AGALLAMH BEO
Maidhc Dainín Ó
Caitríona Budhlaeir Caitríona Budhlaeir Caitríona Budhlaeir

seanaithne ar Mhaidhc Dainín Ó , go háirithe i measc phobal na Gaelainne agus i measc na gceoltóirí traidisiúnta. Leabhar is fiche atá scríte aige as Gaelainn go dtí seo agus é ag scríobh leis ar a shuaimhneas. Bhuail isteach chun cainte le Caitríona Budhlaeir i nDún Chíomháin, Baile an Fheirtéaraigh agus ba léir go raibh féith na scéalaíochta go smior ann. Is ana-chomhluadar é, fear atá lán de bheocht is de chleachtadh. D’eachtraigh mar gheall ar a shaol i gCorca Dhuibhne is thar lear agus dhírigh isteach ar a chuid scríbhneoireachta agus ar chúrsaí ceoil.

Íomhá
Maidhc Dainín Ó
Íomhá
Port
Íomhá
An Blascaod
Íomhá
An Tiaracht agus an Fear Marbh
Íomhá
An Fear Marbh
Íomhá
Ag fancht le cuileachta
Íomhá
Leis na cúití
Íomhá
Siceagó sna blianta siar
Íomhá
Cuileachta

CB: Dia do bheathasa go BEO.ie, a Mhaidhc. Táim ana-bhuíoch díot as teacht chun cainte liom inniu.

MDÓS: Go raibh míle maith agat.

CB: Tánn ag maireachtaint i gCarachán, i gceantar na Feothanaí, san áit inar tógadh , ach chaithis do shaol ar fad ansan.

MDÓS: dheineas. Saolaíodh ann agus saolaíodh ar an mbaile féin mar raibh aon ospidéal ann an uair sin. Chuas ar Scoil Naomh Eirc ar an bhFeothanaigh agus as san go dtí an cheardscoil sa Daingean. raibh aon tsuim fén spéir agam sa bhunscoil ach ba bhreá liom an cheardscoil. Bhí adhmadóireacht ann is bhíos ag obair le mo dhá láimh is bhí tarraiceoireacht is líníocht mheicniúil ann.

CB: Cad a dheinis nuair a bhís críochnaithe leis an gceardscoil?

MDÓS: Theastaigh uaim dul mar phríntíseach dtí siúinéir i 1958 ach raibh aon obair ag na siúinéirí féin ag an am. D’imíos go dtí na haon diabhal duine timpeall a bhí ag obair ar adhmad is ag siúinéireacht, ach raibh aon tigh á thógaint ón gCom anall. Bhí na caogadaí go hainnis. Déarfadh duine go bhfuil olc anois. Níl leatholc seachas mar a bhí an uair sin. An t-aon rud, áfach, bhí taithí aige daoine óga inniu ar an rud maith, ach raibh aon taithí againne ar faic. Bhíos bliana déaggan steibhear im’ cheirt ach bhí deartháir thall i Sasana agam. Dúrt leo aige baile go rabhas ag dul suas go dtí an gcluiche leathcheannaisCiarraí is Doire 1958. fliuch, salach is buadh ar Chiarraí agus léimeasa ar an mbád an oíche sin.

An Bád Bán

CB: Is an raibh faic ráite agat aige baile?

MDÓS: Diabhal faic, ach dúrt leo go bhfanfainn i mBaile Átha Cliath ar feadh seachtaine le cara a bhí ag foghlaim Gaelainne i rith an tsamhraidh. Ach is amhlaidh a bhaineas amach mo dheartháir, Dónall, thall i Sasana.

CB: An raibh aon eagla ort dul sall dtabharfá …?

MDÓS: Nuair bíonn pingin i do phóca, a chailín, níl faic le cailliúint agat. Fuaireas jab an chéad istigh i monarcha agus thugas timpeall le ceithre mhí ansan. Bhídís ag déanamh refrigeration do bháid mhóra is do thithe móra fuara ann. Fuaireas mo jab go deas dom féin. Thug san thar an ngeimhridh . Bhíos féin is mo dheartháir i lóistín i dteannta a chéile. Ansan ambaiste, fuaireas amach raibh na hallaí rince. Bhí seacht gcinn an uair sin i LondainGaltymore is a leithéidí. Bhí mo chroí éadrom! Ar aon tslí thugas bliain i Sasana is thuilleas mo dhóthain ach bhí i mo cheann dul go Siceagó. Bhí beirt dearthár is deirfiúr liom i Siceagó. Is nuair a bhí mo dhóthain bailithe agam le chéile, dúrt le Dónall –“táimse ag cur dom”.

