AR NA SAOLTA SEO
Mí-ionracas daltaí agus a dtuismitheoirí
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Léirigh taighde a rinne Breandán Delap le gairid go bhfuil méadú mór tagtha ar an líon daltaí nach bhfuil orthu an Ghaeilge a dhéanamh mar ábhar don Ardteist agus go bhfuil sé sin amhlaidh de bhrí go bhfuil mí-úsáid á baint as an díolúine atá ann do dhaoine a bhfuil míchumas foghlama orthu.

Íomhá
Íomhá
An tAire Oideachais Mary Hanafin
Íomhá
Íomhá
Ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny: ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar roghnach

Cuir i gcás go bhfuair duine litir dochtúra a thug le fios go raibh máchail coirp air agus gur cháiligh sé do phas saorthaistil dá bharr. Cad a shílfeá dá bhfeicfeá an duine céanna ag rith ar luas lasrach go stad an bhus? An ndéarfá gur calaois a bheadh ann? Agus cad faoin dochtúir a chuir teistiméireacht ar fáil faoina mhíchumas? An ndéarfá go raibh seisean nó sise comhpháirteach sa chalaois nó mar pháirtí i gcomhcheilg le bob a bhualadh ar an stát? Samhlaigh sa bhreis air sin dá dtarlódh a leithéid céanna i gcás breis is 6,000 duine eile. An ndéarfá go raibh fabht éigin sa chóras a cheadódh a leithéid?

Sin é go díreach atá ar bun de réir mo bharúlsa i gcás an líon ard scoláirí atá ag fáil díolúine ó bheith ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge sa mheánscoil ach atá ag an am chéanna ag tabhairt faoi nuatheanga Eorpach amháin eile ar a laghad a fhoghlaim. De réir figiúirí a scaoil an Roinn Oideachais chugam faoin Acht um Shaoráil Faisnéise an mhí seo caite, bíonn duine as gach beirt a bhfuil míchumas foghlama orthu, agus a fhaigheann díolúine ó bheith ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge dá bharr, ag déanamh staidéir ar nuatheanga Eorpach amháin ar a laghad. Léiríonn an t-eolas seo go bhfuil méadú leanúnach tagtha ar líon na ndaltaí nach bhfuil orthu staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge go leibhéal na hArdteistiméarachta le trí bliana anuas. Ní raibh ar 11,871 dalta Gaeilge a dhéanamh go leibhéal na hArdteiste sa bhliain 2006 de bharr “míchumas foghlama” a bhí dearbhaithe ag síceolaí. Ach astu sin ar fad a raibh míchumas orthu i leith na Gaeilge, bhí níos mó ná leath acu a rinne staidéar ar nuatheanga Eorpach amháin ar a laghad – Fraincis, Gearmáinis nó Spáinnis, mar shampla – don Ardteist. 6,341 dalta san iomlán “faoi mhíchumas” a rinne staidéar ar theanga eile ainneoin é a bheith dearbhaithe ag síceolaí go raibh fadhb sealbhaithe teanga acu! Ardú beag ab ea an figiúir seo ar an 11,172 dalta a fuair díolúine de bharr míchumas foghlama in 2005. Rinne 6,025 dalta acu siúd staidéar ar nuatheanga Eorpach. I rith na scoilbhliana 2004 fuair 9,907 dalta díolúine de bharr míchumais agus rinne 5,519 acu siúd staidéar ar theangacha eile.

Cuir i gcéillIs léir, mar sin, nach inniu ná inné a thosaigh an chalaois agus an cur i gcéill seo. Go deimhin, in 2004 d’admhaigh an tAire Oideachais, Mary Hanafin, go raibh fadhb ar leith ann maidir leis

an díolúine agus thug sí le tuiscint go raibh ciorclán á ullmhú ag an Roinn a leasódh an córas trína mbronntar an díolúine. Ach murab ionann agus a cur chuige i leith cheist an luath-thumoideachais agus i leith theanga teagaisc na Pobalscoile úire sa Daingean, ní léir go raibh oiread flosca ná fuadair ar an Aire Hanafin tabhairt faoin phrácás áirithe seo. Níl tásc ná tuairisc ar an chiorclán úd ó shin i leith.

Ba cheart ag an staid seo idirdhealú a dhéanamh idir iad siúd a bhfuil míchumas foghlama orthu i ndáiríre agus iad siúd atá ag cur i gcéill. Is léir ó na figiúirí seo nach bhfuil aon cheist ann ach go bhfuil deacrachtaí foghlama ag ar a laghad 5,147 de na daltaí a fuair díolúine sa bhliain 2006. Caithfidh an córas oideachais soláthar speisialta a dhéanamh ar na daoine seo agus cothrom na Féinne a thabhairt dóibh. Bheadh sé míréasúnta a bheith ag dréim go mbeidís ábalta tabhairt faoi fhoghlaim na Gaeilge (nó go deimhin teanga ar bith eile) i mo thuairimse. Is den chiall é mar sin go gcuirfí na gnáthrialacha oideachais ar leataobh ina gcás siúd.

