1340
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is fear é Eamonn McCann as Doire a bhfuil blianta fada caite aige ag plé le cúrsaí polaitíochta i dTuaisceart Éireann ach, mar a fuair Ciara Nic Gabhann amach nuair a bhuail sí leis le gairid, tá spéis aige i go leor rudaí eile le cois na polaitíochta.
»»»Tá Ciara Nic Gabhann ag súil go mór le cuairt a thabhairt ar thaispeántas de shaothar an ealaíontóra Shasanaigh Lucian Freud a bheidh le feiceáil i mBaile Átha Cliath ón mhí seo ar aghaidh.
»»»Tá gach cuma ar an scéal go mbeidh uachtarán Daonlathach sa Teach Bán roimh i bhfad. Ní chuirfeadh Brian Ó Broin John McCain as an áireamh, áfach, go dtí go dtiocfaidh lucht tacaíochta Barack Obama agus Hilary Clinton le chéile.
»»»Tá seanaithne ar Mhaidhc Dainín Ó Sé, go háirithe i measc phobal na Gaelainne agus i measc na gceoltóirí traidisiúnta. Leabhar is fiche atá scríte aige as Gaelainn go dtí seo agus é ag scríobh leis ar a shuaimhneas. Bhuail sé isteach chun cainte le Caitríona Budhlaeir i nDún Chíomháin, Baile an Fheirtéaraigh agus ba léir go raibh féith na scéalaíochta go smior ann. Is ana-chomhluadar é, fear atá lán de bheocht is de chleachtadh. D’eachtraigh sé mar gheall ar a shaol i gCorca Dhuibhne is thar lear agus dhírigh sé isteach ar a chuid scríbhneoireachta agus ar chúrsaí ceoil.
»»»Tá a shúil nimhe á caitheamh an mhí seo ag Balor ar chuid de na scéalta atá i mbéal an phobail faoi láthair.
»»»Tá athruithe móra tar éis a theacht ar chúrsaí polaitíochta sna Sé Chontae le mí anuas, mar a mhíníonn Robert McMillen.
»»»Tá Dónall Ó Maolfabhail dóchasach nach leanfar ar aghaidh leis an bplean chun mótarbhalach a thógáil gar do Chnoc na Teamhrach i gContae na Mí de bhrí go bhfuil fothoghchán Dála le bheith sa chontae an bhliain seo chugainn.
»»»Beidh níos mó deiseanna ag dreamanna in Éirinn agus in Albain bheith ag comhoibriú lena chéile sna blianta atá amach romhainn agus tá Robert McMillen den bharúil go bhféadfadh sin dul go mór chun sochair do shochaí Thuaisceart Éireann.
»»»Tá Robert McMillen den bharúil go bhfuil an-lear daoine ar chaon taobh den phobal á saobhadh féin le híomhánna míréadúla faoin ‘treibh’ eile.
»»»An bhfuil Seán Greif ag iarraidh aos grá ealtaí is ainmhithe a chur le craobhacha, óir bhronn sé cead coise agus eite ar a pheata coiligh le taobh Loch Malawi.
»»»Ó ceapadh Bertie Ahern mar Thaoiseach, tá meath tagtha ar neodracht na hÉireann, dar le Dónall Ó Maolfabhail, agus beidh impleachtaí tromchúiseacha ag sin don tír.
»»»Thug Liz Curtis cuairt ar cheantar in Albain le gairid a bhfuil ceangal láidir aige le Nova Scotia i gCeanada.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim gurb é club Bhiorra, a bhuaigh craobh na hÉireann le déanaí, an fhoireann iománaíochta is fearr ag an leibhéal sin dá bhfacthas sa tír seo riamh agus go bhfuil go leor le foghlaim ag foirne eile uathu.
»»»Chaith Tony Birtill súil siar ar shaol Bhreandáin Mhic Lua, ar an mhaith a rinne sé do mhuintir na hÉireann i Sasana lena linn agus ar a shaothar i mbun an nuachtáin The Irish Post. Scríobh Tony an t-alt seo thíos le barr ómóis dó.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.