AR NA SAOLTA SEO
Robbie Fowler: laoch i measc mhuintir Learphoill
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

D’fhill an t-imreoir sacair Robbie Fowler go Liverpool FC ag deireadh mhí Eanáir, ceithre bliana tar éis an club a fhágáil. Féachann Tony Birtill siar ar eachtra a tharla le linn do Fowler bheith ag imirt do Liverpool an chéad uair, a chothaigh meas as cuimse air i measc mhuintir Learphoill.

Íomhá
Robbie Fowler (ar dheis) ag imirt do Liverpool le déanaí
Íomhá
Fowler ag nochtadh a T-léine i gcoinne SK Brann Bergen i 1997
Íomhá
Fowler agus bainisteoir Liverpool, Rafael Benitez, le chéile i Eanáir
Íomhá
Peter Crouch ag scóráil cúil i gcoinne Manchester United an mhí seo caite

Ba chúis áthas do lucht leanúna Liverpool FC é Robbie Fowler a fheiceáil ar ais ar an fhoireann arís ag deireadh mhí Eanáir.

bhíonn an ceangal chomh láidir idir muintir na háite agus foireann sacair de chuid an Premiership i Sasana is a bhíonn idir muintir na háite agus foireann de chuid Chumann Lúthchleas Gael in Éirinn.

Ach rugadh agus tógadh Fowler i Learpholl, dála an chaptaein Stevie Gerrard agus an chosantóra Jamie Carragher. I gcás an triúir sin, mothaíonn go bhfuil siad ag spreagadh an chuid eile den fhoireann a míle dícheall a dhéanamh i gcónaí agus go bhfuil siad ag imirt sacair ar son a muintire féin, seachas don tuarastal ollmhór a fhaigheann imreoirí sacair sa atá inniu ann.

Bhí an comhbhá seo le feiceáil in Anfield ar an 20 Márta 1997, nuair a thóg Robbie Fowler a léine dhearg suas i rith cluiche chun an teachtaireachtSupport The 500 Sacked Dockersa chur os comhair an tsaoil. Ag ceiliúradh a dhara cúl in aghaidh SK Brann Bergen i gcluiche leathcheannais an European Cup Winners Cup a bhí , cluiche a bhain Liverpool 3-0. Bhí frithdhúnadh ar siúl sna dugaí ag an am, a thosaigh i Mheán Fómhair 1995, agus bhí teaghlaigh 500 dugaire in ainnise bharr. Iarracht eile de chuid an rialtais Choimeádaigh a bhí ann na ceardchumainn a scriosadh sa tír seo agus ba bheag an tsuim a bhí ag na meáin chumarsáide sa scéal go dtí gur nocht Fowler a theachtaireacht beo ar an teilifís. Thug imreoir eile, Steve McManaman, an T-léine ó na dugairí do Fowler roimh an chluiche agus chaith féin ceann fosta, nár nocht í.

Ghearr UEFA pionós £900 ar Fowler mar gheall ar an eachtra seo, ach mhéadaigh meas mhuintir na háite air, gur lucht leanúna de chuid Everton ab ea cuid mhaith de na dugairí.

Bhí na meáin chumarsáide trína chéile faoin eachtra - raibh aon taithí acu ar imreoirí sacair a leithéid a dhéanamh. “Rud éigin eile aisteach as Learpholl”, an tuairim a bhí ag an chuid is mo acu faoin scéal.

Trí roimh an phionós ó UEFA, fuair Fowler moladh ó cheannaire FIFA, Sepp Blatter, as cothrom na Féinne a léiriú i gcluiche in aghaidh Arsenal nuair a chuir in iúl don mholtóir, Gerald Ashby, nach ndearna cúl ire Arsenal, David Seaman, feall air, rud a shíl an Ashby.

Fuair Fowler ardmholadh ó na dugairí mar gheall ar an eachtra: “ sceitimíní orainn faoi seo - chuir ár gcruachás os comhair an tsaoil. Ach is trua nach bhfuair tacaíocht ón bhainisteoir, Roy Evans. mbeadh Bill Shankly [iarbhainisteoir de chuid an chlub] beo thabharfadh moladh do Robbie,” dúirt urlabhraí, Terry Teague, ag an am.

Fuair Fowler tacaíocht fosta ón fheisire Tom Pendry, aire spóirt cúil Pháirtí an Lucht Oibre. Dúirt go raibh an pionós iomarcach agus go raibh aige féin le teachtaireacht Fowler.