Siceagó

CB: An bhfan Dónall i Sasana?

MDÓS: dhein. Chuaigh i mo theannta. Chuamar sall mar American citizens trí pháipéir m’athar. Bhí m’athair i Siceagó sna fichidí is sna triochaidí. Chuasa sall ansan agus thugas 10 mbliana i Siceagósin é an áit a thiteas isteach léi féin. Is ó Ghleanntán í Cáit ach bhuaileas léi thall. rabhamair ach leathchéad míle ó chéile anso raibh aon aithne againn ar a chéile. Is fear a fuair bean thall agus is bean a fuair fear.

CB: na jabanna a bhí agat thall?

MDÓS: Bhíos ag obair le Sears Roebuck. Mail order ab ea é. D’ordófá tríd an bpost. Bhí timpeall le mhíle déag duine ag obair ann. Thosnaíosa amach ag folmhú leoraithe ach d’oibríos mo shlí suas agus cheann cúpla bliain - bhíos mar bhoss ann. Sara bhfágas, bhí timpeall trí fichead duine ag obair dom. Ach bhí aimsir na gCearta Sibhialta ana-chorraithe. Bhí leathghorm is leathgheal ag obair dom. Bhí cleas amháin ag fábhrach leo seo is déarfadh cleas eile, tánn fábhrach leo siúd”. Dúrt le Cáit, tréis deich mblianahaigh a chailín, díolfaimíd an tigh is baileoimíd linn abhaile. theastaigh uaim mo chlann a thógaint i Meiriceá, raibh rudaí go maith ann an uair sin. Bhí na drugaí ag tosnú ar na sráideanna chomh maith.

CB: An raibh aon uaigneas ort nuair a bhís thall?

MDÓS: raibh, mar is a bhuailfeá le daoine istigh i rince i Sasana i Meiriceá mar a bhuailfeá leo thiar i dTigh an Táilliúra i bParóiste Mórdhach. Imirce ab ea an rud ar fad an uair sin. Bhí beirt is triúr os na haon tigh i Londain, i New York i Siceagó i mBostún.

CB: Agus an gcloisfeá aon Ghaelainn?

MDÓS: labhramarna riamh focal Béarla eadrainn féin. mo dheartháir Johnny fós thall ann ó 1948 agus bím ar an bhfón ina theannta na haon tseachtain agus labharamar riamh Béarla le chéile. an Ghaelainn mhaith ag cleas Mheiriceá chomh maithníl aon truailliú uirthi. Tógaimse ceann do Johnny Gaelainn ghlan aigeagus bheadh focail aige sin féadfainnse cuimhneamh orthu.

Éire an Athuair

CB: Thánamhair abhaile sa bhliain 1969?

MDÓS: Bhí rudaí corraithe i Meiriceá agus bhí na cearta sibhialta, is na haon rud trí chéile is bhí deacair oibriú ann. Bhí an ceart ag na daoine gorma gan dabht, a gcearta a lorg, ach bhí a lán daoine geala anuas ar na daoine gorma. theastaigh uaim mo chlann a thógaint mar sin. B’fhearr liom iad a thógaint mar a tógadh féin. thuigfeá cén rud neamhspleáchas go bhfágfá an áit seo is go raghfá go Meiriceá go Sasana.

CB: An leanbh a bhí agaibh an uair sin?

MDÓS: Bhí beirt i Siceagó againn agus ansan fuair Danny free transport abhaile! caitheadh díol as aon ticéad !

CB: An raibh deacair oraibh socrú síos nuair a thánamhair abhaile?

MDÓS: Bhí an chéad bhliain deacairbhí rudaí chomh tapaidh thall is rudaí chomh socair anso. Is cuimhin liom dul isteach dtí Foxy John’s triall ar rudaí éigint mar bhíos ag tógaint an . Thógfadh uair an chloig sula bhféadfá teacht amach as. Arsa mise leis tráthnóna amháin, “Foxy, deabhadh ormtáim ag tógaint is táim ag obair chomh maith”. D’fhéach sall ar Bheití – “líon piúnt is leathghloine ansan”. “Ól é sin!” arsa éÓl piúnt na haon tráthnóna is tógfaidh an tigh leis”. B’shin é an ceacht is fearr a d’fhoghlaimíos tar éis teacht abhaile. Bhí cúrsaí breá socair is suaimhneach agus cheann bliana, thiteas féin isteach sa tslí chéanna. Bheadh deabhadh ort thall i Meiriceá is n’fheadraís canathaobh go mbeadh deabhadh ort.

CB: An raibh deacair jab a fháilt aige baile?

