe nuair a d’fhill sé, agus bhí Artair buíoch ar a shon sin.

“An mbíonn tú ag scríobh ar chor ar bith an aimsir seo, a Dave?” a d’fhiafraigh Rose, ag líonadh a gloinse-se agus gloine Dave le Cabernet maith Astrálach.

“Tá mé díreach i ndiaidh amhrán beag a dhéanamh.”

“Abair é, mar sin!”

“Déarfaidh mé duit é, más mian leat.”

“Is tú a déarfas. Cad é ábhar an amhráin?”

“Bhuel, níl a fhios agam an mbeadh an ceann seo oiriúnach do na páistí scoile s’agatsa, a Rose.”

“Ó aidhe, tuigim,” arsa Artair, ag cogaint a spúnóige.

“Baineann sé le bean óg as Cosovó a thagann go Christchurch, an baile beag breá ina bhfuilimid féin, agus a thiteann isteach i, déaraimis, drochnósanna.”

Bhí Rose cinnte go mbeadh an t-amhrán ceart go leor. Nuair a thug sí Dave isteach sa scoil i dtús na bliana, bhí sé speisialta maith ag plé leis na páistí. Le hamhráin agus le cluichí, d’éirigh leis tuairimí faoi chogaí, grá agus slí mhaireachtála fholláin a mhealladh ó pháistí beaga seacht mbliana d’aois. Chuala sí rudaí ó bheirt go háirithe a chuir fíorionadh uirthi, leanaí Maori nach mbíodh mórán le rá acu in am ar bith ach a bhí ag cur tharstu go díbhirceach dícheallach i gcuideachta Dave.

D’fhógair Artair go raibh sé ag dul a ní na soithí. Ní raibh maith ar bith d’aon duine a bheith ag iarraidh é a stopadh. Ach is é rud nach raibh aon duine ag iarraidh é a stopadh.

D’fholmhaigh sé a raibh fágtha sna babhlaí móra cré isteach i mbabhlaí beaga a fuair sé sa phrios. Babhla beag ríse, babhla Channa Massala, agus ceann eile ina raibh an paneer. Thóg sé sásar beag ón taobh glan den doirteal, ghlan arís é, thriomaigh é agus leag air na ceithre *bhaji *a fágadh gan ithe.

D’fhág sé iad seo uilig go deas slachtmhar ar bharr an tábla agus dar leis go bhfillfeadh sé le clúdach plaisteach a chur orthu agus iad a choimeád sa chuisneoir.

Bhí sé ag ní na bpotaí nuair a thosaigh an ceol breá. Guth Dave a bhí ann agus é á thionlacan féin ar an ghiotár.

Níor thuig sé na véarsaí, mar bhí siad i dteanga éigin nár chuala sé riamh roimhe, ach bhí an curfá deas sultmhar. Amhrán na mná ó Chosovó.

Ó tar, nach dtiocfaidh tú liom, a rún, is beidh tú saor go deo ó spíd an tslua ar mian leo go bhfanfá, gan ghrá is gan mhuirn - anocht, nach dtiocfaidh tú liom, a rún?

Agus ansin buille te eile i magairlí Artair. An crá céanna arís. B’éigean dó an obair a chur uaidh in áit na mbonn agus rith chun an tí bhig.

Bhí an t-amhrán díreach ráite ag Dave nuair a dheifrigh Artair tharstu de léim. Chonaic sé na deora ag sileadh ó shúile Rose. Dar leis go dtitfeadh sé i laige.

Dhóbair nár bhain sé an teach beag amach in am agus, le linn dó a bheith ag déanamh a mhúin, bhí sé mar a bheadh uisce as coire a bhí á bhrú amach aige.

De bharr an angair seo uilig, bhí a bhrollach á theannadh, an chéad uair le fada an lá. Bhí aige leis an ghléas bheag liath a chroitheadh agus a chur go béal dhá uair. Bhí eagla air go raibh rud éigin milltineach cearr leis. “Och, cad é atá déanta agat, a Artair?”

Ba trína allas, agus é ar crith, a chonaic sé a colainn dhea-chumtha. Nocht sí i ngloine dhorcha an chithfholcadáin. Beag, modhúil, toilteanach imeacht leis. Is é a guth nach raibh súil aige leis. Íseal i dtosach, an ceol brónach úd ina glór i gcónaí, ag fiafraí de cén fáth nach gcasfaidís le chéile arís. An guth ag éirí níos airde de shíor, eisean ciontach ach gan a bheith in ann freagra ar bith a thabhairt di.

Bhí súile Rose fós dearg nuair a d’fhill Artair ar an seomra suí, agus choinnigh sí a cúl leis.

Sa charr ag dul abhaile, tharraing Artair scéal air féin faoi cé chomh holc is a bhíonn tiománaithe eile, ach níor dhúirt Rose oiread agus focal. Bhí an raidió, a bhíodh ar siúl acu i gcónaí, ina thost.

Nuair a bhain siad an teach amach, chuaigh Rose díreach a luí. D’fhan Artair amuigh sa gharraí ag tógáil páipéar agus duilleog a d’fhág an ghaoth acu le linn dóibh a bheith tigh Dave. Thóg sé an píobán uisce ón fhéar, á chasadh mar a bheadh nathair ann ar chúl an gharáiste.

Thug sé súil suas ar an spéir, a bhí scamallach gruama, díreach mar a bhíonn go minic in Coatbridge.

