AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Amharcann Balor ar an Nollaig
Balor Balor Balor

Is le seanbhlas a amharcann Balor ar an Nollaig. Ba cheart mála caca a cheangal de thóin Rúdolf nó tá gach díon tí in Éirinn chomh salach le Páirc Chill Airne aige.

Íomhá
Níl slí san óstán
Íomhá
An Fear Dearg, Daidí na Nollag
Íomhá
Meallfar cianóga as tiachóga

Gairdeas na Nollag? Bah! Tuar cait is féasóg air!” Ní Balor Biatach a dúirt, ná Scrooge féin – nach raibh focal Gaeilge aige ar scor ar bith – ach Brains Cowen. (http://www.youtube.com/watch?v=4K2w0YY1SR8) “Ní bheidh Nollaig ar bith ann i mbliana!” a d’fhógair sé, agus é ag seoladh céad díle an gheimhridh in Iarthar agus i nDeisceart na hÉireann. Agus murab ionann agus na hócáidí eile nuair a rinne sé ráitis mhóra thromchúiseacha eile, creideadh é an t-am seo. Ní raibh an Tír Fá Thoinn riamh leath chomh fá thoinneach agus atá tír na hÉireann. Tá na bradáin san N17 níos mó ná na carranna atá tréigthe ann, agus is contúirtí na siorcanna thart faoi Bhéal Átha na Sluaighe ná crúba na gcapall. Tá tart ar mhuintir bhocht fhadaraíonach Chorcaí, agus an rabharta uilig thart orthu; ach bhíodh sé á mhaíomh ag Balor an Bhéil Nimhe go raibh tart i gcónaí riamh ar mhuintir Chorcaí.

leath na tíre scriosta ag an díle agus an leath eile scriosta ag Thierry Henry, a bhfuil LÁMH agus focal idir é agus muintir FIFA.

Tá an tríú leath scriosta ag Éamonn Dunphy, nó náirigh sé é féin go hiomlán, beo ar an teilifís, nuair a dúirt sé focal moltach faoi dhuine inteacht ar na mallaibh. Níl cuimhne ag duine ar bith cé a mhol sé, ach díreach gur mhol sé duine inteacht seachas Andy Reid. Is iomaí duine nár chodail néal ó shin. Tá ceathrú leath na tíre scriosta ag na múinteoirí, a chuaigh amach ar stailc ag lorg... ag lorg... ag lorg... bhail, níl siad féin cinnte cad é a bhí siad á lorg, ach mar a dúirt Seáinín Ó Gluaisteáin, Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann: “Cibé rud a bhí muid á lorg, ní bhfuair muid é, agus tá muid sásta dul amach ar stailc arís agus arís eile go dtí go bhfaighidh muid é. Cé nach bhfuil a fhios againn cad é atá muid á lorg, beidh a fhios againn go cinnte nuair a bheas sé faighte againn, nó tosóidh Pat Kenny agus a chairde ag caitheamh anuas go trom agus go leatromach ar na múinteoirí arís!”

Ar Son na Drúise

Beidh ar gach fíor-Ghael fíorghaelach sna Gaeltachtaí fíorghaelacha agus sna Galltachtaí breacghaelacha éirí as an Irish Star agus an Irish Sun agus an Irish Mirror a cheannach gach Céadaoin feasta, agus tosú ar an Irish Indo a cheannach ina n-áit. Tá Foinse ag teacht saor in aisce gach Céadaoin leis an Irish Independent anois. Is maith an rud é go bhfuil sé ag teacht saor in aisce, nó ní chaithfeadh duine ar bith pingin rua ar an liarlóg. Seachas pictiúr de Aoibhinn Álainn Ní Shúilleabháin ar leathanach a haon, níl mórán ann. (http://www.youtube.com/watch?v=QuM5prOLiGY) Dar ndóigh, tá pic beag d’Éamó ar an leathanach sin fosta, ach bheifí ag súil leis sin, nach mbeifí? Tá pic beag de ar leathanach a dó fosta, agus leathanach a trí, agus trí phictiúr de ar leathanach a ceathair. Tá an páipéar lán litreacha molta ó mhaithe agus ó mhóruaisle na tíre ag maíomh go bhfuil éacht déanta ag Ó Céidigh. Cén t-éacht? Cá bhfuil Ar Son na Cáise? Thig le Balor rún a scaoileadh libh anois, a léitheoirí dílse: bhí Ó Céidigh ar a sheacht ndícheall ag iarraidh Balor a sciobadh ó Beo Ar Éigean! chun alt úr aorach seachtainiúil a scríobh do Foinse: alt dar teideal Ar Son na Drúise! Ach ní raibh spéis least">dá laghad ag Balor i gcúrsaí drúise, ná in alt a scríobh do Sir Anthony O Reilly, ná do Sir Pádraig Ó Céidigh; agus chomh maith leis sin, mheall Sir Seosamh Ó Slua Muirí é le caoga a trí cent sa bhreis in aghaidh an ailt dá bhfanfadh sé le Beo Ár Éigean! Ní thig dílseacht a cheannach... nó rud inteacht mar sin. (http://www.youtube.com/watch?v=pKBTG_urDjk&feature=related)

