296
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Anbhás atá i ndán don té nach mbíonn ar a fhaicheall roimh chrogall fionnuisce na hAstráile. Tá fios na contúirte ag Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»In ainneoin gur éirigh go maith le Sinn Féin san olltoghchán is annamh, dar le Balor, a bhíonn cuma shásta orthu. Míníonn sé go heisiach anseo cén fáth a bhfuil an scéal amhlaidh agus díríonn sé ar cheisteanna tromchúiseacha eile chomh maith atá i mbéal an phobail.
»»»Chuir sé iontas ar Bhreandán Delap an méid Éireannach a bhí ag siopadóireacht i Nua-Eabhrac nuair a bhí sé ansin ag an Nollaig anuraidh. Léiriú eile é seo, dar leis, ar an tslí a bhfuil na hÉireannaigh ag dul thar fóir ag caitheamh airgid gan smaoineamh ar na himpleachtaí fadtéarmacha.
»»»Chuaigh Alan Desmond chun cainte le cara na conspóide le blianta anuas, Eoghan Harris. Níor chuir fear Chorcaí fiacail ann, ach murar chuir, chuir sé céadchonsan an fhocail chéanna sin ann sách minic le linn na cainte agus é ag trácht ar na daoine a casadh dó le linn a shaoil oibre in RTÉ agus lasmuigh de.
»»»Measann Dáithí Ó Colchúin go n-éireoidh leis an mbeirt ón Astráil a toghadh ina mbaill de Pharlaimint agus de Sheanad na hIodáile le gairid go leor a bhaint amach.
»»»Chuaigh Gráinne Campion ag fiosrú scéil Paul McGinley i gcuntas an duine a bhfuil sáraithne air ón am a ghabh sé bróg, a athair, Michael Mc Ginley.
»»»Bhí deis ag Amanda Reid labhairt le duine de mhná óga na tíre le linn a cuid taistil sa tSiria. Seo mar a tharla.
»»»An bhfuil sé ‘dotty’ nó ‘intellectually bankrupt’ a bheith ag amharc ort féin barraíocht? Tá ceist nó dhó dúisithe ag an dealbhóir Anthony Gormley, agus d’amharc Ciara Nic Gabhann ar roinnt díobh.
»»»Déanfaidh na cóid phoist, a bhfuiltear chun tús a chur leo in Éirinn i gceann cúpla bliain, an-dochar d’ár n-oidhreacht logainmneacha, dar le Padraig Mac Éamoinn, agus tiocfaidh méadú mór ar an dramhphost chomh maith.
»»»Tá Ken Ó Donnchú ag cur faoi in A Coruña na Gailise le scathamh agus is siad gnóthaí seirce a thug ann é. Imríonn sé an pheil Ghaelach ann.
»»»Aontaíonn Colm Mac Séalaigh leis an tuairim atá ag Liam Mac Grifín nach mbeidh rath ar an iománaíocht i gCúige Uladh go dtí go n-athróidh an Cumann Lúthchleas an córas atá ann faoi láthair.
»»»Tá feabhas mór tagtha ar chaighdeán maireachtála mhuintir na Síne le tríocha bliain anuas ach tá sárú ar cheart daonna ina fhadhb mhór go fóill, a deir Ciarán Mac Aonghusa.
»»»Is ceap magaidh é George W. Bush do go leor daoine ach measann Barra Ó Donnabháin go bhfuil dul amú orthu siúd a mheasann gur daoi é an tUachtarán.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.