CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Sarah Eile
Diarmuid Johnson Diarmuid Johnson
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Is sliocht é seo as úrscéal le hAled Islwyn, atá aistrithe ón mBreatnais ag Diarmuid Johnson. Ábhar dorcha atá sa leabhar seo ina ríomhtar scéal Sarah, déagóir a bhfuil an galar anoireicse uirthi. Cuirtear go Conamara í le biseach a fháil i ndiaidh di babhta a chaitheamh san ospidéal. Ach, faraor, ní maitheas a dhéanann an tréimhse faoin tuath di, ach a mhalairt, agus an chuma air nach mbeidh deireadh sona leis an scéal seo.

Tá an leabhar Sarah Eile oiriúnach do dhéagóirí sinsearacha agus do dhaoine fásta, go háirithe iad siúd atá ag foghlaim na teanga, agus mar áis d’fhoghlaimeoirí tá gluais ag cúl an leabhair.

‘A Sara,’ arsa an mháthair de bhéic ag bun an staighre, ‘tá an bricfeasta ar an mbord le fada. An bhfuil tú ag teacht?’

‘Táim,’ arsa Sara, á freagairt. Ach is beag fonn a bhí ar Sara teacht. Ag cur uirthi a cuid éadaigh a bhí sí, í ina suí os comhair an scátháin, agus í ag cíoradh a cuid gruaige duibhe.

Síos an staighre léi gan deifir agus anonn chuig an mbord cois na fuinneoige. Bhí solas an tsamhraidh agus aer úr na háite ag leathadh isteach timpeall uirthi. Chuir sí strainc uirthi féin nuair a chonaic sí an bia.

‘Bí ag ithe, as ucht Dé,’ arsa a máthair. Bhí sise ina suí ag an mbord cheana, crústa tósta ar a pláta, agus an caifé ag fuarú sa mhuigín.

Shuigh Sara síos. Bhrúigh sí a cuid gruaige siar as a súile. Rinne sí casacht. Thug sí léi píosa tósta.

‘An mbeidh bricfeasta friochta agat? Bagún agus ubh?’

‘Ní bheidh, go raibh maith agat, a Mham.’

‘Ith do dhóthain, mar sin, a stór. Ag piocadh mar a bheadh éinín a bhíonn tú. Ach tá cuma i bhfad níos fearr ag teacht ort. Fós féin, níl a fhios agam céard is fiú an samhradh a chaitheamh san áit seo. Síleann Daid go ndéanfaidh aer na tuaithe an-leas duit. Déanfaidh tú dearmad ar an áit eile sin, b’fhéidir.’

Ní raibh Sara ag iarraidh a bheith i Ros na gCaorach ach oiread. Bhí a cuid cairde i bhfad uaithi i mBaile Átha Cliath. Agus ní raibh aon rud le déanamh san áit seo.

‘Céard a dhéanfaidh muid inniu?’ arsa Sara.

‘Déanfaidh mé braon eile caifé. Tá sé seo fuaraithe orm.’

Is annamh a d’fhreagraíodh an mháthair ceist. Isteach léi sa chistin. Lean súil Sara í go leisciúil.

‘Céard a dhéanfaidh muid inniu?’

‘Ná bí ag fógairt orm mar sin, a stór,’ arsa an mháthair aníos ón gcistin. ‘Ní bodhar atá mé.’

‘Ach níl aon rud le déanamh sa pholl seo,’ arsa Sara go crosta.

‘Tá an t-ádh linn gur fhág Mamó an teach saoire seo againn. Bíonn sé ligthe ar cíos sa samhradh go hiondúil. Tá Daid gan cíos na háite i mbliana ar mhaithe le do shláintese. Nach bhfuil an carr againn leis an gceantar a fheiceáil? Tá neart rudaí spéisiúla le feiceáil, Gaillimh agus an Clochán, mar shampla. Agus tá tír álainn le feiceáil thart timpeall orainn. Deir Daid go gcuirfidh seal san áit seo feabhas ort.’