MDÓS: Bhí jab fachta agam le Ryan’s Daughter agus bhíos le tosnú ar an Luan. Ach ansan nár bhuail bainisteoir an chreamary liom agus dúirt dhá jab thíos sa chreamary is theastaíonn siad ó éinne”. Arsa ébeidh Ryan’s Daughter imithe is beir gan jab”. Síos liom maidin Luain is fuaireas jab an chreamary agus bhíos ann nach mór 35 bliain. Thóg mo chlann. Jab maith ab ea é mar bhí fuílleach overtime leis chomh maith. Bhínn ag bailiú bhainne os na haon áit agus i rith an gheimhridh, théinn timpeall na dúthaí ar fad. Raghfá go Corcaigh amháin is an Ghaillimh go Luimneach eile. Saol breá ab ea é. Bhreá liom a bheith ag tiomáint mar bhíos mar bhoss orm féin.

Iníon Riain Fial Flaithiúil

CB: An gceapais go raibh puinn athraithe anso nuair a thánaís abhaile?

MDÓS: raibh an oiread san ach bhí rudaí fachta níos fearr. Nuair a chuasa tríd an nDaingean ag dul go Sasana, raibh faic annmadra suite i lár na sráide agus raibh aon bhaol go marófaí é mar raibh aon chairt. Nuair a thána abhaile i 1969, bhí cartacha síos is suas is beocht san áit. Is cuimhin liom dul isteach dtí Tigh Mhic Cárthaigh, is bhí an tigh lán le stróinséirí i lár an laecanúint Shasana is canúint Mheiriceá. Lorgaíos piúnt is chuireas punt ar an gcuntar. raibh aon airgead á thógaint, bhí dhá phiúnt agam is tógadh aon airgead. Arsa mise ar deireadh atá ag ceannach an phórtair?” Ryan’s Daughter a dúirt . Bhíosa ag féachaint timpeall ach cérbh í Ryan’s Daughter. Sin scannán atá siad ag déanamh thiar ar an gcnoc. Sin é Robert Mitchum ansan thíos a dúirt , sin é Trevor Howard agus sin í Sarah Miles. Arsa mise liom féin, Hollywood aige baile agam!

CB: Is dócha gur mar cheoltóir is mar scríbhneoir is atá atá aithne ort?

MDÓS: Bhíos ag ceol riamhó bhíos seacht mbliana d’aois agus dheineas a lán airgid ar an gceol i Meiriceá is i Sasana. Bhínn ag seimint sna pubanna is sna hallaí. Hanley’s House of Happiness a thugaidís ar phub amháin i Siceagó. Tigh mór groí ab ea é agus tigh mór ceoil. Sheinneas i dteannta cuid des na ceoltóirí is fearr a tháinig as Éirinn an uair sinbhí Joe Cooley ann, an ceoltóir ab fhearr riamh agus a dheartháir Séamus agus Kevin Keegan ón nGaillimh. Bhíodh Cooley ag seimint leis an Tulla Céilí Band. Bhí ceoltóirí le hanam na marbh i Siceagó agus obair dóibh. Bhí airgead le déanamh ar cheol i Meiriceá. Dhá trí oíche sa tseachtain a bhíos ag seimint is bhuailfeá le daoine os na haon chontae in Éirinn. Bhaineas ana-shásamh ar fad as an dtréimhse sin. Is fiú d’aon duine óg dul ar imirce ar feadh tamaill. Is dóigh liom gurbh é sin an ollscoil is fearr a d’fhéadfainn dul chuige.

Na Leabhair

CB: An leabhar atá scríte agat fén dtráth seo?

MDÓS: an t-aonú ceann fichead curtha suas agam go dtí’n foilsitheoir inné. Is breá liom an scríbhneoireachttánn i ndomhan eile leat féin agus is tusa an boss.

CB: do leabhar A thigh tit orm ar chúrsa na hArdteistean dtaitníonn san leat?

MDÓS: Táim ana-shásta leis. Sin é an leabhar a dhein is an leagan Béarla á úsáid mar théacsleabhar in Ollscoil i Meiriceááit éigin i Massachussetts.

CB: An mbeadh aon eagla ort go dtarraingeoidh droch-cháil ort mar atá ar Pheig bhocht i measc iarscoláirí áirithe?

MDÓS: An dtuigeas - dóigh liom go ndéanfaidh mar is leabhar éadrom é. Saol dochreidte a bhí aige Peig agus faigheann na daoine óga ana-dheacair é sin a thuiscint. Cuireann saghas eagla orthu. Is é Peig ceann de na leabhra is fearr a scríobhadh riamh. Ach an leabhar s’agamsa, oiriúnach do scoláirí mar baintear gáire astu.

