AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Polaiteoirí fáin
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Measann Dáithí Ó Colchúin go n-éireoidh leis an mbeirt ón Astráil a toghadh ina mbaill de Pharlaimint agus de Sheanad na hIodáile le gairid go leor a bhaint amach.

Íomhá
Marco Fedi: suíochán sa pharlaimint aige
Íomhá
Nino Randazzo: beidh an turas fada le déanamh aige go dtí an Seanad sa Róimh
Íomhá
Silvio Berlusconi: cáinte go géar ag Fedi agus Randazzo

Níl coicís fós ó thug an Cuaranfa Larry fogha faoi thuaisceart Queensland agus is léir gurbh é ceann de na cuaranfaí ba mheasa a bhuail aon áit san Astráil le breis is leathchéad bliain. Meastar go raibh gaoth 295 ciliméadar san uair (c/u) ann agus rinneadh an-damáiste do thithe agus d’fhoirgintí de chuile chineál a bhí sa gceantar beag taobh ó dheas de Cairns a buaileadh. Ba chuaranfa de chatagóir a cúig é, an cineál is measa, agus is é an t-ábhar iontais is nár maraíodh aon duine is nach raibh aon duine gortaithe go dona.

ráite go minic go bhfuil an iomarca polaiteoirí san Astráil. Chomh maith le húdaráis áitiúla, parlaimint gcuid féin ag chuile stát agus ag an Chríoch, agus parlaimint náisiúnta i gCanberra. Le trí seachtainí beirt pholaiteoirí nua sa tír. Ach go Canberra, go Sydney go Melbourne a bheas a dtriall le freastal ar an bparlaimint ach go dtí an Róimh. Toghadh Marco Fedi ina bhall den teach íochtarach de Pharlaimint na hIodáile agus toghadh Nino Randazzo ina Sheanadóir sa toghchán a bhí ann le gairid. Go dtí seo bhí de cheart ag Iodálaigh thar lear vóta a chaitheamh ach bhí orthu filleadh ar an Iodáil leis sin a dhéanamh. Anois, is féidir leo vóta a chaitheamh cuma cén áit ar domhan a bhfuil cónaí orthu. ocht nduine dhéag ar fad ag déanamh ionadaíochta do na hIodálaigh thar leardhá dhuine dhéag sa teach íochtarach (a bhfuil 630 ball ann) agus seisear sa Seanad (as 315). Roinneadh an domhan ina cheithre chuid agus beidh Marco Fedi agus Nino Randazzo ina n-ionadaithe don toghlach is : an Áis, an Afraic agus na hAigéin. Is san Astráil atá 110,000 den 152,000 vóta atá sa toghlach sin. D’éirigh leis an bhfreasúra faoi cheannas Romano Prodi móramh beag bídeach, tuairim is 25,000 vóta a fháil sa teach íochtarach ach de bharr athruithe le móramh a chinntiú don bhuaiteoir, is leor sin le 63 suíochán breise a bheith acu. Sa Seanad, dhá shuíochán breise acu agus bheadh sin acu murach gur éirigh leo ceithre cinn de na suíochán thar lear a bhuachan. fios fós an leor an méid sin le rialtas seasmhach a thabhairt don Iodáil go ceann cúig bliana. Deir Prodi gur leor. Tháinig Nino Randazzo, 73, go dtí an Astráil i 1952, ag leanacht mná a deir . a shaol caite i Melbourne ó shin aige, áit ar bhunaigh an páipéar Il Globo a fhreastalaíonn ar mhuintir na hIodáile ar fud na tíre. Bhí ina eagarthóir ar an bpáipéar sin go dtí le gairid. Tháinig Marco Fedi, 48, anseo i 1982. Chaith tamall in Adelaide sular bhog go Melbourne. Is oibrí sóisialta é. an bheirt acu ag tacú le Romano Prodi. d’aidhm acu deireadh a chur le réimeas Silvio Berlusconi, a bhfuil géarcháineadh déanta acu air, agus feabhas a chur ar sheirbhísí d’Iodálaigh thar lear, daoine aosta go háithrid, agus cúrsaí Iodáilise a chur ar fáil do dhaoine de bhunadh na hIodáile. Beidh an bheirt acu ag roinnt a gcuid ama idir Melbourne agus an Róimh. Beidh tuarastal de bhreis is $20,000 (€12,500) sa acu agus costais bhreise i gcomhair taistil ar fud an toghlaigh. De bharr an mhóraimh bhig a bheas ag Prodi, sa Seanad go háithrid, seans acu cuid mhaith gcuid aidhmeanna a bhaint amach. chomh maith acu an deis sin a thapú. D’fhéadfadh nach mbeidh seans mar seo arís acu. Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.