AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Tá Balor ag iarraidh dea-chomhairle a chur ar roinnt daoine Mhícheáil Bhaile na Méar, Aire na Fíor-Ghaeltachta, Kim Jung Un agus Joe Ó Brollaigh ina measc.

Íomhá
An tAire Hamish Ó Duibhneacháin ag tabhairt na bhFingleton dúinn & Leas-Aire na Gaeltachta
(le J.A. de Roo ar Vicipéid)
Íomhá
Joe
(le Lettuce ar Flickr)
Íomhá
Pádraig Ó Spealáin thar lear ar son VSO
(le VSO Ireland ar Flickr)
Íomhá
'Réir amhail times ta b siúr'
(le Hammersbach ar Vicipéid)

Tá súil agam go raibh Nollaig mhór mhaith agaibh, a léitheoirí dílse, agus gur bhain sibh ceol agus sú as an chearc fhrancach agus eile – mar a bhain Balor Blonagach gan dabht. Tá leithscéal ag Balor a bheith ag ceiliúradh fhéile dhorchadas na bliana agus é ina phágánach chruthanta agus ina Fhomhórach dílis, ach cén leithscéal atá ag an oiread sin de mhuintir na hÉireann nach bhfuil sásta an focal Nollaig féin a úsáid níos mó? Tá nósanna cainte Mheiriceá ag teacht isteach in Éirinn ar cosa in airde. Níl cosáin againn a thuilleadh ach sidewalks; bíonn muid ag tiomáint ar highways anois, seachas ar bhóithre; tá deireadh leis an bhriseadh lárthéarma agus half-term anois againn (gan trácht ar sheimeastar nó séimhse); níl bonnóga againn níos mó ach cupcakes; agus, mar bharr ar an donas, is gairid uainn deireadh leis an Nollaig féin nó tá caint ar na holidays ag éirí níos coitianta in aghaidh na bliana. “Happy holidays!” a scairteann fear Coca Cola agus é gléasta in éide Shan Nioclás.

Ach tá féile lár an gheimhridh thart, agus tá sé in am díriú isteach ar bhliain úr agus ar gach a mbaineann le tús nua, mar atá dea-rúin na hathbhliana. Shíl Balor nárbh fhearr dó rud a dhéanamh ná moladh nó dhó a thabhairt do roinnt daoine atá i mbéal an phobail i dtaca leis na gealltanais a dhéanfaidh siad, nó ba chóir go ndéanfaidís, agus an bhliain úr buailte linn anois.

Ar Aire!

An chéad duine a ritheann le Balor is ea Dinny “very good! very good!” na Gaeltachta, nó Dinny na Galltachta mar ba chóir a thabhairt air, nó is léir gur róchuma le Dinny an Ghaeltacht a bheith ann nó as. Tháinig Dinny ar an tsaol seo le dhá chois ar a cholainn, agus cosa breátha móra atá iontu, bail ó Dhia orthu, nó is minic a chuir sé isteach ina chlab mór iad; agus cé gur fhoghlaim Dinny go hóg ina shaol an dóigh le seasamh ar a dhá chois féin, is léir go bhfuil an cumas sin caillte aige anois. I ndiaidh dó glacadh le ciorraithe agus le hísliú stádais do mhuintir na Gaeilge agus do mhuintir na Gaeltachta araon, tá sé thar am aige a chumas seasaimh a fháil ar ais. Mar sin, a Dinny, glac le comhairle Bhaloir, agus seas ar do dhá spáig mhóra féin i mbliana. Agus an freagra ó Dinny??? Is ea: “Very good! Very good!