‘Is cuma liom faoin tír álainn.’

D’éirigh Sara ina seasamh, agus chrom sí os cionn an bhoird le breathnú go tuirseach ar na crainn. Bhí crainn timpeall an ospidéil freisin. Crainn mhóra taobh amuigh agus plandaí rubair taobh istigh. An áit plúchta leo.

Amach leis an máthair ón gcistin agus pota caifé úir aici.

Tá airde ag teacht ionat le cúpla mí anuas. An iomarca, sílim. Nach ndúirt mé leis an dochtúir é. Mo dhuine, cén t-ainm a bhí air? Fear deas agus gruaig chatach air. Súile dorcha. Bhíodh sé an-deas liom féin agus le Daid nuair a thagadh muid ar cuairt. Dúirt mise leis go dtagann airde sna gasúir agus iad óg sa lá atá inniu ann. Bí i do shuí, a stór. Tá caifé déanta agam.’

Shuigh Sara síos go mall. Ach bhí a hamharc fós ar na crainn agus ar an ngarraí beag a bhí os comhair an tí. Bhí ceol na n-éan ag líonadh a dhá cluais. Agus ní raibh sé an-mhoch. Ní do na héin. Ach bhí sise mall ag éirí. Mar gheall go raibh sí ar saoire. Saoire fhada. Ise agus Mam i Ros na gCaorach ar feadh an tsamhraidh. Imirt chártaí, agus teilifís lá báistí. Sciuird sa charr dá mbeadh an lá go breá. Ní raibh caite ach seachtain. Seachtain fhada, leamh.

‘An ólfaidh tú caifé?’

‘Níl mé ag iarraidh aon *flippin’ *caifé.’

Mo náire thú, a Sara. Ní ceart labhairt le do mháthair mar sin. Tá tú sé bliana déag. Cailín mór thú, ba cheart go mbeadh múineadh ort. Beidh cupán agam féin, ar aon nós.’

Líon sí a cupán leis an gcaifé te. D’éirigh sí, agus thug sí léi a cuid toitíní ón matal. Dhearg sí ceann, agus ar ais léi chuig an mbord.

‘Níl aon mhaith pus a chur ort féin, a leanbh.’

‘Níl aon phus orm. Níl aon phus orm. Níl mé ag iarraidh caifé, sin an méid.’

‘Ceart go leor. Ná bac leis, mar sin.’ Agus bhain an mháthair gal as an toitín go mífhoighdeach.

Ní fada gur labhair an mháthair arís: ‘An ngabhfá síos chuig an siopa dom leis an bpáipéar a fháil? Maith an cailín, síos leat. Sin é is measa san áit seo. Is mór an jab an páipéar féin a fháil.’

Ach níor fhreagair Sara í. Bhí a cuid smaointe ar fán i measc na gcrann agus na nduilleog. Iad á ndó ag tine chaordhearg na gréine i ngloine na fuinneoige. Agus rith sé léi gurbh fhéidir gur rud mar sin a chonaic Maois sa Bhíobla. Agus an ghrian sna sceacha, cheapfá go raibh siad trí thine.

‘Tabhair freagra orm, a Sara. Ar mhaith leat dul síos chuig an siopa? Níl cuid an dreoilín ite agat, go bhfóire Dia orainn.’

An siúladh Mamó síos chuig an siopa fadó ag iarraidh an pháipéir?’

‘Níl a fhios agam, a Sara. Is dócha gur ann a cheannaíodh sí rudaí. Ach níl a fhios agam an gceannaíodh sí an páipéar. Caithfidh tú ceist a chur ar d’athair.’

‘Dá mbeadh Mamó beo, ní chaithfeá féin a bheith anseo ar chor ar bith, nach fíor dom? D’fhéadfadh Mamó aire a thabhairt dom, agus d’fhanfása i mBaile Átha Cliath.’

‘Stop, muis. Bhí aois mhór ar Mhamó. Is beag cuimhne atá agat uirthi.’

