CÚRSAÍ SPÓIRT
Níl Cumann Lúthchleas Gael ag déileáil le cúrsaí smachta i gceart
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Measann Colm Mac Séalaigh nach bhfuil an toil i gCumann Lúthchleas Gael le déileáil le foréigean agus drochiompar ar an bpáirc imeartha.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Ar an Domhnach an 5 Feabhra seo caite, shocraigh síos go compordach ar an tolg sa seomra suí ós comhair an teilifíseáin, dinnéar an Domhnaigh ite agus gloine fíon dearg in aice láimhe, réidh don chluiche peile sa tsraith náisiúnta idir Baile Átha Cliath agus Curaí na hÉireann, Tír Eoghain. Bhí an cluiche beo ar TG4, móide cluichí eile ar chainéil eile, agus bhí ag tnúth le tráthnóna deas compordach i mbun cluichí toilg.

Ón tús, áfach, bhí soiléir go raibh níos den ghnáth-theannas a bhíonn ag baint le cluichí sinsearacha idirchontae an taca seo bliana le brath ar an imirt idir Tír Eoghain agus Áth Cliath, ach ba bheag a cheapas, éinne eile is dóigh, gur sórt seamlais d’ócáid spóirt a nochtfaí os comhair na gceamaraí agus an tsaoil mhóir.

Le linn an chluiche bhí teagmháil phearsanta an-trom agus láidir i geist idir imreoirí, rud atá coitianta go leor, le fírinne, ach níos uair amháin bhí doirne á gcaitheamh, geansaithe á dtarraingt, daoine á mbrú agus á leagadh le linn na himeartha agus nuair nach raibh an imirt ar bun. Caithfidh a go raibh tarraingt aisteach ag baint leis mar choimhlint ach bhraith an-mhíshuaimhneach agus ag féachaint ar a raibh ag tarlú ar an scáileán, go speisialta nuair a bhí scliúchas mór ar an taobhlíne a raibh formhór na n-imreoirí agus daoine eile páirteach ann. Tríd is tríd bhí an méid a tharla gránna agus náireach mar ócáid spóirt agus léirigh taobh de na cluichí Gaelacha a nochtar ó am go ham agus nach féidir a chosaint.

Mar sin féin, le linn na seachtainí ina dhiaidh sin, bhí daoine ag déanamh leithscéalta faoin méid a tharla. Ceann de na leithscéalta ba sheafóidí a léigh ráiteas a thug cathaoirleach Choiste Thír Eoghain inar dhúirt , is cosúil, go raibh meon na nAstrálach tar éis dul i gcion ar na peileadóirí! Chuir sin ag gáirí . Shilfeá nach raibh troid raic ag cluiche peile riamh roimh chuairt fhoireann na hÉireann ar an Astráil i bhfómhar na bliana seo caite. Is cuimhin linn na gearáin a bhí ag lucht Chumann Lúthchleas Gael (CLG) tráth na gcluichí idirnáisiúnta sin agus an fhearg a bhí ar dhaoine faoi iompar na nAstálach, ach bhímid macánta faoi nil mórán le foghlaim ag peileadóirí CLG faoi imirt fhealltach ó na hAstrálaigh chéanna.

Leithscéalta agus finscéalta

Tharraing eachtraí na hÓmaí mórán cainte agus anailíse, mar is iondúil i gcásanna den sórt seo. Focal amháin ar baineadh úsáid as níos uair amháin ethos”. Cén áit ina dtagann *ethos *Chumann Lúthchleas Gael i gcomhthéacs an chineáil iompair a bhí le feiscint san Ómáigh? túisce eachtraí an lae a bheith thart (agus déanaimis dearmad narbh é seo an chéad eachtra leithéid feicthe againn baol air) gur cuireadh tús leis na leithscéalta agus na finscéalta agus an chéad scéal , mar is iondúil, go raibh an milleán ar an réiteoir. Sa dara háit, deineadh an pointe nár gortaíodh aon duine agus da bhrí sin nach raibh cúrsaí leath chomh holc is a bhí daoine áirithe ag déanamh amach go raibh. Is fíor, in ainneoin gur caitheadh oiread dorn agus bróg, nár gortaíodh éinne. Bhí neart brú agus tarraingt agus sracadh ar siúl, duine ar dhuine, le linn na himeartha agus nuair a tharla na scliúchais raibh ann ach tuilleadh den chéapar céanna agus na himreoirí *en masse *páirteach.

bheadh an scéal chomh dona céanna, is dóigh, mba rud é gur tharla an t-aicsean go léir ar an bpáirc i measc na n-imreoirí, ach toisc gur scaip an choimhlint fhisiciúil ón pháirc imeartha go dtí an limistéar ar an taobhlíne agus in aice lucht leanúna, bhí an seans ann go ngortófaí duine daoine. An pointe tábhachtach anseo go bhféadfadh tarlú go raibh seans áirithe ann go dtarlódh go mbeadh duine daoine gortaithe. rud faoi fhir óga lúfara ag lascadh a chéile ar pháirc na himeartha a bheith ina ábhar díomá, is ábhar fíorthromchúiseach é nuair a scaipeann teannas agus foréigean ón bpáirc go dtí an ceantar ina bhfuil gasúir, mná, seandaoine agus mar sin de suite. Ar ámharaí an tsaoil níor gortaíodh aon duine, ach fágann eachtraí na hÓmaí deacrachtaí agus fadhbanna móra ag CLG.