Ach maidir leis an 6,341 dalta eile, is léir gur cur i gcéill ar scála ollmhór atá i gceist. Ní hamháin sin ach is léir fosta gur lúb ar lár i gcóras maoirseoireachta na Roinne Oideachais is cionsiocair leis. Ní gá go mbeadh céim sa tsíceolaíocht agat lena thuiscint nach mbaineann fadhbanna sealbhaithe teanga ar nós disléicse le teanga amháin thar teanga eile. Má bhíonn fadhb agat i dteanga amháin, beidh sí agat i ngach teanga eile. Níl loighic dá laghad ag baint mar sin le daoine a bheith ag fáil díolúine i leith na Gaeilge ach ag an am chéanna a bheith ábalta tabhairt faoi theangacha eile.

Fadhbanna dearthaAdmhaíonn Leas-Rúnaí Ginearálta Aontas Múinteoirí Éireann, John Mac Gabhann, go bhfuil borradh mór tagtha ar “fhadhbanna deartha” nó “designer difficulties” i measc daltaí a bhfuil sé d’acmhainn ag a dtuismitheoirí íoc as tuairiscí shíceolaithe a chiallóidh go bhfaighidh a gcuid páistí díolúine ó staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge.

Tagann an t-eolas seo sna sála ar thuarascáil de chuid Chomhairle na hEorpa agus na Roinne Oideachais féin (“Language Education Policy Profile for Ireland”) a thug le fios le gairid go raibh an Ghaeilge sa chóras oideachais “in umar na haimléise” agus beagnach “i ndeireadh na feide.” Seans gur cheart go gcuirfí fógra rabhaidh ar an siollabas Gaeilge feasta: “Déanann staidéar ar an Ghaeilge dochar mór do do chumas foghlama.” Óir is léir gur galar tadhlach í an disléicse a bhuaileann scoláirí áirithe a dhéanann staidéar ar an teanga ach a bhíonn ag feidhmiú i mbarr a maitheasa in ábhair eile.

Níl ciall ná réasún ag baint leis an chóras mar atá agus buntáiste á thabhairt do scoláirí a bhfuil tuismitheoirí saibhre acu dul go síceolaithe príobháideacha le dearbhú a fháil uathu go bhfuil fadhb foghlama teanga acu ar nós disléicse. Má dhéanann tuismitheoir nó caomhnóir dalta iarratas ar dhíolúine ón Ghaeilge caithfear dearbhú a fháil ó shíceolaithe de chuid na Roinne nó ó shíceolaithe príobháideacha go bhfuil míchumas foghlama ar an dalta. Bíonn riaráistí móra oibre ag síceolaithe na Roinne, rud a thugann deis do thuismitheoirí a gcuid leanaí a chur faoi chúram síceolaithe príobháideacha a éilíonn táillí arda. Measann Cumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na Leas-Phríomhoidí go dtig a leithéid de mheasúnú síceolaíoch a cheannach ar €600 nó €700. Deir an eagraíocht fosta gur dócha ná a mhalairt go bhfaighidh an té a dhíolann airgead den chineál sin an tuairisc atá de dhíobháil air!

Titeann sé ina dhiaidh sin ar phríomhoidí ciorclán na Roinne Oideachais i leith na díolúine a chur i bhfeidhm. Ach ba chróga an té a thabharfadh dúshlán do thuairim an tsíceolaí agus is annamh a

tharlaíonn a leithéid. Cruthaíonn an díolúine fadhbanna breise do phríomhoidí agus do mhúinteoirí ar ndóigh sa mhéid is go gcaithfear feitheoireacht a dhéanamh ar na daltaí le díolúine fad is atá a gcomhscoláirí ag foghlaim na Gaeilge. Cur amú ama is acmhainní is ea é seo.

RiachtanachAr ndóigh tá buntáiste ar leith ag baint le díolúine a fháil ó staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge. Áirítear an Ghaeilge faoi láthair mar cheann de na hábhair iontrála atá riachtanach don cheithre ollscoil i gcóras cónaidhmeach Ollscoil na hÉireann. Cuirtear an t-éileamh seo ar leataobh do scoláirí a bhíonn ábalta teastas díolúine atá sínithe ag príomhoide mar aon le teistiméireacht an tsíceolaí a chur ar fáil. Is fada ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny, ag maíomh gur cheart gur ábhar roghnach a bheadh sa Ghaeilge i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh. Is léir, áfach, go bhfuil a leithéid i bhfeidhm cheana féin, don té atá toilteanach, agus in acmhainn, díol as!

Cad is féidir a dhéanamh faoin chamscéim seo? Níor mhiste, i mo thuairimse, don Aire Hanafin an ciorclán cuí (uimhir m10/94) a leasú agus a atheisiúint sa dóigh is gur díolúine ó fhoghlaim teangacha i gcoitinne a bheadh i gceist seachas an Ghaeilge amháin. Bheadh sé níos fusa ansin feoil is iasc a dhéanamh díobh siúd a bhfuil míchumas foghlama orthu i ndáiríre agus na daoine a bhfóireann sé dóibh droim láimhe a thabhairt leis an Ghaeilge mar ábhar. In éagmais a leithéid de bheart leanfar leis an chur i gcéill.

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.