‘An bhféadfadh muid dul chuig an reilig ar cuairt chuig an uaigh?’ arsa Sara go díograiseach. ‘Le do thoil, a Mham, ní raibh muid ar cuairt chuig an uaigh ar chor ar bith fós.’

Mhúch an mháthair an stumpa toitín sa luaithreadán créafóige ar an mbord sular labhair sí arís go drogallach. ‘Tá go maith. Rachaidh muid ann lá éigin. Ach níl a fhios agam ó Dhia cén fáth a bhfuil tú ag iarraidh an uaigh a fheiceáil. Níl mé róchinnte cén áit den reilig a bhfuil sí curtha, fiú.’

‘Bíonn Máire an tSiopa ag caint ar Mhamó. Is cuimhin léi go maith í.’

‘Is dócha gur cuimhin.’

‘Ní raibh sí chomh sean sin nuair a cailleadh í. Ach níor thug duine ar bith aire di.’

‘Seachain an dtabharfá aird ar Mháire an tSiopa. Agus ná lig di thú a cheistiú faoi Dhaid ná fúmsa. Is beag a bhíonn le déanamh ag cuid de na daoine san áit seo ach ag cúlchaint faoi chéile,’ arsa an mháthair go tur.

Bhreathnaigh Sara ar a máthair agus iontas uirthi. Thaitin Máire an tSiopa léi. Bhí a cuid gruaige mar a bheadh coca féir agus an dá chluais ag gobadh amach.

‘Tá mise ag dul chuig an siopa.’

‘Gabhfaidh tú ann nuair a bheidh na soithí nite againn.’

‘Ní rachaidh,’ arsa Sara go crosta, ‘tá mé ag dul ann anois díreach.’

D’éirigh sí go tobann agus is beag nár leag sí an chathaoir. Suas staighre léi de rúid. Bhí Sara sásta gur aici féin a bhí an seomra a raibh seantroscán Mhamó ann. Scuab sí a cuid gruaige go cúramach. Thug sí spléachadh uirthi féin sa scáthán. Ní fhéadfadh sí a rá go raibh sí go hálainn. Bhí baithis ard uirthi, agus bhí na liopaí tiubh go leor. Bhí airde ag teacht inti freisin. Bhí an ceart ag Mam!

Bhí an dá ghualainn an-díreach. Agus an dá chíoch líonta ag brú ar a léine go míchompordach.

‘Ní fhágfaidh tú na soithí fúmsa,’ arsa an mháthair ag bun an staighre, í míshásta.

Níor cheart di iad a fhágáil faoina máthair. Bhí Mam i gcónaí ag súil leis go ndéanfadh sí rud éigin le cabhrú léi. Ach is obair leamh a bhí sa níochán soithí.

‘Tá mé ag dul amach.’

Bheadh suaimhneas anois aici. Bhí daoine an-deas ar an gcaoi sin. Ní chuirfeadh aon duine brú uirthi. Bhí Sara tinn. Bhí a fhios ag an saol é sin.

‘Cén chaoi a bhfuil Sara ar maidin?’ arsa Máire an tSiopa agus Sara ag dul isteach sa siopa.

‘Thar barr, go raibh maith agat,’ arsa sí go hardnósach.

Bhí fainic curtha ag a máthair uirthi gan an iomarca a rá le muintir na háite. Sheas sí sa doras ag breathnú go drochmheasúil ar na rudaí a bhí ar díol. Bhí an áit sách lom, agus seanfhaiseanta. Ní ó thaobh an bhia de, ar ndóigh. Ach an leagan amach. Seilfeanna dorcha adhmaid cosúil le hadhmad an tséipéil. An cabhantar adhmaid agus é lioctha. Sin mar a bhí an troscán sa seanteach ag Mamó. Nuair a fuair sí bás, ba ghearr gur chuir Mam agus Daid rudaí nua isteach. ‘Caithfidh muid cuma níos nua-aoisí a chur ar an áit seo, a Frank,’ a dúirt an mháthair.