Sheinn sé seanfhíseán le Harry Enfield ar feadh cúig nóiméad, ach bhí na guthanna gamalacha ag cur as dó.

Bhí *Daily Record *na seachtaine ina luí oscailte, mar a fágadh é, ag na táblaí sacair. Hibs fós ar bharr na sraithe. Nach maith iad! Ach cad é fá dtaobh de féin, cad é a bhí seisean ag dul a dhéanamh anois? Ní raibh amhras ar bith ar Artair ach go raibh a fhios go rímhaith ag Rose.

Rugadh Màrtainn Mac an t-Saoir i 1965 agus tógadh é i Lenzie, baile beag in aice le Glaschú. Tá ceangal gaoil aige le hUibhist a Deas, agus tá sé i ndiaidh a lorg a fhágáil ar na healaíona Gàidhlig, mar aisteoir, mar amhránaí agus scéalaí traidisiúnta, mar scoláire agus mar scríbhneoir. Bhuaigh *Ath-Aithne, a chéad chnuasach gearrscéalta, The Saltire First Book Award sa bhliain 2003 agus foilsíodh úrscéal leis,* Gymnippers Diciadain sa bhliain 2005. Cónaíonn sé i nDún Éideann lena bhean chéile agus beirt chlainne, áit a mbíonn sé ag dul don scríbhneoireacht go lánaimseartha.

Is údar agus aistritheoir é Antain Mac Lochlainn a rugadh i gContae Dhoire ach tá ina chónaí i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath anois.

Gluais • Glossary

glúin nuaa new generation

brívigour

ag dul ó neart go neartgoing from strength to strength

fiontar foilsitheoireachtapublishing enterprise

cnuasach gearrscéaltacollection of short stories

cé gur mhionnaigh Artairalthough Artair swore

slíomairesmooth, flattering, hypocritically friendly person

saint an ghoilethe greed of his stomach

a chomhairle a athrúto change his mind

ar fheabhas uiligabsolutely excellent

osnasigh

ar chúl an mhuinílbehind the neck

muisiriúnmushroom

ní réitíonn siad sin liom beag ná mórthey don”t agree with me at all

snaghiccups

gráinnínpinch

cainéalcinnamon

síoltaseeds

a sháith biaenough food

ag cruthú rud úrcreating something new

má thuigeann tú leat méif you know what I mean

a sheachaintto avoid

muiníntrust

blastatasty

ordóg coisetoe

an iarraidh sinthis time

cnapheap

á ghreadadh go cúramachcarefully mixing it

babhlabowl

scilléadskillet

shamhlaigh séhe imagined

go díbhirceacheagerly

subhachascheerfulness

ag leathadhspreading

geirfat

bréanfoul

doilighdifficult

a chreidbheáilto believe

ar leithseparately

mar a thit rudaí amach domhow things worked out for me

ní raibh dadaidh le fáilthere was nothing available

i mo ghlacin my hand

ag diúlsucking

bhí an t-ádh dearg ormI was dead lucky

dea-chumthashapely

láchfriendly

fialgenerous

níor bhlais mé riamhI never tasted

faic na ngrástnot a thing

ag cuimilt a béilrubbing her mouth

a mháshis thigh

seanmóireachtpreaching

greimbite

iomrámention

deisopportunity

luachmharvaluable

seanchaslore

as ar fáisceadh iadfrom which they were wrought

doilíssorrow, difficulty

i leathchogarin a half-whisper

iad a chur i ngníomhto put them in action

seal beag gearra short period

sa Nua-Shéalainnin New Zealand

ina ghabhalcrotch

ag sápressing

críonmhíoltawood-worms

corrachprojecting

lorgashin

damanta nimhneachdamn sore

scoilteadh a chraiceannhis skin was split

crá gan mhaolútorment without alleviation

chun an tí bhigto the toilet

ina gcuideachtain their company

báisteach mhillteanachterrible rain

foscadhshelter

a bhaint amachto reach

ag bleadaracht go díchéillíblattering senselessly

scaiftecrowd

ag casachtachcoughing

breallánfool

millteanach dóighiúilextremely pretty

as miosúrextraordinary

gan choinneunexpected

blas searbha sour taste

breis agus a sáithmore than her fill

strambánachlong-winded

smut féin den fhírinneeven a small bit of truth

é a thionlacanto accompany him

a bhéarfadh íthat would take her

críochend

gan mhórchuid náirewithout a lot of embarrassment

gnóthachbusy

straois léanmharwoeful grimace

trína gruaig mhín bhánthrough her soft white hair

sula bpléascfadh a lamhnánbefore his bladder would explode

ag cogaint a spúnóigechewing the spoon

déaraimislet us say

drochnósannabad habits

tuairimíopinions

cogaíwars

slí mhaireachtála fholláinhealthy way of life

a mhealladhto coax

a chuir fíorionadh uirthiwhich really surprised her

ag cur tharstutalking away

go díbhirceach dícheallacheagerly and diligently

d’fholmhaigh séhe emptied

sásarsaucer

doirtealsink

thriomaigh éhe dried it

slachtmhartidy

á thionlacan féinaccompying himself

sultmharenjoyable

spídslander

gan mhuirnwithout tenderness

magairlítesticles

nuair a dheifrigh Artair tharstu de léimwhen Artair hurried past them with a jump

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.