Duine eile ar chóir dó a bheith ag smaoineamh ar dhea-rún don bhliain úr is ea Michael Uasal Fingleton, iar-reachtaire Irish Nationwide. B’fhéidir go ndéanfadh sé machnamh ar a chuid nósanna ólacháin. I measc na gcostas ar chuir sé isteach orthu, agus é fostaithe ag Irish Nationwide, bhí €14,000 ar dhá dhosaen buidéal fíona; €25,000 ar 77 buidéal Cristal Champagne (an stuif saor, bíodh a fhios agaibh); agus sé bhuidéal uisce beatha Midleton ar €1,400 an ceann. Tá a fhios agam cén cheist atá agaibh: ar ól sé an stuif sin uilig? Samhlaígí anois an t-uisce beatha sin… bheadh costas céad euro ar achan ghloine de. Nach mbainfeadh sé sin an tart de dhuine ar bith? Is léir nár bhain sé aon rian den tart de Fingers Fingleton. Anois an dea-rún. An moladh atá ag Balor ná go ngeallfadh an tUasal Fingers nach n-ólfadh sé ar feadh bliana ach deoch glan leanna. Má thig leis teacht ar cheann ar bith acu a bhfuil blas beorach air, bhuel is fearr é ná Balor ó thaobh an taighde de. I ndiaidh bliana, ba chóir go mbeadh ceacht foghlamtha aige, agus go gcuirfeadh sé fáilte roimh an channa Dutch Gold ag deireadh na seachtaine.

Comhairle ar an Chóiré

“Agus caidé faoi Kim Jong Un? Nár chóir dó siúd a bheith ag smaoineamh ar dhea-rún fosta?” a d’fhiafraigh Balor. Deir údaráis na Cóiré Thuaidh linn go bhfuil Kim ar an ghalfaire is fearr ar domhan agus ar an pheileadóir is fearr ar domhan. Ní deir siad rud ar bith faoina chumas le gunna; ach nach cuma, nuair atá daoine eile aige chun a chuid gaolta a chur chun báis. Nuair nach mbíonn sé ag dúnmharú a chuid uncailí nó ag bagairt dheireadh an domhain lena chuid diúracán eithneacha ní maith leis a chuid ama a chur amú. Ní dhéanfadh sé rud ar bith a thabharfadh le fios go raibh sé tugtha do shaol an tsómais, nó go gcaithfeadh sé a chuid ama ar chaithimh aimsire gan mhaith. Ní dhéanfadh sé rud ar bith a chuir sé i leith a uncail – an cearrbhachas, mar shampla. Cuireadh i leith an uncail go raibh sé tugtha don roulette. Anois mar bhreithiúnas aithrí ar a chuid peacaí, agus mar dhea-rún na hathbhliana, ba chóir do Kim Jong Un tosú ar an roulette, ach an cineál Rúiseach. Ba chóir dó an Roulette Rúiseach a imirt sé huaire sa lá ar feadh tamaill (bhig!). Ba chóir gur leor tamall beag le béasaí a chur air.

Agus Balor féin? Cén dea-rúin a bheas aige? Bhuel, geallann sé go sollúnta nach ndéanfaidh sé aon rún a scaoileadh i rith na bliana seo. Is minic a chluineann sé rudaí nár chóir dó a chluinstin, nó síleann daoine nach bhfuil an éisteacht rómhaith aige siocair nach bhfuil aige ach an t-aon tsúil amháin. Seo cuid de na rudaí a chuala sé i rith na bliana agus nár inis sé do dhuine ar bith beo:

Joe Brolly ag caint le Pat Spillane: “Ní osclaím mo bhéal riamh gan dianmhachnamh a dhéanamh roimh ré, go háirithe nuair a bhím ag féachaint ar chluiche peile.”

An tOrd Flannbhuí ag caint le muintir Ard Eoin i mBéal Feirste: “Ná bíodh imní ar bith oraibh. Siúlfaidh muid thart bealach éigin eile ionas nach gcuirfidh muid isteach oraibh.”

Barack Obama ag caint le hAngela Merkel “Is cuma linne cé leis a mbíonn tú ag caint ar do ghuthán póca, a Angela. Ní bhaineann sé linne beag ná mór.”

Bíodh bliain úr mhaith agaibh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.