AR NA SAOLTA SEO
An tSín: fás, forbairt agus fadhbanna ceart daonna
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Tá feabhas mór tagtha ar chaighdeán maireachtála mhuintir na Síne le tríocha bliain anuas ach tá sárú ar cheart daonna ina fhadhb mhór go fóill, a deir Ciarán Mac Aonghusa.

Íomhá
Íomhá
Tugtar "Monarcha na Cruinne" ar an tSín
Íomhá

Meastar go mbeidh lucht féachana teilifíse de cheithre mhíle milliún ag amharc ar na cluichí Oilimpeacha i mbliana. Agus aird an domhain mhóir á díriú ar a dtír, beidh ceannairí na Síne ag iarraidh a gcumas stiúrtha a chur in iúl. Taispeántas mór a bheidh sna cluichí a léireoidh go bhfuil an tSín ina cumhacht mhór agus go mbeidh sí i lár báire feasta nuair a bheidh cúrsaí an tsaoil idir chamáin ag na tíortha móra. Ach tá an tSín i mbéal an phobail san Iarthar le roinnt blianta anuas ceann is go bhfuil an borradh eacnamaíochta sa tír sin ag cur isteach go mór ar chúrsaí eacnamaíochta sna tíortha saibhre. Chomh maith leis sin, tharraing an tSín míchlú uirthi féin mar thír de bharr go mbíonn cearta an duine á sárú ar bhun leanúnach ann.

Is iomaí tír a bhfuil cearta an duine á sárú ann, áfach, agus is iomaí tír san Áis a bhfuil borradh eacnamaíochta faoi lán seoil ann. Cén fáth mar sin a bhfuil an tSín chomh tábhachtach sin? Tá an tSín tábhachtach de bhrí go bhfuil sí chomh mór sin. Ní foláir breathnú ar roinnt figiúirí chun méid na tíre sin a thuiscint. Is í an tSín an tír is mó ar domhan ó thaobh daonra de. Tá cónaí ar 1.3 míle milliún duine ann. Is é sin, tá beagnach duine amháin as ceathrar ar an domhan ina chónaí sa tSín! Tá sí ar an tríú tír is mó ó thaobh achair de, rud a fhágann gur beag an difríocht idir an tSín agus na Stáit Aontaithe ó thaobh achair de.

Baineann tábhacht na Síne leis an stair agus leis an chultúr fosta. Tá níos mó ná deich ngrúpa eitneach sa tír agus is iad na Han an grúpa is mó. Baineann nócha faoin chéad den daonra leis an ghrúpa sin. Deirtear go dtéann cultúr na *Han *siar beagnach ceithre mhíle bliain. Bhí an tSín ar cheann de na hImpireachtaí is mó agus is cumhachtaí go dtí am éigin thart fán bhliain 1500 (tús ré an choilíneachais Eorpaigh). Nuair a bhí siad i mbarr a réime cheap na Sínigh cuid de na haireagáin is tábhachtaí i stair an chine dhaonna – an páipéar, an púdar gunna, agus an chlódóireacht, cuir i gcás. Ach is í eacnamaíocht na Síne is mó a tharraing aird mhuintir an Iarthair le tamall anuas. Le cúig bliana déag anuas tá eacnamaíocht na tíre ag méadú ag ráta de dheich faoin chéad in aghaidh na bliana. Ó thaobh OTI (GDP) de, tá an tSín sna sála ag an Ghearmáin, an tríú heacnamaíocht is mó ar domhan. Síleann go leor eacnamaithe go mbeidh geilleagar na Síne ar an gheilleagar is mó ar domhan am éigin idir 2025 agus 2040. Den chéad uair ó 1900 ní bheidh na Stáit Aontaithe ar an phríomh-eacnamaíocht ar domhan.

Costais níos ísleTá ollbhorradh na Síne ag cur isteach ar na tíortha saibhre ar an iliomad bealaí. De bharr go bhfuil costais sa tSín i bhfad níos ísle ná mar atá siad san Iarthar, tá go leor cuideachtaí móra idirnáisiúnta á lonnú ann. Is cinnte go gcuireann sé seo postanna áirithe i mbaol sna tíortha saibhre. Chomh maith leis sin tá cuideachtaí Síneacha ag dul i dtreise an t-am ar fad. Tugtar “Monarcha na Cruinne” ar an tír i ngeall ar a láidre is atá sí i réimse na déantúsaíochta. Ar an taobh eile, tá éileamh an-mhór sa tSín ar bhunábhair ar nós ola, guail, cruach, agus ar ndóigh, bia. Measann eacnamaithe áirithe gurb é an mór-éileamh seo, a tháinig go tapa, is cúis leis an ardú uafásach ar phraghas na mbunábhar seo, an ola agus an bia ach go háirithe.

Ní chun aimhleas na dtíortha saibhre amháin atá forbairt na Síne, áfach. Cruthaíonn fás na Síne deiseanna móra do chuideachtaí an Iarthair. I réimsí na teicneolaíochta agus na teileachumarsáide, tá na comhlachtaí móra ar fad ag iarraidh áit na coise a bhaint amach sa tSín. Ina measc tá Google, IBM, Sky, Seimens, Dell, Ericsson, Nokia agus fiche ceann eile nach iad. Beidh na cuideachtaí seo ag díol a gcuid táirgí i margadh mór na Síne agus rachaidh cuid mhaith den bhrabús ar ais chuig na tíortha saibhre.