‘Cén chaoi a bhfuil do mháthair inniu?’ arsa Máire an tSiopa go briosc.

Bhreathnaigh Sara uirthi go dána agus d’imigh an straois de bhéal na mná.

‘Tá sí thar cionn ar fad,’ arsa Sara go bríomhar, agus isteach léi chomh fada leis an gcabhantar. D’imigh an faobhar de ghlór Mháire an tSiopa, agus rinne an púdar línte beaga ar a héadan nuair a leath an straois uirthi arís.

‘Tá sibh anseo le seachtain, bail ó Dhia oraibh.’

‘Tá. Beidh muid ann ar feadh an tsamhraidh. Mé féin agus Mam.’

‘Agus cén chaoi a bhfuil d’athair? Ag obair leis i mBaile Átha Cliath, ar ndóigh? Fear deas é. Is cuimhin liomsa nuair a bhí sé ina bhuachaill óg. Níl mórán blianta eadrainn, bíodh a fhios agat.’

Bhuail an seanchlog os cionn an dorais. Chas Sara timpeall, agus chonaic sí fear óg ag teacht isteach sa siopa. Bhí mullach catach gruaige air. Gruaig ghearr a chleacht na fir óga i mBaile Átha Cliath. Scéal eile a bhí anseo. Bhreathnaigh an fear óg í ó bhonn go baithis go mion. Rinne sise an rud céanna leis-sean, ach ní raibh a fhios aici cén fáth. Sheas Sara i leataobh san áit a raibh na milseáin.

‘Coinnigh ort,’ ar sé.

‘Níl aon deifir orm,’ arsa Sara. Chuir sí canúint na háite uirthi féin le hiontas a chur ar Mháire an tSiopa ach níor thug Máire an tSiopa faoi deara é.

‘Céard atá uait?’ arsa Máire an tSiopa léi.

‘Is cuma liom má théann sé seo romham,’ arsa Sara go postúil.

‘Fiche Major,’ arsa mo dhuine. Bhí mífhoighid air. Thug Máire an tSiopa na toitíní dó.

‘An páipéar’, arsa Sara. Thug sí léi cóip den *Independent *ón gciseán le taobh an chabhantair.

Aon cheo eile?’ arsa Máire an tSiopa.

‘Ní bheidh,’ arsa Sara agus chuir sí meangadh mór gáire go fuinneog agus go doras uirthi féin. ‘Slán anois.’

Bhrostaigh sí uirthi. Amach léi de léim. Bhain sí ceol as an seanchlog arís ar an mbealach amach. Ghortaigh solas na gréine a súile ar an tsráid. Bhí sé ina shamhradh, agus bhí Conamara faoi bhláth tar éis na báistí.

Bhí méaracán an phúca ag fás go torthúil, dearg ar an gclaí, áit a raibh an bóithrín le dul suas tigh Mhamó. Bhain Sara ceann de na bláthanna, agus chas sí faoina méar é de réir mar a bhí sí ag siúl léi go mall i lár an bhóthair. Bhí an ghrian rógheal di agus an spéir mar a bheadh braillín ag triomú os cionn na talún.

‘Fan nóiméad!’

Cé a bhí in aice léi ach an fear óg a chonaic sí sa siopa ar ball. Sheas sí.

‘Tá brón orm má bhain mé geit asat. Shíl mé go bhféadfadh muid siúl le chéile, mura miste leat.’

Bhreathnaigh Sara air.

‘Is cuma liom.’

‘Strainséir anseo thú, ab ea?’

‘Tá mé ag fanacht sa seanteach a bhí ag mo Mhamó. Tá sé tuairim is míle suas an bóthar.’

‘Ó. Tuigim anois. Teach saoire é.’

‘Is le m’athair é.’

‘Muise!’ Rinne an fear óg gáire.

‘Cá bhfuil tusa i do chónaí?’

‘Ard Mór.’

‘Cá bhfuil sé sin?’