Rialtas nua

Bhí an bua ag Páirtí an Lucht Oibre sa toghchán dhá mhí tar éis agóid Fowler agus bhí muintir Learphoill ag súil le réiteach gasta ar an fhrithdhúnadh sna dugaí. Ba iad na ceardchumainn a bhunaigh an páirtí i 1900; d’íoc na baill as reáchtáil an pháirtí agus, mar sin, bhí dlúthbhaint eatarthu riamh anall. Agus tógadh Cherie Blair, bean chéile an Phríomh-Aire nua, cóngarach do na dugaí. Bhí mámh ag an rialtas nua fostabhí 14 % de scaireanna an Mersey Docks and Harbour Company (MDHC), úinéir na ndugaí, ag an rialtas, rud a chiallaigh go dtiocfadh leo brú a chur ar an chomhlacht.

Ach níor chuir. raibh suim laghad ag rialtasNew Laboursa tsáinn ina raibh na dugairí, agus tar éis leanúint leis an streachailt ocht eile, agus dul trí Nollaig chrua eile, ghéill siad i Eanáir 1998 agus ghlac siad leis an airgead iomarcaíochta ón MDHC.

Agus an 14% de scaireanna MDHC a bhí ag an rialtas? Dhíol siad iad ar £70 milliún sa stocmhargadh i Aibreáin na bliana céanna, i ngan fhios do na dugairí.

go hiomlán dochreidte. D’iarr muid ar an rialtas i rith an fhrithdhúnta idirghabháil a dhéanamh. Anois, tuigim an fáth nach ndearna siad faic,” arsa urlabhraí na ndugairí nuair a chuala an scéal.

Is mór an náire émo chlann féin ag díol a máthar,” a dúirt liom féin ag an am.

raibh Robbie Fowler ach dhá bhliain is fiche d’aois nuair a rinne an agóid i 1997 agus lean ar aghaidh ag imirt sacair do Liverpool. nach raibh ag imirt chomh maith is a bhíodh , bhí díomá orainn nuair a dhíol Gerard Houllier é le Leeds United i na Samhna 2001 agus dúirt Fowler go raibh brón air nach raibh seans aige slán a fhágáil ag an lucht tacaíochta in Anfield. Dar leis fosta gurmóimint uafásachina shaol a bhí ann gan a bheith ar an fhoireann nuair a bhain Liverpool FC Sraith na Seaimpíní anuraidh.

ag imirt níos fearr le tamall anuas agus muid ag súil le neart cúl uaidh an séasúr seo, go háirithe nuair atá ag teip ar na tosaithe eile cúil a aimsiú.

Pléisiúr mór a bhí ann Peter Crouch a fheiceáil ag scóráil in aghaidh Manchester United i gCorn an FA ar an 18 Feabhra, go mór mór mar gur breithe Gary Neville a bhí ann; cúisíodh eisean as drochiompar nuair a chuaigh thar fóir leis an cheiliúradh os comhair lucht leanúna Liverpool in Old Trafford i Eanáir. Agus fuair pionós £5,000 ón FA mar bhronntanas fosta.

Bhí tamall beag maith ó scóráil Crouch roimhe sinOíche Chinn Bhliana in aghaidh West Bromwich Albionagus bhí féin agus mo mhac Liam, atá seacht mbliana d’aois, i láthair ag Anfield leis an chluiche a fheiceáil.

Amharcaim ar an chuid is de na cluichí ar an teilifís na laethanta seo mar go mbíonn na ticéid ar fad do na cluichí díolta tamall maith roimh . Anois is arís, cuirtear ticéid ar ais chuig Anfield an roimh an chluiche, agus sin an dóigh a bhfuair ticéid don chluiche in aghaidh West Brom.

rudaí athraithe go mór ó bhí mise óg. Ag an am sin, shiúlainn féin agus mo dheartháir suas go hAnfield leathuair roimh an chluiche agus d’fhaighimis ticéid gan stró ar bith de ghnáth.

Is faoiseamh é, tar éis an bhua sin in aghaidh Manchester United, nach mbeidh orainn bheith ag éisteacht le tagairtí don bhliain 1921 níos arMatch of the Day”. síniú an Chonartha Angla-Éireannaigh ar an 6 Nollaig atá i gceist agam, ach an t-am deireanach a bhí an bua ag Liverpool in aghaidh United i gCorn an FA. Agus súil agam go mbeidh an phraiseach a d’eascair as an chonradh sin réitithe roimh i bhfad fosta.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.