CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Easpa seirbhísí leathanbhanda ina bac mór

Is í Éirinn an dara tír is measa san Aontas Eorpach maidir le rochtain ar leathanbhanda ach tá seans go rachfar i ngleic leis an fhadhb seo go luath.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Noel Dempsey, an tAire Cumarsáide

Tá go leor cainte déanta le blianta beaga anuas ar chúrsaí leathanbhanda agus ar an úsáid is féidir a bhaint as. Glactar leis anois ar bhonn domhanda gur trí na córais nua-theicneolaíochta seo a chuirfear ar fáil seirbhísí gutháin, seirbhísí teilifíse, an Gréasán Domhanda agus deiseanna oideachais baile, mar aon le siopadóireacht ar líne agus seirbhísí ón earnáil stáit. Is cinnte go mbeidh rochtain ag daoine ar an leathanbhanda taobh istigh de dheich mbliana mar atá acu ar sheirbhísí leictreachais agus uisce i láthair na huaire.

Sin ráite, tá muidne in Éirinn, in ainneoin an Tíogair Cheiltigh, in aice le bun an liosta go hidirnáisiúnta maidir le seirbhísí leathanbhanda. Níl an tseirbhís ach ag 20% (nó 200,000) d’úsáideoirí idirlín na tíre agus tá formhór na ndaoine seo ina gcónaí i gcathracha agus i roinnt bailte móra. Níl an leathanbhanda ar fáil i mórán ceantar tuaithe agus is léir gur seirbhís theoranta a bheas i gceist, nuair a thiocfaidh sé chomh fada le cósta an iarthair.

Measann an eagraíocht stocaireachta, IrelandOffline (www.irelandoffline.org), go mbeidh sé idir trí agus cúig bliana eile go mbeidh an tseirbhís leathanbhanda in Éirinn ar comhchéim leis an tseirbhís atá ar fáil i dtíortha eile. Chun an sprioc sin a bhaint amach láithreach, bheadh ar 400,000 duine fáil a bheith acu ar an leathanbhanda anois agus 600,000 faoi dheireadh na bliana.

Ceann de na cúiseanna go bhfuil an tseirbhís chomh heasnamhach sin ná nuair a rinneadh príobháidiú ar Eircom, agus nuair a tugadh ar lámh é d’úinéirí a raibh níos mó spéise acu sa bhrabús ná i soláthar seirbhíse, cailleadh an deis oibleagáid shóisialta a choinneáil san áireamh.

Anois, tá caint arís ar Eircom a dhíol ar an mhargadh idirnáisiúnta airgeadais, agus is beag seans go mbeidh suim ag an úinéir nua i gceantair tuaithe atá faoi míbhuntáiste.

Is dea-scéala é, mar sin, go bhfuil an tAire Cumarsáide, Noel Dempsey, ag caitheamh súile ar shlite leis an fhadhb seo a leigheas. Ceann de na roghanna atá ann ná córas iomlán tíre a chruthú as an nua agus é bheith ag úsáid córas infreastruchtúir náisiúnta, leithéidí cheann Bhord Soláthair an Leictreachais.

Chiallódh a leithéid go mbeadh an tír seo neamhspléach ar lucht an rachmais agus chinnteofaí go mbeadh seirbhísí riachtanacha á gcur ar fáil tríd an chóras leathanbhanda do gach pobal sa tír, cuma cá mbeadh siad lonnaithe.

Tá súil ag Beo! go bhfeicfear torthaí go luath sa réimse tábhachtach seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.