AR NA SAOLTA SEO
Cúrsaí an tuaiscirt athraithe ó bhonn le mí anuas
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá athruithe móra tar éis a theacht ar chúrsaí polaitíochta sna Sé Chontae le mí anuas, mar a mhíníonn Robert McMillen.

Íomhá
Ceannaire an UUP, David Trimble
Íomhá
John Reid - imithe as na Sé Chontae
Íomhá
Ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams - freagra deimhneach

Bhí iar-MLA aontachtach ar cuairt chuig duine a raibh céad bliain bainte amach aige i dtuaisceart Aontroma ar na mallaibh.

Caithfidh sé go bhfaca tú athruithe iontacha le do linn,” arsa an polaiteoir.

“Chonaic,” arsa an seanduine, “agus bhí mé in éadán achan uile cheann acu.”

Sin mar atá cuid mhór den phobal aontachtach le 30 bliain anuas, ach is léir nár bhain siad tairbhe ar bith as an séanadh seo go raibh gach rud ag athrú thart orthu. Más fada seachtain i gcúrsaí polaitíochta, smaoinigh ar ar tharla le mí anuas. An mhí seo caite, scríobh mé fán bharúil a bhí ann go raibh David Trimble ar an dé deiridh, foighid caillte ag Baile Átha Cliath leis agus fiú Londain ag éirí éiginntecheannaireacht s’aige ar a pháirtí féin agus ar phróiseas na síochána go ginearálta.

Ansin, le ruathar PSNI ar oifigí Shinn Féin i Stormont - a d’eagraigh scata oifigeach a bhí in éad le Hugh Orde agus é i Londain - d’athraigh an scéal ar fad. An mhí seo, thit an Tionól agus phill Riail Dhíreach. D’imigh John Reid mar Státrúnaí agus phill Paul Murphy. Tharraing an IRA amach as Coimisiún de Chastelaine. Bhí comhdháil bhliantúil socair ag an UUP.

Agus níor thit an díon anuas orainn. Is léir nach bhfuil rudaí chomh holc agus a bhí siad roimhe seo. D’atóg muid rudaí roimhe seo, agus léiríonn aitheasc Tony Blair i mBéal Feirste an mhí seo caite go gcreideann sé go bhfuil muid ag tarraingt ar an bhunscríbe, an endgame.

Iontach go leor, fuair sé freagra deimhneach ó Gerry Adams coicís ina dhiaidh sin nuair a dúirt seisean go bhfaca sé todhchaí gan an IRA. An rud atá romhainn, measaim, ná go mbeidh seal fada idirbheartaíochta idir an dá ghrúpa is mó cumhacht - gluaiseacht na poblachta agus Rialtas na Breataine.

Tá liosta siopadóireachta ag poblachtánaigh, go háirithe leasuithe ar chúrsaí póilíneachta, rud atá geallta ag Rialtas Blair agus a bheas á phlé i Westminster an mhí seo.

Ar ndóigh, ceanglóidh Rialtas na Breataine na hathruithe seo le scor de chineál éigin i gcás an IRA. Tá an bóthar sin á ullmhú faoi láthair, agus baill shinsearacha Shinn Finn - Adams, McGuinness, Martin Meehan - ag rá go bhfuil cogadh s’acu thart. Tá gníomh substaintiúil de dhíth ar aontachtaithe más mian leo muinín a bheith acu i bpoblachtánaigh, ach is cineál seó taoibhe iad na haontachtaithe i súile na bpoblachtánach - beidh an idirbheartaíocht thábhachtach á déanamh idir Sinn Féin agus Rialtas na Breataine. Má thig leis na Sasanaigh na haontachtaithe a fháil ar bord, beidh sin go breá; ach ar dhóigh, is cuma leo.

Seirbhís phóilíneachta

Ach dá bhfaigheadh poblachtánaigh seirbhís phóilíneachta a dtiocfadh leo a bheith páirteach inti, bheadh raison d’etre *an IRA sciobtha ar shiúl. Sa chomhthéacs sin, thiocfadh leis na hÓglaigh an t-ardán a fhágáil, rud a bhéarfadh le fios d’aontachtaithe go raibh foréigean an IRA thart agus go dtiocfadh leo ansin suí síos agus a theacht ar réiteach le náisiúnaithe, gan *bogeyman an IRA mar chlaíomh Damocles os cionn an phróiseis.

Chomh maith leis sin, tá torthaí an daonáirimh is déanaí le foilsiú an mhí seo chugainn agus táthar ag tuar go mbeidh an “dá phobal” roinnte leath ar leath. Má thig an tuar fán tairngreacht, buille mór síceolaíoch a bheas ann d’aontachtaithe nach mbeidh ábalta labhairt ar an mhóramh aontachtach níos mó.

An rud atá de dhíth anois ná ceannairí aontachtacha a dtig leo an t-athrú seo a stiúradh i dtreo leasa a bpobail féin, agus an fhírinne a aithint.

Léargas ar an fhírinne sin a bhí sa ghrianghraf a foilsíodh san *Irish News *ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair a thaispeáin Gerry Adams ag meangadh ar thachrán óg MLA Sinn Féineach a bhí ina shuí i gCorn Sam Maguire i seomra i Stormont agus pictiúr James Craig ar a gcúl.

íomhánna an *ancien regime *ar a mbealach amach.

Tá muid ag cuartú anois ceannaireacht aontachtach agus dhílseach a fheiceann go bhfuil an IRA ag dul as gnó, a aontóidh an UUP taobh thiar de Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus foireann na brionglóide, Jeffrey Donaldson agus Reg Empey, mar cheannairí úra an pháirtí i ndiaidh imeacht Trimble.

Ar ndóigh, caithfidh muid fanacht go dtí an chéad olltoghchán eile, ach meastar go mbeidh seasamh láidir Trimble in éadan Shinn Féin ina chuidiú aige sa choimhlint leis an DUP agus táthar ag tuar go mbeidh an dá pháirtí aontachtacha cothrom i ndiaidh an toghcháin sin.

Ach má bhíonn mí eile mar mhí Dheireadh Fómhair ann, cá bhfios cad é a thiocfas chun cinn le linn tríocha lá na Samhna.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.