Maidir leis na costais ísle déantúsaíochta, tá dea-scéala ann freisin. Nuair a cheannaíonn daoine san Iarthar táirgí saoire a dhéantar sa tSín bíonn níos mó airgid fágtha acu le caitheamh ar rudaí eile. Is é sin le rá, cuireann eacnamaíocht na Síne sriain ar bhoilsciú sna tíortha saibhre.

Mar sin, tá fórsaí éagsúla sa scéal seo ag teacht salach ar a chéile agus is deacair a rá cé acu an bhfuil forbairt eacnamaíoch na Síne ag dul chun leas nó chun aimhleas na dtíortha saibhre.

Ach is iad na Sínigh féin is mó ag a bhfuil an saol ag athrú. An rud is tábhachtaí ná go bhfuil titim mhór ar líon na ndaoine atá beo bocht sa tír. Idir 1978 agus an lá inniu, thit líon na mbocht ó 53% den daonra go dtí 8% de réir an Bhainc Dhomhanda. Ciallaíonn sé sin go bhfuil na céadta milliún duine saor ón fhíorbhochtanas de bharr na forbartha eacnamaí. Thit an ráta mortlaíochta naíonán ó 50 as gach 1,000 go dtí 20 idir an bhliain 1990 agus an lá atá inniu ann. Freastalaíonn an chuid is mó de pháistí na tíre ar bhunscoil. Agus mar sin de.

FadhbannaAr an drochuair tá lochtanna móra ar riailréim na Síne fós. Caitear daoine i bpríosún go hansmachtuil agus uaireanta ní fheictear arís iad. Caitheann na póilíní go brúidiúil le daoine – uaireanta buaileann siad daoine atá á gcoinneáil acu. De réir Amnesty International níl saoirse cainte ann agus cuirtear na céadta léirsitheoir i bpríosún de thoradh iad a bheith i mbun agóide go síochánta. Go minic ní thugtar aon eolas do mhuintir an té atá gafa agus ní thugtar le fios cá bhfuil sé nó cá fhad a bheidh sé á choinneáil. Gan amhras, tá cearta an duine á sárú sa tSín ar bhonn laethúil.

Ag an am chéanna tá fianaise ann go bhfuil rudaí ag dul i bhfeabhas de réir a chéile. Ní chreideann ceannairí agus oifigigh an pháirtí chumannaigh i bhfealsúnacht an Mharxachais níos mó. Thug siad faoi deara go bhféadfadh saoirse eacnamaíoch rath a chur ar an tír. De réir a chéile leag siad an seanstruchtúr cumannach agus tá córas caipitleach tógtha acu nach mór. Agus tá sé mar bhunchoinníoll ag an chaipitleachas go mbeadh cead a chinn ag an fhear ghnó i leith infheistíochta. Bíonn saoirse éigin de dhíth ar an chóras sin agus ní féidir le hoifigigh de chuid an rialtais gach cinneadh a thabhairt.

An toradh atá ar an athrú bhunúsach seo ná go bhfuil an tsaoirse ag fás sa tSín go breá caolchúiseach. Tugann an rath geilleagrach uirlisí do dhaoine freisin a fhágann go mbíonn sé níos deacra dallamullóg a chur orthu, mar shampla, an t-oideachas, an teicneolaíocht, naisc leis an saol mhór. Bíonn an rialtas ag iarradh na rudaí seo a chothú agus sriain a choinneáil orthu ag an am chéanna, ach ní féidir an dá thrá a fhreastal.

DeachtóireachtIs féidir a rá nach stát ollsmachtach cumannach í an tSín níos mó, ach deachtóireacht bunaithe ar an chóras caipitleach. Ba mhaith le ceannairí an Iarthair an tSín a bhrú níos faide fós i dtreo an daonlathais agus síleann siad gur fearr an tír sin a mhealladh in áit a bheith ag bagairt uirthi. Tugadh na cluichí Oilimpeacha di mar thír den chéad uair de bhrí gur gheall a cuid ceannairí go ndéanfaí dul chun cinn ó thaobh chearta an duine de. Ach measann go leor daoine nár chuir siad lena bhfocal. Tá siad fós ag tabhairt tacaíochta don rialtas mharfach sa tSúdáin, mar shampla.

Dá scaoilfeadh an páirtí cumannach a ngreim ar an tír róghasta, áfach, bheadh an baol ann go mbeadh cúrsaí ina gcíor thuathail. D’fhéadfadh an tír titim as a chéile ar fad nó d’fhéadfadh cogadh na gcarad titim amach ann. Mar sin, b’fhearr ar fad éabhlóid ná réabhlóid.

Tá súil ag grúpaí ar nós Amnesty go gcuirfidh na cluichí cor i gcinniúint na Síne ar an chaoi chéanna is a tharla i gcás na Cóiré Theas i 1988. Ba é an daonlathas an toradh a bhí ar agóidí móra roimh agus tar éis na gcluichí sa Chóiré Theas. An baol is mó atá ann faoi láthair, áfach, ná go mbeidh éirí amach le linn na gcluichí agus go gcuirfear na daoine faoi chois le lámh láidir faoi mar a tharla i gCearnóg Tiananmen i 1989. Ar chaoi amháin nó ar chaoi eile beidh tionchar na Síne ag oibriú ar cheisteanna móra an domhain feasta agus beidh níos mó ná an spórt agus an spraoi san imirt i mBéising an samhradh seo.

Is innealtóir é Ciarán Mac Aonghusa a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Tá sé ina thráchtaire agus ina láithreoir le Raidió na Life. Is as Tír Chonaill ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.