Le filleadh ar an ethos, is dóigh liom féin go bhfuil meon áirithe laistigh de CLG atá débhríoch ar a laghad maidir le cúrsaí smachta agus iompair i measc imreoirí agus daoine eile. Is é an claonadh go ginearálta bheith bog, leithscéalach seachas dian ar dhaoine a bhriseann rialacha, fiú amháin nuair atá foréigean i gceist. D’fhéadfaí a go bhfuil ethos leathrúnda, neamhfhoirmeálta i gCLG a deir:

gur cluichífearúlaiad peil agus iomáint agus is cód é sin a deir bhuailtear buille ort, glac leis ach tabhair ceann níos fearr ar ais in am cuí”; go dtarlaíonn scliúchais ó am go ham de bharr theannas na hócáide ach nach bhfuil aon dochar ansin; gur féidir an milleán a chur ar an réiteoir de ghnáth toisc (a) nach raibh smacht aige (b) gur shéid an fheadóg rómhinic agus araile; baineadh leas as (a) go minic i gcomhthéacs eachtraí na hÓmaí; go bhfuil droch-chaint gháirsiúil inghlactha ag cluichí, ar an taobhlíne, i seomraí gléasta agus araile, go fiú agus mná agus gasúir i láthair.

Réiteach agus freagairt CLG

Anois is fiú scrúdú a dhéanamh ar céard é réiteach agus freagairt oifigiúil CLG ar eachtraí na hÓmaí agus eachtraí eile cosúil leis. Ar dtús glacadh agus glactar i gcónaí le tuairisc an réiteora mar phríomhfhoinse eolais agus mar phríomhphointe tagartha. Baineadh feidhm as físeáin freisin agus cuireadh i leith ochtar imreoirí go raibh cás le freagairt acu. Ar deireadh cuireadh tréimhse fionraí idir ceithre agus ocht seachtaine i bhfeidhm i gcás triúir as Áth Cliath agus triúir as Tír Eoghain. Ina theannta sin, gearradh fíneáil ar choistí Átha Cliath agus Thír Eoghain.

Mo bharúil féin faoi fhreagairt an CLG agus an pionós a gearradh ar dhaoine go bhfuil siad an-mhíshásúil ar fad agus nach dtiocfaidh athrú ar bith chun feabhais mbarr. thuigim cén mhaith a dhéanfaidh fíneáil a chur ar choiste contae le go stopfadh eachtra leithéid ag tarlú arís. Ni thuigim cén mhaith a dhéanfaidh ach oiread téarmaí fionraíochta a leagadh ar imreoirí áirithe seachas a chéile nuair ba léir don saol mór go raibh beagnach gach imreoir páirteach sa scliúchas. thuigim cén polasaí atá á léiriú ag CLG i leith eachtraí foréigin den saghas seo le cinntiú nach dtarlóidh siad arís agus tharlaíonn go mbeidh praghas ard le híoc ag lucht cothaithe na trioblóide.

Rud eile go gcaithfear freisin taicticí agus pleananna agus treoracha bainisteoirí a cheistiú agus a scrúdú nuair is léir go bhfuil nasc le tabhairt faoi deara idir modhanna imeartha foirne agus imreoirí agus minicíocht na gcártaí buí agus dearga agus ciceanna saora ina gcoinne le linn cluichí. I bhfocail eile, is cóir freagracht a chur ar bhainisteoirí agus ar choistí chontae as iompar a gcuid foirne agus imreoirí ar an bpáirc agus i dtimpeallacht na páirce. Caithfear na rialacha a scrúdú agus athbhreithniú a dhéanamh orthu chun gach lúb ar lár a gheofaí iontu a dhúnadh agus a líonadh. Mar níl ach bealach amháin le déileáil le heachtra ar nós troid na hÓmaí agus is é sin gach duine a bhí páirteach ann, móide lucht bainistíochta (i.e. an bainisteoir agus roghnóirí na bhfoirne) a chur ar fionraí ar feadh tréimhse suntasaí agus na contaetha a chaitheamh as an gcomórtas don bhliain reatha. Ródhian? B’fhéidir, ach tógfaidh smachtbhannaí an-dian ag an tús chun leas fadtéarmach an chumainn a dhéanamh. fiú fanacht go dtarlóidh arís agus duine a bheith gortaithe níos measa.

dhá chúis ann gur cheart do CLG bheith fíordháiríre agus cúramach faoin ábhar seo, is é sin, sábháilteacht daoine agus dea-cháil na gcluichí agus an chumainn. na mílte duine ar fud na tíre ag obair go dian dícheallach chun na cluichí agus an eagraíocht a chur chun cinn. airgead mór á chaitheamh ar fhorbairt na gcluichí, ar oiliúint agus ar thraenáil, ach thógfaidh ach eachtra amháin níos measa scliúchas na hÓmaí chun an obair sin go léir a chur ó mhaith.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.