‘Tá sé ar an sliabh. Má choinníonn tú ort míle eile ó do theachsa.’

‘Chuala mé go mbíonn daoine ag ól thuas ansin san oíche.’

‘Níl ansin ach bladar. Mise Gearóid.’

‘Ó!’

Bhain Gearóid an bláth dá láimh go mall.

‘Cén t-ainm atá ortsa?’

‘Sara.’

‘Ní Sarah Seoighe, tá súil agam.’

‘Cé hí Sarah Seoighe?’

‘Cailín a bhí anseo fadó riamh. Cailleadh leis an ocras í. Shiúladh sí an bealach seo. Féach. Gabh i leith!

Chaith Gearóid léim suas ar an móta, agus bhreathnaigh sé síos uaidh sa ghleann. Suas le Sara ina dhiaidh.

‘Céard atá thíos ann?’

‘Gleann Buí. An áit a raibh sí ina cónaí. An áit ar cailleadh í. Síos ansin atá sé. Tá sé i bhfolach sna sceacha.’

Ní raibh mórán eolais ag Sara ar an gceantar, agus ní raibh a fhios aici an ag insint na fírinne a bhí sé.

Chaith sí léim anuas den mhóta.

‘Cén chaoi ar cailleadh í, a deir tú?’

‘Leis an ocras. Rud simplí go leor, nach é? Mar a bheadh carr nach gcorróidh duit gan peitreal inti.’

‘Éist! An gcloiseann tú na héin?’

Sheas an bheirt go socair ag breathnú suas ar na préacháin ag dul thart. Iad cosúil le hurchair dhubha.

‘Ar choinnigh siad an bia uaithi?’ arsa Sara. Bhí sí ar bís. Bhí iontas ar Ghearóid faoin gcasadh a bhain sí as an gcaint.

‘Bhí bia ann ach ní íosfadh sí greim. An t-ocras ag géarú chuile lá. Agus pianta an ocrais ag géarú chuile nóiméad, lá i ndiaidh lae, bí cinnte. Ach níor ith sí aon rud agus cailleadh í.’

Bhí tocht ar Sara. Chuaigh sí anonn chuig an gclaí, agus bhain sí bláth. Ceann gorm. É lag.

‘Bhí sí ag ligean uirthi ar feadh bliana go leith roimhe sin nach raibh sí ag ithe aon rud,’ arsa Gearóid. ‘Diabhal blas ar bith.’

Míorúilt?’

‘Sin é a shíl go leor. Tháinig siad ó chuile áit ag breathnú uirthi. Ar an traein go dtí an Teach Dóite. Daoine móra le rá iad cuid acu.’

‘San áit seo?’ arsa Sara agus iontas an domhain uirthi. Ní cheapfá go dtiocfadh duine ar bith go Ros na gCaorach.

‘Cén aois a bhí sí?’

Bhí sí thuas ar an gclaí arís, ag breathnú síos sa ghleann. Ní raibh teach ar bith le feiceáil thíos ann.

‘Níl a fhios agam. Dhá bhliain déag, b’fhéidir.’

‘I bhfad níos óige ná mise,’ arsa Sara go bródúil. Síos léi de léim arís, ach bhí dris mhór ag fás idir claí agus bóthar, agus chuaigh a cois i bhfastó ann. Lig sí mallacht aisti.

‘An bhfuil tú gearrtha?’ arsa Gearóid agus é ag cromadh le scrúdú a dhéanamh ar an gcois. Bhí scríob ar an gcois ach ba bheag eile.

Mairfidh tú, muis,’ arsa sé ar nós cuma liom, agus scaoil sé a ghreim ar a cois.

Chaith Sara an bláth ar an gclaí le súil is go mbéarfadh an dris air. Le súil is go scríobfaí is go gcéasfaí é mar bhláth gan mhaith.

‘Mairfidh, déarfainn,’ arsa sí faoi dheireadh, agus bhreathnaigh ar an bhfear óg. ‘Mairfidh mé píosa. Ní mise Sarah Seoighe. Ainm seafóideach.’

