246
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Agus í ag éirí aníos sna Stáit Aontaithe, chreid Mary Beth Taylor gur daonlathas ceart a bhí sa tír, ach níl sí den tuairim sin a thuilleadh.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Traic Ó Braonáin, Cumann na bhFiann.
»»»Míníonn Brian Ó Broin an tábhacht a bhaineann le Lá Altaithe i Meiriceá.
»»»Seo ceann de na scéalta atá le fáil sa leabhar Taisce Focal, bailiúchán de shé scéal déag a bhí i gcló san iris seo thar roinnt blianta. Is iad Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy údair na scéalta, atá bunaithe ar shaol an lae inniu agus a thugann léargas maith don fhoghlaimeoir ar leaganacha cainte agus struchtúir dhúchasacha. Tá gluais chuimsitheach ag deireadh gach scéil agus tá dhá dhlúthdhiosca leis an leabhar ar a bhfuil ceathrar cainteoirí dúchais as Rann na Feirste le cloisteáil ag léamh na scéalta. Tá an comhad fuaime a théann leis an scéal áirithe seo le fáil ag bun an leathanaigh.
»»»Cad é a chiallaíonn sé a bheith faoi riail an bhunreachta? Bhí Robert McMillen ag breacadh roinnt de na smaointe a rith leis le tamall anuas.
»»»Cailleadh an deis, dar le Dónall Ó Maolfabhail, díospóireacht a chothú mar gheall ar roinnt ceisteanna móra nuair a shocraigh páirtithe an fhreasúra nach gcuirfidís iarrthóirí chun cinn don uachtaránacht.
»»»Draíocht coláiste samhraidh agus draíocht na Gaeltachta a chrom Cáit Ní Cheallacháin ar an méarchlár lena céad alt a chur di go díreach sular imigh Beo.ie de saol.
»»»Tá cur síos an mhí seo ag Diarmaid Mac Mathúna ar chuid de na háiseanna ríomhaireachta atá ar fáil dóibh siúd atá faoi mhíchumas.
»»»Tá meas mór ag Ciara Nic Gabhann ar shaothar beirt ealaíontóirí as Meicsiceó atá ar taispeáint faoi láthair in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath.
»»»Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantar Gaeltachta le fáil i ngach eagrán de Beo. An mhí seo: Gleann Cholm Cille, Contae Dhún na nGall.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh an-tógtha leis an méid atá ar siúl ó thaobh an spóirt i gCamus i gConamara, in ainneoin easpa an-mhór áiseanna a bheith i gceist.
»»»Áiríonn Maidhc Ó Cathail ceithre dhuine dhéag atá freagrach as ár na hIaráice dar leis. Cé hiad?
»»»Beidh Féile Litríochta IMRAM ar siúl i mBaile Átha Cliath idir 10 agus 15 Deireadh Fómhair. Déanann duine de lucht eagraithe na féile, Liam Carson, cur síos ar chuid de na himeachtaí atá ar chlár na bliana seo.
»»»Bhí díomá ar go leor daoine nuair a dhún caife Ghael Linn i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite. Ar an dea-uair, áfach, d’oscail caife Gaeilge eile i lár na cathrach i dtrátha an ama chéanna. Thug Caoimhe Ní Laighin cuairt ar an gcaife seo agus labhair leis an mbainisteoir, Úna Nic Gabhann.
»»»Faigheann na mílte bás i Learpholl agus i gceantair eile sa Bhreatain gach bliain mar gheall ar chaitheamh tobac ach táthar chun dul i ngleic leis an fhadhb sna blianta atá amach romhainn trí chosc a chur ar an tobac in áiteanna poiblí. Tuairisc ó Tony Birtill.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.