CB: Cén tábhacht a chíonn le scríbhneoirí Gaeltachta, do leithéidí féin is Joe Steve Ó Neachtain?

MDÓS: Is dóigh liom go dtugann pictiúr dos na daoine lasmuigh den Ghaeltacht ar an saghas saoil a bhí is atá againn. Chíonn siad go bhfuilimid díreach ar nós iad féin ach go bhfuilimid á dhéanamh inár dteanga dhúchais.

CB: A Thig, Tit Orm aistrithe go Béarla? Ar mhaith leat go n-aistreofaí an chuid eile acu?

MDÓS: chuireann aon mhairg orm. Táimse sásta ag scríobh as Gaolainn.

CB: An scríobhfá as Béarla?

MDÓS: scríbhfinn litir as Béarla fiú amháin! raibh aon mheas riamh agam ar an mBéarla ó thaobh scríbhneoireachta de. bhainfinn aon sásamh as. Is féidir ár dteangana a ionramháil, a chasadh is a iompú agus táim cuíosach maith chuige. Fuaireas é sin óm’ athairana-scéalaí ab ea é agus fuaireas féith na scéalaíochta uaidh. Ana-amhránaí ab ea mo mháthairis dócha gur uaithi a fuaireas an ceol. Anois bhí ana-Bhéarla aige mo mháthair chomh maith mar gur ó Bhaile na Buaile í sa Daingean agus fuaireamar beagán Béarla uaithi sin chomh maith, rud dhein aon díobháil dom nuair a chuas go Sasana.

An Péarla is Fearr Againn

CB: Cad a déarfá le staid na Gaelainne anso timpeall láthair?

MDÓS: lag, ana-lag.

CB: An mbeidh á labhairt go nádúrtha mar theanga pobail anso timpeall cheann fiche, triocha bliain?

MDÓS: Beidh ann, ach n’fheadar an mbeidh á labhairt - bheadh dabht agam agus maith liom é a . dtuigfeadh daoine go bhfuilimid ag cailliúint an péarla is fearr atá againn. Fiú amháin slí bheatha á baint amach aisti aige a lán daoine, ach fós cloisim mná ag caint eatarthu féinis Béarla a bhíonn acu. Maraíonn . Ach ndéarfainn faic ansan, d’íosfaí . an seoid againn ach imíonn as na Gaeltachtaí, imeoidh an saibhreas. Bheinn amhrasach ach fós dóchas agam. Is maith liom na Gaelscoileanna siad ag déanamh ana-mhaith.

CB: Is léir gur duine a bhaineann sásamh as a bheith os comhair an phobail ag seimint ar an stáitse is ag eachtraí scéalta

MDÓS: Is breá liom é ach is breá liom ansan arís a bheith im’ aonar, go mórmhór nuair a bhím ag scríobh.

CB: An dóigh leat go bhfuil do mhac, Dáithí, ana-chosúil leat féin?

MDÓS: Is dócha go dtug búire leis. Téann búire leis na haon chlann is dócha.

CB: An mbeadh aon suim agatsaRós Thrá Lí’ a chur i láthair?!

MDÓS: bheadh mhuis, raghainn isteach ann mbeadh sa ghort ansan amuigh! bheadh aon tsuim fén spéir agam ann. B’fhearr liom dul ar an bPoc go Fleadh Cheoil, áit a mbuailfeá le ceoltóirí.

CB: Agus cad fén Oireachtas?

MDÓS: chailleas Oireachtas ó thána abhaile ó Mheiriceá. Nuair a chífeá cúpla míle duine is gan faic ach Gaolainn acu, d’ardódh do chroí.

CB: éirithe as obair le tamall anois, an bhfuil sásta?

MDÓS: Is breá liom é mar táim ag déanamh rudaí anois a theastaigh uaim a dhéanamh agus bhíodh a dhóthain aga agam nuair a bhíos ag obair. An rud is measa ar domhan nuair a thugann daoine suas obair is deineann siad faic. Táimse anois chomh gnóthach is a bhíos riamh ar mo shlí féin, ach níl aon strus orm.

An t-aon rud amháin a athróinn i mo shaol go mbeadh níos ama aige baile agam nuair a bhí na leaideanna beaga ag fás suas. Bhíos ag obair 76 uair an chloig sa tseachtain leis an mbainne i rith an tsamhraidh. Bhíodar fásta suas sula raibh fhios agam rabhas.

CB: Go raibh míle maith a Mhaidhc. Táimid chomaoin agat.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is í Caitríona Budhlaeir bainisteoir Dhún Chíomháin, Ionad Oideachais Choláiste na hOllscoile Corcaigh ar an mBuailtín.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.