Ó tharla gan bláth le caitheamh ar an gclaí aici go drochmheasúil, bhain sí croitheadh as a cloigeann lena cuid gruaige a chasadh siar.

‘Meas tú an raibh sí dathúil?’

‘Níl a fhios agam,’ arsa Gearóid ar nós cuma liom, agus gan iontas ar bith air faoin gceist.

‘An raibh a máthair dathúil?’

‘Níl a fhios agam.’

‘Déarfainn go raibh.’

‘An bhfuil do mháthairse dathúil?’ arsa Gearóid go magúil.

‘Ní hí an mháthair atá i gceist agam,’ arsa Sara, agus iontas uirthi faoin míthuiscint amaideach.

‘Ach an iníon. Tá mé cinnte gur cailín dathúil a bhí inti.’

‘Leathchraiceáilte a bhí sise, cheapfainn féin.’

‘Ní raibh ocras uirthi. Sin é an méid. Ní rud ait é sin. Tá daoine ann nach mian leo troid. Daoine eile nach mian leo pósadh. Cén fáth a mbeadh locht ar an té nach mian leis ithe?’

‘Níor mhaith liomsa a leithéid a dhéanamh,’ arsa Gearóid.

‘Chuir an bia múisc uirthi.’

‘Bíonn daoine leathchraiceáilte mar sin ann i gcónaí faoin tuath.’

‘Rud é a bhíonn sa bhia, is dócha,’ arsa Sara, agus rinne Gearóid gáire, mar shíl sé gur ag magadh a bhí sí.

Ach sheas Sara go tobann i lár an bhóthair ag breathnú suas ar ghéaga glasa na gcrann. Bhí an ghrian ag scaladh tríothu. Lean sí uirthi ag stánadh nó gur imigh an neart as gach ball dá colainn. Faoi dheireadh, thit an páipéar nuachta a bhí faoi ascaill aici ar an talamh. Thóg Gearóid an páipéar, agus d’fhill sé é sular shín sé chuici é. Thóg sise uaidh é, agus tharraing sí buille leis trasna an éadain air.

‘Sin ceacht duit as breith ar mo chois ar ball chomh dána sin,’ arsa Sara go borb.

Bhain sin stangadh as Gearóid.

‘Tá mise ag imeacht anois,’ arsa sé, agus shiúil sé i dtreo an gheata adhmaid. ‘Trasna na ngarranta.’

‘Abhaile, ab ea?’

‘Ní hea. Ach síos chuig an bhfeirm sin. Bím ag cuidiú leo thíos ansin nuair a bhíonn rudaí beaga le déanamh.’

‘Airgead pórtair.’

‘Rud éigin mar sin.’

‘Go n-éirí leat,’ arsa Sara agus í ag tabhairt aghaidhe ar an mbóthar.

‘Fan!’ arsa Gearóid de bhéic ina diaidh.

‘Céard é?’

Bhí sé ar intinn ag Gearóid rud gáirsiúil a rá léi, ach chuimhnigh sé air féin. Chuaigh sé thar an gclaí agus ar aghaidh leis síos an garraí. Lean Sara uirthi. Bhí ard leis an mbóthar san áit a raibh sí. Shiúil Sarah Seoighe an bóthar seo, a dúirt sí léi féin. Bhí lorg a cos sna garranta fós. Bhí boladh a cuid anála ar an ngaoth. A hanam ag neadú idir na crainn agus an claí. Agus bhí míthuiscint mar gheall uirthi beo sa cheantar i gcónaí. Níor deineadh dearmad ar an Sarah sin go háitiúil. Ach bhí Sarah eile ann anois.