“Tá fuath na namhad agamsa ar an Nollaig ar na saolta deireanacha seo. Is mithid dúinn an Fear Dearg a chriogadh!” a mhaíonn Balor Bodúil, agus é ag trácht go mailíseach ar Shan Nioclás bocht. Is beag gairdeas Nollag ná fáilte na féile a bhíonn le sonrú ar a chaint chadránta nuair a bhíonn Laoch na Litríochta faoi lánseol ag ceasacht go casaoideach faoin chréatúr caoinbhéasach sa chóta dearg. “Tá an Nollaig fuadaithe ag Cóca Cóla agus ag an phutrachán plobartha sin a thionscain siad,” a mhaíonn sé, “agus ní Brains Cowen atá i gceist agam!”

Breast Rúdolf!

Dar le Balor Bearránach go mb’fhearr go mór é féin mar Dhaidí na Nollagfeolamán díolta Cóca Cóla. “Breast an plobaire agus a Hó Hó Hó! Breast Rúdolf agus na réinfhianna boigéiseacha eile nach mbíonn málaí crochta faoina dtóin lena gcnap a cheapadh!” a fhógraíonn sé )agus é ag cuimhneamh ar Pháirc Náisiúnta Chill Airne). (http://www.youtube.com/watch?v=4DWb2jh-VRI) “Mé féin a thuigeann mianta daoine i bhfad níos fearr ná é agus mé féin agus mo charbad agus mo chuid each cogaidh is fearr a dhéanfadh an jab ná an glugaí sin ar a shleamhnán,” a mhaíonn Balor Borrach. Dar leis go bhfuil tuigbheáil mhaith aige do na bronntanais Nollag is fearr a dhéanfadh leas daoine:

D’Íosa Mhic Giolla Mháire thabharfainn múinteoir úr Gaeilge, nó cibé dúramán atá aici cheana féin tá sé nó sí ag cur chuma na fusachta ar an jab, agus ní maith le múinteoirí cuma na fusachta a bheith ar rud ar bith a bhaineann leo.

D’fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann thabharfainn bosca mór Kleenex le nach mbeidís ag triomú na ndeor ar na geansaithe glasa glana a bheadh de dhíth arís ar eagla na hathimeartha. Dá mbeadh Balor ag fáil €80,000 in aghaidh na seachtaine, mar atá cuid de na himreoirí sin, ní bheadh sé ag caoineadh, fiú mura dtiocfadh leis cúl a scóráil ó cheann ceann shéasúr an tsacair.

D’Enda Aoibhinn, Álainn, Aoibhiúil, thabharfainn cóta mór úr, le sciatháin bhreátha leathana, ionas go dtiocfadh leis a bheith ag gáire isteach ina mhuinchille i ngan fhios do dhuine ar bith gach uair a dhéanfadh Brains Cowen cac de rud inteacht eile. Thiocfadh leis a chuid paidreacha príobháideacha rúnda a rá isteach sna muinchillí leathana fosta, agus é ag guí go dtarlóidh míorúilt agus nach mbeidh olltoghchán ann go ceann cúig bliana eile ar a laghad. Shhhh!

Don iarthaoiseach iarghaoiseach Garret Mac Gearailt thabharfainn fiacla úra – foireann iomlán acu – sa dóigh go mbeadh daoine in ann corrfhocal eile a thuigbheáil ag teacht amach as a bhéal seachas ‘duairceas agus doineann agus gruamacht’ agus ‘deich mbliana eile ar a laghad’. (http://www.youtube.com/watch?v=M7jmjJv0N7I)

Gairdeas na Nollag agus í sin shona duit? Bah! Tuar cait is féasóg air!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.