AR NA SAOLTA SEO
Athdhearú na Chontae
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Robert McMillen den bharúil go bhfuil an-lear daoine ar chaon taobh den phobal á saobhadh féin le híomhánna míréadúla faointreibh’ eile.

Íomhá
Mike Nesbitt an UUP
Íomhá
Geraldine Finucane lena mac & le dlíodóir an teaghlaigh
Íomhá
A scéal féin ag na léarscáileanna
(le Adam37 ar Vicipéid)

ag éirí tuirsiúil. Gach aontachtach a nochtann a aghaidh ar an teilifís na laethanta seo, bíonn ag caint ar na sluaite Caitliceach ( a súile siadsan níos cóngaraí chéile, a fhios agat) atá ag tarraingt orthu, iad uilig réidh le seanualach na hÉireann Aontaithe a chaitheamh uathu, a muinchillí a thiontú suas agus gach díograis bhfuil ina gcolainn a chaitheamh ar son Tógra Thuaisceart Éireann mar atá cuid de na meáin ag tabhairt ar athdhearú na Chontae.

Dúirt ceannaire úr an UUP, Mike Nesbitt, an rud céanna ar an raidió oíche hAoine, gur tháinig daoine a fhad leis ag gur Caitlicigh iad agus go dtabharfadh siad vótaí roghnófaí mar cheannaire an Ulster Unionist Party é. “Anecdotala thug Nesbitt ar a sceal féin achdallamullóga thabharfadh daoine eile air. Bhí Nesbitt ag maíomh go dtiocfadh leis na deicheanna míle vótairí a mhealladh, aontachaithe nach bhfuil suim laghad acu sa pholaitíocht agus náisiúnaithe atá sásta 800 bliain de dhaorsmacht Gall a chur ar leataobh cionn is go bhfuilmo dhuine ón teilifisar domhan úr oscailte a chruthú dóibh mar cheannaire an UUP.

Leis an fhírinne a dhéanamh, dallamullóg ar chuid mhór againn faoin treibh eile. Measann náisiúnaithe gur náisiúnaithe atá in aontachtaithe i ngan fhios dóibh - agus measann aontachtaithe gur cuma le náisiúnaithe ina gcroí istigh faoin tír a bheith aontaithe. Mar a dúirt Nesbitt Sathairn: “Ba mhaith liom (an UUP) spréadh amach go dtí gur muid an rogha nádúrtha do gach vótóir atá i bhfách leis an Aontas i dTuaisceart Éireann, ina measc, iad sin a deir go dteastaíonn uathu Éire Aontaithe ach, go príobháideach, a ghlacann leis nach bhfuil fáth amháin fágtha nár cheart dóibh tairbhe a bhaint as an bhallraíocht leanúnach atá againn sa Ríocht Aontaithe.”

An Dúnghaois Náisiúnach-Chairdiúil?

Ag caint le cara de mo chuid, Gaeilgeoir, Caitliceach, saineolaí CLG, dúirt gur ríchuma leis faoi Éire a bheith aontaithe, nárbh é an rud ba mhó ar a phaidrín ach nach smaoineodh choíche ar vóta a chaitheamh do pháirtí Aontachtach.

Beag beann ar a tharraingteacht is atá Nesbitt d’aos óg an phairti, mheallfaidh náisiúnaithe-atá-ina-n-aontachaithe mura mbíonn an dúnghaois chuí aige. An mbeadh i bhfách le hAct Gaeilge don Tuaisceart, cuirim i gcás? An dtabharfadh tacaíocht do Geraldine Finucane agus í ag iarraidh fiosruchán poiblí faoi dhúnmharú a fir chéile, Pat? Cad é an dúnghaois náisiúnach-chairdiúil a dtiocfadh leis a thabhairt isteach nach dtiocfadh salach ar aontachtaithe Fhear Manach, an dream is tionchar sa pháirtí?

Cinnte, beidh rath ar an fhear úr ag an tús, na meala, ach go fóill, heol dúinn cén cineál dúnghaoise a leanfaidh Nesbitt. a fhios againn nach bhfuil ag iarraidh go mbeadh an UUP mar fhreasúra, ach is beag eile atá ar eolas againn faoin chur chuige a bheas aige.

Baineadh triall asSmaointe Moraroimhe seo - UCUNF, mar shampla - dar leis ach deir gurmuid feinourselvesan smaoineamh mór atá aige. chreidim gurSinn Féina bhí i gceist ag iarfhear nuachta UTV ach gur ar bhaill an UUP amháin a bhí an todhchaí ag bráth.

Tabharfaidh daoine óga fuinniúla isteach gan olc ar bith a chur ar na seanfhondúirí, earcóidh níos mná agus ardú céime a thabhairt dóibh sin atá sa pháirtí cheana. Ach dálta bhainisteoir fhoireann spóirt atá gar do bhun na sraithe, mheasfar Nesbitt mar is ceart go dtí go bhfeicfidh muid é ag tabhairt aghaidh ar na fáthaigh sa DUP agus i Sinn Féin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.