*Rugadh Diarmuid Johnson sa Bhreatain Bheag agus tógadh i nGaillimh é. Chaith sé tamall de bhlianta ina léachtóir le teangacha Ceilteacha i dtíortha éagsúla. Is é Sarah Eile an dara leabhar Breatnaise atá aistrithe go Gaeilge aige – foilsíodh Coinnigh do Mhisneach (Fory Ddaw) in 2004. Is file é chomh maith, agus d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta cnuasach filíochta leis, Súil Saoir, i 2004. Tá Diarmuid ina eagarthóir ar an iris liteartha *Transcript (www.transcript-review.org). Tá cónaí air láimh le Lampeter na Breataine Bige.

Sarah Eile le hAled Islwyn, aistrithe ag Diarmuid Johnson Foilsitheoirí: Cló Iar-Chonnachta (www.cic.ie) Praghas: €8

Gluais • Glossary

úrscéalnovel

aistrithe ón mBreatnaistranslated from Welsh

déagóirteenager

anoireicseanorexia

le biseach a fháilto get better

maitheasgood

tréimhseperiod

ach a mhalairtbut quite the opposite

gluaisglossary

de bhéicshouting

á freagairtanswering her

fonndesire

os comhair an scátháinin front of the mirror

ag leathadhspreading

straincgrimace

as ucht Défor God’s sake

ag fuarú sa mhuigíngetting cold in the mug

casachtcough

friochtafried

do dhóthainyour fill

éinína little bird

an-leasa lot of good

Is annamh a d’fhreagraíodh an mháthair ceist.Her mother would seldom answer a question.

go leisciúillazily

ag fógairt ormcalling to me

bodhardeaf

go crostacrossly

ligthe ar cíosrented out

go hiondúilusually

ar mhaithe le do shláintesefor the sake of your health

neart rudaí spéisiúlaplenty of interesting things

seala period of time

tá airde ag teacht ionatyou’ve grown

a thagadh muid ar cuairtwhen we used to come to visit

an-mhochvery early

sciuirda quick dash, flying visit

leamhboring

mo náire thúshame on you

múineadhmanners

ón matalfrom the mantelpiece

pussulky expression

ná bac leisdon’t bother with it

galpuff

go mífhoighdeachimpatiently

ar fánwandering

á ndóbeing burnt

rith sé léiit occured to her

sna sceachain the bushes

cheapfá go raibh siad trí thineyou would think that they were on fire

cuid an dreoilínthe wren’s portion

an siúladh Mamó síos chuig an siopa fadó ...?used granny walk to the shop long ago ...?

airecare

uaighgrave

sa luaithreadán créafóigein the clay ashtray

go drogallachreluctantly

curthaburied

ag cúlchaintgossiping

go turcoldly

iontassurprise, wonder

coca féirhaystack

ag gobadh amachsticking out

soithídishes

nitewashed

is beag nár leag sí an chathaoirshe nearly knocked over the chair

de rúidat a sprint

seantroscánold furniture

go cúramachcarefully

spléachadhglance

baithiscrown (of head)

liopaílips

tiubhthick

an dá ghualainnher two shoulders

an dá chíoch líontaher two full breasts

suaimhneaspeace

fainicwarning

go drochmheasúilwith contempt

ar díolon sale

sách lomquite bare

níos nua-aoisímore modern

go dánaboldly

straoisgrin

go bríomharvigorously

faobharsharpness

ag obair leisworking away

an seanchlogthe old bell

ó bhonn go baithisfrom head to foot

go postúilself-importantly

ciseánbasket

Aon cheo eile?Anything else?

meangadh mór gáirea big smile

Bhrostaigh sí uirthi.She hurried.

faoi bhláth tar éis na báistíblossoming after the rain

méaracán an phúcapurple foxglove

mar a bheadh braillín ag triomúlike a sheet drying out

má bhain mé geit asatif I startled you

tuairim is míleabout a mile

Cailleadh leis an ocras í.She died of hunger.

Gabh i leith!Come here!

i bhfolach sna sceachahidden in the bushes

ag insint na fírinnetelling the truth

nach gcorróidh duitwhich won’t move for you

préacháincrows

ag géarúintensifying

tochtemoti

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.